Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
chnámh spairne bone of contention
" Is cinnte go mbeidh ceisteanna ag baint le ciní agus le ciníochas d'ár gcrá go ceann i bhfad in Éirinn agus go mbeidh siad mar chnámh spairne, díreach mar atá anseo sna Stáit Aontaithe.
cnámh spairne bone of contention
" Ó shin, tá ceist na neodrachta ina cnámh spairne sa tír, go háirithe cá seasann muid ó thaobh NATO agus fórsaí armtha an Chomhphobail Eorpaigh.
chnámh spairne bone of contention
" Is cumhachtaí núicléacha iad agus tá an Chaishmír mar chnámh spairne eatarthu.
chnámh spairne bone of contention
" Tá tuiscint sa ghreann: "Tá réiteach déanta ag Craigavon Borough Council ar chnámh spairne na mbratacha.
chnámh spairne bone of contention
" Tá sé ina chnámh spairne agus ceaptar go mbeidh an dlí á chur ar an Astráil dá bharr.
chnámh spairne bone of contention
" Corruair, bíonn fuaimniú ceart na bhfocal ina chnámh spairne eadrainn, ós rud é go bhfuil blas na Mumhan ar a chuid Gaeilge siúd agus blas Chonamara ar mo chuidse.
chnámh spairne bone of contention
" Tá seasamh Éamoin de Valera i rith an Dara Cogadh Domhanda ina chnámh spairne go fóill i measc staraithe.
an chnámh ba mhó spairne the biggest bone of contention
" Cnámh spairne ======= Ina aitheasc ag Ard-Fheis Shinn Féin ag deireadh na míosa seo caite, dúirt Gerry Adams gurb í ceist na póilíneachta an chnámh ba mhó spairne sna comhchainteanna atá ag dul ar aghaidh faoi láthair.
cnámh spairne bone of contention
" Coiste Contae: monatóireacht ar obair na gclubanna, tacaíocht a thabhairt dóibh, oiliúnóirí a chur ar fáil, comórtais speisialta a eagrú sa samhradh (cnámh spairne i mBaile Átha Cliath), spreagadh do chlubanna, mar shampla, pointí a bhronnadh ar iarrachtaí éagsúla agus ansin bronntanais (ar nós geansaithe nua nó camáin nó turas go dtí Craobh na Mumhan) nuair a shroiseann club oiread áirithe pointí i mbliain amháin.
cnámh spairne bone of contention
" Beidh sraith nua cainteanna ag tosú faoi choimirce na hEagraíochta Domhanda Trádála sa bhfómhar, agus beidh an cheist seo ina cnámh spairne idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe ann.
gcnámh spairne bone of contention
cnámh spairne bone of contention
" Sa lá atá inniu ann, tá ceist an neamhspleáchais fós ina cnámh spairne.
atá ina chnámh spairne which is in dispute
" Is fiú $17 billiún an ceantar atá ina chnámh spairne.
chnámh spairne bone of contention
" Le linn 30 éigin bliain na dtrioblóidí, bhí Arm na Breataine ina chnámh spairne ag náisiúnaithe, ina sciath chosanta ag aontachtaithe an tuaiscirt, agus ina fhórsa cróga cosanta a cuireadh go hÉirinn le dhá dhream mharfacha a choinneáil óna chéile i súile na Sasanach.
cnámh spairne bone of contention
" Ar scor ar bith, sna seachtainí agus sna míonna ina dhiaidh sin, ní raibh sna círéibeacha ach cnámh spairne eile idir na leasaitheoirí Protastúnacha agus Daonlathaigh Éireannacha Tammany.
chnámh spairne bone of contention
" An leathanbhanda ======= Cé go bhfuil neart oibre déanta ag an gcoimisiún maidir le seirbhísí nuálaíocha, go fóill féin tá an leibhéal rochtana ar sheirbhísí mar leathanbhanda ina chnámh spairne faoi leith sa tír seo.
an chnámh spairne bone of contention
" Is dóigh gurbh é an chnámh spairne is mó ar feadh i bhfad ná an riail maidir le sportúlacht.
cnámh spairne bone of contention
" Is léir gur cnámh spairne é seo sa chomh-aireacht.
gcnámh spairne bone of contention
" Seans láidir go mbeidh cúrsaí airgid ina gcnámh spairne níos mó ná riamh.
gcnámh spairne bone of contention
" Níl seo fíor faoi gach cluiche iomána, áfach, ach níl sé ar intinn agam díriú ar an gcnámh spairne sin an uair seo.
chnámha spairne cultúrtha cultural bones of contention
" Cartún é ar coimriú ar chonspóidí reiligiúnacha agus ar chnámha spairne cultúrtha na linne seo é.
cnámh spairne bone of contention
" Go follasach, tá baint idir teanga agus féiniúlacht agus nuair atá an fhéiniúlacht féin ina cnámh spairne idir dhá ghrúpa, beidh an teanga ina ábhar conspóide ach níor mharaigh teanga aon duine riamh.
mar chnámh spairne. as a bone of contention.
" Tá troid inmheánach ar siúl agus cé a bheas ag dáileadh amach an airgid mar chnámh spairne.
tá sé ina chnámh spairne it's a bone of contention
" Ba chúnant é *Te Tirīti* ó Waitangi (1840) idir taoisigh Mhaoracha agus an Choróin – ach tá sé ina chnámh spairne go fóill, mar bhí dhá leagan de ann (ceann i mBéarla agus ceann i Maorais) agus neart míthuisceana dá réir maidir leis an méid a bhí á aontú acu.
chnámh spairne bone of contention
" Bhí an cogadh san Iaráic ina chnámh spairne arís idir na páirtithe polaitíochta móra san Astráil, áfach, san fheachtas olltoghchánaíochta anuraidh.
Cnámh spairne bone of contention
" Cnámh spairne eile atá giota maith níos tromchúisí is ea Comhairle Arm an IRA.
ina chnámh spairne a bone of contention
" Bhí riocht na scéime ina chnámh spairne ag an am, agus is cosúil anois go raibh an ceart acu siúd a chuir in aghaidh an leagain amach a mhol agus a chruthaigh McCreevy.
ina chnámh spairne a bone of contention
" Máthair na cointinne An rud a bhí ina chnámh spairne ag aontachtaithe ná go bhfaigheadh gaolta daoine a maraíodh le linn dóibh a bheith i ngrúpaí paraimíleatacha an t-airgead chomh maith le daoine neamhurchóideacha.
cnámha spairne bone of contention
" I ndiaidh an Dara Chogaidh Domhanda agus an domhan ag iarraidh theacht ar fhoirmle a chuirfeadh deireadh leis an choimhlint, dréachtadh 30 mír iontach simplí a mhaolódh cnámha spairne idirnáisiúnta dá nglacfaí leo, dar le lucht a ndréachtaithe.
ina chnámh spairne as a bone of contention
" Ar ndóigh ní inniu ná inné atá an meath leanúnach atá tagtha ar chéatadán na bhfear atá ag múineadh i mbunscoileanna na tíre ina chnámh spairne polaitiúil.
chnámh spairne bone of contention
" Grád: C - Noel Dempsey (An tAire Iompair): Dul chun cinn áirithe déanta aige maidir leis an dara aerstad in Aerfort Átha Cliath, ach tá todhchaí Aer Lingus ina chnámh spairne i gcónaí.
chnámh spairne a bone of contention
" Móruaisle is Mionísle In ainneoin na n-iarrachtaí oifigiúla le caoga bliain anuas tá fadhb na sainaicme ina chnámh spairne fós.
cnámh spairne bone of contention
" Tá ceangal láidir le blianta idir an BNP agus cuid de na fir bhuí i Learpholl, ach bhí cnámh spairne eadarthu i gcónaí mar tá daoine gorma ina mbaill den Ord Oráisteach anseo agus in áiteanna eile.
cnámh spairne a bone of contention
" Cioca? Nó an bhféadfadh go mbeadh an dá léamh fíor? Sin í an bhuncheist atá ina cnámh spairne pé áit a theaspeántar ‘Antichrist’.
ina cnámh spairne a bone of contention
" Anuas air sin, is dócha gurb í Meiriceá an tír shaibhir is mó a bhfuil ceist na haeráide fós ina cnámh spairne inti.
cnámh spairne bone of contention
" An soláthar don chainteoir dúchais An bhfuil an iomarca béime sa dréachtstraitéis ar chothú an dátheangachais ar bhonn náisiúnta seachas ar chosaint a dhéanamh ar an gcainteoir dúchais Gaeilge? Seans gurb é seo an cnámh spairne is mó sa dréachtstráitéis.
chnámh spairne a bone of contention
" Ní raibh sé mar dhúnghaois oifigiúil ag aon rialtas riamh teorainn a chur le fás an daonra, ach, aisteach le rá, tá teorainn le fhás an daonra ina chnámh spairne idir na páirtithe polaitíochta le tamall anuas.
Cnámh spairne a bone of contention
" Cnámh spairne gan aon agó, agus an gadhar is mó a bhfuil ann bhí sé ina shuí i sraith thosaigh na comhdhála.
cnámh spairne bone of contention
" Sa cheantar sin cois Loch Michigan ar an taobh ó thuaidh de Chicago, meas tú cad é an cnámh spairne is mó idir na hiarrthóirí? Ní hé na cogaí atá an tír ag troid san Iaráic agus san Afganastáin ná an ceann atá siad ag tosnú sa Phacastáin, ná an ghéarchéim gheilleagair a bhfuil baint láidir aige leis na cogaí sin.
ina chnámh spairne a bone of contention
" agus ina raibh seachadadh litreacha le seoltaí Gaeilge ina chnámh spairne! Mar is gnách ag an am seo bliana tugadh, réamhspléachadh d’iriseoirí áirithe ar chomhaid rialtais a bhaineann le tríocha bliain ó shin.
ina cnámh spairne a bone of contention
" Ba í an chumhacht féin a bhí ina cnámh spairne idir an Pápa (Gréagóir VII) agus Ríthe na hEorpa.
cnámh eile spairne another bone of contention
" Leoga, is léir nach mbeidh an tuaisceart ina thosaíocht ag an rialtas úr ó dheas - tá tograí ar fiú £400,000 geallta ag ancien regime Fhianna Fáil ach ní fios an dtabharfaidh rialtas Kenny an gealltanas céanna, cnámh eile spairne a bhfaighidh Sinn Féin greim uirthi.
cnámh spairne a bone of contention
" Gan amhras ar bith, is cnámh spairne é ceist na híocaíochta i gCLG.
chnámh spairne a bone of contention
" Bíodh is go bhfuil an Astráil fothaithe ar inimirce, tá dúnghaois inimirce ina chnámh spairne idir na páirtithe polaitíochta móra arís, mar atá sí le fada an lá (BEO, eagrán 89, M.
ina cnámh spairne as a bone of contention
" Is é an dearcadh atá agam féin, go bhfuil an Ghaeilge róthábhachtach le bheith ina cnámh spairne polaitíochta agus sin an fáth go dtearn muidinne gach dícheall, fad is a bhí mé féin anseo, comhoibriú a thabhairt do na rialtaisí a bhí istoigh, cé nach raibh muid féin iontu, comhoibriú daofu ar Bhille na Gaeilge – tacaíocht iomlán – thug muid comhoibriú daofu nuair a bhí siad ag iarraidh an Ghaeilg a bheith mar theanga aitheanta agus oibre ins an Eoraip.
iompú ina chnámh spairne pholaitiúil to become a contentious matter
" Is trua gur lig an Rialtas do chúram ghramadach na Gaeilge iompú ina chnámh spairne pholaitiúil.
ba chnámh spairne was a bone of contention
" Mar is léir ó leabhar John Bowman* faoi 50 bhliain den teilifís, ba chnámh spairne ceist na Gaeilge taobh istigh de RTÉ ón tús.
ina chnámh spairne a bone of contention
" Mar bharr ar sin, ní gá do na stáit eile na lánúnais seo a aithint, mar gheall ar dhlí a ritheadh 17 mbliain ó shin agus atá ina chnámh spairne i Washington faoi láthair.
fós ina cnámh spairne eadrainn still being contended by us
" ” Sceitheadh ==== Uair an chloig ina dhiaidh sin tá ceist chonspóideach an tsean-nóis fós ina cnámh spairne eadrainn, ach tá an clog ag breith orainn.
cnámh spairne bone of contention
" Féachann Robert McMillen ar cheist na póilíneachta sna sé chontae, ceist atá ina cnámh spairne go fóill idir na páirtithe polaitíochta éagsúla.
chnámh spairne bone of contention
" Tá Giobráltar ina chnámh spairne idir an Spáinn agus an Bhreatain le beagnach trí chéad bliain anois ach b'fhéidir go bhfuil réiteach i ndán don aighneas sa deireadh, mar a mhíníonn Pádraig Ó Domhnalláin.
Taisí naoimh ina gcnámh spairne saintly relics as bone of contention
" Taisí naoimh ina gcnámh spairne, rud ab annamh dar leat? Chaith Ciara Nic Gabhann súil ar scéal chnámh Naomh Peadar sa Róimh.