Pota Focal Intergaelic
clas | cluais | cuas | luas | cas
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Thug Síle cluas bhodhar dó Síle ignored him
" " Thug Síle cluas bhodhar dó nó bhí a fhios aici go raibh braon maith sa ghrágán aige le seo.
Thug Síle cluas bhodhar dó Síle ignored him
" " Thug Síle cluas bhodhar dó nó bhí a fhios aici go raibh braon maith sa ghrágán aige le seo.
cluas éisteachta listening
" Is é sin, tugtar tús áite don amhránaíocht de bharr go mbíonn sé deacair uaireanta deiseanna a fháil amhráin a chasadh ag áiteacha nó ag ócáidí eile, agus de bharr gur féidir a bheith cinnte de go dtabharfar cluas éisteachta don amhrán anseo.
gáire go cluas air he had a huge grin
" " Shuigh Féilim siar go sómasach agus gáire go cluas air.
plugóidí cluaise ear plugs
" **Ní féidir** a bheith 100% cinnte go mbeidh an leaba chéanna fós folamh faoin am go bhfilleann tú abhaile! **Is féidir** a bheith cinnte go mbeidh duine éigin ag srannadh in aice leat, áfach, mar sin beir leat na plugóidí cluaise! **Beidh** sé ag báisteach.
chuir sé focal i gcluas Áine he whispered to Áine
" Nuair a fuair Dónall deis chuir sé focal i gcluas Áine.
Cogar i do chluas a word in your ear
" Cogar i do chluas, a Enda, a mhac.
cluas a namhad Albanaigh his Scottish enemy's ear
" "Seafóid! Little-Two-Mile-Anner a thabhairfimid air, óir is as sin do mo chara is fearr," a dúirt an buachaill Éireannach ag iarraidh cluas a namhad Albanaigh a chogaint.
na Cluaise Géire agus na Tóna Tinne of the Sharp Ear and the Sore Backside
" Tá scéala ar leith againn daoibh an mhí seo, a léitheoirí dílse, agallamh eisiach a chuir Balor an Bhéil Bhinn agus na Súile Nimhe, na Cluaise Géire agus na Tóna Tinne, ar Sheoirse Óg Mac Sceiche, Íochtarán Uncail Sam.
trí mo chluasa aurally
" Rud eile ná go bhfuair mé amach go bhfoghlaimím teangacha i bhfad níos fearr trí mo chluasa ná trí mo chuid súl.
ag feadaíl thart lena chluasa whistling about his ears
" Nuair a bhain siad an trá amach, bhí an t-uisce suas go dtí a mbrollach nuair a léim siad as an LCA agus bhí greim dhá lámh ag Jim ar a raidhfil os cionn a chinn, agus piléir ag feadaíl thart lena chluasa.
an chluas bhodhar a deaf ear
" Ní féidir le héinne ar cás leis cearta daonna an chluas bhodhar a thabhairt don cháineadh seo.
a mhéara agus a chluasa draíochta his magical fingers and ears
" Le himeacht na mblianta, tá mé ag tuiscint níos mó agus níos mó an méid atá muid ag brath ar Tom agus a mhéara agus a chluasa draíochta.
a méaracha ina cluasa, her fingers in her ears,
" A ghruaig ag gliúcáil thar a spéaclaí, é ag seinnt sóló i lár 'Imagine' agus Yócó Onó bhocht sa chúinne, a méaracha ina cluasa, ag guí go stopfaidh sé! * - *Bhí trí phíob Taylor ag an aisteoir Mickey Rooney – meas tú an raibh a fhios aige go bhfuil treibh de Thaistealaithe den ainm céanna a sheinnean píobaí thall i Leeds Shasana? * - *Sheinn James Cagney na píobaí a bhí aige agus shroicheadar leaid éigin i Seattle tar éis dó bás a fháil.
ag portaireacht isteach i mo chluas lilting into my ear
" Bhí sé ag cleachtadh a chuid poirtíní béil agus é dom’ shíorcheistiú: ‘An bhfuil a fhios agat an ríl seo, a Bhaloir?’ nó ‘An bhfuil a fhios agat an port seo, a Bhaloir?’ agus é ag portaireacht isteach i mo chluas sa dóigh go raibh gach aon duine fá scread asail dínn ag amharc go hamhrasach orainn.
Dhearg Polannaigh óga go bun a gcluas Young Poles redenned to the bottom of their ears
" Náire Dhearg Polannaigh óga go bun a gcluas gach uair a dúirt duine den chúpla rud éigin a nocht an dearcadh cúng Caitliceach coimeádach atá acu; dearcadh a tharraing aird na hEorpa ar an bPolainn.
cluas bhodhar the deaf ear
" Is iomaí uair a thugtar cluas bhodhar do chaint dhomhain faoi chaidreamh déchultúrtha idir *Māori* agus *Pākehā*, ar mhaithe le ceol draíochta an bhéalghrá, ach is léir ó na himeachtaí seo go bhfuil go leor tochailte eile le déanamh sa tír.
thug na meáin idirnáisiúnta an chluas bhodhar don scéal. the international media ignored the story
" Nuair a mhaígh Rialtas na Síne le gairid gurb é an Dalaí Láma atá freagrach as an gcorraíl sa Tibéid, thug na meáin idirnáisiúnta an chluas bhodhar don scéal.
idir dhá chluas an imreora. between the player's two ears.
" Is é an spás is tábhachtaí ar an bpáirc imeartha, a deirtear, ná an spás idir dhá chluas an imreora.
an chluas bhodhar the deaf ear
" ***Míbhuntáistí:* **De bharr a chúlra mar léachtóir i gColáiste tríú leibhéal, beidh sé doiligh go leor dó an chluas bhodhar a thabhairt d’éilimh na múinteoirí.
i raon na gcluas. in ear shot
" “*People just keep ringing looking for tickets,*” a deir duine d’fhoireann an Triskel Arts Centre le King agus mé i raon na gcluas.
shín an múinteoir a lámh chuig cluas an dorais. the teacher extended his hand to the door handle
" Sheinneas an ríl go réasúnta maith agus nuair a chríochnaíos, shín an múinteoir a lámh chuig cluas an dorais.
ó chluas agus ó bhéal aurally and orally
" ” Tharla gur fhoghlaim Bishop bunús a chuid Gaeilge ó chluas agus ó bhéal sular dhírigh sé ar an bhfocal scríofa.
cluas bhodhar á tabhairt giving a deaf ear, ie, not listening or ignoring
" Le tamall anuas, tá cluas bhodhar á tabhairt ag muintir na gcathracha don "mhé-féineachas" atá ag bun an dearcaidh phoblachtánaigh anseo.
chluas bhodhar a deaf ear
" De réir a raibh le feiceáil in Éirinn le linn an tíogair cheiltigh agus ina dhiaidh, áfach, ní bhfaighidh Herman Daly ach an chluas bhodhar.
tugadh an chluas bhodhar a deaf ear was given to
" Cé gur tugadh an chluas bhodhar do rabhaidh ó eagraíochtaí eile go dtí seo, anois tá an scéal ag teacht ó fhoras coimeádach atá maoinithe ag na rialtais iad féin.
Cúrsaí cluaise pertaining to hearing
" Cúrsaí cluaise! Is leor a rá go n-úsáidtear a theicnící go forleathan.
chluas bhodhar a deaf ear
" Agus an chluas bhodhar á fáil ón gcomhphobal idirnáisiúnta ag a n-achainí leis an iascach gan srian a stad agus le héirí as an dumpáil mhídhleathach, rinne iascairí na Somáile iarracht deireadh a chur leo iad féin, nó ar a laghad ‘cáin’ a ghearradh ar na longa iasachta.
cluas éisteachta a good hearing
" Ach coscann cruatan féile agus is baolach gur beag cluas éisteachta a thabharfar dóibh.
chluas bhodhar a thabhairt turning a deaf ear
" Bhí bannaí ceoil agus grúpaí damhsa ar gach taobh díom ag batráil mo dhá chluais; bhí mé bodhraithe ag bodhráin, ag boscaí, ag bainseonna; mé ag iarraidh an chluas bhodhar a thabhairt do na bodhráin a bhí dá mbualadh ar gach taobh díom agus do The Bould O Donoghue, Ceann Comhairle na Dála agus fánaí clúiteach thar fhánaithe clúiteacha Theach Laighean a a bhí ag rith thart ó stáitse go stáitse ag óráidíocht ar áilleacht an cheoil agus ar shaibhreas an chultúir agus ar an tábhacht a bhain le cuireadh a thabhairt dó ar ais chuig Irish Fest 2010.
an-chluas really tune in
" ie a Rónáin! Bím ag síoréisteacht leis an raidió agus tugaim an-chluas agus an-taitneamh dó i rith an ama.
chluas bhodhar a deaf ear
" Bhí an ceart ag an Aire Ó Cuív an chluas bhodhar a thabhairt do mholadh míréasúnta an IFA go n-íocfaí €5,000 in aghaidh an chileaméadair agus €1,000 in aghaidh an tsiúlóra le húinéirí talún le cead a bhronnadh siúl ar a gcuid tailte.
cluas éisteachta listening with intent
" Rófhurasta a bheadh sé na scríbhneoirí a cháineadh seachas cluas éisteachta a thabhairt dá bhfuil le rá acu.
chluas bhodhar a deaf ear
" Bagairt agus Marú Más é an chluas bhodhar atá tugtha ag Urrá S.
cluas éisteachta attention, notice
" Tugadh aithisc spreagúla sna hArdfheiseanna a leag polasaithe uaillmhianacha amach, ach i ndáiríre ba bheag cluas éisteachta a tugadh dóibh.
fáinní cluasa ear rings
" Bhí muid ag foghlaim faoi chúrsaí éadaí ar na mallaibh agus d’fhoghlaim muid focail ar nós “nekutaiu” (carabhat) agus “íruringu” (fáinní cluasa.
cluasa ears
" Dúntar an tsrón agus na scoiltíní nó cluasa beaga atá aige nuair a thumann sé faoin uisce.
chluaise aural
" Go príomha, caithfear a fhiafraí an féidir aon ní a choinneáil faoi choim in aois seo an idirlín? Óir is fearann fiáin, aindleathach é an an cibearspás nach n-aithníonn aon teorainn fhísiúil, chluaise ná scríofa.
chluasa bodhara deaf ears
" I ndiaidh ghabháil Ai Weiwei, d’éiligh rialtais go leor, an Ghearmáin ina measc, go ndruidfí an taispeántas ach thit na héilimh seo ar chluasa bodhara sa tSín.
munar chlis na cluasa orm if my hearing didn’t fail me
" Bladar éigin faoi ‘mí-úsáid substaintí’ agus, munar chlis na cluasa orm, rud éigin faoi Íosa freisin.
bhior na cluasa they perked up
" Nuair a labhair mé i dteanga Charles de Gaulle leo, bhior na cluasa agus thosaigh tráth na gceist.
chun cluas bhodhar a thabhairt do to pay no attention to
" D’fhulaing Tóibín fén ualach cultúrtha sin dar bhreaclínigh Ó Ríordánach ina dhán fuarchúiseach scéirdiúil, ‘Fill Arís’, dán a dhéanann idirdhealú dólásach idir an Béarla agus an Ghaeilge agus a dhéanann iarracht daoine do ghríosadh chun cluas bhodhar a thabhairt do shaibhreas intleachtúil ‘Shelley, Keats is Shakespeare’ ós rud é, dar leis, nach ‘dual do neach a thigh ná a threibh a thréigean’.
Cluas Éisteachta a sympathetic ear
" Cluas Éisteachta nó an Chluas Bhodhar ===================== Is trua sin.
an Chluas Bhodhar a deaf ear
" Cluas Éisteachta nó an Chluas Bhodhar ===================== Is trua sin.
le cluas a thabhairt sna cainteanna to listen in on the presentations
" "An Gearrscéal i Litríocht na Gaeilge" ba theideal don chomhdháil, agus tháinig daoine ó chian is cóngar chun páipéir a thabhairt nó le cluas a thabhairt sna cainteanna.
an chluas bhodhar a deaf ear
" Cé gur thug Clinton an chluas bhodhar don chomhairle sin, d’éirigh níos fearr leis an dara litir a chum siad an bhliain chéanna.
Clúdaionn an neach a chluasa the subject covers it’s ears
" Clúdaionn an neach a chluasa lena lámha agus ligeann scread tostach as.
barr a dhá chluas in airde his two ears cocked
" “Nár mhúin siad duit conas suí ach an oiread? Cad eile nár mhúin siad duit? Suigh go deas!” Bhí sé ina sheasamh, barr a dhá chluas in airde, a theanga amuigh aige is é ag féachaint orm.
beag cluas éisteachta little sympathy/ attention
" Theip orthu a gcuid moltaí a chur i bhfeidhm agus is beag cluas éisteachta a thug an tAire Cultúir ó thuaidh Carál Ní Chuilín dá modh oibre.
beirítear na cluasa the ears are boiled
" Ní chuirtear aon bhall dá ballaibh amú agus an buille maraithe buailte: beirítear na cluasa, mar shampla, leagtar i gcorcán le glasraí iad dá éis, agus dáiltear sin mar réamhghoblach, nó tapa.
cloigín mallaithe i bpoll na cluaise cursed alarm in my ear
" Agus suí in óstán dhá réalt go mbualfadh an cloigín mallaithe i bpoll na cluaise agus gan déanta agam ach dhá néal codlata.
cogar ina gcluasa a whisper in their ears
" Chuir deValera cogar ina gcluasa sular fhág siad Éire áfach gan aon rud tromchúiseach a dhéanamh gan dul i gcomhairle leis i dtús báire.
plaic as cluas Evander a bite out of E.’s ear
" Bhí alltacht agus múisiam ar dhaoine ar fud an domhain i 1997 nuair a bhain Mike Tyson plaic as cluas Evander Holyfield i mbabhta dornálaíochta trom-mheáchain.
cluas a thabhairt dóibh ar an ghuthán to listen to them on the phone
" Bíonn cruit orthu, ag siúl thart grúnctha, bíonn oideas dochtúir uathu, bíonn piontaí uathu, bíonn cluiche peile ar teilifís uathu agus chuirfeadh sé gruaim ar dhuine cluas a thabhairt dóibh ar an ghuthán.
cluasa bainte de mhuintir Vítneam ears cut of off Vietnamese people
" Mheabhródh sé do dhuine fear de chuid an NCT ag gearradh scornach saighdiúra ag doras otharlainne i Libia agus ag baint an chloiginn de, ní a mheabhródh cluasa bainte de mhuintir Vítneam ag saighdiúirí Mheiriceá, cloigne bainte de mhuintir na Cóiré ag Sasanaigh, cloigne bainte de mhuintir na hAilgéire ag Francaigh, agus folt agus plaitín bainte de chéadmhuintir Mheiriceá ag an fhear gheal srl.
ní raibh cluas le héisteacht ar (she) wouldn’t listen
" ” “Ach, nach dtuigeann tú, a bhean,” arsa Balor, “gurb annamh a bhíonn aimsir mar seo againn; gur ón Eoraip a tháinig na piontaí sin atá tú ag ól, agus gur muintir ón iasacht atá ag seinm ceoil agus ag labhairt Gaeilge bhlasta thart ort sa teach tábhairne seo?” Ach ní raibh cluas le héisteacht ar an bhean, agus d’imigh sí léi ag lorg comhluadair eile.
Bhioraigh daoine a gcluas tráthnóna people perked their ears in the afternoon
" Bhioraigh daoine a gcluas tráthnóna nuair a labhair cainteoirí ó Údarás na Gaeltachta, ó COGG, ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus ó Ollscoil na hÉireann Gaillimh.
An té a thabharfas cluas anyone who listens
" An té a thabharfas cluas d’aitheasc an Uachtaráin Uí Uiginn, cluinfidh sé gur duine é a thuigeann an gortú a chuireann an bhochtaineacht ar chroí an duine.
Tugadh an chluas bhodhair dúinn we weren’t listened to
" "Tugadh an chluas bhodhair dúinn.
an chluas bhodhar do a deaf ear to
" Idir an dá linn, thug uachtarán Ontario, - an cúige ina bhfuil Toronto - Kathleen Wynne, an chluas bhodhar do Ford le déanaí nuair a thug sí cuireadh do Kelly bualadh léi chun cúrsaí a phlé.
Mo chluas a phioc an ceol suas I picked up music aurally
" Mo chluas a phioc an ceol suas ó m'athair agus ansin dheineas staidéar ar an gceol clasaiceach i Scoil an Cheoil i Luimneach.
an chluas éisteachta chéanna the same attention
" Ar ndóigh ní bhfuair na guthanna ciallmhara an chluas éisteachta chéanna le linn na raice seo.
An Chluas Bhodhair Tugtha a deaf ear turned to
" An Chluas Bhodhair Tugtha d'Éilimh an Choimisinéara:** Nuair a d'fhógair an t-iar-Choimsinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, i Nollaig na bliana anuraidh go raibh sé le héirí as oifig luaigh sé dhá chúis a bhí ag cur lagmhisnigh air: * Diúltú an rialtais scun scan dul i ngleic le cúrsaí earcaíochta sa státsheirbhís lena chinntiú go mbeadh a dhóthain daoine ann le seirbhísí a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge * Diúltú aghaidh a thabhairt ar an éileamh go mbeadh pobal na Gaeltachta in inmhe seirbhísí Gaeilge a fháil ón státchóras ins an Ghaeltacht gan cheist, gan choinníoll.
cluas le héisteacht listening intently
" Ag tabhairt cluas le héisteacht dá mothúcháin a bhí Colm Ó Snodaigh agus Dee le linn a bheith ag seinm ceoil.
thugann cluas do listen to
" Is iomaí duine i dtíortha thar lear a thugann cluas do Gharraí Pheter William ar an tsuíomh idirlín.
ag tabhairt cluaise don óige listening to young people
" Bhí Robert McMillen ag tabhairt cluaise don óige agus dá dtuairimí faoi choimheascar crua na laetha a chuaigh thart, tréimhse nach furasta d’óige na linne seo a bharraíocht anois.
Bhí a chluas bioraithe le scéal ag had his ear to the wind
" Pisreog na huimhreach 13 nó seift mhaith eile le hairgead a mhealladh amach as do phóca? Bhí a chluas bioraithe le scéal ag Daragh Ó Tuama faoi na cláruimhreacha 132 D xxx seo.
thug cluas dá dhea-scéala listened to his good news
" Chas Tony Birtill le ceoltóir agus cainteoir Manainnise, Paul Callister agus thug cluas dá dhea-scéala faoin teanga bheag oileáin sin.