Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Coimeádach Conservative
" Is Coimeádach é, ar ndóigh, agus oifigeach in arm Shasana fosta - an sórt duine a thug tacaíocht do Margaret Thatcher nuair a bhí sí ag moladh eacnamaíocht an tsaormhargaidh agus ag argóint in aghaidh idirghabháil an stáit nuair a bhí gnólacht ar bith i dtrioblóid.
Coimeádaigh Conservatives
" (Tá 300,000 ball ag na Coimeádaigh agus 100,000 ag na Liobrálaigh Dhaonlathacha.
coimeádach conservative
" Is coimeádach "sotalach neamaiteach ceartaiseach" mé, dar leis.
coimeádaigh conservatives
" Má éiríonn leis, beidh coimeádaigh i mbun na gcúirteanna go ceann fiche bliain.
an comhrialtas coimeádach the conservative coalition government
" Bhí an bua acu in dhá thoghchán stáit - in Queensland agus in Iarthar na hAstráile - ag tús na bliana agus ba léir go raibh an comhrialtas coimeádach idir na Liobrálaigh agus an Páirtí Náisiúnta i gcruachás.
coimeádach conservative
" Bíonn ceannairí míleata coimeádach de ghnáth.
coimeádach conservative
" Tá an t-olltoghchán thart agus an bua ag John Howard is ag an gcomhrialtas coimeádach.
Pháirtí Coimeádach Conservative Party
" "Gun money" a chan cúlbhinseoirí ón Pháirtí Coimeádach i Westminster (18 Nollaig 2001) i rith na díospóireachta ar an lá a fuair Sinn Féin cead oifigí agus áiseanna eile a úsáid i "Máthair na bParlaimintí", mar atá tugtha ar an áit anseo i Sasana.
chomhrialtas coimeádach conservative coalition government
" Bhuaigh John Howard agus a chomhrialtas coimeádach an t-olltoghchán san Astráil don tríú huair i mí na Samhna 2001 ar mhuin na dteifeach.
coimeádach conservative
" Go dtí le fíorghairid, d'fhéadfaí a bheith cinnte de rud amháin tar éis aon scannal san eaglais: labharfadh croíghrúpa beag daoine, dream coimeádach den chuid is mó, amach agus chuirfeadh siad i leith lucht cáinte na heaglaise gur frith-Chaitliceachas caolchúiseach a bhí ar bun acu.
an Rialtais Choimeádaigh the Conservative Government
" uk)), ag tabhairt amach ar feadh na mblianta faoin dóigh a raibh polasaithe an Rialtais Choimeádaigh idir 1979-1997 ag déanamh damáiste don chóras oideachais sa Bhreatain agus do spiorad na múinteoirí.
coimeádach conservative
" Beidh go leor againn ag vótáil do pháirtithe agus do pholaiteoirí a thuigtear dúinn a bheith coimeádach agus a fhágfaidh rudaí mar atá.
bhaill shinsireacha an Pháirtí Choimeádaigh senior members of the Conservative Party
" A dhálta sin an *hit list* a dtángthas air i dteach poblachtánaigh mór le rá a raibh ainmneacha bhaill shinsireacha an Pháirtí Choimeádaigh agus aontachtaithe éagsúla air.
shlabhraí coimeádacha conservative chains
" An Tíogar Ceilteach, meafar le haghaidh na hÉireann nua, tír ag a bhfuil an geilleagar is tapúla fáis san Eoraip agus pobal atá ag briseadh amach ó shlabhraí coimeádacha a sinsir.
coimeádach conservative
" Táthar ar tí rialtas nua coimeádach a bhunú, agus tá athruithe ag tarlú sa pholaitíocht nach raibh éinne ag súil leo.
coimeádach conservative
" Nuair a chas mé le Cian i gCathair na Gaillimhe ag deireadh mhí Iúil chuir mé cúpla ceist dheacair air i dtaobh Raidió na Gaeltachta, ag súil go mb'fhéidir go mbeadh sé sásta roinnt eolais a roinnt liom féin agus le léitheoirí *Beo!* faoi na deacrachtaí a bhaineann le bheith ag cur clár ceoil chomhaimseartha i láthair ar stáisiún atá chomh coimeádach sin.
coimeádaí curator
" Tá loitiméireacht déanta ar thaispeántas de chuid arm na Breataine i Learpholl agus tá an coimeádaí ag cur an mhilleáin ar dhílseoirí áitiúla.
polaiteoirí coimeádacha conservative politicians
" Fuair mé amach rudaí a chuir míshuaimhneas orm, cuir i gcás an pháirt a ghlac polaiteoirí coimeádacha sa deisceart i mbunú an IRA Shealadaigh, agus an dóigh a thosaigh na Sealadaigh ar fheachtas buamála ag tús 1970, feachtas a raibh tionchar an-mhór aige ar achan rud a tharla ina dhiaidh sin.
rialtas Coimeádach Conservative government
" Ní bheidh rialtas Coimeádach sa Bhreatain go ceann tamaill fhada eile.
coimeádacha conservative
" Droch-thoradh amháin air sin, ar ndóigh, ná gur fágadh seanmheon na rúndachta in áit, luachanna ón ré Victeoiriach a chabhraigh le daoine coimeádacha greim a fháil ar an gcumhacht agus í a choinneáil ar feadh i bhfad.
an eite choimeádach the conservative wing
" Tá toradh dearfach a d'fhéadfadh a theacht as an choimhlint seo is déanaí: b'fhéidir go dtig le Trimble smacht a fháil ar an pháirtí agus straitéisí an UUP a mhúnlú mar is mian leis féin, gan a bheith ina phríosúnach ag an eite choimeádach.
coimeádaí custodian
" Chonaic mé fógra do phost sa *Liverpool Echo *le gairid: coimeádaí do Mendips, áit chónaithe John Lennon nuair a bhí sé óg.
choimeádach conservative
" Ní eagraíocht choimeádach é Cumann Lúthchleas Gael.
coimeádaí curator
" Is é Bob Powell an coimeádaí agus tá an-taithí aige ar iarsmalanna faoin spéir.
an Páirtí Coimeádach the Conservative Party
" Bheadh an baol ann go gcaillfeadh an UUP tuilleadh suíochán sa chéad toghchán eile do Westminster agus go mbeadh sé mar atá an Páirtí Coimeádach i Sasana, nó, mura miste a rá, Fine Gael ó dheas.
coimeádach conservative
" Braitheann sí go bhfuil mic léinn na laethanta seo coimeádach ar go leor bealaí ach is léir go bhfuil an-mheas aici orthu.
coimeádach conservative
" An Eite Dheas Chráifeach agus an Páirtí Poblachtach ======= De réir *Theocracy Watch*, tá an Eite Dheas Chráifeach níos láidre ná mar a bhí riamh; tá éirithe leo líon na mball atá acu sa Pháirtí Poblachtach a mhéadú, agus tá tromlach ag an pháirtí sin anois in dhá Theach na Comhdhála agus uachtarán coimeádach curtha acu sa Teach Bán.
curaclam coimeádach gnéasoideachais a conservative sex-education curriculum
" Le gairid, cuir i gcás, cheadaigh an tUachtarán Bush curaclam coimeádach gnéasoideachais do na scoileanna poiblí i dTexas, clár a chuireann an bhéim go léir ar staonadh ó ghnéas go dtí an pósadh.
choimeádach conservative
" Domhan nua a bhí ann! Cónaí a bheith ort in áit bheag choimeádach Chaitliceach, agus tú ábalta a bheith ag éisteacht leis seo go rúnda agus na tuismitheoirí thíos staighre.
níos coimeádaí go polaitiúil agus go cultúrtha more politically and culturally conservative
" Ní cúis iontais ar bith é, is dócha, go léiríonn an taighde atá déanta aige go dtí seo go bhfuil na Caitlicigh Ghael-Mheiriceánacha, go ginearálta, níos coimeádaí go polaitiúil agus go cultúrtha ná an t-aos óg atá lonnaithe in Éirinn féin.
coimeádach conservative
" "Ó thaobh na filíochta de," arsa Ó Siadhail, "duine traidisiúnta coimeádach a bhí ann ar mhór leis na seanmhúnlaí dúchasacha gona meadarachtaí gonta.
an colúnaí coimeádach clúiteach the famous conservative columnist
" "Faoi 1965, bhí mé ag canbhasáil ar choirnéil sráide do Bill Buckley," a dúirt Marlin, ag tagairt don am a bhí an colúnaí coimeádach clúiteach mar iarrthóir do mhéaracht Nua-Eabhrac.
an Páirtí Coimeádach the Conservative Party
" Tháinig an Páirtí Coimeádach chun cinn breis is daichead bliain ó shin go díreach, go príomha mar gheall ar go raibh Caitlicigh Éireannacha Nua-Eabhrac tinn tuirseach den Pháirtí Daonlathach.
coimeádaí curator
" Tá Langlands agus Bell tar éis fáil réidh leis an aidréanailín ón chluiche stua," a dúirt Judith Nesbitt, coimeádaí thaispeántas Dhuais Turner, a bheas ar siúl go dtí go mbronnfar an duais i mí na Nollag.
gcomhrialtas coimeádach conservative government
" Seo é an ceathrú ceann as a chéile gnóite ag an gcomhrialtas coimeádach ó 1996.
iris choimeádach conservative magazine
" Ní raibh iontas orm, mar sin, nuair a dúirt an iris choimeádach *The Spectator *go raibh an dóigh a ndearna muintir Learphoill comhbhrón le muintir Bigley ait.
iriseoirí na bhfoilseachán coimeádach journalists from the conservative publications
" B'fhéidir gur chreid iriseoirí na bhfoilseachán coimeádach sinne sa deireadh, nuair a chuala siad an méid sin.
Coimeádach Conservative
" Más fíor do na Littlejohns, le cabhair Lady Pamela Onslow, a bhí cairdiúil le Lord Carrington – a bhí ina Aire Cosanta i rialtas Coimeádach Edward Heath ag an am – eagraíodh cruinniú idir iad agus aire sóisearach de chuid Rialtas na Breataine, Geofrey Johnson Smith, i Kensington House.
an Pháirtí Choimeádaigh the Conservative Party
" Gan aon agó, tá cúis mhaíte ag Stephen Harper, ceannaire an Pháirtí Choimeádaigh, as a bhfuil curtha i gcrích aige féin.
na Coimeádaigh Fhorásacha the Progressive Conservatives
" Bhí na Coimeádaigh Fhorásacha, seanpháirtí Brian Mulroney, agus an Chomhghuallaíocht Cheanadach, páirtí a raibh polasaithe de chuid na heite deise ar cheisteanna geilleagracha agus ar cheisteanna sóisialta aige, i ndiaidh dul i gcleamhnas le chéile.
An rialtas Coimeádach the Conservative government
" In ainneoin na caimiléireachta agus na drochphoiblíochta, bhí An rialtas Coimeádach agus rialtas Pháirtí an Lucht Oibre ó 1997 sásta de bhrí go raibh na múinteoirí sna coláistí ag múineadh ranganna breise, lán le mic léinn, ar phá níos ísle ná pá na múinteoirí scoile.
pholasaithe na gCoimeádach the policies of the Conservatives
" "Méadú táirgiúlachta" atá ann agus sin an fáth go bhfuil rialtas Blair ag leanúint pholasaithe na gCoimeádach agus go bhfuil sé ag brú an pholasaí chéanna sna meánscoileanna.
móramh coimeádach a conservative majority
" Dá n-éireodh leis an Uasal Bush móramh coimeádach a bheith aige sa gcúirt (a suíonn naonúr breithiúna inti), bheadh an córas uilig, trí bhrainse rialtais na tíre, faoi smacht na bPoblachtánach.
an rialtais Choimeádaigh the Conservative government
" Iarracht eile de chuid an rialtais Choimeádaigh a bhí ann na ceardchumainn a scriosadh sa tír seo agus ba bheag an tsuim a bhí ag na meáin chumarsáide sa scéal go dtí gur nocht Fowler a theachtaireacht beo ar an teilifís.
coimeádach conservative
" Is cúis iontais é earcaíocht chomharba Scott McClellan, an t-iriseoir Tony Snow ón mbealach teilifíse coimeádach Fox News.
coimeádach conservative
" Is cúis iontais é earcaíocht chomharba Scott McClellan, an t-iriseoir Tony Snow ón mbealach teilifíse coimeádach Fox News.
na Coimeádaigh the Conservatives
" Ach caithfidh go bhfuil ceannairí Mheiriceá ag leanúint polasaí éigin – cad é an polasaí seo, agus an ar leas Mheiriceá é? Tá freagra na ceiste seo le haimsiú, ní sa lá atá inniu ann, ach i stair Mheiriceá sna nóchaidí, nuair a bhí an tUasal Clinton i réim agus na Coimeádaigh as cumhacht i ngach brainse de rialtas na tíre.
eagarthóir ar iris choimeádach the editor of a conservative magazine
" Ba é Kristol arís, nár pholaiteoir é, ach eagarthóir ar iris choimeádach dar teideal an *Weekly Standard*, ceannaire an tionscadail, ach is díol suntais na daoine a tháinig isteach sa ghluaiseacht: leithéidí Dick Cheney, atá anois ina leasuachtarán ar Mheiriceá, John R.
i ngairdín choimeádaí na hiarsmalainne in the garden of the curator of the museum
" Sa bhliain 1995, fuarthas píosa tábhachtach amháin i ngairdín choimeádaí na hiarsmalainne, Susan Seright.
Coimeádach Conservative
" (I measc na 120 Ball i bParlaimint na hAlban, tá 50 ball de Pháirtí Lucht Oibre na hAlban, 26 ón SNP, 17 Coimeádach agus 17 Daonlathach Liobrálach).
coimeádach conservative
" “Bhí guth an-láidir agus an-neamhspleách aige, cé go ndéarfadh go leor daoine go raibh sé coimeádach agus b’fhéidir roinnt conspóideach.
de chuid an Pháirtí Choimeádaigh of the Conservative Party
" "Labour isn't Working", a dúradh ar bhileog stocaireachta de chuid an Pháirtí Choimeádaigh a scaipeadh roimh olltoghchán na Bealtaine sa bhliain 1979.
rialtas coimeádach eile another conservative government
" Iarnród a bhí ann go dtí 1963, nuair a dhún rialtas coimeádach eile é, chomh maith leis na céadta míle míle sa bhreis d' iarnród agus 2,363 stáisiún paisinéara as an 4,293 a bhí ann san iomlán.
coimeádach, conservative
" Más Caitliceach, coimeádach, traidisiúnta an dearcadh agus na polasaithe a bhí ag PiS maidir le cúrsaí eacnamúla agus sóisialta, is liobrálach iad na polasaithe a bheidh á gcur i bhfeidhm ag PO, páirtí atá go mór i bhfabhar an Aontais Eorpaigh.
Náiríodh an t-iar-chomhrialtas coimeádach the conservative ex-coalition government were shamed
" Náiríodh an t-iar-chomhrialtas coimeádach nuair a chaill John Howard, a bhí ina phríomh-aire go dtí an mhí seo caite, a shuíochán féin.
coimeádach conservative
" Náiríodh an t-iar-chomhrialtas coimeádach nuair a chaill John Howard, a bhí ina phríomh-aire go dtí an mhí seo caite, a shuíochán féin.
go mbeidís ag tabhairt tacaíochta do pháirtithe coimeádacha, that they'd be supporting conservative parties,
" Bheifeá ag súil, mar sin, go mbeidís ag tabhairt tacaíochta do pháirtithe coimeádacha, ar nós an Pháirtí Liobrálaigh (páirtí Howard).
polaiteoirí agus fir ghnó choimeádacha conservative politicians and businessmen
" Sa Chonradh tháinig polaiteoirí agus fir ghnó choimeádacha le chéile le Naitsithe agus Faisistithe an domhain.
coimeádach conservative
" Ach is duine coimeádach foighneach é chomh maith.
bhí an comhrialtas coimeádach i gcumhacht the conservative coalition government was in power
" Ag an am, bhí an comhrialtas coimeádach i gcumhacht – agus John Howard ina phríomh-aire – ach an iarraidh seo, tháinig formhór na dteifeach ón Meánoirthear.
fhoras coimeádach a conservative institution
" Cé gur tugadh an chluas bhodhar do rabhaidh ó eagraíochtaí eile go dtí seo, anois tá an scéal ag teacht ó fhoras coimeádach atá maoinithe ag na rialtais iad féin.
mheánaicme measúil coimeádach well off middle conservative
" B'as an mheánaicme measúil coimeádach a chreid go diongbháilte san Impireacht agus in Aontas na Ríochta Aontaithe í.
Coimeádaigh conservatives
" Coimeádaigh, mar sin, a d'ainmnigh George Bush, agus liobrálaithe a d'ainmigh Bill Clinton agus Barack Obama.
tromlach coimeádach conservative majority
" Ba é a bhfaitíos iadsan ó 2005 i leith go bhfaigheadh breitheamh bás tobann agus go gcuirfí coimeádach ina áit a chinnteodh tromlach coimeádach dobhriste ar an gcúirt.
coimeádaí curator, keeper
" Deir Cynthia Young, coimeádaí an Ionad Idirnaisiúnta Grianghrafadóireachta i Nua Eabhrac, foras a bhunaigh deartháir Capa ina ómós, nach raibh sí go hiomlán cinnte faoin teoiric seo agus go mbeadh a thuilleadh fianaise de dhith uirthi ach go raibh an tIonad ‘open to new interpretations’.
gCoimeádach conservative
" Tá an scéal sa Bhreatain i bhfad níos fearr mar roimh thoghchán 1997, thug Páirtí an Lucht Oibre dúnghaois ghníomhaíochta dhearfach isteach agus tá aithris á déanamh ar an dúnghaois sin ag ceannaire na gCoimeádach, David Cameron, anois.
Coimeádach conservative
" " Bhí feachtas againn ar an cheist seo i 1990 nuair a d'fhoilsigh an rialtas Coimeádach liosta de na teangacha a bheadh le fáil do dhaltaí scoile i Sasana.
choimeádaigh conservative
" Anuas ar sin, cé go raibh an rialtas náisiúnta de chuid Pháirtí an Lucht Oibre ag iarraidh an STA a chur i bhfeidhm, ba é ceannaire an fhreasúra choimeádaigh a chaill a phost dá bharr! Ba é cuspóir an STA ná astaíochtaí carbóin as tionscail a laghdú tríd praghas a ghearradh ar gháis cheaptha teasa.
Coimeádach conservative
" An Cárta Oráisteach: Bhí fearg an domhain ar Alastair McDonnell, fear atá ag iarraidh a bheith ina cheannaire ar an SDLP, nuair a chuala sé fá na cainteanna idir an DUP, an UUP agus an Páirtí Coimeádach.
coimeádach conservative
" "*Fox News*" a deir cara eile faoi chogar, ag tagairt don bhealach teilifíse coimeádach a thugann go leor daoine "eite teilifíse an Pháirtí Poblachtaigh" air.
Coimeádach Conservative
" UUP agus Alliance Scéal cinnte nach rachaidh siad chuig an UUP, páirtí atá ina staicín áiféise anois mar thoradh ar an seasamh a ghlac siad ar aistriú chumhachtaí póilíneachta agus cirt, ar an nasc atá acu - nó nach bhfuil acu - le Páirtí Coimeádach na “tíre móire”.
coimeádach conservative
" Bhí an nós ann i gcónaí go gceapfadh an t-uachtarán breithimh a mbeadh an fhealsúnacht chéanna acu is atá aige féin - liobrálach i gcás uachtaráin Dhaonlathaigh agus coimeádach i gcás uachtaráin Phoblachtaigh.
Coimeádaigh Conservatives
" Bhí na Coimeádaigh ag súil le bua glan iomlán ach nuair nach bhfuair páirtí ar bith móramh glan, b’éigean don Chamshrónach straitéis nua a chumadh go tapaí.
coimeádach conservative
" Ceapadh Kevin Rudd ina cheannaire ar Pháirtí an Lucht Oibre ag deireadh na bliana 2006 agus bhí an comhrialtas coimeádach de chuid John Howard i gcumhacht le breis is deich mbliana anuas faoin am sin.
choimeádaigh conservatives
" Tá an Saol ag Athrú ======== Dar le cuid mhaith de choimeádaigh Mheiriceá, is tír Críostaí, gealchnis, Eoraipbhunaithe, Béarla í SAM.
Coimeádach Conservative
" Bhí tromlach ag ceann amháin de na mórpháirtithe - Páirtí an Lucht Oibre, nó an Comhrialtas Coimeádach, a bhíonn comhdhéanta as an bPáirtí Liobrálach agus as an bPáirtí Náisiúnta - ó shin i leith ag gach olltoghchán roimhe seo.
coimeádacha conservative
" B'fhéidir go bhfuil tuairimí coimeádacha acu i leith airgeadais, ach go bhfuil tuairimí oscailte acu i leith cúrsaí craicinn.
coimeádaí keeper
" Cosúil le cur chuige ghníomhaithe agus scríbhneoirí eile a glúine, d’fhoilsigh Ní Mhaolagáin a cuid scríbhinní i nuachtáin náisiúnta agus idirnáisiúnta, agus bhí siad uilig scaipthe i ngach ball go dtí gur thosaigh coimeádaí an taispeántais, an Dr.
coimeádaí keeper
" Taispeántas Eile ======== *Titanic, Lusitania and the Forgotten Empress of Ireland* an taispeántas eile atá in Iarsmalann Mara Learphoill faoi láthair, curtha le chéile ag Alan Scarth, coimeádaí na hiarsmalainne ansin.
Coimeádaigh Conservatives
" Bhí na milliúin den lucht oibre dá bhrí sin, nár vótáil ar chor ar bith, nach bhfacadar aon rogha ann agus na Liobrálaigh, faoi mar is eol don domhan uilig anois, díreach cosúil leis na Coimeádaigh, ag tacú le polasaithe atá ag scriosadh caighdeán beatha agus seirbhísí gnáthlucht oibre Shasana, na hAlban agus na Breataine Bige.
coimeádach conservative
" Thacaigh baill Pháirtí an Lucht Oibre leis an rún, ach dhiúltaigh baill den fhreasúra, atá comhdhéanta as dhá pháirtí coimeádacha, tacú leis.
ríogaí coimeádach conservative monarchist
" Is ríogaí coimeádach é Tony Abbott, ceannaire an fhreasúra, agus níorbh aon ionadh é nuair a chuir sé in iúl go neamhbhalbh go bhfuil sé glan in aghaidh athraithe.
choimeádach conservative
" An Drogall roimh Athrú ============ Is tír choimeádach í Éire – go polaitiúil ach go háirithe – agus tuigimid an chaoi ar fhág cogadh na saoirse agus cogadh na gcarad rian soiléir ar an chóras pholaitiúil agus is dócha in intinn na ndaoine.
coimeádach conservative
" Tá rialtas coimeádach Aontachtach sa Bhreatain fosta agus tá faoiseamh éigin ansin dóibh.
coimeádaí sinsearach senior custodian
" Is Éireannach é an coimeádaí sinsearach ar an taispeántas, an Dr.
an-choimeádach very conservative
" Go deimhin, rinneadh clár iomlán sa tsraith teilifíse *"30 Rock"* faoi seo le déanaí, nuair a thiteann tinneas clainne ar charachtar an-choimeádach agus í i gCeanada.
coimeádacha conservative
" Nárú agus Manus ========= Bhí na páirtithe coimeádacha i réim sna blianta tosaigh den chéad seo nuair a tháinig borradh suntasach faoi líon na mbád neamhúdaraithe, eagraithe ag gáinneálaithe daoine, a tháinig i dtír plódaithe le teifigh ar chúiseanna tearmainn.
Nua-Choimeádaigh New conservatives
" Is iad na "Nua-Fhondúirí", nó na "Nua-Choimeádaigh" an dara dream, agus is é Newt Gingrich, ceannaire réabhlóide na nóchaidí, a n-iarrthóirne.
an chlaonadh choimeádach conservative tendency
" Tá aird tarraingthe fosta ar an chlaonadh choimeádach atá ag an rialtas ó thaobh dúnghaoise de, ar nós dlíthe crua smachtúla in éadan homaighnéasach, dlíthe a dtacaíonn an Eaglais Cheartchreidmheach go mór leo.
Coimeádach Conservative
" Uisce faoi Thalamh in Aghaidh *Westminister* =================== Déantar dearmad fosta go minic go raibh ról lárnach ag an Pháirtí Coimeádach i Sasain faoi stiúir Andrew Bonar Law, sna himeachtaí seo fosta.
bhuaigh na páirtithe coimeádacha the conservative parties won
" Léirigh Ó Colchúin ina scagadh airitheach an dóigh a raibh ceist lucht iarrtha tearmainn a tháinig i dtír i mbáid neamhúdaraithe lárnach san olltoghchán a bhuaigh na páirtithe coimeádacha sa bhliain 2001.
le cur chuige coimeádach ar bith with any conservative approach
" An féidir linn tátal ar bith a bhaint as an méid seo, más ea? Tig linn ‘Tolamaes-iú na faidhbe’ a shamhlú le cur chuige coimeádach ar bith atá teanntaithe i ngeimhleacha an aoin mhúnla tuisceana amháin agus a thacaíonn leis an status quo.
coimeádaí eochracha na bhflaitheas keeper of the keys of Heaven
" Tá comharba Pheadair, coimeádaí eochracha na bhflaitheas, i ndiaidh éirí as a phost mar fhear ionaid Chríost ar an saol seo, agus cé a thógfadh air é, a léitheoirí dílse? Is trom cearc i bhfad, a deirtear, ach is troime go mór cuid deacrachtaí na hEaglaise Caitlicí ar na saolta seo.
choimeádach conservative
" Ba léir ón tús go mbeadh Benedict ina Phápa choimeádach thraidisiúnta.
coimeádaigh conservatives
" Dá réir sin, bíonn na sluaite os comhair Chúirt Uachtarach na tíre faoi láthair, idir Aeraigh atá ag iarraidh an dlí a scriosadh agus coimeádaigh atá ag iarraidh é a choinneáil.
móramh coimeádach sna naonúr a conservative majority in the nine
" Cé go gceaptar go bhfuil móramh coimeádach sna naonúr, bhíothas den tuairim go raibh cúigear acu báúil don áiteamh.
coimeádach go leor fairly conservative
" Cén bealach a rachas Sinn Féin i ngleic le dearcadh na bunaíochta ó dheas? Cé na haicmí is na dreamanna is féidir libh tacaíocht a fháil ina measc? Bheadh an aicme oibre agus na daoine dífhostaithe ag réiteach libh, ach lucht an tsaibhris, feirmeoirí móra na Mí agus na Mumhan, abair, daoine a bhíodh le Cumann na nGaedhael i bhfad siar, céard fúthu siúd a mhealladh?** TÓC: Tá muintir na hÉireann coimeádach go leor, is dóigh.
bheith coimeádach to be conservative
" Molann siad a bheith coimeádach leis na táillí agus an gréasán chomh nua is atá.
ar dhearcadh coimeádach the conservative view(s)
" Déanann sé dearmad ar dhearcadh coimeádach agus ar sheanbhéasa na tuaithe, osclaíonn sé a bhéal chun scéal a insint, smaoiníonn sé ar an scéal agus dúnann a bhéal arís.
ciallaíonn sé ‘coimeádach it means conservative
" Is ionann liobrálaí, de ghnáth, agus duine le hintinn atá oscailte le smaointe nua a chuimsiú, ach ciallaíonn sé ‘coimeádach’ abhus.