Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
coicís faoide agus coicís fáide first and second fortnights of February
" "An fhéile bheag sin i bhFaoilleach idir coicís faoide agus coicís fáide, Lá Fhéile Vailintín, a dhéanann maitheas dom gach bliain.
coicís roimh ré a fortnight in advance
" Bhí rabhadh tugtha d'fhórsaí míleata na hAstráile faoi Bhali coicís roimh ré.
ar gearradh coicís príosúnachta air who was given a two-week prison sentence
" Anuraidh ghlac Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann (an IFA) agus Eagraíocht na bhFeirmeoirí Beithíoch agus Caora (an ICSA) páirt i léirsiú taobh amuigh de phríosún Theach an Locháin lena dtacaíocht a thabhairt d’Andy “The Bull” McSharry, feirmeoir as Contae Shligigh ar gearradh coicís príosúnachta air i gcás a bhain leis an aighneas leanúnach idir lucht siúil na sléibhte agus úinéirí talún.
amuigh is istigh ar gach coicís, around every fortnight,
" Clár daichead nóiméad atá ann agus déanaimid ceann nua amuigh is istigh ar gach coicís, ag brath ar an méid atá ar siúl.
coicís faoide agus coicís fáide first and second fortnights of Febuary
" Tá mí na bhFaoilleach buailte linn arís, a chairde – coicís faoide agus coicís fáide romhainn amach, an dá cheann acu ar na coicísí is faide agus is fadtriallaí agus is fadálaí agus is leadránaí dá mbíonn sa bhliain.
coicís fortnight
" Tá Lá Fhéile Pádraig ag teannadh linn agus ciallaíonn sé sin rud amháin: beidh Seachtain na Gaeilge – ar coicís na Gaeilge í na laethanta seo – faoi lán seoil roimh i bhfad.
coicís fortnight
" Chaith muid coicís in Toronto in áit darbh ainm The Golden Nugget, ag seinm ceithre huaire gach oíche, ar feadh 45 nóiméad ag an am, rud a bhí an-tuirsiúil go deo agus an-aisteach.
coicís fortnight
" Bhí tonn teasa againn mí ó shin agus tá ceann eile ann anois le coicís.
coicís fortnight
" Tá *set-up *iomlán aige ó thaobh an léirithe de – ríomhairí agus gach rud – agus cheannaigh muid micreafóin agus an trealamh agus araile agus chaith muid coicís istigh sa charbhán i mbun taifeadta.
in aon choicís amháin in one fortnight
" Bhuel, tá an spraoi ar fad thart agus beidh orainn fanacht go ceann ceithre bliana eile sula bhfeicfimid arís in aon choicís amháin a leithéid de lúithnireacht, de dhochloíteacht dhaonna agus d'éachtaí gaiscíochta.
Coicís fortnight
" Coicís ina dhiaidh sin, dhearbhaigh imscrúdaitheoirí de chuid an FBI gurbh é nimhiú ó théitheoir gáis a bhí fabhtach ba chúis lena bhás.
tuairim is coicís an ceann about a fortnight each
" Chuir Cathy ionadh orm ansin nuair a d’fhiafraigh mé di, cé mhéad uair a bhí sí thar lear le bliain? Deir sí go mbíonn Dervish beagnach leath na bliana ag taisteal, tuairim is coicís an ceann ar sé cinn de thurais.
coicís fortnight
" Agus níor bhain sé mealladh asainn ach oiread: ar an 26ú Feabhra, coicís i ndiaidh pacáiste spreagtha $787 Billiún a sheoladh, d’fhoilsigh sé cáinaisnéis gurbh fhiú $3.
coicís fortnight
" Dar leis is cuma cé chomh snasta is atá an pacáiste ina dtagann an bronntanas don chustaiméir muna bhfuil bronntanas ann gach lá, seachtain, coicís nó mí, bí cinnte nach léifidh siad is nach ndéanfaidh siad aon ní eile leis na tairiscintí ann ach oiread.
coicís a fortnight
" Chuamar ar cuairt chuig Charlie agus chuig Ella lá agus ba ghearr gur thosaigh Charlie ag caint ar an gcluiche mór, cluiche leathcheannais na hÉireann idir Chiarraí agus Áth Cliath a bhí le himirt coicís ina dhiaidh sin.
coicís fortnight
" Ba mise an chéad duine a shínigh an lá sin, agus an chéad neamh-Mheiriceánach le coicís.
coicís a fortnight
" ” Ar dhroim sin uile, chuir lucht dlí al Megrahi na céadta leathanach a mhaíonn a neamhchiontacht ar shuíomh idirlín speisialta níos lú ná coicís ó shin: http://www.
coicíse a fortnight
" B’fhéidir, nuair a fhágfaidh muid an tÁras, go mbeidh muid ábalta dul ann ar feadh coicíse.
coicís a fortnight
" “Is cuimhin liom gur Déardaoin a bhí ann nuair a tháinig mé go hÉirinn agus an Domhnach ina dhiaidh sin bhí Corcaigh is Cill Chainnigh ag imirt i gcluiche ceannais na hiománaíochta agus coicís ina dhiaidh sin, bhí Ciarraí is Maigh Eo i gcluiche ceannais peile na hÉireann.
i gceann coicíse in a fortnight’s time
" Ná habair liom nach mbeadh sé sin ina chabhair mhór duit i gceann coicíse! Féach, cuirim i gcás, ar son do leannáin: (People Love Presents)(http://www.
le coicís in the last fortnight
" Chonaic mé dhá bhroc oícheanta éagsúla cheana féin le coicís.
coicís ó shin a fortnight ago
" Mar sin, cuireadh reachtaíocht an bheartais os comhair an tí íochtair coicís ó shin, mar ar reachtaíodh é gan díospóireacht ar bith.
coicís ó shin a fortnight ago
" Creidim gur thug sé an-aitheasc ar fad nuair a ghlac sé le Gradam an Phiarsaigh coicís ó shin; gradam, a deir siad, a bhronntar ar dhuine a léiríonn saintréithe an Phiarsaigh ina shaol poiblí.
coicís a fortnight
" An tseachtain sin, coicís roimh Nollaig, bhí comhdháil mhór idirnáisiúnta i mbaile Phoznań maidir le cúrsaí aeráide.
coicís a fortnight
" Chuaigh mé go hOileán Mhanainn ina dhiaidh agus chaith mé coicís ag déanamh staidéir ansin, ag gabháil isteach chuig an dream a bhí i gceannas ansin.
coicís a fortnight
" Bhí sé socraithe agam coicís a chaitheamh ar fheirm sa gceantar sin.
coicís a fortnight
" Ach coicís ó shin bhí mé an-mhórálach asam féin ó chríochnaigh mé clár *‘Couch to 10K’*.
chaith mé coicís I spent a fortnight
" Ba nós nuair a bhí muid inár mic léinn san ollscoil, go gcuirfí siar go dtí an Ghaeltacht muid agus roghnaigh mise Conamara agus chaith mé coicís ar an gCnocán Glas sa Spidéal.
Chaith mé coicís I spent a fortnight
" Chaith mé coicís i mbaile feirme darb ainm Dachbar i gceantar Samarkand sa Úisbéicisteáin le linn mo chuid taistil san Áise.
cúrsa gairid coicíse a short fortnight course
" Tháinig mé ar ais go hAlbain ina dhiaidh sin agus rinne mé cúrsa gairid coicíse ag Sabhal Mór Ostaig.
faoi cheann coicíse in a fortnight’s time
" Beidh mé ag dul abhaile faoi cheann coicíse arís.
in aghaidh na coicíse per fortnight
" Tá an tae á ól go tráthrialta agam faoin am seo, cupán in aghaidh na coicíse, ach seo an chéad uair a ólaim dhá chupán le linn an aon deasghnátha amháin.
ar feadh na coicíse sin for that fortnight
" Agus má tá lochtanna ar an gComhairle Oilimpeach Idirnáisiúnta, cén eagraíocht ar domhan nach bhfuil locht uirthi agus daoine ag plé léi? Nuair a thagann na Cluichí Oilimpeacha trí mheán na teicneolaíochta isteach sa seomra suí, iomlán beo agus daite, gach ceathrú bliain, cuirimid suim mhór iontu ar feadh na coicíse sin a bhíonn siad ar siúl agus bímid inár saineolaithe ar spóirt nach bhfaca muid le ceithre bliana anuas.
cuairt choicíse a fortnight visit
" Ní cuairt lae a thug Our Daniel ar Odious Gael i mbliana, áfach; ní cuairt seachtaine fiú, ach cuairt choicíse – é ag foghlaim na Gaeilge agus an damhsa ar an sean-nós.
Coicís roimh a fortnight before
" Coicís roimh na coinbhinsiúin, fógraíonn ardiarrthóir an pháirtí cé atá roghnaithe aige mar iarrthóir leasuachtaránachta.
coicís ina dhiaidh sin a fortnight later
" Chonaic mé fógra coicís ina dhiaidh sin ar an nuachtán tráthnóna, ag lorg príomhoide do Ghaelscoil Míde.
coicís a fortnight
" Lean an díth leictreachais ar feadh idir seachtain agus coicís.
Chaith mé coicís I spent a fortnight
" Chaith mé coicís ar oileán Mhálta aimsir na Nollag blianta beaga ó shin.
ar turas coicíse on a fortnight’s trip
" Thug m’fhear chéile a iPad leis ar turas coicíse agus go ceann trí lá d’ímpigh siad is d’impigh siad orm *Minecraft* a insealbhú ar an iPad s’agamsa.
coicís ó shin a fortnight ago
" Bhí toscairí in ann Fraincis, Spáinnis agus Gearmáinis a labhairt i gCaisleán Cnucha coicís ó shin, agus ba é an Béarla príomhtheanga an lucht freastail.
thréimhse coicíse a fortnight period
" Beidh sé le feiceáil sna malartáin stoic i dtosach thar thréimhse coicíse nó mar sin.
coicís roimhe a fortnight before
" Thosaigh an tóraíocht ar an 1ú Meitheamh nuair a d'eitil Glenn Greenwald, iriseoir clúiteach as Meiriceá a oibríonn don Guardian, go Hong Cong chun bualadh le Snowden, a chuaigh ann as a oifig oibre in Hawai'i coicís roimhe.
coicís a fortnight
" Ronnie Bunting, bhí mé le fanacht le Ronnie coicís i ndiaidh a dhúnmharaithe.
choicís na féile the festival fortnight
" Ba ar na scannáin amháin a bhí mé féin dírithe, áfach, agus le linn choicís na féile d’éirigh liom 32 as breis is céad saothar a fheiceáil.
coicíse fortnight
" Faoin am a raibh an stán ídithe, bhí an t-uisce gan dídean tagtha isteach i gcóras uisce an tí, ach ar a laghad ar bith, ní raibh leamhnacht radghníomhaíoch laethúil curtha trí mo cholainn sa mhullach air ar feadh achair éigin laethanta nó coicíse.
In imeacht coicíse in the space of a fortnight
" In imeacht coicíse tháinig Seachtain! Forlíonadh ildaite é a dháilfear mar fhorlíonadh de chuid an *Irish Independent* chuile Chéadaoin.
ar feadh coicíse for a fortnight
" Dúnadh síos rialtas Mheiriceá ar feadh coicíse le déanaí.
Le coicís anuas for the past fortnight
" Sinn faoi Chúram Altra Mhór Mhíofar ============ Le coicís anuas, bhí níos mo clár faoi Gerry Adams ar an teilifís ná cláir chócaireachta.
ar feadh coicíse for a fortnight
" De ghnáth, bíonn neart siamsa ann freisin! Céard faoi na dúshláin a bhaineann le bheith ar an gcoigrích, áfach? Téann mórán Éireannach agus Sasanach bliain i ndiaidh bliana ar laethanta saoire chun na Spáinne – an ghrian ag spalpadh anuas orthu agus iad ina luí ar na tránna áille, deochanna a cheannaigh siad ar leath an phraghais a bheadh orthu sa bhaile ina nglaic acu, sona sásta ar feadh coicíse agus tuige nach mbeadh? Ach sin iad na hionaid saoire, ceann scríbe na dturasóirí.
coicís roimh a fortnight before
" Tá sé intuigthe, mar sin, gur ghoill sé go mór ar mhuintir na hAstráile nuair a d’fhógair Holden coicís roimh an Nollaig go gcuirfear deireadh lena dhéantúsaíocht gluaisteán san Astráil faoin mbliain 2017.
Coicís a fortnight
" Coicís a bhí ag na haistritheoirí ar an láthair.
coicís sular a fortnight before
" Deir Pepys gur cheannaigh sé lóchrann draíochta ó fhear de chuid na seónna taistil darbh ainm Reeves i mí Lúnasa na bliana, 1666, coicís sular tharla Dóiteán Mór Londan.
fiú go dtí an coicís deireanach even until the last fortnight
" Bhí sé ceithre scór go leith nuair a fuair sé bás, ach fiú go dtí an coicís deireanach, bhí sé gníomhach.
Tar éis mo choicíse saor after my fortnight free
" Tar éis mo choicíse saor ó theicneolaíocht tá iota tarta orm arís.
coicís a fortnight
" Bhí Seosamh Mac Muirí i measc an tslua agus bhuail sé leis coicís ó shin lena cheistiú faoi shaol Éire na linne seo agus faoi roinnt de na tuairimí spéisiúla a nocht sé sa leabhar is deireanaí óna láimh ‘Capitalising on Culture, Competing on Difference’ (Bradley, F.