Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
cnuasach collection
" Ní dhéanfaidh mé dearmad go brách ar an lá i 1991 a seoladh an cnuasach filíochta *Feis* le Nuala Ní Dhomhnaill i gColáiste Phádraig, Maigh Nuad.
cnuasach gearrscéalta a collection of short stories
" "Sé amhrán de mo chuidse," a deir sé, "agus bheadh gach duine ag caoineadh!" D'fhoilsigh Colm cnuasach gearrscéalta, *Turasóireacht*, i 1995 agus ba mhaith leis an dlaoi mhullaigh a chur leis na scéalta atá á scríobh aige le tamall de bhlianta anois don chéad chnuasach eile.
chnuasach collection
" Bhí an-suim acu sa stair agus i gcultúr na hÉireann agus is minic a fuair mé leabhar ar iasacht ón chnuasach a bhí acu.
cnuasach collection
"cnuasach leis le fáil dar teideal *Rustic Rhymes*.
chnuasach collection
" Ansin tháinig mé ar chnuasach ceoil damhsa ón cheantar a bhreac scríobhaí darbh ainm Pádraig Mac Gatháin, as Dún gCuailgne, síos in 1817.
cnuasach saothar collection of works
" Tarraingíodh an cnuasach saothar seo le chéile ó dhánlanna agus ó bhailiúcháin éagsúla ar fud an domhain agus tá seoda icónacha le feiceáil ann, ar nós an *Virgin Shroud *(1993) ina n-úsáidtear acmhainní neamhghnácha (craiceann agus úth bó) mar amhábhar an tsaothair.
chnuasach collection
" Tugadh cuireadh do dheichniúr scríbhneoirí eile, ina measc Seamus Heaney, Hamish Henderson agus Alaistair MacLeod, deich bpíosa eile a ainmniú leis an chnuasach de chéad píosa a dhéanamh iomlán.
chnuasach collection
" Nuair a thosaíomar ar an teach féin a dheisiú, tháinig muid ar chnuasach de cheol traidisiúnta san áiléar.
Cnuasach de dhánta ón traidisiún, a collection of poems from the tradition,
" Cnuasach de dhánta ón traidisiún, nó a bhfuil dlúthbhaint acu leis an traidisiún, atá ann, aistrithe ag Tadhg féin agus nótaí i dteannta gach ceann díobh.
an cnuasach gearrscéalta the collection of short stories
" Scríobh sé *Tangi*, *Pounamu Pounamu *agus* Whanau* i Londain; an cnuasach gearrscéalta *The New Net Goes Fishing* in Dunedin; *The Matriarch* san Astráil; *Whale Rider* i Nua-Eabhrac; agus Nights in the Gardens of Spain (1995) sa Fhrainc.
cnuasach mistéireach mothálach, a mysterious and sensitive collection,
" Rinneadh an pictiúr seo 350 bliain ó shin, nuair a bhí Rembrandt ar an trá fholamh, agus ba phictiúr é a tháinig amach as cnuasach mistéireach mothálach, a bhí dírithe ar léargas a fháil ar chuid de phearsana an Tiomna Nua.
sa chnuasach in the collection
" “Pláinéad uaigneach – Prós na Gaeilge” a thugann Caoilfhionn Nic Pháidín agus Seán Ó Cearnaigh ar a n-aiste sa chnuasach agus éadóchasach go maith atá siad faoi chúrsaí scríbhneoireachta.
sa chnuasach seo léachtaí, in this collection of lectures,
" An dtabharfá “dea-scríbhneoireacht” nó “fóram” nó “díospóireacht chultúrtha” ar shaothar Ní Dhuibhne? Thabharfainn féin – cé nach ionann a fóram nó a díospóireacht nó a dea-scríbhneoireacht agus cur chuige Liam Mhic Cóil, údar eile sa chnuasach seo léachtaí, nó dearcadh Phádraig Uí Chíobháin a bhfuil alt aige dar teideal “An Treasruathar Turgnamhach: Féinspléachadh Údair ar a Ionchur i bPróslitríocht a Linne”.
cúpla cnuasach gearrscéalta a few shortstory collections
" Istigh i seansiopa leabhar, tháinig mé ar chuid de dhírbheathaisnéisí Frame, úrscéal de chuid Keri Hulme, agus cúpla cnuasach gearrscéalta de chuid an scríbhneora Mhaoraigh Witi Ihimaera.
cnuasach collection
" Tá an triúr seo agus foireann óg chumasach, idir Éireannaigh agus Indiaigh, ag iarraidh cnuasach a chur le chéile ina mbeidh sleachta éagsúla ó scríbhneoireacht an dá chultúr, ag dul siar go dtí an mhiotaseolaíocht, go dtí an fhilíocht, agus iad a chur i gcomparáid lena chéile.
a chnuasach lámhscríbhinní his collection of manuscripts
" Scríbhneoir agus staraí áitiúil ab ea é agus tá a chnuasach lámhscríbhinní anois in Picton Library i Learpholl.
cnuasach péintéireachta agus líníochta collection of paintings and drawings
" Is díol suntais é, mar sin, go bhfuil cnuasach péintéireachta agus líníochta a rinne Plath go luath ina saol, nach raibh feicthe ag an domhan mór riamh roimhe seo, i ndiaidh teacht chun solais i leabhar nuafhoilsithe tar éis do na píosaí ealaíne a bheith fágtha i seanáiléar i dteach mhuintir Plath ar feadh na mblianta.
cnuasach eolach aistí informed collection of essays
" Ar an ábhar sin amháin a chuirfinn fáilte roimh *Fáithe an Fichiú hAois* (Foilseacháin Ábhair Spioradálta) le Séamus Ware, cnuasach eolach aistí ar shaol dáréag a bhí eisceachtúil.
ar chnuasach véarsaíochta ó bhéaloideas Chonamara on a collection of verses from the oral tradition of Connemara
" “Dhá bhliain ó shin agus mé féin agus John Ryan ag obair ar chnuasach véarsaíochta ó bhéaloideas Chonamara – an leabhar agus dlúthdhiosca do ghasúir ar bhaist muid *Gugalaí Gug!* air – chinn muid ar *Aniar,* atá dírithe ar dhaoine fásta, a chruthú.
sa chnuasach seo in this collection
" Níl oiread is duine amháin sa chnuasach seo cosúil leis sin – agus ní bheadh duine ar bith le Gaeilge ag súil go mbeadh.
ó chuid den chnuasach, from some of the collection
" Cad é a rinne sé leis an stuif seo uilig? Is cinnte go bhfuair sé smaointe dá shaothar féin ó chuid den chnuasach, ach den chuid is mó, chuaigh gach píosa *bric-a-brac* agus bruscair a bhailigh sé – ón mbliain 1974 go dtí lá a bháis i 1987 – isteach i mboscaí cairtchláir, i gcomhadchaibinéid, agus i gcófraí móra.
cnuasach bruachbhailte a collection of suburbs
" Maidir le stíl mhaireachtála mhuintir Canberra, mothaíonn siad go bhfuil muid rórialaithe – dar le go leor cuairteoirí, níl sa chathair ach cnuasach bruachbhailte gan anam.
ar an chnuasach sin aistí on that collection of essays
" Beidh orm an léirmheas ar an chnuasach sin aistí a chur ar leataobh go ceann tamaill, an píosa sin scríbhneoireachta a gheall mé don dream i mBéal Feirste a chur ar an mhéar fhada, an leabhar d’fhoghlaimeoirí fásta a chur siar go dtí an fómhar agus an blag sin ar chúrsaí polaitíochta a chur ar athló.
cnuasach seanchais collection of lore
" Ní hé nach mbaineann aos pinn na Gaeilge úsáid as an seanchas agus ní hé nach léann daoine cnuasach seanchais nó scéalta traidisiúnta ó am go ham.
teideal an chnuasaigh seo title of this collection
" Chuirfeadh teideal an chnuasaigh seo, *Ón tSeanam Anall: Scéalta Mhicí Bháin Uí Bheirn,* leis an tuigse sin.
chnuasach buan permanent collection
" Bhronn sé an píosa seo ar Novas agus tá sé sa chnuasach buan anois.
chnuasach collection
" Sa tríú cuid den chnuasach seo a rianaíonn an tréimhse 1700-1900, tá dánta ó na filí as Oirialla, Cathal Buí Mac Giolla Gunna agus Peadar Ó Doirnín, agus ‘Máirín de Barra’, ‘Caoineadh Airt Uí Laoghaire’, ‘Dónall Óg’,agus ‘Sail Óg Rua’.
chnuasach gather
" Bheadh seans ann tar éis toghcháin go dtiocfadh ceannaireacht nua chun cinn i gceannas ar rialtas ag a mbeadh fís úr, a bheadh bunaithe ar chomhionannas seachas ar shaint chun saibhreas pearsanta a chnuasach.
cnuasach collection
" Tá a fhios agam go bhfuil dream an oirthir sin breá tógtha go minic le cultúr an iarthair, ach chuala mé anseo ar an oileán go raibh saothar Montgomery i measc cnuasach bídeach leabhar a aistríodh agus a foilsíodh sa tSeapáin le linn an Dara Cogadh Domhanda.
cnuasach collection
" Tá an cnuasach iontach seo le feiceáil sa Courtauld Gallery i Londain faoi láthair agus léiríonn sé taobh leochailleach bog Michelangelo agus é ciaptha ag an ghrá, nach raibh feicthe ag mórán roimhe sin.
chnuasaigh collections
" Tabharfar tús áite d’úrscéalta agus do chnuasaigh gearrscéalta, ach beidh seánraí eile (filíocht agus leabhair thaistil, cuir i gcás) i gceist ó am go chéile fosta.
sméar mhullaigh an chnuasaigh the very best story in the collection
" Agus tá sé seo uilig le feiceáil sa scéal ‘Neill’, sméar mhullaigh an chnuasaigh.
chnuasach collection
" Agus tá an saibhreas céanna tríd síos sa chnuasach seo.
cnuasach collection
" An rud íoróineach faoi ná go mbíonn na scríbhneoirí maithe i gcónaí ag fiafrú díot: “cén chaoi go bhféadfainn an t-úrscéal nó an cnuasach gearrscéalta seo a fheabhsú?” Bíonn siad ag iarraidh go léifeá an saothar go géar agus go criticiúil agus moltaí a thabhairt dóibh.
chnuasach collection
" Seans maith go mbeadh píosa plaisteach ag snámh timpeall an aigéin ar feadh na mblianta, ach ar deireadh thiar, níl éalú aige ón ngaiste seo agus críochnaíonn sé sa chnuasach seo.
chnuasach collection
" 'Daoine a Itheann Daoine' le Mícheál Ó Ruairc ==================== Bailiúchán samhlaíoch gearrscéalta anseo ó Mhícheál Ó Ruairc, a chéad chnuasach do dhaoine fásta, ina gcaitheann sé súil spraíúil, ghrinn ar cheisteanna na linne ina bhealach éagsúil, áibheileach féin: canablacht agus ciníochas, gliúcaíocht agus fealsúnacht, dílseacht agus grá, feall agus éad, fir mná agus muca - lón machnaimh agus pléisiúir don té a thabharfaidh faoi.
cnuasach collection
" Tionsnamh dúshlánach atá ann, gan amhras, agus tá an-dóchas aige go mbeidh an cnuasach seo, ní hamháin físiúil agus spreagúil do thumadóirí mara, ach go mbeidh sé, de réir a chéile, ina dhúshraith do sceir choiréil nua.
Cnuasach a collection
" Cnuasach de 150 grianghraf le Frank Hurley atá ann, agus insíonn sé scéal éachtach an taiscéalaí Ernest Shackleton agus é ar turas go dtí an tAntartach 1914-1916 ar bord na loinge Endurance.
cnuasach collection
" (Más spéis leat tuilleadh, féach *A Silver Saga* le Fiona Philpott agus leis an Ollamh James Graham-Campbell, 1990) Taisce Cuerdale ======== Chonaic mé taispeántas spéisiúil in Iarsmalann Learphoill i 1990 faoi Thaisce Cuerdale, cnuasach mór airgead Lochlannach a fuarthas i 1840, agus bhí mé ag iarraidh an áit ar fritheadh é a fheiceáil dom féin anois.
chnuasach seo this collection
" Paddy Glackin a rinne léiriú ar an albam agus dúirt sé ina leith: Aoibhneas na beatha an tréith is suntasaí sa chnuasach seo.
cnuasach collection
"cnuasach speisialta grianghrafanna a ghlac sé den fhidléir John Doherty agus cuid dá mhuintir chomh maith le roinnt pictiúr a tharraing sé féin sa leabhar.
chnuasach collection
" Sa chnuasach Seoda an Riadaigh, is féidir éisteacht as a chéile leis an gceol siansach a chum sé do na scannáin mhóra, chomh maith leis an athmhúnlú a rinne sé ar cheol grúpa le Ceoltóirí Chualann.
ceann de na cnuasaigh is saibhre dá chineál ar domhan one of the richest collections of its kind in the world
" Ach is é Cnuasach Bhéaloideas Éireann ceann de na cnuasaigh is saibhre dá chineál ar domhan agus is acmhainn uathúil é ó thaobh staidéar chultúr traidisiúnta na hÉireann.
cnuasach collection
" Tá taispeántas mór ríthábhachtach de shaothar Leonardo da Vinci ar siúl sa Dánlann Náisiúnta i Londain faoi láthair agus is deis eisceachtúil atá ann cnuasach dá shaothar péintéireachta a fheiceáil nach bhfacthas le chéile in áit amháin riamh roimhe seo.
cnuasach collection
" Thapaigh an Conchubharach an deis, agus seoladh go hoifigiúil a leabhar Twisted Truths, cnuasach nua-ghearrscéalta as Gaeilge aistrithe go Béarla agus curtha i gcló ag Cló Iar-Chonnacht.
dá chnuasach two collections
" ** Sa leabhar seo tá an chéad dá chnuasach le Nuala Ní Dhomhnaill, An Dealg Droighin (1981) agus Féar Suaithinseach (1988) le fáil faoi aon chlúdach amháin.
Mar sméar mullaigh an chnuasaigh to cap it off
" Mar sméar mullaigh an chnuasaigh, bronnadh sochraid stáit air i ndiaidh a bháis.
chnuasach collection
" An Radacachas ====== Is mór ag an Uachtarán an aidiacht “radacach”, focal dar úsáid sé go forleathan ina chnuasach Renewing the Republic (2012).
Ina chnuasach in his collection
" Ina chnuasach *The Stormy Hill* (1929), scríobh Daniel Corkery gearrscéal a bhaineas le sagart bródúil a dhéanann iarracht seanadhílseacht na ndaoine a mhealladh.
Cnuasach fíorluachmhar a really precious collection
" Ceolta Mhúscraí: ======= Cnuasach fíorluachmhar é seo ar a bhfuil oirfidigh ó cheantar Mhúscraí, ceantar iomráiteach amhránaíochta agus ceoil; ní fhéadfaí a sárú d’oirfidigh a fháil leis an dtraidisiún suaithinseach sin a léiriú.
Sa chnuasach seo in this collection
" **‘Grá mo Chroí an Óige’ le Gearóidín Breathnach:** Sa chnuasach seo, tá Gearóidín Breathnach ag déanamh seirbhís mhór dá pobal.
Cnuasach collection
" Cnuasach speisialta é seo a thugann le chéile grúpaí agus stíleanna ceoil atá lán le beocht agus sofaisticiúlacht a linne.
ina chnuasach in his collection
" I 1990, chríochnaigh Seán Ó Tuama a chosaint cháiliúil a bhain le tionscnamh cultúrtha Daniel Corkery, b’é sin ‘Dónall Ó Corcora: Fealsamh Cultúrtha, Léirmheastóir Liteartha’ ina chnuasach, Cúirt, Tuath agus Bruachbhaile: Aistí agus Dréachtaí Liteartha.
cnámh droma agus buaic an chnuasaigh seo the strength and crowning glory of this collection
" Saibhreas Tiomsaithe ======== Is iad na nótaí a théann leis na hamhráin seo, agus atá tiomsaithe ag saineolaithe aitheanta ar an sean-nós - ar amhránaithe cuid mhór díobh - (Meaití Joe Shéamais Ó Fátharta, Lillis Ó Laoire, Ann Mulqueen, Treasa Ní Mhiolláin agus Róisín Nic Dhonncha i measc daoine eile) cnámh droma agus buaic an chnuasaigh seo.
cnuasach aistí ilghnéitheacha a collection of varied types of essays
" Scríobh Hitchens leabhar sainiúil deireanach darbh ainm Mortality, cnuasach aistí ilghnéitheacha a rinne cur síos ar a mheath tapaidh fisiciúil.
Cnuasach nua gearrscéalta a new collection of short stories
" ** Cnuasach nua gearrscéalta ó údar *Canary Wharf*.
chéad chnuasach gearrscéalta first short story collection
" **SMM: An scannán a scríobh tú, Misteach Bhaile Átha Cliath (1996), an raibh tionchar ag scéal Uí Chadhain ort, an státseirbhíseach ‘J’ sa scéal An Eochair?** Séamas Mac Annaidh: An scéal sin, Misteach Bhaile Átha Cliath, bhí sé insa chéad chnuasach gearrscéalta a scríobh mé.
cnuasach collection
" Foilsíodh an cúigiú cnuasach dánta leis an fhile Corcaíoch Louis de Paor le gairid.
cnuasach collection
"cnuasach nua amhrán, Imíonn an tAm, díreach eisithe ag Tadhg Mac Dhonnagáin.
cnuasach gearrscéalta collection of short stories
" Tá na foilsitheoirí Éireannacha Cois Life i ndiaidh dul i bpáirt leo chun Hurlamaboc le hEilís Ní Dhuibhne a chur ar fáil i nGàidhlig agus cnuasach gearrscéalta le Màrtainn Mac an t-Saoir agus Donnchadh Mac GiollaIosa a chur ar fáil i nGaeilge.
cnuasach véarsaíochta collection of verses
" Is seoid é an cnuasach véarsaíochta is déanaí de chuid Thaidhg Mhic Dhonnagáin, dar le Caoimhe Ní Laighin, a bheadh foirfe mar bhronntanas Nollag.
chnuasach collecting, forage
" Bhí Breandán de Gallaí ag baint taitnimh as bia follán na háite agus as an chnuasach a dhéanamh roimhré.
gCnuasach Bhéaloideas Éireann Irish Folklore Collection
" Bhuail Catherine Foley isteach chuig an Ollamh Ríonach Uí Ógáin i gColáiste na hOllscoile i mBaile Átha Cliath lena ceistiú faoina cuid oibre agus taighde i gCnuasach Bhéaloideas Éireann.
a chnuasach béaloidis his collection of folklore
" Cheistigh sé é faoin bhreac-Ghaeltacht, a chnuasach béaloidis agus ceoil, An Cumann Lúthchleas Gael, saol an oide agus faoi Fhéile an Oireachtais go háirithe.