Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ghiall cloíte abject, subdued hostage
" Shocraigh mé nach mise an sórt sin duine agus chuaigh mo bhealach féin ina n-ainneoin nó b'fhearr liom bheith i mo theifeach lúfar ná i mo ghiall cloíte.
an ghalar cloíte enervating disease, disease that doesn't allow you to function well
" Bhí sé gaibhte ag an ghalar cloíte.
cloíte go maith badly affected
" Ag an ócáid sin i 1999, labhair sí faoin ghalar dubhach a bheith uirthi agus ba léir ón mhéid a bhí le rá aici agus ó na dánta a léigh sí go raibh sí cloíte go maith aige.
cloíte on its knees
" Tá an Eaglais cloíte sa tír seo le tamall de bhlianta anuas agus is í Tuarascáil Fhearna buille na tubaiste.
cloíte beaten
" An chonstaic ba mhó go dtí seo ab ea Cill Chainnigh ach sáraíodh an chonstaic sin i 2001 (Coláiste Chiaráin cloíte) agus 2005 (mionúir Chill Chainnigh cloíte).
cloíte beaten
" Níor chóir go mbeadh ar Phort Láirge aghaidh a thabhairt den dara huair taobh istigh d’achar gearr ar dhá chontae, Corcaigh agus Luimneach, a bhí cloíte acu cheana féin.
Tá mé cloíte I'm caught, beaten
" Tá mé cloíte ag an rud céanna a chloigh na céadta eile in Éirinn.
dream briste cloíte a broken defeated people
" **SMM: Ab é gur dream briste cloíte iad muintir na hÉireann?** SÓC: Riamh, cheapfainn! Thosaigh mo mhac, atá san ollscoil, ag plé an scéil lá amháin, siar sa stair.