Pota Focal Intergaelic
chub | clab | clib | clue | cub
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
an club is uaine the greenest club
" Seo an club is uaine sa Premiership agus, cé go bhfuil Niall Quinn éirithe as anois tar éis seacht mbliana ar Weirside, tá Kevin Kilbane, Jason McAteer, Thomas Butler agus Phil Babb ar an chéad fhoireann go fóill.
clubanna lucht leanúna supporters' clubs
" De bharr go bhfuil an méid sin Éireannach ag an Stadium of Light, ní ionadh ar bith go bhfuil clubanna lucht leanúna Sunderland i mBaile Átha Cliath agus i mBéal Feirste anois.
club óige youth club
" Reáchtáiltear chuile chineál imeachta i Halla Spóirt na scoile, ó champaí peile go club óige.
chumann tacaíochta áitiúil Glasgow Rangers the local Glasgow Rangers supporters club
" Ar scor ar bith, is as Albain a fuadaíodh é mar sclábhaí an chéad lá riamh, áit a raibh a dhaidí ina rúnaí ar chumann tacaíochta áitiúil Glasgow Rangers.
gcumann tírghrách patriotic club
" Bhunaigh siad a gcumann tírghrách féin sa chathair sin in 1881.
na hógchlubanna the youth clubs
" An phríomhlaige ná nach féidir linn freastal ar níos mó grúpaí ná tacaíocht bhreise a thabhairt do na scoileanna agus do na hógchlubanna.
clubthithe club houses
" Ní théann bliain amháin thart gan na conspóidí bliantúla a bheith pléite go mion sna clubthithe, sna tábhairní, sna meáin chumarsáide agus i gach comhluadar ina bhfuil na cluichí tábhachtach.
lucht leanúna an chlub the supporters of the club
" Ní thaitníonn sé seo ar fad le lucht leanúna an chlub mar go bhfuil faitíos orthu, is dóigh, go gcaillfidh an club an flaitheas agus an stádas atá aige má bhíonn ar an mbainisteoir imeacht, tá an oiread sin muiníne acu as.
cumann láidir dornálaíochta a strong boxing club
" Ach ní taobh le peil amháin atá muintir Chamuis ó thaobh caithimh aimsire de mar tá cumann láidir dornálaíochta ann le blianta fada agus tá traidisiún na lúthchleasaíochta ann chomh maith.
nuair a chasfadh an dá chlub ar a chéile when the two clubs would meet
" Ach gné eile den chomhrá, seans, ná go mbeadh orthu muintir Uí Shé a mharcáil agus, ní hamháin sin, ach marc a fhágáil orthu a chinnteodh nach réalt an chluiche a bheadh in aon duine acu nuair a chasfadh an dá chlub ar a chéile.
a chomhghleacaithe club his club colleagues
" An fear óg sa sampla atá tugtha agam, ní fheiceann sé a chomhghleacaithe club i ndeisceart na cathrach ná iadsan é ó cheann ceann na seachtaine.
sa gclub seoltóireachta in the sailing club
" AÓF: Céard iad na himeachtaí atá tar éis a bheith agaibh go dtí seo, nó céard atá bainte amach agaibh go dtí seo? NNicCI: Go hachomair, bíonn club amhránaíochta ar siúl gach oíche Déardaoin sa gclub seoltóireachta i mBré.
club scannán film club
" Chomh maith le ranganna teanga, tá réimse imeachtaí á eagrú againn ar bhonn leanúnach, ina measc: club leabhar, grúpa léitheoireachta ag am lóin, ciorcal comhrá ag am lóin, ceardlanna rince ar an sean-nós, ceardlanna amhránaíochta, cúrsaí lae ar an teicneolaíocht agus an Ghaeilge agus club scannán.
club scannán film club
" Chomh maith le ranganna teanga, tá réimse imeachtaí á eagrú againn ar bhonn leanúnach, ina measc: club leabhar, grúpa léitheoireachta ag am lóin, ciorcal comhrá ag am lóin, ceardlanna rince ar an sean-nós, ceardlanna amhránaíochta, cúrsaí lae ar an teicneolaíocht agus an Ghaeilge agus club scannán.
club gunnadóireachta gun club
" Bíonn cruinnithe ag gach cumann áitiúil anseo, ó choiste na dtuismitheoirí ón scoil go dtí an club gunnadóireachta.
líon na gclubanna the number of clubs
" Ó thaobh clubanna óige de, tá fás tagtha ar líon na gclubanna le roinnt blianta anuas.
homhair mé trí cinn déag de chlubanna I counted thirteen clubs
" Chomhair mé trí cinn déag de chlubanna bainteach le foireann faoi 14 Choláiste Chiaráin a bhuaigh Craobh Laighean i gcoinne Choláistí Átha Cliath cúpla seachtain ó shin.
club dílseach loyalist club
" Brú millteanach gan chúis orainne ag am nuair a bhí club dílseach cúpla míle suas an bóthar lán sceimhlitheoirí agus gunnaí ina lámha acu.
i gcumann sóisialta in a social club
" An lá dár gcionn, iarradh ar Gowdy bualadh le Mark Haddock, ball den UVF, i gcumann sóisialta i mBaile Manach, leis an scéal a phlé.
dá gcumann áitiúil féin, to their own local club,
" Is dócha gurb é an difríocht idir craobhchluichí na gclub agus craobhchluichí an Bhóthair Iarainn ná go bhfuil daoine sásta an íobairt a dhéanamh agus taisteal ina sluaite chun tacaíocht a thabhairt dá gcumann áitiúil féin, go mór mhór más as baile nó paróiste beag faoin tír atá i gceist.
chun freastal i gceart ar an ngnáthimreoir club. to cater properly for the ordinary club player.
" Tá gá cheana féin, agus cás na gclubanna mar atá sé, le polasaí nua chun freastal i gceart ar an ngnáthimreoir club.
thugadh sé cuireadh do chlub sóisear eile he used to give an invitation to another junior club
" D’eagraíodh fear as Cumann an Athar Uí Mhurchú an “Old IRA Widows Tournament” chuile bhliain agus thugadh sé cuireadh do chlub sóisear eile imirt i gcoinne “Father Murphys” ar son coirn agus bonn agus bhailíodh sé síntiús (punt sa sean-seanairgead) ó gach imreoir ar mhaithe le baintreacha na sean-Óglach.
ar fhoireann shinsearach an chlub on the club senior team
" D’imir mé ar fhoireann shinsearach an chlub agus ní fhaca m’athair mé – cé go raibh an pháirc díreach trasna an bhóthair ó theach s’againne.
úinéir an chlub, the club owner,
" D’éirigh mé as i ndiaidh na chéad oíche agus thug mé mo CV do Robbie Fox, úinéir an chlub, agus dúirt mé leis gurbh fhéidir liom rud éigin bainteach le cúrsaí margaíochta agus caidreamh poiblí a dhéanamh.
d'éirigh roinnt clubanna as an gcumann peile i Sasana some clubs left the Football Association in England
" Sa bhliain 1871, d'éirigh roinnt clubanna as an gcumann peile i Sasana mar agóid in aghaidh rialacha a thoirmisc láimhsiú na liathróide.
cumainn dhílseacha loyalist clubs
" (Cheannaigh cumainn dhílseacha aeróga speisialta nuair a thosaigh TG4 ag craoladh chluichí sacair na hAlban ar an stáisiún.
chlub áitiúil. local club.
" Ní haon ionadh é gur dhírigh sé ar chúrsaí spóirt ar dtús – tá baint mhór tar éis a bheith aige le CLG ar feadh a shaoil agus tá sé ina roghnóir go fóill don chlub áitiúil.
gur chlub damhsa théisiúil é that it was a lap-dancing club
" Bhí na póilíní i ngnáthéadach i mbun imscrúdaithe sa chlub mar gheall ar líomhaintí striapachais a bheith déanta faoi, agus níl aon dabht faoi ach gur chlub damhsa théisiúil é an áit a raibh na híospartaigh an oíche sin.
rúnaí agus cathaoirleach an chumainn. the club's secretary and chairperson.
" **Foireann tacaíochta** Cuimsíonn an fhoireann tacaíochta traenálaithe a bhíonn freagrach as aclaíocht na n-imreoirí a fhorbairt; dochtúirí, fisiteiripeoirí, bia-eolaithe, roghnóirí agus duine garchabhrach; an lucht fearais agus trealaimh a shocraíonn rudaí mar gheansaithe, liathróidí, shliotair, chamáin agus araile; duine a choinníonn cuntas ar thinreamh na n-imreoirí; an té a bhíonn freagrach as éilimh ar chostais taistil, as billí leighis agus eile; daoine ar leith a dhéanann staitisticí i leith na gcluichí a chur le chéile agus gan dabht, rúnaí agus cathaoirleach an chumainn.
Cláraíonn achan chlub every club registers
" Cláraíonn achan chlub leis an eagraíocht mar aonad nuair a thosaíonn siad ar dtús agus cuireann siad ranganna seachtainiúla sa tsiúl; ní bhíonn ballraíocht aonair i gceist.
cumainn clubs
" Cé nach bhfuil an Ghaeilge in uachtar mar theanga an phobail in gach cuid den Ghaeltacht oifigiúil faoi mar atá léirithe in ‘Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht 2007’, fós féin is ócáid an-speisialta Gaeltachta é a thugann daoine agus cumainn pheile de chuid Cumann Lúthchleas Gael atá ag feidhmiú sna ceantair Ghaeltachta agus Bhreac-Ghaeltachta le chéile chun ceiliúradh a dhéanamh ar spiorad na nGael.
Chumann association, club
" Ní raibh clann ar Charlie agus Ella agus thug sin an t-am dóibh leanúint lena dtacaíocht do ghluaiseacht na Poblachta, ag cruinniú airgid don Chumann Cabhrach (eagraíocht fóirithinte na gcimí poblachtacha) mar shampla, agus thug sé an t-áiméar dóibh chomh maith saoire a chaitheamh sa Choireán i gCiarraí a mhinice is ab fhéidir leo.
Chumann club
" Ní raibh a fhios ag daoine cá mhéad acu a bhí ann (idir 30 agus 300 a bhí na meastacháin) go dtí gur fhoilsigh Sir Hugh Munro (1856- 1919) an 'Munros Tables' san iris de chuid Chumann Sléibhteoireachta na hAlban (SMC) i 1891.
cumainn branches, clubs
" Agus m’anam, shocraigh siad ar phlean – cumainn áitiúla an Pháirtí Poblachtánaigh a ghabháil.
imreoirí cumainn club players
" Níl úsáid na droch-chainte chomh coitianta sin sna cluichí sinsearacha idirchontae ar an ábhar go mbíonn níos mó smacht ag na himreoirí ag an leibhéal sin orthu féin seachas mar a bhíonn ag imreoirí cumainn”.
chumann iomána hurling club
" Táim i mo bhall de chumann iomána Bhaile Uí Bhearaigh chomh maith agus bím ag oiliúint daoine óga san iománaíocht.
má chinneann club if a club decides
" Dar leis nach mbaineann sé beag ná mór le maorlathas an CLG má chinneann club nó coiste chontae bainisteoir ‘ón taobh amuigh’ a fhostú.
chumann club
" Agus ós ag caint dúinn arís faoi ionsaithe, bhí rí rá agus ruaille buaille in Albain an tseachtain seo caite nuair a fuarthas amach nach ndearnadh ionsaí seicteach ar Neil Lennon ón chumann sacair Celtic don dara lá as a chéile.
cumann sciála is sine oldest ski club
" Más aisteach féin le hinsint, is fíor gur san Astráil atá an cumann sciála is sine ar domhan.
clubanna striapachais whore houses
" Tá a sáith "clubanna striapachais" ar *Bourbon Street* freisin, ag freastal ar na hógánaigh ólta sin ó na tábhairní a shíleann go mbeidh an t-ádh leo anocht.
cumann peile a football club
" Deir siad gur fánach an áit a bhfaighfeá gliomach, agus anseo in A Coruña tá cumann peile, ar Ghailísigh uilig iad lucht a bhunaithe, ar an bhfód le bliain go leith.
cumann club
" Bunaíodh an cumann rugbaí in 1977 sa bhaile a mbíodh Achadh an Iúir air i gContae an Chabháin ach a athbhaisteadh as Banríon Shasana Eilís I é le linn na bPlandálacha.
cumann club
" Bunaíodh cumann peil gaelach Bro Leon timpeall deich mbliana ó shin ag deartháir Tangi, agus tá timpeall 40 duine ag imirt ann, idir fhir agus mhná.
baill na gcumann seo members of these clubs
" Ach oiread le Os Fillos A Coruña (ar scríobhas fúthu cheana féin), is iad an mhuintir dhúchais baill na gcumann seo, maille leis an gcorrdhuine eile as tír i gcéin.
neart cumainn siúil plenty of walking clubs
" Dírithe ar dhreamanna áitiúla don chuid is mó, tá neart cumainn siúil, teanga, tuismitheorachta, teicneolaíochta, ceirde agus cultúir ann.
cumann fuinniúil óige bunaithe an energetic youth club based
" “Anuas air sin, tá beagnach 250 duine, idir óg agus aosta ag foghlaim uirlisí ceoil agus bíonn coirmeacha ceoil agus léiriúcháin de na healaíona traidisiúnta - an damhsa agus an amhránaíocht ar an sean-nós - sa Chultúrlann agus tá cumann fuinniúil óige bunaithe sa Chultúrlann” ar sé.
nach gá do Henry Ó Seibhleáin ach teacht slán as craobh na gclub HS has only to come through the club championships
" Cuimhnímis freisin nach gá do Henry Ó Seibhleáin ach teacht slán as craobh na gclub agus é féin a fháil faoi réir le haghaidh dhá nó trí chluiche mhóra ar a mhéid a imirt chun an deichiú bonn sin a bhaint amach.
Ba mhór aige imirt dá chlub he thought a lot of playing for his club
" Ba mhór aige imirt dá chlub, An Ghaeltacht, chomh maith.
lena chumann with his club
" Mura bhfuil i gceist ach gur chinn Katie an Táilliúra fanacht ina dornálaí amaitéarach agus gan dul i muinín na dornálaíochta gairmiúla nó gur ceapadh Pól Mac Fhionnlaoich ina chaptaen ar fhoireann ghailf na hEorpa nó gur fhógair Ciaran Mac Giolla Chainnigh go raibh sé le filleadh abhaile ón Astráil toisc go mb’fhearr leis a bheith i measc a mhuintire féin agus a bheith ag imirt peile agus iománaíochta lena chumann agus lena chontae dúchais.
club fostaíochta a jobs club
" Bhí club fostaíochta ann agus rinne siad an dúrud oibre ar son na ndaoine.
a gcumann áitiúil CLG their local GAA club
" Ceist eile a rith liom, iad sin ó dheas den teorainn ar fearr leo *Eastenders, Manchester United, One Direction* ná Ros na Rún, a gcumann áitiúil CLG agus Planxty, an "*Northern Irish*” atá iontu siúd? An cur síos cultúrtha nó cur síos polaitiúil atá i gceist? An stuif dáiríre anois.
go reáchtálfadh an cumann comórtas the club would run a competition
" Bhronn Kiernan an corn ar an gcuntar go reáchtálfadh an cumann comórtas gailf bliantúil idir foirne ón gclub agus ó chomhphobal Éireannach na hAstráile leis an gcomhramh a bhuachan.
idir foirne between clubs
" Bhronn Kiernan an corn ar an gcuntar go reáchtálfadh an cumann comórtas gailf bliantúil idir foirne ón gclub agus ó chomhphobal Éireannach na hAstráile leis an gcomhramh a bhuachan.
gclub ólacháin dílseach a loyalist drinking club
" Mar shampla, scríobh mé scéal nuachta faoi ionsaí ar chailín óg Caitliceach i gclub ólacháin dílseach ar Bhóthar Dhún na nGalll.
aitheanta ag ball eile den chlub eisiach úd recognized by another member of that exclusive club
" Beatha teanga í a labhairt a deirtear ach is deacair a shamhlú go mbeadh aon rath ar an Ghaeilge gan scríbhneoirí nó léitheoirí ach an oiread, rud atá aitheanta ag ball eile den chlub eisiach úd, Seán Tadhg Ó Gairbhí: “Is í fírinne an scéil nach mbéarfaidh aon nuachtán Béarla nó Fraincise an Béarla nó an Fhraincis go dtí an uaigh leis.
cumann nua a new club
" Bunaíodh Na Gaeil Óga, cumann nua de chuid Cumann Lúthchleas Gael (CLG), in 2010 de thoradh cruinniú a d’eagraigh Ciarán Mac Fhearghusa.
de ghnóthaí an chumainn of matters pertaining to the club
" Chuaigh mé chun cainte le déanaí le beirt Ghael óga a chaitheann cuid mhaith fuinnimh ag plé le gnéithe éagsúla de ghnóthaí an chumainn, Ruadhan Ó Feinnéadha agus Aodán Ó Ceallaigh.
bhí borradh ag teacht faoin gcumann the club was growing
" Ach bhí bunchloch leagtha agus bhí borradh ag teacht faoin gcumann.
bunfhealsúnacht an chumainn the club’s basic philosophy
" Dá bhrí sin, is é bunfhealsúnacht an chumainn dar liom deiseanna rialta, leanúnacha tríd an bpeil Ghaelach agus tríd an iománaíocht móide ócáidí siamsaíochta a bheith ar fáil trí mheán na Gaeilge agus ar an gcaoi sin comhluadar inmharthana teanga a spreagadh agus a neartú.
imeachtaí éagsúla an chumainn the club’s various events
" Freastalaíonn an chuid eile ó am go ham ar chluichí agus ar imeachtaí éagsúla an chumainn.
chumainn clubs
" Níorbh fhada go raibh seilbh glactha acu ar chumainn an pháirtí úd ar fud Mheiriceá, agus ar an mbunsraith sin bhíodar in ann bata agus bóthar a thabhairt do sheanbhaill an pháirtí, nach raibh an fuinneamh ná an tacaíocht acu an ghluaiseacht nua seo a stopadh.
os cionn míle cumann cláraithe over a thousand clubs registered
" Tá anois os cionn míle cumann cláraithe leis an eagraíocht in Éirinn agus tuilleadh thar lear.
cumann sceimhlitheoireachta a terrorist club
" Is cumann sceimhlitheoireachta é an CLG i súile Jamie agus tá Banc Uladh agus Vodafone agus O Neill’s páirteach sa chomhcheilg dar le Bryson agus pléitear leis mar a bheadh saoi ann.
Is iomaí club iomána many a hurling club
" Is iomaí club iomána, peile, cispheile agus eile ar fud na tíre a mbíonn deartháireacha agus/nó deirfiúracha ag imirt leo.
An cumann ar bhain mé féin leis the club which I belonged to
" An cumann ar bhain mé féin leis, Cumann Báire Caoimhín, a bunaíodh i 1902 i mBaile Átha Cliath, d’imir seisear deartháireacha de mhuintir Mhic Fhionnlaoich ar an bhfoireann iomána sna 1930í: Feargus, Conall, Caoimhín, Dúbhglas, Maelíosa agus Aodán.
ag baint leis an chumann pertaining to the club
" Faraor, níor bhain Preston rud ar bith ón Chorn FA i 1938, ach tá neart staire ag baint leis an chumann, rud tábhachtach don iarsmalann! Tom Finney, Bill Shankly, Tommy Docherty, bhí siad uilig ar fhoireann ‘North End’ ag amanna éagsúla.
an cumann is gaire do the club nearest to
" Bhí mórtas millteach ar Chomhaltas Charraig Mhachaire Róis, an cumann is gaire do Mhachaire Cluaine cion is go raibh siadsan in ann a bheith bainteach le comóradh an tsárchruitire seo.
anuas na blianta leis na cumainn for years with the clubs
" Níl amhras ar bith faoi ach go bhfuil obair mhaith déanta ag Cumann na bhFiann anuas na blianta leis na cumainn do dhaoine óga atá bunaithe acu.
ag amharc ar chluichí ceannais looking at the (club) championship play offs
" (Nach ait an rud é go mbeadh orainn leithscéal a ghabháil le baicle saighdiúirí gairmiúla a bhí ag feidhmiú de réir an phrionsabail gur fearr rith maith ná drochsheasamh?) Ag an am chéanna beidh daoine óga as achan chearn den tír ag amharc ar chluichí ceannais na gclub ar Lá 'le Pádraig i mbliana i dtithe leanna ó Bhondi Beach go Mass Ave agus iad feistithe mar leipreacháin agus piontaí glasa ina nglaic acu.
Thabharfadh cumann mór sacair a large soccer club would bring
" Thabharfadh cumann mór sacair pobail scaite uilig na dúichí, nua agus sean, le chéile.
an cumann iomána the hurling club
" Iontach go leor, tá an cumann iomána in áit darbh ainm Hurlingham, ach imrítear spórtanna eile ar na tailte - haca, rugbaí agus tá linn snámha ann chomh maith.
Triuf clubs
" Seo a bhí acu: Pollock: {Q-Triuf}{7-Triuf} Clarke: {K-Muileata}{8-Muileata} Bhí Clarke chun tosaigh le péire ríthe agus is mar sin a chríochnaigh sé nuair a chomhlánaigh an déantóir le {4-Hart} agus {J-Hart}.
an cumann áitiúil CLG the local GAA club
" “Déanann an bheirt acu go leor ar son an phobail, idir an cumann áitiúil CLG, an comhar creidmheasa, thiomsú airgid do charthanais éagsúla agus neart eile.
cumainn áitiúla local clubs
" Tá Colm Mac Séalaigh den tuairim gur gá don Chumann Lúthchleas Gael níos mó tacaíochta a chur ar fáil do na cumainn áitiúla.
clubanna gnéis sex clubs
" Tá drúthlanna agus clubanna gnéis mídhleathach san Iodáil ach aimsíonn striapacha na tíre slite eile chun a gcuid seirbhísí a dhíol.
an chlub iomána the hurling club
" Téann imreoirí an chlub iomána a bhfuil Colm Mac Séalaigh bainteach leis i mbun traenála ag leathuair tar éis a sé ar maidin ach ní haon eiseacht iad - tá imreoirí ar fud na hÉireann sásta íobairtí móra a dhéanamh bliain i ndiaidh bliana chun caighdeán níos airde a bhaint amach.
Chumann club
" Chuaigh Tony Birtill ar turas bliantúil Chumann na Téide Deirge, an scaifte dreapadóirí, in Albain i mí Feabhra.
cumainn sacair agus rugair of soccer and rugby clubs
" Le barr díograise CLG, cumainn sacair agus rugair, is beag an líon pionsóirí, nó lucht coraíochta nó a leithéid a sheasfas an fód d’Éirinn i gcluichí idirnáisiúnta a deir Colm Mac Séalaigh.