Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
chogaíocht war
" D'fhéadfadh baint a bheith ag ról na hAstráile sa Timor Thoir leis, nó an tacaíocht a gheall an Astráil do na Stáit Aontaithe in aon chogaíocht in aghaidh na hIaráice.
i mbun cogaíochta engaged in war
" Tá easaontú láidir ann go háirithe maidir le ceist na bport agus maidir leis an seasamh neodrach a ghlac an tír agus í ag déanamh iarrachta fanacht neamhspléach ó na tíortha a bhí i mbun cogaíochta.
cluichí cogaíochta war games
" Is é an rud nár chuir lucht na pleanála in arm Mheiriceá san áireamh, agus a gcuid cluichí cogaíochta ar siúl acu roimh ré, ná an tionchar a bheadh ag Al-Jazeera ar mheon an phobail, ní hamháin san Iaráic féin, ach ar fud an domhain Mhoslamaigh.
i lár cogaíochta in the middle of warfare
" Cultúir bhriste ======= Agus tú ag caint le Gearóid, is léir go bhfuil gortú ann, an gortú a bhaineann leis na glúnta a chaith bunús a saoil i lár cogaíochta anseo in Éirinn, nó in áiteanna eile sa domhan a bhfuil cultúir bhriste iontu.
gleo cogaíochta the noise of war
" Tá cóipeanna den leabhar le buachan i gcomórtas mhí Mheán Fómhair *Beo!* Gluais • Glossary á fhoilsiúbeing published gnó turasóireachtatourism business músclaítear fiosracht na mnáthe woman's curiousity is awakened ailt nuachtáinnewspaper articles faillcliff seilbhpossession contúirtídangers bagairtíthreats creathán fuachtaa cold shudder fainicwarning foláireamhnotice, warning deireadh a haistir saoilthe end of her life's journey go fuarchúiseachindifferently buillí croíheartbeats anáil an tsonaisthe breath of happiness seargthawithered iachallcompulsion fíricífacts breacthawritten down rianmark d'aon ghnódeliberately blúire páipéirpiece of paper luaitementioned tarraiceándrawer stán síshe stared imlíneoutline scáilshadow gortcultivated field cruthanna dubhablack shapes ag corraí go bogmoving gently sceacha aitinnfurze bushes céadfaísenses ar tinneallon edge doircheachtdarkness ina glaicin her hand leiceanncheek á shlíocadhstroking it pollairí a sróineher nostrils b'in mar a shamhlaíodh sí iadthat's how she used to imagine them istoícheat night ina comhluadarin her company folamhempty dul i dtaithí arget used to cuachta go clutharnestled comfortably fál cosantaprotective fence fothramnoise gíoscáncreaking ag tnúth lelooking forward to brat teolaíwarm covering an tsíorgheonaílthe continuous droning ag dul thar bráidpassing by cloig rabhaidhalarms sianaílwhining otharchairr ag scréachaílambulances screeching pléascáinexplosives gleo cogaíochtathe noise of war ar fud na comharsanachtaall over the neighbourhood éalúto escape amhrasdoubt easpa fuaimelack of noise tranglamclutter ina sámhchodladhsleeping soundly cliotaráilclattering macalla a coiscéime féinthe echo of her own footstep pluidblanket ag siosarnachrustling a fallaing oícheher night gown taobh leisbeside it sciathánwing dallógblind duibheblackness crónánhumming leataopen an bunalt údthat original article carnánpile béicscream ag stánadh isteach uirthistaring in at her ag faire uirthilooking at her á slogadhswallowing her spléachadhglance sceonmharterrifying trí choiscéimthree steps scréachscream rith sé léiit occured to her cur síos ceartproper description ag tochailt isteach intidigging into her tanaíthin camcrooked go tostachsilently ag fairelooking ar diúitéon duty Ag baint lán na súl aisti.
téama na cogaíochta the theme of war
" Osclóidh an fhéile leis an gcéad léiriú riamh de dhráma Ghearóid Mhic Umfraidh, Geasa, ina bpléitear téama na cogaíochta.
tréimhse chogaíochta period of war
" Níl aon amhras ach thar tréimhse chogaíochta 30 bliain go raibh an IRA freagrach as go leor bancanna a robáil agus go leor daoine a dhúnmharú.
feachtas cogaíochta war campaign
" Ba chuma nó feachtas cogaíochta é, idir cogadh bréagach mhí na Nollag is seomraí cogaidh na bpáirtithe polaitiúla, idir bolscaireacht dhubh a gcomhlachtaí fógraíochta is beartaíocht chogaidh a lucht straitéise.
an fearas cogaíochta ba nua-aimseartha the most modern weaponry
" Ról é fosta a dheimhnigh nach mbeadh ar Rialtas Cheanada airgead rómhór a chaitheamh ar chúrsaí cosanta chun an fearas cogaíochta ba nua-aimseartha, ba chostasaí agus ba mharfaí a cheannach.
fearadh na cogaíochta seachas coinneáil na síochána %u2026 waging war rather than peace-keeping
" Ach tá dhá phointe intuigthe cheana: méadófar ar an chaiteachas ar an arm agus is é fearadh na cogaíochta seachas coinneáil na síochána príomhchúram arm Cheanada thar lear feasta.
chun na huirlisí cogaíochta úra a oibriú to operate the new weapon systems
" In ainneoin dianfheachtas earcaíochta a bheith ar siúl ag Roinn na Cosanta Náisiúnta (ní raibh aon éalú ó na fógraí ar theilifís Cheanada i rith Chorn an Domhain), ní fios an mbeidh speisialtóirí san arm féin chun na huirlisí cogaíochta úra a oibriú.
i mbun cogaíochta engaged in war
" Faoi Obama, is cosúil, bheadh Stáit Aontaithe Mheiriceá i mbun cogaíochta i dtrí thír Mhoslamacha, agus is cinnte nach nglacfadh an domhan mór lena leithéid.
in aimsir chogaíochta nó ansmachta. at a time of war or repression.
" Foinse úsáideach eolais iad mar sin in aimsir chogaíochta nó ansmachta.
Cogaíocht warfare
" Cogaíocht idir gunnadóirí óga Learphoill ba chúis lena mharú, de réir na meán cumarsáide i dtosach, go dtí gur chuir uncail Rhys teachtaireacht ar an idirlíon.
uafás na cogaíochta horror of war
" Tá a thuairimí maidir le coimhlintí éagsúla agus maidir le huafás na cogaíochta bunaithe ar thaithí phearsanta.
Ba é an tréimhse ab fhaide a bhí sé ar láthair chogaíochta faoi leith the longest period that he was in a specific conflict zone
" Ba é an tréimhse ab fhaide a bhí sé ar láthair chogaíochta faoi leith ná na blianta a chaith sé i mBéal Feirste, 1971 go 1978, agus tuairisciú á déanamh aige ar na Trioblóidí mar iriseoir de chuid RTÉ i dtosach, agus ní ba dhéanaí mar fhostaí de chuid an *Observer* agus NBC.
cogaíocht warring
" Poblacht Dhaonlathach an ChongóNíor tháinig deireadh le cogaíocht Kagame sa bhliain 1994 ach an oiread.
faoi chrann smola na cogaíochta under the curse of war
" Sin an fáth a bhfuil tábhacht agus fiúntas ag baint le saothar Mohammed al-Hamdany agus a leithéid, atá ábalta léargas fírinneach a thabhairt dúinn ar shaol mhuintir na hIaráice, atá ag maireachtáil faoi chrann smola na cogaíochta.
in aimsir na cogaíochta. in time of war
" Is léir go bhfuil muintir na hAstráile bródúil as na fórsaí dá gcuid a bhí ar fiannas thar lear ar son na tíre in aimsir na cogaíochta.
scáth na cogaíochta the shadow of war
" Abraham Lincoln Bhí an tír faoi scáth na cogaíochta sular toghadh Abraham Lincoln.
chogaíocht fighting
" ” Bíonn coimhlintí ann ach ag deireadh an lae, nuair atá deireadh leis an chogaíocht, filleann gach duine ar chúrsaí polaitíochta, agus ar chearta bunúsacha an duine - caoinfhulaingt, meas, ceart agus mar sin de.
Gníomhartha cogaíochta military actions
" "Gníomhartha cogaíochta", chan dúnmharú a bhí sa dá, bhuel, dúnmharú, dar le Richard.
Cogaíocht thar Lear war abroad
" Cogaíocht thar Lear Cé nach bhfuiltear ag úsáid an fhocail "quagmire" níos mó chun cur síos ar an Iaráic, is léir anois nach raibh plean imeachta ag réimeas Bush, agus dheimhnigh Obama go gcúlódh fórsaí Mheiriceá as an tír sin faoi 2010.
cogaíochta of war
" Aithnítear Robert Capa mar ghrianghrafadóir a chuir a shaol i mbaol ag lorg grianghraf a rinne fíorchur síos ar bhrúidiúlacht agus laochas na cogaíochta ar fud an domhain.
cogaíocht warfare
" Tugann an t-údar cuairt an athuair sa leabhar seo ar oirthear na hAfraice, ag súil go bhfeice sé taobh eile den Afraic: Afraic an ghrá agus an gháire, Afraic na féile agus na flaithiúlachta, Afraic an spraoi agus an tsonais – íomhá nach bhfuil chomh forleathan sin i meáin an Iarthair, iad gafa le scéalta faoi ghorta, cogaíocht, caimiléireacht pholaitiúil agus faoin anró gan stad gan staonadh.
chogaíocht warfare
" go hÉirinn, daoine a raibh taithí acu bogadh ón chogaíocht go socruithe idirbheartaithe.
modhanna cogaíochta methods of warfare
" Dar liomsa, ón uair a pléascadh an chéad bhuama a mharaigh seisear ar shráideanna Bhéal Feirste ar 20 Márta, 1972, ní raibh aon bhunús mórálta le modhanna cogaíochta na bProvos agus is ceart go mbeadh sé ina údar náire d’aon duine a bhí bainteach leis.
i mbun cogaíochta d'ainmniúchán vying for nomination
" Tá ceithre dhream i mbun cogaíochta d'ainmniúchán an pháirtí faoi láthair, agus ní fios go fóill cé a bhainfeas é.
chogaíocht bhinbeach bitter warring
" Cuireann bodacht, mímhúinteacht agus maistíneacht Waltz alltacht ar a bhean Winslet, agus chuir riamh, ach nár fhéad sí é sin a chur in iúl go dtí gur thug an chogaíocht bhinbeach go léir agus na taoscáin fuisce misneach di; tiomáineann géilliúlacht agus filistíneacht Reilly a bhean mhóiréiseach Foster thar imeall na foighne freisin ; pléascann Reilly chomh maith céanna – scread príomhordúil an fhir chéile, an *‘regular guy’* ar beagán oideachais ag cur suas thar na blianta fada le mustar, soncanna beaga agus tón ardmhórálta na soithe ardnósaí a phós sé fada siar, céastóir néaróiseach a bhíonn de shíor ag sodar i ndiaidh na barántúlachta agus na bréag-ghalántachta araon.
as riachtanais na cogaíochta from the necessities of war
" Ní féidir an dul chun cinn agus an bharbarthacht a scaradh – as riachtanais na cogaíochta a d’eascair cuid den teicneolaíocht is iontaí dá bhfuil againn, ach cuireann an teicneolaíocht ar chumas an duine ollscriosadh uafásach a dhéanamh ar a dheartháireacha.
i ndiaidh tréimhse fhada chogaíochta after a long period of war
" Tugtar siar muid chuig an am nuair a bhain an Ísíltír saoirse amach ó Theallach Habsburg agus ón Eaglais Chaitlíceach i ndiaidh tréimhse fhada chogaíochta, agus feictear an t-athrú céadach dá bharr seo a tháinig ar chruth cultúrtha, sóisialta agus geilleagrach na tíre.
críoch leis an gcogaíocht bhrúidiúil an end to the brutal fighting
" Ní chiallaíonn sé sin go bhfuil críoch leis an gcogaíocht bhrúidiúil thall ansin ná go mbeidh deireadh le réimeas al-Assad go luath.
mar ghléas cogaíochta as a means of fighting
" Bhí ar Aontachtóirí go leor a ghéilleadh le bheith sásta suí in aon rialtas le daoine a bhí i gceannas ar arm a chleacht dúnmharú in aghaidh protastúnach, mar ghléas cogaíochta.
An ghné is suntasaí faoin chogaíocht le blianta anuas the most remarkable aspect of the warfare of recent times
" Sraith Cogaí agus an Mhoráltacht ============== An ghné is suntasaí faoin chogaíocht le blianta anuas is ea gur sraith cogaí atá ann a thionscnaíonn an t-iarthar gan náire amhail is nach bhfuil súile an domhain orthu.
a chuirfeadh deireadh le cogaíochta which would end all wars
" 
D'éirigh le fear na dtaifead pinsin teagmháil a dhéanamh le gaolta an iarshaighiúra agus, dar ndóigh, bhí siad thar a bheith mórtasach as an tsin-seanathair a rinne éachtaí sa "chogadh a chuirfeadh deireadh le cogaíochta" - go dtí go bhfuair siad amach gur fear ‘dubh’ a bhí ann.
Cogaíocht ar shráid shiopadóireachta war in a shopping street
" Cogaíocht ar shráid shiopadóireachta =============== Bhí cuma an-an-difriúil ar chúrsaí uair an chloig ina dhiaidh sin, nuair a chas an léirsiú le póilíní círéibe ar an Avenida Joana Angélica, sráid siopaí thart ar leathmhíle ón staidiam.
Beifear ag caint ar an chogaíocht war shall be talked about
" com%2Ftracks%2F110233941&color=ff6600&auto_play=false&show_artwork=false"></iframe> Beifear ag caint ar an chogaíocht an mhí seo agus cé déarfas nach bhfuil údar maith acu, mo léan.
páirtnéir’ cogaíochta war partners
" Is le fórsaí ECAT sé chontae den tírín iathghlais, pointe a shaothródh diúracán nó dhó ansiúd agus is ‘páirtnéir’ cogaíochta le ECAT na 26 contae eile, bíodh go bhfuil an focal draíochtúil úd ‘síocháin’ baiste ar an ghaol chéanna.
dhíol le gnóthaí cogaíochta selling to war faring businesses
" Is féidir le hÉirinn cúpla cianóg a dhéanamh as fearaistí spiadóireachta agus as codanna de ladrainn a chruthú is a dhíol le gnóthaí cogaíochta agus le hairm an iarthair, airm gurb é a bhfor is a bhfónamh tíortha neamhfhorbartha an domhain a shaoradh (nuair is mian leo teacht ar shinc, ar ór is ar ola go furasta).
tuairiscí ó láithreacha cogaíochta reports from war zones
" Déantar cíoradh ar réimse leathan ábhair ann: na tréithe atá riachtanach, an tablóideachas, claonta polaitiúla, tuairiscí ó láithreacha cogaíochta, féidearthachtaí gnó na hiriseoireachta, cén chaoi le ceisteanna a chur agus le freagraí a sheachaint.
chun cogaíochta about to war
" Ar feadh tamaill, ba chosúil go rachadh an dá thaobh chun cogaíochta.
Gaillimh in Aghaidh na Cogaíochta Galway Antiwar
" Gaillimh in Aghaidh na Cogaíochta ================= **SMM: Bhí na mná i do theaghlach an-ghníomhach i dtólamh.
in aghaidh na cogaíochta anti-war
" **SMM: Cén fáth is mó a bhfuil tú in aghaidh na cogaíochta?** NFarrell: Shíl muid sa bhliain 2001 go raibh sé uafásach, nó *obscene*, go ngairmfí cogadh in aghaidh tír nach ndearna tada.
uafás na cogaíochta the horror of war
" Is deacair don té a mhaireann i sochaí shíochánta uafás na cogaíochta a thuiscint.
i dtreo na cogaíochta towards war
" Dar le Donncha Ó hÉallaithe insíodh scéal na dtrioblóidí i dTuaisceart Éireann, le dhá scór bliain anuas, sa chlár faisnéise faoi Bhernadette Mac Aliskey (Devlin), a craoladh ar TG4 le gairid ach deir sé go bhféadfadh a dearcadh ar an bpróiséas síochána daoine óga a mhealladh i dtreo na cogaíochta arís.
Ní hionann is spiaireacht, nó cogaíocht faoi choim unlike spying or a secret war
" Ní hionann is spiaireacht, nó cogaíocht faoi choim, ach thug Colm Ó Ceallacháin aghaidh ar an uisce faoi thalamh gar d’ionad chruinnithe an Ochtair, is é sin, uaimheanna an Marble Arch.