Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
idir ghoin is chneasú between injury and healing
" Sin mar a bhí sé le bliain anois - bhí sí idir ghoin is chneasú i rith an ama.
cneasaithe healed
" Dá mbeadh sé rófheiceálach ní bheadh sí ábalta an teach a fhágáil go mbeadh sé cneasaithe.
cneasú thar ghoimh a pretence/a scab on an unhealed wound
" Ní bheadh sa tseal beag suaimhnis seo ach cneasú thar ghoimh.
tá na créachtaí dá gcneasú, the wounds are being healed,
" Tá an t-olltoghchán thart, a chairde, agus tá na créachtaí dá gcneasú, ach níl íocshláinte ar domhan a leigheasfaidh na goine a d’fhulaing cuid de na boic mhóra i saol na polaitíochta a throid gan taise gan trua sa chogadh fuilteach atá díreach thart.
chun an talamh a chneasú go siombalach. to symbolically heal the land,
" Dhoirt grúpa ó chathair Auckland uisce ar an gcré chun an talamh a chneasú go siombalach.
cneasú thar ghoimh surface healed only
" An cneasú thar ghoimh Ainneoin go mbíonn gach duine ag caint ar an fheabhas atá tagtha ar an tuaisceart agus ar Bhéal Feirste ach go háirithe - "nach iontach na bialanna galánta atá agaibh ansin" - ba é an rud a léirigh an ruaille buaille san Europa nuair a thug íobartaigh agus ionadaithe na n-íobartach ón dá thaobh, náisiúnaíoch agus aontachtach, aghaidh ar a chéile a fhad is a bhí an móramh tostach balbh, thug sé le fios go bhfuil gangaid faoin dromchla, go bhfuil an seicteachas beo beathaíoch ar thaobh amháin.
chneasú to heal
" Nuair a bhínn ag imirt ana-chuid sacair ní raibh aon ní níos fearr le mo chorp traochta a chneasú tar éis cluiche crua ná folcadán, lán go béal le uisce deargthe, a ghlacadh.
chneasódh í would heal her
" Ach ar leibhéal níos dáiríre, ba bhreá liom cara liom, atá tinn, a bhreith liom chuig a leithéid de ghléas le suthaireacht ceoil agus fuaime a thabhairt di a bheathódh í, a chneasódh í.
chneasú to heal
" Chuidigh sé le goin chultúrtha a chneasú agus le corrabhuais shíceolaíoch an chomhthionóil a laghdú.
chneasú to heal
" An é gur chuidigh an canadh gutaí le sruthanna fhuinnimh na chakraí a chneasú? Níl a fhios agam óir is leigheas seachas cruthú eolaíochta a bhí á lorg agam agus má bhí orm ÁÁÁ agus ÚÚÚ a chanadh ar feadh tréimhse áirithe gach maidin leis an leigheas a fháil, bhíos níos mó ná sásta sin a dhéanamh.
cneasú nach dtagann a cure which doesn’t happen
" ”* Má shantaíonn Cheyenne grá an athar, sin cneasú nach dtagann.
an cneasú thar ghoimh a mere semblance of healing
" B’fhéidir go bhfuil an cneasú thar ghoimh a bhí orthu, Éireannaigh, tar éis cneasú níos gaire do chnámh an scéil ná mar a chneasaigh riamh roimhe.
cneasú níos gaire do chnámh an scéil a healing closer to the heart of the matter
" B’fhéidir go bhfuil an cneasú thar ghoimh a bhí orthu, Éireannaigh, tar éis cneasú níos gaire do chnámh an scéil ná mar a chneasaigh riamh roimhe.
a iompraíonn cneasú ar éigean thar ghoimh who carry a wound barely hidden
" Tá go leor ar m’aithne ag siúl thart a iompraíonn cneasú ar éigean thar ghoimh mar gheall ar eachtra thromchúiseach a thit amach nuair a bhí siad ag fás aníos.
níor chneasaigh sí ceart ó shin it never healed up rightly since
" Bhris mé mo lámh le linn traenála (mar fhear ionaid) i Sydney 2000 ag na cluichí Oilimpeacha agus níor chneasaigh sí ceart ó shin.
créachta Chogadh na gCarad chóir a bheith cneasaithe the Civil War wounds almost healed
" Ach bheadh sé tráthúil ins an bhliain a ndéanfar comóradh ar Éirí Amach na Cásca dá bhfógródh an dá pháirtí traidisiúnta seo don saol Fódlach go bhfuil créachta Chogadh na gCarad chóir a bheith cneasaithe um an dtaca seo.