Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ar an choigríoch abroad
" Mar a dúirt mé thuas, ceann de na deacrachtaí is mó atá agam ná nach bhfuil daoine ann a dtig liom labhairt leo go rialta, agus tar éis blianta fada ar an choigríoch, tá meirg ar mo chumas labhartha Gaeilge.
ar an choigríoch abroad
" Fear é a labhraíonn faoin dóigh gurbh fhéidir leis an arm an trealamh nua sin a úsáid i suímh shibhialta — i dtubaistí nádúrtha i gCeanada agus ar an choigríoch — ach a gheallann fosta gur gairid go mbeidh plean nua réidh ag an Rialtas faoi thodhchaí ról arm Cheanada.
ón choigríoch from abroad
" Bhain sé post amach mar leas-phríomhoide i scoil i mBaile Átha Cliath a raibh 1,000 páiste ann – ach ní raibh an ceol ar an churaclam! “Nuair a tháinig mé go Baile Átha Cliath ar dtús bhí leabharlanna ann óna dtiocfadh leat ceirníní a fháil ar iasacht agus fiú ag an am sin bhí go leor ceol traidisiúnta ón choigríoch ar fáil ar fadcheirnín agus bhí comhlachtaí ann ar nós Topic a chuir amach fadcheirníní de cheol na Bulgáire agus na hAfganastáine agus dá réir.
an-chuid infheistíochta coigríche a lot of foreign investment
" Tá laghdú 7 faoin gcéad tagtha ar an ráta dífhostaíochta ó 2004, tá líon na n-earraí a onnmhairítear ag méadú an t-am ar fad, tá an-chuid infheistíochta coigríche sa Pholainn agus tá na céadta milliún euro á gcur abhaile ag Polannaigh atá ag obair i dtíortha éagsúla ar fud an domhain.
na coigríche of the world
" Is cinnte fosta go mbeidh go leor daoine polaitiúla mór le rá na coigríche – idir lucht tacaíochta, dóibh siúd atá in aghaidh an chonartha agus “*headbangers*”, más fíor d’Enda Kenny – ag tarraingt ar an tír seo sna míonna beaga amach romhainn lena gcás a leagan os comhair an phobail.
ar an choigríoch abroad
" Chuir John faoi i Mín na Leice lena bhean i ndiaidh dóibh seal a chaitheamh ar an choigríoch agus ba ghnách leis a bheith ag obair i gColáiste Bhríde Rann na Feirste le linn an ama sin.
infheistíocht choigríche foreign investment
" An mbeidh an tír seo in ann na cuideachtaí móra seo a choinneáil agus an mbeidh muid in ann infheistíocht choigríche a mhealladh amach anseo?* DMW: Níl mé chomh buartha sin faoi na cuideachtaí ilnáisiúnta faoi láthair.
coigríocha foreign
" Grád: C Willie O'Dea (An tAire Cosanta): D'fhan sé saor ó chonspóid le bliain anuas agus ní beag sin! Ní thig leis mórán dochair a dhéanamh in áiteanna coigríocha ar nós Sead.
tuilleamh coigríche foreign earning
" Cuireadh an tuilleamh coigríche seo i mbaol ar na mallaibh, ámh, mar gheall ar fhadhbanna áirithe leis an gcaidreamh taidhleoireachta idir an Astráil agus an India.
ón choigríoch from abroad
" Dála go leor cuairteoirí ón choigríoch, chaith muid an chuid is mó den am ag tabhairt cuairte ar cheantair ar an chósta, fráma an phictiúir ar a dtugtar Éire.
choigríoch foreign parts
" Teanga ar Leith ======= In ainneoin na bhfocal nua-aimseartha ón choigríoch, is teanga aonárach í an tSeapáinis.
ar an gcoigríoch away from home
" Corrdhuine atá á fhoghlaim is le fonn imeachta é, le súil is go mbeidh sé in ann post a fháil ar an gcoigríoch agus labhairt an Bhéarla aige.
seachas ar an gcoigríoch rather than abroad
" Dá mba in Éirinn seachas ar an gcoigríoch a chaithfeadh an duine sa triúr an tsaoire, d’fhéadfaí 40,000 post a chruthú, dar le Mike Webster, príomhfheidhmeannach GoIreland.
ar an gcoigríoch abroad
" Is fada fiannach an lá ó tosaíodh ar iontas a dhéanamh den rath atá ar cheol agus ar rince 'traidisiúnta' (fág gur téarma achrannach é) na hÉireann ar an gcoigríoch.
le himeacht chun na coigríche to go abroad
" Ag tarraingt ar bharr Chnoc Charn Tóchair, chonaic mé Carn na nImirceach, carn ar a fhágadh imircigh cloch agus iad ar a bhealach go Doire le himeacht chun na coigríche ar an bhóthar ársa a bhfuil a iarsmaí le feiceáil go fóill.
aghaidh a thabhairt ar an gcoigríoch to travel abroad
" Is é is mó is cúis le daoine aghaidh a thabhairt ar an gcoigríoch, ar ndóigh, ná an easpa deiseanna dul chun cinn ina dtíortha breithe.
ag obair ar an choigríoch working abroad
" 

 Tá bean óg amháin ag obair ar an choigríoch agus cé go bhfuil gaol an-láidir lena muintir agus lena tír dhúchais tá sí ag saothrú léi i gcúrsaí Gaeilge - i Nua-Eabhrac.