Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
cliabhán cinn muzzle
" Dar leis go bhfuil tuigbheáil mhaith aige do na bronntanais Nollag is fearr a dhéanfadh leas daoine: Don Teachta Dála Neamhspleách, Tomaisín Ó Good Day, thabharfadh sé cliabhán cinn, ceann doscaoilte ar eagla go n-íosfadh sé ceann ar bith eile de na taibléidí sin a chuireann dallach dubh ar dhaoine.
ó bhí mé sa chliabhán since I was in the cradle
" "Is mar seo atá sé," a deir Micheál, "táim ag plé leis an iomáint ó bhí mé sa chliabhán!" *Is múinteoir scoile é Colm Mac Séalaigh a bhfuil cónaí air i mBaile Átha Cliath.
ón gcliabhán from the cradle
" AÓF: Cén chaoi ar thosaigh an spéis seo ar fad atá agat san amhránaíocht agus sa cheol? MNA: Tá sé ón gcliabhán agam.
ón chliabhán from the cradle
" Iontach go leor, ní raibh suim ag Brian sna píobaí ón chliabhán.
cliabhán cage
" Má bhíonn an t-ádh leis na cimí agus má thagann siad slán ón bhrúidiúlacht, seans maith go gcaithfidh siad seal i gcliabhán i mBá Ghuantanamo.
ón chliabhán all their lives
" Dúirt an bheirt go raibh siad ag canadh ón chliabhán.
ón gcliabhán from birth
" Ach caithfidh mé a admháil go mbíonn fadbhanna fós agam i gcás cainteoirí a bhfuil an Ghaeilge acu ón gcliabhán, agus tá scaifte acu siúd ina gcónaí i Sydney.
ón gcliabhán from the cradle
" Den chuid is mó, an cúrsa atá ann go leibhéal na hArdteistiméireachta, cúrsa tríú leibhéal atá ann do chainteoirí nach bhfuil an Ghaeilge acu ó dhúchas, ón gcliabhán.
as aon chliabhán glas amháin, out of the one green crib
" Beirt bhan as aon chliabhán glas amháin, ach dhá dhearcadh dhifriúla.
ón gcliabhán. from birth.
" Tá Jessica pósta le fear as Hong Cong, Albert Tse, a bhfuil an Chantainis aige ón gcliabhán.
chliabháin mhóra cherrys pickers
" Bhí banna ceoil ag seinm ag é ag dul timpeall – dáréag ceoltóirí, iad uilig ard san aer ar chliabháin mhóra ag bogadh ar aghaidh chun tosaigh.
Cliabhán na Cónaidhme Cradle of the Confederation
" Dá ndéarfainn “*ging-er*” leat, le trilseáin, agus tógtha go mór leis an litríocht ach ní lena hainm féin, caidé a thiocfadh chun cinn i d’aigne? Caidé dá gcuirfinn prátaí isteach sa chothromóid, agus “Cliabhán na Cónaidhme” chomh maith – an dtabharfadh sin léargas ar bith duit?Bhuel – ag caint fá Oileán an Prionsa Éamonn/Éadbhard atá mé, nó Eilean a' Phrionnsa mar a deir na hAlbanaigh.
ón gcliabhán raised with
" Bhí an Ghiúdais (teanga atá cosúil leis an nGearmáinis le roinnt Eabhraise tríthi) agus Liotuáinis aige ón gcliabhán.
ón gcliabhán from birth
" Má bhíonn dhá theanga ag duine ón gcliabhán ag duine, measaim go gcabhraíonn sé sin go mór le daoine óga a gcultúr féin nó cultúr na muintire a thuiscint, cultúir eile a thuiscint agus dearcadh níos leithne a bheith acu ar an saol.
Gaeilge ón gcliabhán native spoken Irish
" Is iomaí teaghlach i gceantar láidir Ghaeltachta a fhaigheann an deontas iomlán, ní mar gheall go bhfuil Gaeilge ón gcliabhán ag na gasúir ach mar go bhfuil Gaeilge mhaith foghlamtha acu ón scoil agus súite ón dtimpeallacht Ghaeilge ina bhfuil siad ag maireachtáil.
ón gcliabhán from birth
" Sheol Lizzie Windsor trén chuid eile den lá le cleachtas siúrálta an té a thuigeann ón gcliabhán cé hí agus cad is dualgas di.
Gaeilge ón gCliabhán Irish as a first language
" Gaeilge ón gCliabhán ========== **CF**: Tógadh le Gaeilge thú agus chaith tú samhradh i ndiaidh samhraidh ar Inis Oírr.
chliabhán cot
" Dúirt sé go raibh an easláinte agus an gealtachas mar aingil coimhdeachta aige, a choinnigh súil air agus é sa chliabhán agus, ach ab é iad seo ina shaol, go mbeadh sé cosúil le bád gan stiúir.
A bhformhór taobh an chliabháin most of them younger
" A bhformhór taobh an chliabháin den scór.
a raibh féith na reacaireachta aige ón gcliabhán who had a natural ability of eloquence
" Is cinnte go mba charachtar ceart é Cheiro, fear ar tháinig bua na cainte go héasca dó agus a raibh féith na reacaireachta aige ón gcliabhán, mar a bheifeá ag súil leis ó Éireannach béilbhinn.
Gaelainn na scol agus Gaelainn ón gcliabhán school and native Irish
" Bhí Gaelainn na scol agus Gaelainn ón gcliabhán agam ach ní raibh saibhreas ceart agam ach bhíos ag fhoghlaim n’a’ haon lá ó Mhicheál Ó Sé is ó Mháire Ní Chéilleachair, beannacht Dé léi.