Pota Focal Intergaelic
ceas | clas | leas | ceal | céas
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
chlis ar it failed
" Tar éis an Éirí Amach, bhí Dwyer agus a chuid comrádaithe mar a bheadh bior sa mbeo ag na Sasanaigh i ngleannta agus sléibhte Chill Mhantáin, go dtí gur chuir sé deireadh leis an troid in 1803 nuair a chlis ar Éirí Amach Roibeard Emmet.
ag imirt a gcleas d'aontaobh to be working together
" Tá breis is mí caite aige anois sa phost nua agus tá na heagraíochtaí in ainm is a bheith ag imirt a gcleas d'aontaobh ach táim in amhras faoi.
an cleas eile the others
" Bímis ag faire amach cad a ordóidh an cleas eile.
chlis ar mhargadh an éisc go tobann the market for fish collapsed suddenly
" An t-am sin, dhein go leor fear infheistíocht i mbáid iascaireachta, ach tar éis an chéad chogadh domhanda aistríodh na báid mhóra Shasanacha a bhí páirteach sa chogadh ar ais go báid iascaireachta agus chlis ar mhargadh an éisc go tobann.
trí chleas by trickery
" Faoi dheireadh, fuarthas iad trí chleas agus tugadh os comhair na cúirte iad i Learpholl i Samhain 1916, "charged with being absentees under the Military Service Act" a dúirt an nuachtán áitiúil, *The Liverpool Echo*.
Cleas suarach petty trick
" Cleas suarach atá ann, sa gcomhthéacs sin, teacht chun fóirithinte ar dhaoine le bia i bhfoirm GMO amháin, agus úsáid a bhaint as ocras na mbochtán chun an bia nua seo a scaipeadh.
cleas trick
" Dá mbeadh muinín ar bith ag na heagraithe san ealaín féin, ní bheadh sé chomh tábhachtach sin cleasanna mar seo a imirt chun aird a tharraingt ar na saothair.
tá ag clis ar an gcóras sláinte the health system is failing
" Tá níos mó ná 4 mhilliún duine dífhostaithe, tá ag clis ar an gcóras sláinte agus tá na pinsin i mbaol chomh maith.
chleas trick
" Agus ansan, ar deireadh thiar, do bhuas an diabhal rud i 1989 agus ansan i 1990 dheineas Corn Uí Chearbhalláin! AÓF: Agus an bhfuil aon chleas agat le fáil réidh leis na néaróga? CDeB: An cleas is fearr, atá faighte amach agam, ná fios a bheith agat i do cheann féin go bhfuil pé port atá le seinnt agat ar eolas go maith agat.
ná clis anois orm don't let me down now
" "A chois, a chois, ná clis anois orm," a bhéic sé ag fuarchaoineachán.
cleas trick
" Rinneadh an cleas céanna dhá bhliain ó shin ar Oileán na Nollag agus Oileán Cocos-Keeling san Aigéan Indiach.
cleas trick
" Agus má dhéanann an DUP cleas Tony Blair, nuair a ghoid sé polasaithe Tóraíocha agus chuir pacáiste New Labour thart orthu, má thagann an DUP ar sprid an iolrachais atá folaithe ina gcroíthe leis na cianta, b'fhéidir gur seo an dé deiridh do pháirtí James Craig agus Basil "I wouldn't have one about the place" Brookborough.
cleas trick
" * Gluais • Glossary mo dhícheallmy best a gheallaim dom féinI promise myself san fhásachin the desert d'fhéadfainn staonadh ó sheacláidI could abstain from chocolate don Charghasfor Lent cleastrick chuirfinn dallamullóg orm féinI'd delude myself blastatasty íobairtsacrifice maitheasgood bródúilproud casacht mhór ghroía great big cough tairseachthreshold tanaíthin fiáinwild de shíoralways seanfhaiseantaold-fashioned láchfriendly, pleasant mearbhallconfusion cheapasI thought a bhlas tuaisceartachhis northern accent chloisimis a chasachtwe used to hear his cough bhímis ar bíswe used to be excited/impatient cúbógacollections of Easter eggs scaoilimis gach uile ní uainnwe'd cast everything aside go scafántaspeedily ghlacadh sí buíochas leisshe would thank him chuireadh sí i bhfolach éshe would hide it ag iomrascáil lena chéilewrestling one another suachmáneasy-going person gan puth análawithout a puff of breath parlúsparlour, sitting-room deireadh sí linnshe would say to us cur i gcéill iomlántotal pretence thuigeadh siseshe'd understand bheannaímis dówe would greet him d'fhiafraímis dewe'd ask him d'fhreagraímiswe would answer go fuarbhruiteindifferently ag tóraíocht an mhálasearching for the bag nodclue go n-alpfadh Daidí siar iadthat Dad would devour them beadaílover of sweet things dá bharras a result d'éalaigh méI escaped cófrapress ag póirseáil thartrummaging about málaí plaisteachaplastic bags doirtealsink de phreabsuddenly go raibh mo chosa nitethat it was all up with me polaitíocht an tuaiscirtthe politics of the north daoine muinteartharelations díospóireachtaí bríomharalively debates a chuairteannahis visits b'annamh cuideachta na bhfear aigehe seldom had the company of men ag útamáilfumbling ba ghiorra in aois diclosest to her in age mo dhála féin agus Tríonajust like myself and Tríona fé mar a chaitheadh Tríona liomsaas Tríona used to treat me barrúilfunny de shíor dár gcáineadhalways criticizing us ag spochadh as m'uncailteasing my uncle agus uasal le híseal á dhéanamh aigesean uirthiseand he was patronizing her tá sé chomh maith agamI may as well á leanúintfollowing him garda gradaimguard of honour cársánwheeze inchreidtecredible plúchadhasthma ag sméideadh ar m'uncailnodding at my uncle dá mbéarfaí ormif I was caught isteach sna gnáthchróite folaighinto the usual hiding-places macalla na nglórthathe echo of the voices tuaromen, sign an ceann ab ansa liom féinthe one I liked best mealltachenticing bonnánhorn fardoraslintel of door vardúswardrobe bheir mé barróg airI hugged him ag cóiriú na n-adhartánarranging the cushions glicsly caoi a chur ar an áitto tidy up the place margadhdeal a roinntto share stróic méI tore daitecoloured dúil chráitetorturous desire candaí móra seacláidebig chunks of chocolate blúire ar bhlúirebit by bit giodalachperky bhuail fonn múisce muidwe felt like vomiting tháinig iarracht den cheann faoi orainnwe became a little bit down smeartha le seacláidcovered in chocolate teipfailure
Cleas bradach sly trick
" Cleas bradach é sin mar ní hamháin go ndéanfar sclábhaithe de dhaoine dífhostaithe ach cuirfear an-bhrú ar oibrithe rialta a bhfuil an gnáthráta pá acu cur suas le huaireanta oibre níos faide agus pá níos ísle.
Cleas trick
" Cleas beag bídeach eile ná go ndéanaim mo liostaí laethúla sa teanga atá mé ag iarraidh a fhoghlaim.
cleas trick
" Ach d'imir na comhlachtaí báid cleas orainn.
go mbeinn féin ar an chleas céanna that I could be up to the same thing
" “Ní dócha gur smaointigh sí riamh,” arsa Gráinne léi féin, “go mbeinn féin ar an chleas céanna.
an gcleas óg the young crowd
" Nílimid anseo ach seal beag gearr! AÓF: Céard faoin gceol agus faoin amhránaíocht? An gcloiseann tú difríochtaí anois ann seachas mar a bhí sa seanam? MÓS: An ceol céanna i gcroíthe na seandaoine agus is bródúil atáim as an gcleas óg atá á thabhairt leo.
cleas margaíochta marketing trick
" Tuigim nach bhfuil sna liostaí seo ach cleas margaíochta nó bealach éasca le spás a líonadh, agus tuigim freisin nach bhfuil a leithéid de rud ann is “An 100 Albam is Fearr Riamh!”.
cleas trick
" Bua Ba é cleas nó clisteacht Chomhaontú Aoine an Chéasta é gur lig sé don dá thraidisiún creidbheáil go raibh an bua acu.
chlis a cuimhne ghearrthéarmach uirthi she lost her short-term memory
" Is léir gur bean thar a bheith cliste a bhí inti, ach chlis a cuimhne ghearrthéarmach uirthi agus í sna nóchaidí.
cleas na dtrí fheadóg the trick of the three flutes
" Dhá cheolchoirm do pháistí agus cleas na dtrí fheadóg á dhéanamh againn arís – triúr, trí fheadóg agus gan aon lámh ar an bhfeadóg cheart! http://www.
cleas ar a dtugtar a trick which is called
" Baineann polaiteoirí úsáid as cleas ar a dtugtar “*pork-barrelling”,* agus tá an cleachtas seo faoi lán seoil san Astráil le tamall anuas.
cleasa toghchánaíochta. electioneering tricks
" Cleasa toghchánaíochtaChomh maith leis sin, tá taithí fhada ag an bpríomh-aire maidir le cleasa toghchánaíochta.
cleasa tricks
" Agus fiú má bhíonn ort do phost a athrú, is féidir na cleasa seo a úsáid chun gnó nua a bhunú ar bheagán costais agus triail a bhaint as roinnt fiontraíochta!Tá an leagan Windows den ghramadóir "Ceart" á chur ar fáil ag Diarmaid an mhí seo ar an suíomh www.
Cleasa games
" Agus déanann an rialtas náisiúnta gearrán ina ndiaidh ag maíomh nach bhfuil na rialtais eile ag caitheamh airgead na gcáiníocóirí mar is cóir ar na seirbhísí poiblí céanna! Cleasa na polaitíochta a bhíonn i gceist go hiondúil.
chlis ar mo ríomhaire glúine my lab top gave up
" Chaill mé ceamara is chlis ar mo ríomhaire glúine agus chuir an dá rud sin cúl ar an dialann, ach tá mé ar ais ar an bhóthair arís.
ghearr sé an cleas ar he tricked
" An rud is suntasaí faoi Madoff ná an chaoi in ar ghearr sé an cleas ar Ghiúdaigh.
chlis failed
" Is cuimhin liom clár raidió a craoladh anseo cúpla bliain ó shin, clár inar cuireadh agallamh ar dhaoine a bhí ag obair ar na mótarbhealaí sa Fhrainc - sna stáisiúin seirbhíse mar shampla, nó ag cabhrú le tiománaithe ar chlis a gcuid feithicilí orthu agus ar uile.
chlis ar na bainc the banks failed
" Nuair a chlis ar na bainc, dhún Roosevelt iad agus thionóil sé an Congress chun seisiúin éigeandála.
Cleas an philibín a red herring
" Cleas an philibín Cúis imní cinnte do rialtas Sarkozy.
cleas trick
" Faigheann tú an phoiblíocht ach cailleann tú custaiméirí mar chreideann siad nach raibh ann ach cleas nuair a chloiseann siad an praghas fíor atá, ar a laghad, €50.
chlis collapsed, failed
" Agus nuair a chlis ar an margadh dírialáilte a bhí curtha ar bun acu, b’éigean don cháiníocóir teacht i gcabhair ar an dream a rinne go han-mhaith as le blianta.
chlis ar collapsed
" Trí mhí tar éis do mhuintir na hÉireann diúltú do Chonradh Liospóin anuraidh, chlis ar Lehman Brothers, an banc mór infheistíochta a bhí ar cheann de na bainc is mó dá chineál sna stáit Aontaithe.
Chlis failed
" Chlis ar a gcuid iarrachtaí in 1708 agus in 1715 (Séamas III, mac le Séamas II) agus arís in 1746 nuair a briseadh fórsaí Bonnie Prince Charlie, Séarlas III, ag Cath Chúil Lodair in Albain.
gcleas knack
" org/wiki/Abbey_Street) Chuireas eagar ar dtús ar an gcleas – chaitheas méid áirithe ama ar gach guta agus ansin dhírigh mé ar pé amhrán nó ornáidíocht ar theastaigh uaim a fhoghlaim nó a chleachtadh.
chlis failed
" Tharla an rud ceannann céanna i gcás an rialaitheoir airgeadais, a chlis go tubaisteach i mbun a chúraim.
Chlis failed
" Chlis a mhisneach air, faoi cheist na dteorainneacha agus thosaigh sé ag cur rudaí ar an méar fhada.
cleas tuatach sloppy ruse
" Tá sé i bhfad Éireann ró-oilte mar ealaíontóir chun cleas tuatach, garbh mar sin a fhéachaint orainn.
chleas úiríslithe ignoble trick
" An réamh-mhacalla iad na ribíní bána seo de na comharthaí réaltógacha buí lena mbrandálfaí díchumhachtacha eile sa tsochaí céanna scór bliana ar aghaidh? Agus, más ea, arbh iad Klara agus Martin a smaoinigh ar a leithéid de chleas úiríslithe? Meabhrú na ‘ciontachta’, agus náiriú poiblí san am gcéanna? Arís, fágann Haneke an dúcheist ar oscailt dúinn.
chleas riartha ruling class
" San am céanna, is giolla an díspeagtha é do chleas riartha na carcrach agus dá ‘chosantóirí’ cruálacha araon.
cleasa tricks
" Imreoidh an ceo caochbhán cleasa ort, fiú ar an duine a mbíonn cur amach maith agus eolas cruinn aige ar an cheantar.
dubh dóite den chleas fed up with this trick
" Tugtar an ‘blame game’ ar an gcleas polaitíochta seo ina gcuirtear an fhreagracht ó dhuine go duine, agus tá muintir na stát agus na gcríoch ina mbíonn drochsheirbhísí poiblí acu dubh dóite den chleas, gan aon agó.
cleas trick
" Láthair amhairc ar Shliabh a Liag “ agus saighead ar dheis a deir “Cosán an Oilithrigh- Bealach siúil go Barr Shliabh a Liag” Ár ndóigh, chuaigh siad ar dheis agus bhí siad leath bealaigh suas an cosán leadránach seo sular thuig siad go raibh cleas buailte orthu.
cleas amháin one group
" Bhí cleas amháin ag rá “tá tú fábhrach leo seo is déarfadh cleas eile, tánn tú fábhrach leo siúd”.
cleas trick
" ’Sé sin, go nglacann sé míreanna fada aon-seat, agus, nuair a chuirtear le chéile iad, cruthaítear an seachmall go dtiteann an scéal amach i bhfíoram, os ár gcomhair féin le linn fhad an scannáin sa cineama, gan seift ná cleas ná eagarthóireacht d’aon tsaghas eile ag teacht idir an léiritheoir agus a phobal.
cleas trick
" Bánn siad na hainmhithe talún a mbeireann siad orthu, ag baint úsáide as cleas darb ainm únfairt an bháis, agus ansin téann siad ar an talamh lena gcreach a ithe.
d’oibrigh sé an cleas céanna he played the same trick
" Ansin d’oibrigh sé an cleas céanna is a úsáideann go leor craoltóirí le RTÉ: mura n-íocann sibh airgead mór liom, gabhfaidh mé ag obair le TV3 nó le *Today FM*, lena bhfuil sibh i gcoimhlint, chun lucht éisteachta a mhealladh agus ioncam fógraíochta dá réir.
ar chlis which failed
" Nílimid chomh dona leis an Ghréig ná leis na tíortha i Meiriceá Theas ar chlis go hiomlán orthu sna nóchaidí.
chlis ar chóras rialaithe the system of governance failed
" Is éard a tharla in Éirinn ná gur chlis ar chóras rialaithe na tíre.
cleasa gránna dirty tricks
" Anuas ar an méid sin, tá líomhaintí tromchúiseacha curtha ina leith, le beirt bhan ag maíomh go ndearna sé éigniú orthu le linn dó fanacht sa tSualainn, cé go bhfuil sé ráite ag a lucht tacaíochta nach bhfuil iontu ach cleasa gránna chun go sciobfaí uaidh a dhea-ainm agus a chlú.
chlis ar failed
" Is léir gur chlis ar an tseanchóras agus go bhfuil leasuithe de dhíth go géar.
cleas trick
" Itheann siad feithidí beaga ar chlocha nó ar an bhféar, análaíonn siad fad is atá siad ar thalamh tirim agus iad lánábalta an cleas seo a dhéanamh faoin uisce fosta.
Cleas trick
" Nochtadh saothar ealaíne nua i Learpholl ar 2ú Feabhra 2011: An Cleas Mór Airgid 2011' an t-ainm atá air.
chlis go dona ar failed badly
" Mar sin féin, chlis go dona ar an chineál caipitleachais a chleachtar sa tír seo, caipitleachas na caimiléireachta, agus cheapfá go mbeadh muintir na hÉireann ag iarraidh tiontú in aghaidh na ngnáthpháirtithe dá bharr.
chlis ar failed
" Nuair a bhuail suaitheadh geilleagair an tír agus nuair a leathnaigh an fhulaingt shóisialta ar fud na tíre, chlis ar an taca briosc a bhí faoi chosa Fhianna Fáil.
gcleas trick
" Don chéad uair, tháinig Caitlicigh agus Protastúnaigh - agus an RUC - le chéile i 1932 le hagóid a dhéanamh agus d'éirigh leo ardú liúntais a fháil go dtí gur imir an rialtas an cárta flannbhuí arís i gcleas a chuirfeadh éad ar Muammar Ghaddafi.
munar chlis na cluasa orm if my hearing didn’t fail me
" Bladar éigin faoi ‘mí-úsáid substaintí’ agus, munar chlis na cluasa orm, rud éigin faoi Íosa freisin.
chlis ar failed
" Sheas mé chun ainmniúchán mo pháirtí a fháil don toghchán seo, agus bheinn i ndiaidh é sin a dhéanamh seacht mbliana ó shin ach gur chlis ar uchtach mo chomrádaithe.
cleas trick,
" Bhí aithne agam ar dhuine a raibh cur amach fairsing aige ar chúrsaí ealaíne a d’imríodh an cleas céanna fadó sa Ghailéaraí Náisiúnta.
gur chleas dá chuid he was wont to
" Ba léir nach raibh a dhóthain dúshláin dó in obair an Taoisigh, ainneoin na dtrioblóidí móra a bhaineann le cúrsaí politíochta in Éimin, agus is cosúil gur chleas dá chuid, éalú leis ó am go chéile.
chleas bradach dirty trick
" ” Agus ba mar gheall ar chleas bradach a d’imir an Mossad ar lucht faisnéise SAM – “Oibríocht Thraíoch” – gur chreid Washington gurbh iad na Libiaigh a bhí ciontach leis an mbuamáil dioscó.
nach mbíonn draoi gan cleas that every wizard has a trick to play
" ) Deirtear nach mbíonn saoi gan locht agus is cinnte leis nach mbíonn draoi gan cleas agus b'fhéidir gur chuid den bheirt a bhí i Jobs.
chlis ar failed
" Sular chlis ar an bhorradh gheilleagair, bhaineadh an rialtas níos mó na míle milliúin amach ar dhleacht stampála.
chlis air it failed
" É sin ráite, sheas an daonlathas in Éirinn, bíodh is go raibh sé lochtach, nuair a chlis air ar fud na hEorpa – sa Fhrainc, sa Ghearmáin, san Iodáil, sa Spáinn, agus sa Phortaingéil.
cleas folaigh a code
" Creidtear gur cleas folaigh do ‘Heil Hitler’ é 88, mar gheall gurb é H an t-ochtú litir den aibítir.
cleas trick
" D’fhéadfadh gur cleas sofaisticiúil éigin ab ea an rud ar fad.
a chlis which failed
" - iv) Guthán Nokia a chlis i ndiaidh sé mhí.
d’fhéach mé gach cineál cleasa mar sin I tried every such sort of trick
" Ba ghnách liom iad a thabhairt amach ag deireadh na seachtaine, ag campáil is ag brúnna agus d’fhéach mé gach cineál cleasa mar sin leo.
ach cleas just a trick
" Faitíos ba bhun le seasamh seo na Rúiseach, faitíos nach raibh i moltaí idirghabhála an Iarthair ach cleas chun a gcuid cumhachta sa réigiún a leathnú faoi bhrat na síochána, cumhacht a d’úsáidfí ina gcoinne arís amach anseo.
chleas polaitiúil the political class
" ‘Il Divo’ le Paola Sorrentino (An Iodáil 2008) Artificial Eye ART436DVD ==================== Mar bhuile scoir tiomnaím ‘Il Divo’, scéal Guilio Andreotti, Príomh-Aire na hIodáile (seacht n-uaire!) do chleas polaitiúil na hÉireann.
cleas polaitíochta ag a political trick by
" Tuigeadh nach raibh sa reifreann an uair sin ach cleas polaitíochta ag Rialtas na Breataine, le feiliúnt do na hAondachtóirí.
Cleas an Philibín the red herring
" Cleas an Philibín ======= ’Sé an cur chuige atá ag an Aire ná '*never mind the quality feel the grades*' ach i ndeireadh ama, níor cheart fiúntas an tsiollabais a mheas de réir torthaí arda, ach de réir cumas cainte agus tuisceana na ndaltaí.
ach cleas an philibín just a red herring
" Níl sa leithscéal ar ndóigh ach cleas an philibín.
An Bhfuil Rath ar an gCleas is the trick working
" ) An Bhfuil Rath ar an gCleas? ============= Tá buntáistí agus míbhuntáistí eile ag baint leis na cláruimhreacha seo chomh maith.
baineann siad feidhm as cleas amháin go sonrach they use one trick particularly
" Tá amhráin ghreannmhara agus manaí cliste acu agus baineann siad feidhm as cleas amháin go sonrach ina gcuid spochadóireacht ar na hAstrálaigh.
Chuireadh an cleas seo this trick used to
" Chuireadh an cleas seo muintir na hAstráile le báiní tráth dá raibh, ach amhail an ghrian ag dul deiseal dóibh atá sé faoi láthair.
bhfaighfeá ‘súisteoir’ ceart as an gcleas you might obtain a strapping lad or lass by doing so
" B’fhéidir go bhfaighfeá ‘súisteoir’ ceart as an gcleas, sin nó slat do bhuailte féin! Cinnte tá deacrachtaí faoi leith ag baint leis seo.
an cleas beag cumhachtach seo this small (but) powerful trick
" php#/detail/307533904_621839> An chéad uair eile a mbeidh tú ag pleanáil feachtas margaíochta bí cinnte an cleas beag cumhachtach seo a chur i bhfeidhm go cliste.
Cliar nár Chlis ina nEalaín a cast which didn’t falter in its skill
" Cliar nár Chlis ina nEalaín ============ Trí mheán scéil Samuel Northup scagann Mc Queen brí agus tuiscint agus nádúr na sclábhaíochta, bunchloch córas geilleagair na Stát Deisceartach.
Cleas Poiblíochta nó Turgnamh a publicity trick or an experiment
" (Thug siad an freagra 10 cent atá mícheart) Cleas Poiblíochta nó Turgnamh? =============== Seo a leanas an turgnamh is conspóidí dá ndearnadh Kahneman.
na modhanna agus cleasa ways and tricks
" Díol suntais gur chuimsigh ceannródaithe luaithe na scannánaíochta, leithéidí Georges Méliès, Francach, go leor de na modhanna agus cleasa ar baineadh úsáid astu den chéad uair sna fantasmagorie fadó.
Chlis a phósadh the marriage failed
" Chlis a phósadh agus é in oifig, agus thosaigh sé ag siúl amach le huachtarán ceardchumann mór, an bhean phósta Carla Katz.
Tá cleas amháin foghlaimthe agam I’ve learned one trick
" Tá cleas amháin foghlaimthe agam leis an cheann is fearr a fháil ar na hainmhithe, idir bheag agus mhór.
An Cleas the trick
" An Cleas ==== Uair nó dhó sa bhliain, íocfaidh Bord Soláthair na hAibhléise comhlacht príobháideach le teacht thart leis na toirisc.
nach raibh ann ach cleas bolscaireacht it was just a publicity trick
" Cháin dreamanna áirithe cinneadh Abbott, ina measc an freasúra, a mhaígh go tarcaisneach nach raibh ann ach cleas bolscaireacht le haird an phobail a bhaint de ghnóthaí éagsúla a bhí ag tarraingt droch-chlú ar an rialtas.
ar an dóigh ar chlis ar an daonlathas at how democracy failed
" Amharcann na daoine ar an dóigh ar chlis ar an daonlathas, an chaoi ar chuir sé díomá orthu, an bhearna a tháinig idir an gealltanas agus an saol mar atá, agus tagann fearg agus frustrachas orthu ar dtús.
ach cleas just a trick
" Cinnte, níl anseo ach cleas nuair a thuigeann tú an obair eile atá ar siúl ag 3D Systems.
ag baint le cleas pertaining to M.’s trick
" Tá gné an-chliste ag baint le cleas Ming chomh maith.
chlis na rialaitheoirí airgeadais ar na daoine the financial regulators failed the people
" Is d’aon ghnó a chlis na rialaitheoirí airgeadais ar na daoine mar nárbh iad na daoine a lucht ceannais.
an cleas seo this trick
" ’ Deadwood ===== Rinne Brian Cox féin an cleas seo cheana féin agus é ag obair le David Milch ar an tsraith teilifíse Deadwood i Meiriceá.
cleas a bhí ann it was a trick
" Ar ndóigh táthar ann nach dtugann mórán creidiúnt dá leitheid, ag rá go bhfuil an triail róghairid (5 nóiméad), nó gur cleas a bhí ann pearsa déagóra nach Béarla a phríomhtheanga a úsáid nó nach bhfuil fiúntas ar bith lena leithéid de dul chun cinn.
le cleas theaghlach the (Healy Rae) family’s trick
" Ní bheadh aon ghlacadh ag pobail eile le cleas theaghlach Healy Rae, mar shampla, a chroch dhá phostaer ar bharr Chorrán Tuathail le linn na dtoghchán áitiúla.
cleas trick
" Bíonn cleas le foghlaim i gcónaí.
cleas na n-iliomad cánacha the multiple-tax trick
" Tuigeann Balor cé uaidh a d’fhoghlaim Aingeal Aingiallta Gearmánach cleas na n-iliomad cánacha.
Cleas an philibín a red herring
" Cleas an philibín? Is eagal le Ciarán Mac Aonghusa go dtitfidh ar lár leasuithe tábhachtacha sa chóras pholaitíochta a bhí ar chlár an rialtais.