Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
cliseadh néarach nervous break-down
" Chaithfeá iontas a dhéanamh den teacht aniar atá sa bhfear seo, a rinne obair fhíorthábhachtach i léann na Gaeilge in ainneoin na ndeacrachtaí seo agus a bhain amach a aidhmeanna pearsanta gan mórán tacaíochta ó údaráis na hEaglaise Caitlicí tar éis dó cliseadh néarach a bheith aige agus é fós ina fhochéimí.
cliseadh néarógach nervous breakdown
" agus gan fuascailt nó faoiseamh acu ón strus sin ach a bheith ag ól nó ag ithe an iomarca agus gurb é an cliseadh néarógach a bheas i ndán dóibh.
*Cliseadh Shráid Wall* the Wall Street Crash
" “Mar sin atá sé san r-leabhar” – d’ardaigh sé a r-leabhar ina lámh dheas – “idir *Cliseadh Shráid Wall* is *Géarchéim Munchen*.
cliseadh néarógach. a nervous breakdown.
" Daoine, b’fhéidir, a d’fhulaing cliseadh néarógach.
cliseadh failure
" 6 agus ráta dífhostaíochta 10% D'fhéadfaí go leor leor figiúirí eile a chur ar phár, ach léiríonn siad go léir an scéal céanna: ní meathlú beag séimh atá i gceist, ach cliseadh mór tobann.
cliseadh an chórais airgeadais the financial system collapse
" Go bhfuil orainn go léir praghas ró-ard a íoc chun cliseadh an chórais airgeadais a leigheas.
cliseadh failure
" ie ar an fhocal 'collapsing' - imphléascadh, loiceadh, teip, tnáitheadh, tabhairt chun talún, turnamh, cliseadh srl.
Cliseadh failure
" Cliseadh Airgid agus Cliseadh Misnigh Ceart go leor, is é an meath airgeadais is siocair le cuid mhaith den chlaochlú seo.
cliseadh failure
" Coicís tar éis cliseadh Lehman tá an baol ann go dtitfidh an tóin as córas baincéireachta na hÉireann agus titim thubaisteach i luach scaireanna an Bhainc Angla-Éireannaigh.
ag cliseadh failing
" Ceisteanna le Cur ========== Chuir Ó Cuana ceisteanna mar seo a leanas ar na baill: cén fáth go bhfuilimid ag séanadh (go bhfuil íocaíocht a déanamh)? Cén fáth go gcraolaimid luachanna nach gcloítear leo? Nach mithid dúinn seasamh a ghlacadh os comhair an tsaoil? Dúirt an Cuanach go raibh roinnt contaetha ag cliseadh ina gcuid dualgas ar na ceisteanna seo agus go mba dhiomailt ama ag an eagraíocht dúnghaois a cheapadh mura gcuirfí i bhfeidhm í.
cliseadh baincéireachta banking collapse
" (Is cosúil nach cuimhin leo an cliseadh baincéireachta a bhuail a dtír féin fiche bliain ó shin agus a spreag iad chun teacht isteach san AE).
Cliseadh collapse
" An raibh pointe ann nuair a ghéill muid d'fhorlámhas an chaipitleachais agus chaith an ceart sóisialta isteach i mbosca bruscair na staire? Cén bhliain inar thug an margadh an buille marfach don stát i gcúrsaí geilleagair? Sa chaint a thug an staraí John Gray, chuir sé síos ar an dóigh ar láimhseáil tíortha éagsúla géarchéimeanna geilleagair ó Bhoilgeog na Mara Theas i 1720 (atá an-chosúil le géarchéim na linne seo) go dtí an an Spealadh Mór a lean Cliseadh Shráid Wall i 1929.
Cliseadh crash
" Cruthaíonn Windscale, Agent Orange, Cliseadh Wall Street agus an Spealadh Mór, Géarchéim Geillagair 08 an domhain, Chernobyl, Simi Valley, cartadh úráiniam laghdaithe ar Fallujah, pléasc an Betelgeuse ag Oileán Faoide, Deepwater Horizon agus Fukashima nach bhfuil lucht eolaíochta ná lucht údaráis stuama, léirsteanach ná díreach leis an bpobal.
cliseadh collapse
" Chuir said ábhar léitheoireachta ar fáil do phobal na Gaeilge sa tréimhse úd idir cliseadh Foinse agus Lá Nua araon agus teacht Gaelscéal agus leagan úr Foinse ar an saol.
ag cliseadh failing
" Ba léir dom go raibh an córas oideachais ag cliseadh sa mhéid is nach raibh bunscileanna matamaitice ag sciar mhór de na mic léinn a bhíodh ag tabhairt faoin tríú leibhéal.
cliseadh an Méféineachais the failure of selfishness
" Tá fealsúnacht nua náisiúnta de dhíth orainn, a d´fhéadfadh a bheith mar threoir idé-eolaíochta don Éire Nua, a chaithfear a thógáil sa bhfolús atá fágtha tar éis cliseadh an Méféineachais, a tháinig chun cinn le linn réimeas Ahern/Harney/Mc Creevey.
tar éis dá pósadh cliseadh after her marriage break up
" Tá ealaíontóir óg, Adrienne, tagtha go dtí an chathair ársa rómánsúil seo tar éis dá pósadh cliseadh, í ag súil le tús a chur le saol nua.
an cliseadh i dtionscal na hola the oil industry collapse
" Meastar ar aon nós gurbh é an cliseadh i dtionscal na hola a bhain an bonn den chóras thoir.
Cliseadh an Chúisimh the collapse of the prosecution case
" Cliseadh an Chúisimh ========= Thug an breitheamh, Dean Mildren, treoracha soiléire don choiste i dtaca le hinchreidteacht – nó easpa inchreidteachta - an phríomhfhinné, Mc Laughlin.
tar éis dá gcomhphobal dúchasach cliseadh orthu their native society having failed them
" *“Is it an X you put down when you sign for the sub?”* In alt amháin, déanann Mac Amhlaigh cur síos ar na mothúcháin casta a ghintear i gcroíthe na n-imirceach agus iad ag déanamh iarrachta saol a chruthú dóibh féin tar éis dá gcomhphobal dúchasach cliseadh orthu go leanúnach.
chríochnaigh le tachtadh mall agus cliseadh na scámhóg which finished with a slow choking an múinteoir líofa san úrscéal the polished teacher in novel
" Athchruthú na hEachtra ======= Chonaiceamar an t-allas ar leiceann D’Aughton mar aon le hualach na croise ar a dhroim, agus bhraith an lucht féachána go léir an phríomhimní a chur isteach go mór ar Chríostaithe an naoú aois déag: ar chóir creideamh uilíoch a chruthú ar dhúnmharú uafásach duine soineanta, dúnmharú a cuireadh i gcrích le linn cúpla uair, dúnmharú a thosnaigh le huirlisí cosúil le tairní agus sceanra agus a chríochnaigh le tachtadh mall agus cliseadh na scámhóg? B’shin an rud a bhí i gceist ag Julian Morrow, an múinteoir líofa san úrscéal The Secret History nuair a mhínigh sé dá rang: “ *‘The Roman genius, and perhaps the Roman flaw*’, he said, ‘*was an obsession with order….
ar shéala cliseadh about to collapse
" Tá an daonra ag fás agus ag dul in aois agus tá an chuma ar an FSS anois go bhfuil sé ar shéala cliseadh.
cliseadh Sráid Wall St. crash
" Chuir cliseadh Sráid Wall go mór lena ndeacrachtaí agus fá 1931 bhí a thrian de fhórsa oibre na cathrach díomhaoin.
tar éis cliseadh air having failed him
" Ós rud é go raibh a ghuth tar éis cliseadh air, ní fhéadfadh sé fiú gearán a dhéanamh.
cliseadh an gheilleagair the economic collapse
" Ní raibh cliseadh an gheilleagair ceaptha le tarlú, agus murar d'aon ghnó a tharla sé, léiríonn sé gur treise dlí Uí Mhurchú i saol an domhain ná dlíthe go leor eile.
ach cliseadh cumhachta as a (electricity) power loss
" Ní beidh ann dar linn, ach cliseadh cumhachta nuair a loicfidh gach gléas aibhléise orainn.
atá ag cliseadh which are failing
" Titim an ANC ====== Ach ní féidir linn samhlú go dteipfidh go hiomlán ar an Afraic Theas agus go dtitfidh sí siar i measc na dtíortha Afracacha eile atá ag cliseadh.
cliseadh airgeadais financial collapse
" Ag an am chéanna tharla an cliseadh airgeadais an bhliain chéanna agus ón am sin i leith thosaigh roinnt ceannairí Eorpacha ag iarradh an caidreamh leis an Rúis a fheabhsú ar mhaithe le cúrsaí gnó.
cliseadh an Aontais Shóivéadaigh the failure of the USSR
" Chuir cliseadh an Aontais Shóivéadaigh amú iad.
borradh agus cliseadh growth and failure
" Bíonn borradh agus cliseadh i ngeilleagar na tíre go rialta mar iarmhairt ar an timthriall amaideach seo.
cliseadh failure, going bust
" Léiríonn cliseadh trí chomhlacht mhóra san Astráil gur beag tuiscint a bhí ag an dream a bhí ina mbun ar chúrsaí eitice, dar le Dáithí Ó Colchúin.
cliseadh néaróga nervous breakdown
" Aon duine amháin a chreid an liodán uafáis uaidh agus nuair a scaoil sé leis na deora, ba chineál deimhniú don chuid eile againn nach raibh air ach cliseadh néaróga ag cur as dó.
as cliseadh from the collapse
" Ba cheart do phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge ceachtanna maidir le rialachas corparáideach a fhoghlaim as cliseadh Mheitheal Forbartha na Gaeltachta, dar le Breandán Delap