Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
cloí stick to
" Níl aon chinnteacht ann go mbronnfar seoladh faoi leith ar aon duine nuair a chuirfear na fearainn nua ar fáil go hoifigiúil agus is fearr na buachaillí bó i mbailte fearainn an idirlín a sheachaint agus cloí leis na seoltaí ponc com go fóill.
cloí le modhanna polaitiúla stick to political methods
" Measann sé go raibh sé tábhachtach an fód a sheasamh agus foréigean a úsáid ach i ndiaidh uafás Inis Ceithleann tháinig sé ar an tuiscint go mbeadh sé níb éifeachtaí cloí le modhanna polaitiúla agus na gunnaí a chur ar leataobh.
chloígh leis stuck to it
" Tá siad ag iarraidh pilleadh ar an *nirvana* aontachtach sin réamh-1969 nuair a thuig náisiúnaithe a stádas sa tsochaí agus chloígh leis.
lena gcloí their defeat
" Easpa taithí ag an leibhéal is airde is dóigh ba chúis lena gcloí ar deireadh, ach thosaigh ullmhúcháin agus traenáil na foirne thart ar 6 nó 7 de bhlianta ó shin le scéim óige ar nós Scéim Luimnigh.
go gcloífí a mhuintir his people would be defeated
" Nuair a chonaic rí Éireannach é, bhuail taom bróin é agus dúirt sé gur tuar a bhí ann go raibh na Sasanaigh ag teacht agus go gcloífí a mhuintir.
a chloí overcome, conquer
" Léiríonn sé arís, mar a rinne John McEnroe, nach míbhuntáiste ar bith é a bheith i do charracháinín críochnaithe má tá tú ag iarraidh daoine eile a chloí.
ghiall cloíte abject, subdued hostage
" Shocraigh mé nach mise an sórt sin duine agus chuaigh mo bhealach féin ina n-ainneoin nó b'fhearr liom bheith i mo theifeach lúfar ná i mo ghiall cloíte.
an ghalar cloíte enervating disease, disease that doesn't allow you to function well
" Bhí sé gaibhte ag an ghalar cloíte.
cloí le stick to
" Má tá cuid mhaith grianghrafanna le clóbhualadh, d'fhéadfadh sé a bheith níos saoire cloí le gnáthcheamara, na grianghrafanna a réaladh go proifisiúnta agus ansin na pictiúir atá le cur ar ríomhaire a scannáil le scanóir.
cloíte go maith badly affected
" Ag an ócáid sin i 1999, labhair sí faoin ghalar dubhach a bheith uirthi agus ba léir ón mhéid a bhí le rá aici agus ó na dánta a léigh sí go raibh sí cloíte go maith aige.
ag cloí sticking
" Is cosúil gur sin an dearcadh atá ag ceannaireacht Shinn Féin anois, ach níl siad iomlán oscailte faoi, agus iad ag cloí go poiblí leis an tseanteachtaireacht.
chloígh Paul agus Linda McGill leis an ainm Paul and Linda McGill stuck to the name
" Mar sin, chloígh Paul agus Linda McGill leis an ainm i ndiaidh dóibh an áit a cheannach seacht mbliana ó shin.
nach gcloíonn le rialacha ar bith who doesn't stick to any rules
" In eachtra cháiliúil i gclár sa dara sraith, ghlac sé seilbh ar mhicreafón fógróra in oifig ollmhargaidh in Helsinki na Fionlainne agus d'fhógair sé i nGaeilge go raibh buachaill dána cúig bliana d'aois tar éis micreafón a thógáil agus gur cheart dá mháthair é a thabhairt léi as an siopa láithreach! Nuair a bhuail mé le Hector i nGaillimh le déanaí rith sé liom gur duine é nach gcloíonn le rialacha ar bith, is cuma cé acu na rialacha a bhaineann le cláracha taistil nó rialacha ghramadach na Gaeilge atá i gceist.
cloí to stick to
" "Bíonn an-bhrú ar go leor acu cloí le dearcadh a gcairde agus gan a bheith difriúil, rud atá coitianta i measc daoine óga, dar ndóigh.
iad a chloí to beat them
" Tá imreoirí den scoth acu, leithéidí Thomáis Uí Dhuinn agus Eoin Uí Cheallaigh, agus beidh sé deacair iad a chloí.
barbarthacht Mheiriceá a chloí to overcome American barbarism
" Nár éirigh linne, dornán beag Éireannach, an ceann is fearr a fháil ar cheann de na tíortha impiriúla ba chumhachtaí ar domhan ag tús na haoise seo caite? Gan ach cúpla céad seanghunna agus armlón beag inár seilbh againn? Nár éirigh le muintir Vítneam barbarthacht Mheiriceá a chloí in ainneoin gur scriosadh an tír le hairm cheimiceacha agus gur maraíodh na céadta míle sibhialtach? Thug mé féin suntas do thuairisc amháin a tháinig chugainn ó theorainn na hIordáine leis an Iaráic.
a chloí to overcome
" D'oibrigh oifigigh na Roinne de ló is d'oíche chun an galar a chloí, agus luigh an pobal i gcoitinne isteach leis an iarracht.
nach gcloífear go héasca that is not easily overcome/beaten
" Sin galar nach gcloífear go héasca.
Is fusa feachtas sceimhlitheoireachta a chloí it is easier to defeat a terrorist campaign
" Is fusa feachtas sceimhlitheoireachta a chloí ná feachtas láidir polaitiúil.
chun bochtanas na dtíortha neamhfhorbartha a chloí to overcome the poverty of the undeveloped countries
" Ach glactar leis gurb é an t-oideachas an eochair chun bochtanas na dtíortha neamhfhorbartha a chloí - agus muna bhfuil muid in ann an t-airgead a chur ar fáil chuige sin ní éireoidh linn na spriocanna forbartha eile atá againn a bhaint amach.
cloí le stick to
" Caithfidh siad cloí le peil nó níl áit dóibh ar an bhfoireann.
Chloígh mé go docht lena bplean I stuck rigidly to their plan
" "Chloígh mé go docht lena bplean, ach níor oibrigh sé.
agus an freasúra a chloí and beat the opposition
" Cén fáth nach raibh Aontroim in ann an iarracht a choinneáil ar aghaidh go dtí deireadh an chluiche agus an freasúra a chloí nuair a bhí an deis acu? Sin í an cheist a dtugann Liam Mac Grifin faoina freagairt.
cloí leis an obair stick to the work
" Dualgas cine agus dílseacht do mo mhuintir a spreag mé agus a choinnnigh orm cloí leis an obair go deireadh.
cloí le sceideal stick to a schedule
" "Thuig muid go raibh gá le foirfeacht ó thaobh stór focal agus gramadaí agus, dá bhrí sin, bhí sé deacair cloí le sceideal.
cloí le to stick to
" Bush, a bhí ina ghobharnóir stáit ag an am sin, dlí (a bhí le fáil in dhá stát eile chomh maith) a chuir iachall ar scoileanna cloí le curaclam ina gcuirtear an bhéim ar staonadh ó ghnéas.
ba dheacair iad a chloí they were difficult to beat
" Ach bhí caighdeán maith peile ann roimhe sin agus nuair a bhíodh muintir Mhéalóid, muintir Shúilleabháin, muintir Fhlatharta agus eile i mbun peile ba dheacair iad a chloí.
nár ghá cloí leis na seanmhúnlaí that it wasn't necessary to stick to old forms
" Ach ar a shon gur orthu siúd a bhunaigh Cumann na hÉigse ag Dáil na hÉigse i gcaitheamh Fheis na Mumhan i gCorcaigh i mí Meán Fómhair 1907 a bhí Piaras Béaslaí - cumann lomlán le Muimhnigh ar thábhachtach leo na munlaí clasaiceacha a bhí ann - d'athraigh tuairimí Bhéaslaí faoin fhilíocht de réir a chéile gur léir dó faoi na caogaidí nár ghá cloí leis na seanmhúnlaí.
Chloígh siad go daingean leis an gcuraclam the stuck rigidly to the curriculum
" "Chloígh siad go daingean leis an gcuraclam i gcónaí agus ní raibh mórán ama againn lenár bhforbairt agus ár léitheoireacht phearsanta a dhéanamh," a deir sí.
cloí go daingean stick rigidly
" Mar shampla, cuirimid iachall ar na comhlachtaí fóin a dtáillí agus coinníollacha a fhoilsiú agus is gá dóibh cloí go daingean leo.
cloím le rudaí I stick at things
" Ní duine millteanach éirimiúil mé ach cloím le rudaí.
cloí leis an éide oibre atá á caitheamh acu le fada anois stick to their traditional work uniforms
" Dúirt siad gur cheart do na fir dhóiteáin go léir cloí leis an éide oibre atá á caitheamh acu le fada anois.
gur chloígh tú féin leis an tseanstíl that you yourself stuck to the old style
" AÓF: An ndéarfá féin gur chloígh tú féin leis an tseanstíl a bhí le cloisteáil agat sular imigh tú? MÓS: Tá súil agam, mar ní bheadh uaim athrú a dhéanamh air.
cloí lena gcuid rialacha sláinteachais féin to stick to their own hygiene rules
" Má chruthaitear gur theip ar na hotharlanna cloí lena gcuid rialacha sláinteachais féin, d’fhéadfadh bille mór eile a bheith le díol ag an cháiníocóir.
a chloínn galair that overcome diseases
" Ionsaíonn agus maraíonn PVL cealla bána sa cholainn agus tá sé fíorchontúirteach mar gur iondúil gurb iad seo na cealla a chloínn galair.
cloíte on its knees
" Tá an Eaglais cloíte sa tír seo le tamall de bhlianta anuas agus is í Tuarascáil Fhearna buille na tubaiste.
cloí leis an sprioc to stick to deadlines
" * Gluais • Glossary úrscéalnovel gráinhatred shamhlaigh séhe imagined údar bróidreason to be proud brúpressure déistindisgust ní túisceno sooner scíthrest bata agus bótharthe sack cloí leis an spriocto stick to deadlines sobalcólaísoapaholic mealltabeguiled sáiteengrossed fuil ina chuisleblood in his veins anáil ina pholláiríbreath in his nostrils ruaig séhe banished néaróganerves mírpiece airdattention torann ceolmhar an fhóinthe musical noise of the phone a leannán nuaher new boyfriend lán de chacfull of shit giúmar an leithristoilet humour dleachtaroyalties go borbabruptly go searbhasachsarcastically ag caint seafóidetalking rubbish sáiteánjibe otharpatient a ainm baistehis first name gearáncomplaint údarreason chaon duineeach of us ciontachguilty tostsilence mar is iondúilas usual cruógachbusy garmhacgrandson cionaffection a d’aimsigh an galar sinwho discovered the disease in éindí léialong with her sách ísealin a low voice béimstress ar bís le thú a fheiceáildying to see you tá do thuairisc á cur aicishe's asking for you dearmadachforgetful contúirteachdangerous d’fhéadfadh sí an teach a lasadhshe could set the house alight airecare go mífhoighdeachimpatiently aird iomlán a dhíriú ar a chuid oibreto fully concentrate on his work díomhaoinidle docharharm cuideachtacompany aghaidh a phróiseálaí focalin front of the word processor dá dtiocfadh an crú ar an tairneif the worst came to the worst curtha amúwasted leath a dhóthain ama dóhalf enough time to him coscban seafóidrubbish iarrachteffort chéad Chomaoineachfirst hold Communion ag tnúth leis an lá mórlooking forward to the big day an mac drabhlásachthe prodigal son brionglóiddream den seandéanamhof the old kind greamaithe lena rúitín le sreang leictreachaistied to his ankle with an electric cable deisopportunity smaoineamhidea ar scáileánon screen aiféalaregret an cailín ba thaitneamhaí sa sobaldrámathe most likeable girl in the soap opera in ainm is a bheith ag réiteachsupposed to be preparing greimbite ag béiceach agus ag screadaílshouting and screaming i mbun trodaengaged in fighting iontas na n-iontassurprise surprise iriseoirjournalist taithíexperience comhiriseoirfellow journalist mionsciortamini-skirt beannacht a bhí ceilte air go dtí sina blessing in disguise ar mhaithe lena cheirdfor the sake of his trade
a chloí to overcome
" Cé nár éirigh leo an SDLP a chloí go hiomlán i dtoghcháin Westminster, ní léir go ndearna dúnmharú Robert McCartney nó robáil Bhanc an Tuaiscirt an oiread damáiste dóibh is a bhíothas ag tuar go ndéanfadh.
cloí leis an sprioc to stick to deadlines
" * Gluais • Glossary úrscéalnovel gráinhatred shamhlaigh séhe imagined údar bróidreason to be proud brúpressure déistindisgust ní túisceno sooner scíthrest bata agus bótharthe sack cloí leis an spriocto stick to deadlines sobalcólaísoapaholic mealltabeguiled sáiteengrossed fuil ina chuisleblood in his veins anáil ina pholláiríbreath in his nostrils ruaig séhe banished néaróganerves mírpiece airdattention torann ceolmhar an fhóinthe musical noise of the phone a leannán nuaher new boyfriend lán de chacfull of shit giúmar an leithristoilet humour dleachtaroyalties go borbabruptly go searbhasachsarcastically ag caint seafóidetalking rubbish sáiteánjibe otharpatient a ainm baistehis first name gearáncomplaint údarreason chaon duineeach of us ciontachguilty tostsilence mar is iondúilas usual cruógachbusy garmhacgrandson cionaffection a d’aimsigh an galar sinwho discovered the disease in éindí léialong with her sách ísealin a low voice béimstress ar bís le thú a fheiceáildying to see you tá do thuairisc á cur aicishe's asking for you dearmadachforgetful contúirteachdangerous d’fhéadfadh sí an teach a lasadhshe could set the house alight airecare go mífhoighdeachimpatiently aird iomlán a dhíriú ar a chuid oibreto fully concentrate on his work díomhaoinidle docharharm cuideachtacompany aghaidh a phróiseálaí focalin front of the word processor dá dtiocfadh an crú ar an tairneif the worst came to the worst curtha amúwasted leath a dhóthain ama dóhalf enough time to him coscban seafóidrubbish iarrachteffort chéad Chomaoineachfirst hold Communion ag tnúth leis an lá mórlooking forward to the big day an mac drabhlásachthe prodigal son brionglóiddream den seandéanamhof the old kind greamaithe lena rúitín le sreang leictreachaistied to his ankle with an electric cable deisopportunity smaoineamhidea ar scáileánon screen aiféalaregret an cailín ba thaitneamhaí sa sobaldrámathe most likeable girl in the soap opera in ainm is a bheith ag réiteachsupposed to be preparing greimbite ag béiceach agus ag screadaílshouting and screaming i mbun trodaengaged in fighting iontas na n-iontassurprise surprise iriseoirjournalist taithíexperience comhiriseoirfellow journalist mionsciortamini-skirt beannacht a bhí ceilte air go dtí sina blessing in disguise ar mhaithe lena cheirdfor the sake of his trade
cloí adhere
" Ainneoin nár dhúirt aon duine gur cheart cloí leis an líon céanna comhairlí áitiúla(26), chuir gach páirtí béim ar an tábhacht a bhí le seirbhísí a bheith chomh logánta agus ab fhéidir.
dá gcloífí le slata tomhais an Choimisiúin if the Commission's criteria were adhered to
" Thiocfadh athrú as éadan ar an Ghaeltacht mar is eol dúinn í dá gcloífí le slata tomhais an Choimisiúin.
chloígh mé leis an nGaeilge amháin I struck with Irish only
" Ar deireadh, d’fhág mé na ranganna Fraincise agus Spáinnise agus chloígh mé leis an nGaeilge amháin mar theanga eile.
cloí le to stick to
" Munar féidir tabhairt ar an státseirbhís cloí le rud chomh simplí leis na ciorcláin i leith na Gaeilge, an bhfuil sé réasúnta a bheith ag súil go gcloífidh siad le hAcht na dTeangacha Oifigiúla agus lena gcuid dualgas eile i leith na teanga? Nach aisteach fosta nár tháinig an éagóir seo chun solais i bhfad ó shin! Chaithfeá ceist a chur faoi éifeacht na n-eagraíochtaí Gaeilge – Foras na Gaeilge agus a réamhtheachta, Bord na Gaeilge – a bhí, agus atá, in ainm is a bheith ag cur comhairle ar an rialtas faoi chúrsaí teanga.
cloíte beaten
" An chonstaic ba mhó go dtí seo ab ea Cill Chainnigh ach sáraíodh an chonstaic sin i 2001 (Coláiste Chiaráin cloíte) agus 2005 (mionúir Chill Chainnigh cloíte).
cloí leis sin to stick to that
" Nach amhránaí thú féin? Nár smaoinigh tú féin ar aon amhrán a chasadh ar an albam? EO’B: Toisc gurb í an fhidil mo phríomhuirlis theastaigh uaim cloí leis sin ar an albam seo.
cloí leis an bhuntrealamh to stick with basic equipment
" Ba leor cloí leis an bhuntrealamh nó earraí a cheannach ar athláimh.
cloí leis an chur chuige sin to stick to that approach
" Thug sí comhairle dom cloí leis an chur chuige sin agus go ndíolfadh muid i bhfad níos mó cóipeanna dá bharr.
nuair a cloíodh iad when they were beaten
" Deirtear gur faoi thalamh a d’imigh na Tuatha Dé Danann nuair a cloíodh iad i gcath le muintir Aimhirgin.
ach cloí le rialacha an mhóraimh. but to stick to the rules of the majority.
" ” Tchí Dia an fhís atá ag an Uasal Empey de shochaí an tuaiscirt nuair nach bhfuil rogha agat ach cloí le rialacha an mhóraimh.
níl faitíos orthu cloí lena gcreideamh, they're not afraid to stick to their belief,
" Cén fáth a bhfuil tú sásta foireann cheamara mar seo a ligean isteach chun leas a bhaint asainn, as ár *tipuna* (sinsear), agus brabús a dhéanamh as? Céard a bheidh againne?’” Léiríonn an méid sin, b’fhéidir, an fáth ar mhair an cultúr Maorach, ainneoin bhrú an domhain Pākehā – níl faitíos orthu cloí lena gcreideamh, cuireann siad ceisteanna, tá anam an phobail fós láidir.
cloí leis an leagan coitianta. to stick to the common version.
" Bíodh sin amhlaidh, is dócha go bhfuil an cath áirithe sin caillte agus is fearr aithne ag daoine air mar “Phádraig” agus gurbh fhearr, i bhfianaise lucht léitheoireachta an leabhair seo, cloí leis an leagan coitianta.
beagnach do-chloíte nearly unbeatable
" Bhí forlámhas ag Uíbh Fhailí sa tréimhse sin ar Chill Chainnigh agus ar fhoirne eile Laighean (cé is moite de 1996 nuair a mhúscail Loch Garman as a suan agus a d’fhógair a mbainisteoir Liam Ó Gríofa gurb í an iomáint “Riverdance” an spóirt! San am céanna bhí an Clár beagnach do-chloíte sa Mhumhain (cé is moite de bheith buailte ag Luimneach i 1996.
is gá go gcloífí iad faoi dhó they need to be beaten twice
" I bhfocail eile, is gá go gcloífí iad faoi dhó le linn an tsamhraidh.
go dtí gur cloíodh Doire until Derry were beaten
" Gá le himreoirí láidreThosaigh an tSraith Náisiúnta agus bhí Áth Cliath arís ag buachan cluichí gan stró go dtí gur cloíodh Doire sa chluiche ceannais i 1976.
chloígh muid go daingean we stuck rigidly
" Bhí an leabhar leagtha amach ar an dóigh sin agus chloígh muid go daingean leis an leagan amach sin.
chloígh Drewe leis an scéal Drewe stuck to the story
" Ach chloígh Drewe leis an scéal go raibh sé neamhchiontach agus go raibh ceap milleáin á dhéanamh as chun gníomhaíochtaí rialtais, a raibh baint acu le trádáil idirnáisiúnta arm, a chosaint agus a choinneáil faoi cheilt.
cloíte beaten
" Níor chóir go mbeadh ar Phort Láirge aghaidh a thabhairt den dara huair taobh istigh d’achar gearr ar dhá chontae, Corcaigh agus Luimneach, a bhí cloíte acu cheana féin.
cloí le hábhair chultúrtha agus stairiúla to stick to cultural and historic subject-matter
" “Níor phéinteáil mé gunnadóirí riamh; rinne mé iarracht cloí le hábhair chultúrtha agus stairiúla i gcónaí,” a dúirt Ervine.
gur chloígh a sinsear leis an modh éifeachtach taistil seo. that their ancestors stuck to this efficient mode of transport.
" Tá an t­-ádh dearg ar mhuintir Melbourne gur chloígh a sinsear leis an modh éifeachtach taistil seo.
cloí leis an churaclam to follow the curriculum
" Ba dhoiligh don roinn nó don aire a bheith go hiomlán cinnte go n-éireodh leo sa chúirt dá ndiúltódh scoil ar leith cloí leis an churaclam nó leis an chiorclán faoin luath-thumoideachas.
Le cloí le híomháineachas Kipling, sticking with Kipling's imagery
" Le cloí le híomháineachas Kipling, cuireadh clabhsúr le séasúr na “ndúramán láibeach” – nó i bhfocail shimplí, cuireadh clabhsúr leis an séasúr peile – san earrach, agus tá aird lucht leanúna an spóirt dírithe faoi láthair ar an spórt náisiúnta, an cruicéad.
nár cloíodh go fóill iad. that they haven't been defeated yet.
" Dúirt Seosamh Mac Grianna tráth gurb é an difear idir Éire agus Alba ná go n-admhaíonn Gaeil na hAlban gur cloíodh i gCath Chùil Lodair iad ach go measann Gaeil na hÉireann nár cloíodh go fóill iad.
cloí leis an obair sin to stick to that work
" ” Is í an aisteoireacht an phríomhghairm a bhfuil Carrie ag díriú uirthi le dornán blianta anuas agus tá sé i gceist aici cloí leis an obair sin san am atá romhainn fosta.
nach gcloíonn leis who don't conform (to)
" Feicimid beirt bhan nach gcloíonn leis an léiriú seo, áfach: Mal Mynx, an Teachta Dála a bhíonn ag tochras ar a ceirtlín féin de shíor, agus bean Ghusaí, Sciní Goleor, ar súmaire an airgid í.
cloítear leis an bhfearas traidisiúnta they stick with the old equipment
" Sa lá atá inniu ann, úsáidtear trealamh níos nua-aimseartha sna himeachtaí eile, ach cloítear leis an bhfearas traidisiúnta san imeacht áirithe seo.
cloí leis sticking to
" ” I ndiaidh dó an chéim a bhaint amach, chuaigh Liam ar an dól agus ansin - ar ais ar an ollscoil le céim eile a dhéanamh ag cloí leis an tslí bheatha atá cruthaithe aige, meascán den fhoghlaim agus den phéintéireacht.
chloí to overcome
" Tá na milliúin dollar tugtha isteach ag an Lance Armstrong Livestrong Foundation a bhfuil sé mar aidhm aige an galar marfach a chloí.
tharla gur chloígh Obama as Obama has defeated
" Theip ar an frith-Sheimiteachas nua mar straitéis, dar le Gates, óir is deacair míchlú 'frith-Sheimiteach' a chur ar raibithe! Má cheapann éinne go bhfuil na Stáit Aontaithe tagtha slán ó dhrochthionchar na Síónach anois, tharla gur chloígh Obama Mc Cain i dtoghchán na huachtaránachta, ní thugann Jeff Gates mórán dóchais dó.
chloí to defeat
" An féidir madhmadh ar na Cait? An féidir iad a chloí mar sin? Is é sin an cheist atá á cur arís i mbliana.
chloí to defeat
" Le cumannachas san Afraic a chloí, ní raibh an dara rogha acu, is cosúil, ach tacú le Marxach amháin sa tSomáil i gcoinne Marxach eile, Mengistu, san Aetóip! Ainneoin tacaíocht mhíleata fhlaithiúil SAM, ní raibh Barre in ann a chuid namhad intíre a choinneáil faoi chois go deo, agus treascraíodh é i 1991.
chloígh sí leis she stuck with it
" Nuair a bhí cinneadh glactha ag Thatcher, áfach, chloígh sí leis agus is dócha nach raibh aon cheannaire Sasanach a dtiocfadh leis nó lei aghaidh a thabhairt ar aontachtaithe ach í.
chloí to defeat
" Ar cheart go n-athainmneofaí an 11 sráid atá baiste as Banríon an Bháis, Victoria? Nó Chichester Street, a ainmníodh as Sir Arthur Chichester, fear a dúirt gur chóir úsáid a bhaint as gorta leis na hÉireannaigh a chloí mar nach raibh a gclaimhte gasta go leor.
cloí le to accept
" Agus don dream óg, cosúil liom féin, cén mhaith é sin? Cén mhaith a dhéanfaidh sé, dar le cuid againn, an sclábhaíocht scoile go léir, nuair is féidir cúig nóiméad déag faoin spotsholas a lorg ina háit? An bhfuil uaillmhian ar bith níos uaisle ná an clú? Is rídheacair a chreidiúint, ar na saolta seo, cé chomh mór is a bhíonn an brú ar dhaoine óga cloí le híomhá agus le hiompar na réaltaí.
ag cloí le sticking to
" Chonaic mé líon mór cailíní i mo rang féin ar an meánscoil ag cloí le haistí dochta bia is dá bhfolach féin i slaodanna smididh, d’fhonn a bheith chomh caol le gáinne is chomh dóighiúil le bandéithe an phreasa.
gcloínn behave, adhere to
" Tá mionstaidéar déanta aici ar na mílte grianghrafanna a bhaineann le lá na tubaiste agus deir sí nach bhfuil aon mhíniú eolaíochta aici ar roinnt des na nithe atá tugtha faoi deara aici - carranna dóite amach in aice le crainn faoi chlúmh iomlán a nduilleog glas sláintiúil, meirg róthapaidh tagtha ar phíosaí miotail, píosaí eile miotail casta as riocht i slite nach gcloínn le gnáthdhlíthe meicniúla.
cloí leis stick to
" Sula n-athróimid an bunreacht ba chóir dúinn na ceisteanna seo a fhreagairt: céard iad na bunluachanna a cheapaimid gur cóir a beith ag oifigeach stáit? An bhfuilimid sásta cloí leis na rialacha agus gan a bheith ag iarraidh an t-aicearra a ghearradh le caochadh súile? An bhfuilimid sásta polaiteoir a cháineadh as caimiléireacht fiú má tá baint aige le páirtí a dtugaimid tacaíocht dó? I bhfírinne, an bhfuil an oscailteacht, an t-ionracas, agus an fhreagracht uainn? **Naisc**: Breis is dhá bhliain ó shin http://findarticles.
cloí stick (to)
" Meas ar Dhealbh ====== Inár dtuairisc do Nuacht TG4 an oíche sin, labhair muid leis an staraí Tom Kenny a bhí ar mire leis an Chomhairle Cathrach a chaith na milliúin euro ar athchóiriú na faiche ach nach raibh in inmhe cloí lena ngealltanas maidir leis an mhacasamhail cré-umha de dhealbh a bhí mar chuid de dhlúth is d'inneach na faiche céanna.
gcloífidh shall defeat
" Má éiríonn le Dilma Rousseff an uachtaránacht a bhaint amach, is cinnte go gcloífidh sí le cúrsa polaitiúil Lula: tá an méid sin geallta do na vótóirí aici.
Chloígh stuck
" Chloígh Sinn Féin le líne faoi leith i dtólamh agus bhí a dtoscaireacht i gcónaí ar aon fhocal lena gceannasaí.
chloígh muid we stuck
" Tréigean an Dúchais =========== Creidim go láidir nár chaill pobal na hÉireann muinín ionainn siocair gur chloígh muid go dílis lenár seanluachanna.
Tá mé cloíte I'm caught, beaten
" Tá mé cloíte ag an rud céanna a chloigh na céadta eile in Éirinn.
gcloífear í it shall be overcome
" Ídeoidh an chosaint leanúnach inmheánach fuinneamh na heagraíochta chomh mór sin go gcloífear í de réir a chéile.
nach gcloítear leo which aren’t maintained
" Ceisteanna le Cur ========== Chuir Ó Cuana ceisteanna mar seo a leanas ar na baill: cén fáth go bhfuilimid ag séanadh (go bhfuil íocaíocht a déanamh)? Cén fáth go gcraolaimid luachanna nach gcloítear leo? Nach mithid dúinn seasamh a ghlacadh os comhair an tsaoil? Dúirt an Cuanach go raibh roinnt contaetha ag cliseadh ina gcuid dualgas ar na ceisteanna seo agus go mba dhiomailt ama ag an eagraíocht dúnghaois a cheapadh mura gcuirfí i bhfeidhm í.
chloígh sé he stuck to
" 
Theip air suíochán a bhaint in olltoghcháin 1969 agus 1973 ach shuigh sé sa Seanad idir 1973 agus 1977 nuair a ceapadh é ina uachtarán ar Pháirtí an Lucht Oibre agus chloígh sé le hobair inmheánach an pháirtí.
cloí le stick to
" 
“Bhuel, thiocfadh leat cloí le do thuairimíocht féin amháin agus thiocfadh leat fanacht go dtí go dtabharfadh lucht vótála an móramh duit ach bheadh praghas le híoc as sin.
chloígh sí lena she stuck to her
" Beidh Michele Bachmann, i néal cumhráin naofachta, in ann a rá gur chloígh sí lena prionsabail.
dream briste cloíte a broken defeated people
" **SMM: Ab é gur dream briste cloíte iad muintir na hÉireann?** SÓC: Riamh, cheapfainn! Thosaigh mo mhac, atá san ollscoil, ag plé an scéil lá amháin, siar sa stair.
chloífeadh would defeat
" Níor chaill sé misneach áfach agus i 1976 agus 1977 d’éirigh leis foireann a chur le chéile a d’imreodh an saghas peile a chloífeadh na Ciarraígh.
gcloítear le adhered to
" Ba cheart go bhfeidhmeoidh bord éifeachtach mar a bheadh cigirí ann; iad ag faire go géar ar chur i bhfeidhm aidhmeanna straitéiseacha is dúnghaoisí na comhlachta nó na cuideachta agus ag cinntiú go gcloítear le rialachas corparáideach.
chun cloí lena ndualgais reachtúla to comply with their statutory obligations
" Tharraing sé aird ar seo siocair go raibh comhlachtaí stáit áirithe ag maíomh go raibh deacrachtaí acu daoine le líofacht Ghaeilge a earcú chun cloí lena ndualgais reachtúla i leith na Gaeilge.
ag cloí le téama keeping in theme
" Is a mhalairt a bheadh fíor le tiománaí an bhus agus an croí á chur trasna ionam aige ag bualadh bos do *‘The Birdy Song’* ag tiomáint bus abhaile ag leathuair tar éis a ceathair ar maidin - agus gan lámh ar bith aige ar an roth stiúrtha! Bhain mé an t-óstán amach go sábháilte mar sin féin agus ba léir gur chuid den chraic é an turas bus mar bhí muintir na háite breá compordach leis an ngeaitsíocht! *‘The Telegraph House’* ab ainm don óstán - ag cloí le téama Alexander Graham Bell mar fhear an ghutháin, agus mar ábhar tarraingteach turasóireachta an bhaile.
cloíonn sé lena thuairim mhícheart he sticks to his incorrect opinion
" Ní léann Tadhg an mhargaidh foilseacháin mar seo de ghnáth, ámh, agus cloíonn sé lena thuairim mhícheart i dtaca le stíl mhaireachtála an mhuintir dhúchais thuasluaite dá bhíthin sin.
chloígh leis an gcleachtadh seanbhunaithe stuck the long established practice
" B’éigean don rialtas feisire a ainmniú ina cheann comhairle sa teach agus a chloígh leis an gcleachtadh seanbhunaithe nach mbeadh vóta aige/aici.
mura gcloítear leis if it doesn’t abide by
" Don chéad uair, beidh sé de chead ag ballstát amháin ball eile a tharraingt os comhair cúirte mura gcloítear leis na rialacha.
chloígh siad Síol Broin cróga they bet brave Shelbourne
" Bhí cloiste agam ar éachtaí fhoireann sacair na cathrach, Deportivo, faoi mar a bhí ag mórán Éireannach ón uair a chloígh siad Síol Broin cróga Bhleá Cliath i Sraith na gCuradh i 2004.
nár chloígh didn’t adhere to
" Rialaíodh nár chloígh údaráis an Gharda Síochána le foráil d'Acht an Gharda Síochána 2005.
toisc gur chloígh sé go dílis le because he stuck rigidly to
" Ach níor bhain sé aon cheol nua as na foinsí seo toisc gur chloígh sé go dílis le cur chuige intleachtúil caomhnach.
Cloíonn ainm na féile the festival name abides by
" Cloíonn ainm na féile le cleachtadh sainiúil Corcaíoch, ’sé sin, go ngiorraítear príomhghné an ainm agus go gcuirtear an iarmhír 'a' leis mar chúiteamh.
cloíodh was beaten
" Baineann cuid mhaith den ábhar le hoirthear na hEorpa agus leis an athlonnú a rinneadh ar lucht labhartha na Gearmáinise nuair a cloíodh Hitler agus an tríú Reich.
a fhad is go gcloítear leis as long as one sticks to
" Is ionann an cás sna Críocha Lochlannacha áit a bhfuil 'allemannrettan' i bhfeidhm, sé sin cead fadbhunaithe siúil i mbeagnach achan áit, a fhad is go gcloítear leis an chód tuaithe atá leagtha amach.