Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ar gor like a clocking hen
" Bhí Antóin ar gor nó bhí Sorcha ag teacht dtigh s'aigesean anocht fá choinne dinnéir.
cloig chuaiche cuckoo clocks
" Sa scannán *The Third Man *(1945) chuir Orson Welles i leith mhuintir na hEilvéise nach raibh acu ach cloig chuaiche mar thoradh ar bhlianta síochána.
an seanachlog san that old clock
" MNíB: Fé mar a dúrt, chaomhnaigh muintir Uí Shé an seanathig mar ní raibh aon mhuirear ar James O’Shea, Lios na Graí agus ní raibh éinne ag rá leis *Marley* a chur ar an urlár ná *beauty board *a chur ar na fallaí ná “caith amach an seanachlog san”, “caith uait na lampaí íle”, “tabhair an *sacred heart lamp* don lucht siúil”.
mar chloig Eilvéiseacha like Swiss clocks
" Tá caighdeán na himeartha sna *Major Leagues* chomh hard sin anois gur beag sult is féidir a bhaint as na cluichí, agus na himreoirí ag imirt mar chloig Eilvéiseacha.
do chlog ama rómheasctha suas. your time clock to mixed up.
" Bíonn do chosa róscaoilte, do smaointe róscaipthe agus do chlog ama rómheasctha suas.
Fógraíonn an clog cogadh gan chríoch the clock announces a war without end
" Fógraíonn an clog cogadh gan chríoch do thuismitheoir ó dhubh go dubh.
gclog clock, time
" Is cuma, ar ndóigh, cén bealach a chaitheann tú do chuid am saor ach is ceist iomlán eile é más ar an gclog atá tú.
Dá mbeadh breith aige ar a aiféala were he able to turn back the clock
" Dá mbeadh breith aige ar a aiféala deir Ó Seanacháin, ní dhéanfadh sé arís an rud a rinne sé an uair sin.
ní bheidh breith ar a n-aiféala acu they shall not be able to turn the clock back
" Faraor, ní bheidh breith ar a n-aiféala acu anois.
Clog na Síochána the peace clock
" Tá sé fíor! Rud eile atá fíor i ndáiríre ná gur roghnaíodh an triúr páistí a bhuail Clog na Síochána in Áras an Uachtaráin le linn do Ó Bama a bheith ag cur crainn ann, chun ár mórtas as éagsúlacht mhuintir na hÉireann a léiriú.
ag coinneáil súile ar an chlog keeping an eye on the clock
" Bhí mise ag tabhairt cuidiú dó ráitis a fháil ó na heagrais Ghaeilge faoi na hathruithe a bhí beartaithe agus ag coinneáil súile ar an chlog lena chinntiú go mbeinn i dteach leanna éigin don chluiche mhór.
bhfaighinnse clog draíochta would I get a magic clock
" Cá háit a bhfaighinnse clog draíochta? Tá an húr sin ag iarraidh lámha an chloig a chur siar breis agus bliain chun go mbeadh breith ar a aiféala aige agus nach rachadh sé i gcleamhnas le Fine Gael.
ag iarraidh lámha an chloig a chur siar trying to put back the hands of the clock
" Cá háit a bhfaighinnse clog draíochta? Tá an húr sin ag iarraidh lámha an chloig a chur siar breis agus bliain chun go mbeadh breith ar a aiféala aige agus nach rachadh sé i gcleamhnas le Fine Gael.
athraíodh an míleáiste ar an gclog the mileage was changed on the clock
" Má fheiceann tú lochtanna mar seo, is leideadh láidir iad gur athraíodh an míleáiste ar an gclog.
de ló agus d’oíche around the clock
" Agus an phríomhchathair Beirlin roinnte ina dhá leith ag balla ard a raibh saighdiúirí agus gunnaí acu ag faire go fraochta air de ló agus d’oíche.
bhuail an clog trí huaire the clock struck three times
máistir ar dheisiú na gclog a maestro at clock repairs
" Is zegarmistrz é Marek, máistir ar dheisiú na gclog.
an clog a chasadh ar ais to turn the clock back
" Ach go cinnte dá mbeadh seans ag na Stáit Aontaithe an clog a chasadh ar ais go 2003, ní bheidis a leath chomh tapa Saddam Hussein a chur as oifig agus a bhí.