Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
coimhlint conflict
" Deir Neasa go raibh coimhlint i gcónaí idir an dá ghné seo dá saol a raibh sí ag plé leo sa Ghaillimh, "an saol acadúil ar thaobh amháin agus saol na meán ar an taobh eile".
choimhlint conflict
" Agus le móramh 171 ag an rialtas (síos ó 179) cad é ar féidir a bheith ag súil leis? Gan amhras, beidh troid leis na ceardchumainn faoin "Public Finance Initiative" - sin an earnáil phríobháideach ag glacadh smachta ar chuid den earnáil phoiblí, sampla eile den choimhlint idir an rialtas agus na gnáthdhaoine.
coimhlint conflict
" Tá daoine óga, agus lucht oibre, ag teacht i gcoimhlint le príomhpholasaithe an Aontais Eorpaigh.
an choimhlint the contest
" Comhscór! Bhí an teannas agus an choimhlint ag méadú go tapa faoin tráth sin agus le 60 nóiméad caite bhí na foirne fós ar comhscór, 1-10 i gcoinne 2-7.
choimhlint conflict
" D'éirigh an choimhlint idir an eite chlé agus an eite dheis ní ba mheasa le himeacht ama, áfach, agus ghéaraigh ar mhíshuaimhneas Nuala dá bharr, go háirithe anois agus beirt leanaí aici.
choimhlint conflict
" **PM:** Ach nár shábháil siad beatha na mílte duine sa choimhlint ó thuaidh? **ANO:** Sin an rud a deir siad ach an bhfuil a fhios ag duine ar bith an bhfuil sé fíor? Tá fianaise ag teacht amach diaidh ar ndiaidh go raibh baill an Bhrainse Speisialta páirteach in imeachtaí mídhleathacha, dúnmharú san áireamh.
coimhlint conflict
" Bhí coimhlint ann idir oibrithe Protastúnacha agus oibrithe Caitliceacha mar go raibh postanna rud beag níb fhearr ag na Protastúnaigh, cé go raibh siadsan an-bhocht fosta.
coimhlint conflict
" Is iomaí argóint, conspóid, scoilt, coimhlint, amhrán, colún nuachtáin, clár teilifíse is araile atá ginte ag Corn an Domhain.
choimhlint conflict
" Tugann an painéal eolais an cúlra seo a leanas faoin choimhlint: *In 1969 Catholics in Northern Ireland suffering discrimination started a Civil Rights movement.
coimhlint conflict
" Is é sin le rá gurb iad na paramílitigh dhílseacha a bhí ag saothrú dóibh féin le linn na coimhlinte na daoine céanna atá ag cruinniú maoine ó dhrugaí agus ó chineálacha eile coireachta anois.
an choimhlint uafásach seo this dreadful conflict
" Dá gcruthódh sé deis le deireadh a chur leis an choimhlint uafásach seo, nár cheart do na daoine a bhfuil tionchar acu a bheith ag caint le chéile, fiú más an UDA agus an IRA atá i gceist.
coimhlintí contests, rivalries
" Ar ndóigh ag tús an tsamhraidh bhí Corn an Domhain ar siúl, cineál *aperitif *roimh na coimhlintí móra a bhí le teacht ar ball anseo in Éirinn.
chruas na coimhlinte the toughness of the contest
" I gcuid de na fógraí tá pictiúir ina bhfuil cosa iománaithe le feiceáil agus iad ag imirt thar Chlochán an Aifir nó Aillte an Mhochair agus camáin á mbriseadh faoi chruas na coimhlinte.
coimhlintí géara hard rivalries
" An scil a bhí acu, an luas agus an chrógacht, na scóranna iontacha agus na coimhlintí géara, troma (a scanraigh mé ar uairibh), chomh fada siar agus is cuimhin liom is í an iomáint a chuir sceitimíní agus gliondar agus iontas orm gach uair a bhí mé i láthair i bPáirc an Chrócaigh ag cluiche mór.
coimhlint fhuilteach inmheánach bloody internal conflict
" Faoi láthair, tá coimhlint fhuilteach inmheánach ar siúl idir cuid acu.
ag spreagadh coimhlinte arousing conflict
" Déanann a shaothar tagairt do thréimhsí san am a chuaigh thart atá go fóill ag spreagadh coimhlinte agus bréagnú, chomh maith le cur síos a dhéanamh ar an am i láthair agus ar an todhchaí mar thréimhsí atá lán éiginnteachta.
choimhlint battle
" Ar ndóigh, caithfidh muid fanacht go dtí an chéad olltoghchán eile, ach meastar go mbeidh seasamh láidir Trimble in éadan Shinn Féin ina chuidiú aige sa choimhlint leis an DUP agus táthar ag tuar go mbeidh an dá pháirtí aontachtacha cothrom i ndiaidh an toghcháin sin.
Coimhlint rivalry
" Coimhlint ghéar agus chrua a bhíodh ann ach ní ghortaítí éinne mar bhí gach duine in ann aire a thabhairt dó féin.
ag coimhlint competing
" Is deis atá sna cluichí idirnáisiúnta idir an Astráil agus Éire do pheileadóirí ón dá thír a bheith ag coimhlint in aghaidh a chéile.
coimhlintí inmheánacha internal conflicts
" Is daoine daonna iad baill an DUP, lán contrárthachtaí agus coimhlintí inmheánacha fá cad is ceart agus cad is contráilte ann, ainneoin na híomhá a chuirtear chun tosaigh go bhfuil siad mar phictiúr Andy Warhol, ina gclóin ag Ian Paisley.
choimhlint rivalry
" Ach ba é an choimhlint le hÁth Cliath an choimhlint ba ghéire agus ba thábhachtaí sna blianta go léir suas go dtí 2002.
coimhlint ghéar a hard contest
" I gCúige Mumhan, beidh an Clár i gcoinne Thiobraid Árann sa chéad bhabhta agus is dóigh go mbeidh coimhlint ghéar eatarthu, ach muna mbíonn cúpla tosach nua ar fónamh aimsithe ag Contae an Chláir gan mhoill, ní móide go mbuafaidh siad ar Thiobraid Árann i mbliana.
choimhlint conflict
" Is cúis iontais é i ndáiríre chomh tapa is a tháinig an choimhlint seo chun cinn, agus gan an cogadh san Iaráic ar siúl ach achar gearr.
an choimhlint ghéar the strong rivalry
" Bhí gach rud faoin gcluiche sin ar fheabhas, dar liom féin: an iománaíocht a bhí sciliúil agus tapa, an choimhlint ghéar, an toradh a bhí idir dhá cheann na meá go dtí an deireadh agus an craoladh féin - gairmiúil agus snasta agus i nGaeilge líofa.
na coimhlinte of the conflict
" Mhothaigh sé gur thosaigh na liobrálaigh nua-aoiseacha ag baint úsáid fhairsing as an chinsireach chun daoine a smachtú agus a choimeád ar imeall na sochaí agus, ar an drochuair, gur lean an polasaí lochtach seo ar aghaidh ar feadh blianta fada na coimhlinte.
coimhlinte conflict
" Ar an dóigh seo, bhí McKeown agus Campbell ábalta bualadh le hiarphóilíní agus a ndearcadhsan a fháil, chan amháin ar chúinsí na coimhlinte, ach ar chostas daonna an fhoréigin, ar an rud a spreag daoine le dul isteach san RUC, agus mar sin de, dul taobh thiar de *stereotype "an black bastard.
sraith eile coimhlintí another series of conflicts
" Beidh le feiceáil cad é an tionchar a bheas ag toradh an chruinnithe seo ar dhul chun cinn an UUP, ach is léir go bhfuil tús á chur anois le sraith eile coimhlintí a dhéanfas an oiread céanna dochair don dream a n-éireoidh leo is a dhéanfar don dream nach mbeidh an bua acu.
agus coimhlint ghéar strong rivalry
" Bíonn cluiche an-mhaith agus coimhlint ghéar eatarthu de ghnáth - dhá bhliain ó shin bhuaigh Laois le cúl drámatúil sa nóiméad deiridh, an bhliain roimhe sin bhí comhscór agus athimirt ann agus an rud céanna arís i mbliana.
coimhlint competition
" Bíonn cluiche an-mhaith agus coimhlint ghéar eatarthu de ghnáth - dhá bhliain ó shin bhuaigh Laois le cúl drámatúil sa nóiméad deiridh, an bhliain roimhe sin bhí comhscór agus athimirt ann agus an rud céanna arís i mbliana.
coimhlint fhisiceach pysical rivalry
" Léirigh Cill Chainnigh i gcoinne Chorcaí go raibh sé iontu glacadh le brú agus le dúshlán agus le coimhlint fhisiceach, agus d'fhreagair siad gach ceist a cuireadh orthu maidir lena bhfearúlacht agus lena gcarachtar.
coimhlint conflict
" Chun teacht timpeall ar an gcoimhlint idir forbairt ar bhóithre nua agus caomhnú na hoidhreachta, fostaíonn eagraíochtaí stáit seandálaithe chun taighde a dhéanamh ar na láithreacha trína mbeidh na bóithre á dtógáil.
coimhlint conflict
" Beidh daoine ar gach taobh, áfach, ag súil go dtiocfaidh síocháin chuig an Iaráic, an Afganastáin agus gach áit eile ina bhfuil coimhlint sa bhliain nua seo.
choimhlint conflict
" Cad é ba chúis leis an ghéarchéim pholaitiúil seo? Is cinnte go raibh ceist an gháis ar cheann de na rudaí a chuir tús leis an choimhlint ach is dóigh liom go bhfuil an scéal níos casta ná sin.
coimhlint conflict
" Gan amhras, cruthaíonn sé seo coimhlint mhór sa teach.
coimhlintí conflicts
" Taobh istigh den Chumann Lúthchleas Gael déarfadh daoine go bhfuil níos mó ná sin i gceist, mar go mbíonn argóintí, coimhlintí, scliúchais, díospóireachtaí, troideanna agus scoilteanna ann an t-am ar fad ach nár chuir siad sin isteach an-mhór ar dhul chun cinn na heagraíochta le 120 bliain anuas.
géaraíonn ar an gcoimhlint the conflict worsens
" Aibreán 2016: géaraíonn ar an gcoimhlint idir iascairí na Spáinne agus iascairí na Portaingéile, agus cuirtear bád iascaigh go tóin poill.
Coimhlintí leanúnacha continuous conflicts
" 2015: Coimhlintí leanúnacha taobh istigh den Aontas Eorpach faoi sholáthar an bhia agus an uisce.
coimhlint éachtach extraordinary contest
" Bhí coimhlint éachtach idir John Bonham (Fine Gael) agus Larry Kavanagh (Páirtí an Lucht Oibre) don suíochán deiridh.
coimhlint conflict
" Tá sé soiléir go bhfuil na poblachtánaigh, a bhí gníomhach ó na seachtóidí i gcoimhlint na Sé Chontae, anois ag díriú ar chumhacht shubstaintiúil pholaitiúil a fháil dóibh féin ó thuaidh agus ó dheas.
choimhlint mhíleata military conflict
" Is léir go bhfuil glactha ag Sinn Féin agus a lucht tacaíochta leis go bhfuil an choimhlint mhíleata thart agus go bhfuil glacadh go fonnmhar acu leis an chomhréiteach a cuireadh ar fáil le foirmle Chomhaontú Aoine Chéasta.
gcoimhlint fhíochmhar ferocious conflict
" " Leis an mionn dúshlánach sin a fhógraítear an chéad chath eile sa gcoimhlint fhíochmhar atá ar bun faoi láthair sna Stáit Aontaithe.
coimhlinte conflict
" Le linn na coimhlinte, bhíodh sé d'aidhm ag na páirtithe "lár an bhealaigh" na páirtithe imealleacha a choinneáil amuigh.
choimhlint conflict
" Is saineolaí é Cochrane ar choimhlint Thuaisceart Éireann agus ar aighnis eile ar fud an domhain.
coimhlinte conflict
" "Seo toradh na hollstreachailte a rinne muid, na n-íobairtí, na n-anbhásanna agus na coimhlinte a ndeachaigh muid tríothu," a déarfaidh poblachtánaigh.
coimhlint conflict
" Tá deacrachtaí bunúsacha ansin mar go bhfuil an daonra deighilte ina dhá leath - pobal dúchasach (47%) agus pobal de bhunadh Indiach (49%), agus coimhlint ghéar eatarthu le tamall maith maidir le cumhacht pholaitiúil.
coimhlintí conflicts
" Tháinig an IRA chun cinn arís i 2002 le linn na gcoimhlintí idir pobal an cheantair agus a gcomharsanaigh i Cluan Place - arís, scaoileadh urchair, gortaíodh daoine ach níor maraíodh aon duine.
coimhlintí conflicts
" Ach ar bhealach, tá coimhlintí ann idir an pobal Protastúnach agus an pobal Caitliceach fosta.
Staidéar na Coimhlinte Eitneapholaitiúla the Study of Ethnopolitical Conflict
" Is é Brendan O’Leary, Ollamh Lauder le hEolaíocht Pholaitiúil, agus Stiúrthóir Ionad Solomon Asch do Staidéar na Coimhlinte Eitneapholaitiúla in Ollscoil Pennsylvania, a scríobh an t-alt seo.
coimhlintí conflicts
" Gort nár treabhadh mórán cheana ab ea seo agus, dá réir, nochtadh go leor eolais nua agus chualathas scéalta faoi na coimhlintí éagsúla ó dhaoine nár labhair amach go poiblí cheana.
os cionn na coimhlinte above the conflict
" Tá sé os cionn na coimhlinte agus tá sé de dhualgas oraibh cibé duine nó dream a dhéanann éagóir a thabhairt os comhair na cúirte.
an choimhlint dhílseach the loyalist conflict
" Chomh maith leis an easpa dul chun cinn atá a dhéanamh acu stop a chur leis an choimhlint dhílseach - leoga measann idir náisiúnaithe agus aontachtaithe go bhfuil siad ag fadú na coimhlinte - tá eagla i measc na gCaitliceach go bhfuil foréigean na ndílseoirí ag imeacht ó smacht agus nach bhfuil an PSNI toilteanach iad a chosaint.
coimhlint conflict
" Tá cáil ar Robert Fisk go hidirnáisiúnta mar iriseoir a chuireann a bheatha i mbaol in áiteanna a bhfuil coimhlint ar siúl iontu ar mhaithe le léargas cruinn a thabhairt don domhan ar a bhfuil ag tarlú ansin.
choimhlintí conflicts
" Labhair sé le **Robert McMillen** le gairid faoina chúlra agus faoina dhearcadh ar choimhlintí an lae inniu sa Mheánoirthear.
an choimhlint san Ailgéir the conflict in Algeria
" Rinne Fisk tuairisceoireacht ar an réabhlóid san Iaráin, an cogadh idir an Iaráin agus an Iaráic, agus an choimhlint san Ailgéir.
coimhlintí conflicts
" coimhlintí ======= Bhí alt an-suimiúil ag Maurice Hayes, iar-Fhear an Phobail ó thuaidh ar an *Irish Independent* an mhí seo caite.
coimhlint conflict
" Tá filíocht le feiceáil ó Éireannaigh a throid sa Chéad Chogadh Domhanda agus sheas na línte seo le Patrick MacGill amach dom mar léargas ar an gcoimhlint agus ar na hathruithe a bhí ag titim amach inár dtír féin ag an am sin: *“I wish that I were back again In the glens of Donegal They’ll call me coward if I return But a hero if I fall.
an choimhlint fhisiciúil the physical conflict
" Ní bheadh an scéal chomh dona céanna, is dóigh, dá mba rud é gur tharla an t-aicsean go léir ar an bpáirc i measc na n-imreoirí, ach toisc gur scaip an choimhlint fhisiciúil ón pháirc imeartha go dtí an limistéar ar an taobhlíne agus in aice lucht leanúna, bhí an seans ann go ngortófaí duine nó daoine.
choimhlint conflict
" Bhí sé amhail is gur tháinig cuimhne chomónta na ndaoine – na Péindlíthe, an leatrom agus an frith-Chaitliceachas go ginearálta agus an leatrom in éadan daoine aonair ó thuaidh – gur tháinig sé uilig le chéile sa choimhlint seo idir na stailceoirí agus Rialtas na dTóraithe sa Bhreatain.
choimhlint conflict
" Ar ndóigh, bhí anailís déanta aige ar an choimhlint in Éirinn go dtí sin agus óna bhéal féin a chuala mé an chéad trácht ar “phróiseas na síochána”.
ag léiriú coimhlinte, scriosta agus foréigin showing conflict, destruction and violence
" Is leis na Trioblóidí céanna a bhaineann formhór na bpictiúr ó na seachtóidí agus na hochtóidí, go leor acu ag léiriú coimhlinte, scriosta agus foréigin agus, ar ndóigh, is iad na híomhánna is truamhéalaí na cinn a léiríonn na gnáthdhaoine: páistí ag súgradh, déagóirí ag fánaíocht thart timpeall na sráideanna briste brúite.
choimhlint conflict
" D’fhéadfadh an choimhlint seo a bheith “salach” fós.
coimhlintí conflicts
" Is dócha go raibh curiarracht aige ó thaobh an mhéid coimhlintí a raibh sé páirteach iontu.
fíochmhar sa choimhlint fierce in the contest
" Tá imreoirí an Chláir mór, láidir, crua agus fíochmhar sa choimhlint, ach nílim in ann a rá go bhfuil aon iománaí speisialta acu, cé go gcaithfeadh duine ardmheas a bheith aige ar a ndíograis agus a gcur chuige, agus ar imreoirí mar Dhaithí Mac Gearailt, Brian Ó Lóthán agus Séanín Mac Mathúna as an tseirbhís atá tugtha acu don chontae.
ó choimhlint eile from another conflict
" Suíomh suimiúil eile Thug muid cuairt ar shuíomh suimiúil ó choimhlint eile i mí Lúnasa, Cró na Rad, áit ar thuairteáil eitleán de chuid an RAF sa Dara Cogadh Domhanda.
an choimhlint nó iomaíocht seo this rivalry or competition
"an choimhlint nó iomaíocht seo idir na Ceiltigh agus Rangers míshláintiúil toisc go bhfuil sé bunaithe ar dheargsheicteachas.
síorthroid agus coimhlint continuous fighting and conflict
" Bhí an teannas agus an t-atmaisféar chomh holc san áit, síorthroid agus coimhlint idir pearsantachtaí éagsúla.
coimhlint ghéar intense rivalry
" Bhí coimhlint ghéar i gceist agus na hiománaithe agus na peileadóirí ab fhearr as gach cúige ag imirt.
coimhlint an-ghéar agus fhíochmhar a fierce and very strong rivalry
" Tá cuimhne an-soiléir agam ar chluichí ceannais an Oireachtais sna blianta thart ar 1964/65 nuair a bhí coimhlint an-ghéar agus fhíochmhar idir Cill Chainnigh agus Tiobraid Árann agus imreoirí mar Jimmy Ó Dúill, Eddie Ó Cathaoir, Seán Ó Dúill agus Ollie Breatnach ag imirt.
ón dá thaobh den choimhlint from the two sides of the conflict
" Ach ina ainneoin sin goléir is ón dá thaobh den choimhlint sa Tuaisceart atá roinnt de nadaoine is cineálta is fíréanta (sincere) a bhfuil aithne curtha agamorthu trí m\'obair".
bean choimhlinte a woman of conflict
" Nach raibh eagla éigin ar Justine roimh Browne agus teistmhór air gur duine fíochmhar é? "Bhí, bhí, ní bean choimhlinteach inaon chor mé, ach chaithfinn a rá, ó thosaigh mé ag Village is é antaithí atá agam ná gur duine é Vincent ar féidir comh-oibriú leis(he\'s receptive).
an choimhlint conflict
" Tá siad ann sna paraimíleataigh a chreideann gurb í an choimhlint an rud is tábhachtaí, níos tábhachtaí ná an ceann scríbe féin, de réir dealraimh.
go bhfuil aon choimhlint anseo that there is any conflict here
" Ní fheictear dó go bhfuil aon choimhlint anseo – is féidir le gníomhaí do chearta ceannasacha a phobail glacadh le teideal mar seo, dar leis.
coimhlint ghéar strong rivalry
" Bhí coimhlint ghéar idir Áth Cliath agus Ciarraí sna blianta sin, coimhlint a raibh fréamhacha aici i gcluiche ceannais na hÉireann i 1955.
an choimhlint ó thuaidh the conflict in the north
" Tugadh a luach saothair d’Adams as an obair a bhí déanta aige féin agus ag gluaiseacht na poblachta le deireadh a chur leis an choimhlint ó thuaidh ach is coimhthigh iad na tuaisceartaigh diamhra, scanraitheacha seo agus beidh Michael McDowell bródúil as an bhuille a thug sé do Gerry Adams le linn na díospóireachta ar RTÉ seachtain an toghcháin.
halla na coimhlinte. the hall of conflict.
" Toirneach fholamh na mboscaí ballóide ar urlár halla na coimhlinte.
chuathas i mbun coimhlinte conflict started
" I ndiaidh do Hongi filleadh ar Kerikeri, chuathas i mbun coimhlinte ina cheantar.
i gcoimhlint cumhachta in a power struggle
" Déanta na firinne, is mó úsáid atá á baint astu ag an iliomad grúpaí dílseacha atá sáite i gcoimhlint cumhachta faoi láthair.
coimhlint cumhachta power struggle
" Déanta na firinne, is mó úsáid atá á baint astu ag an iliomad grúpaí dílseacha atá sáite i gcoimhlint cumhachta faoi láthair.
coimhlint ghéar intense competition
" Dá bhrí sin, bhíothas ag tnúth le coimhlint ghéar eatarthu agus na Sasanaigh san Astráil anuraidh le sraith a imirt.
coimhlintí éagsúla various conflicts
" Tá a thuairimí maidir le coimhlintí éagsúla agus maidir le huafás na cogaíochta bunaithe ar thaithí phearsanta.
an cineál coimhlinte the kind of conflict
" Seo an cineál coimhlinte a mbíodh Sinn Féin páirteach ann go fonnmhar ar son na n-oibrithe.
i gcoimhlint lena bhfostóirí in conflict with their employers
" Agus an mana fá Phoblacht Shóisialach 32 Contae mar dhlúthchuid dá *raison d'être* polaitiúil, shílfeá go mbeadh lántacaíocht an Aire ag na cúntóirí ranga atá i gcoimhlint lena bhfostóirí - na Boird Oideachais agus Leabharlann – le 12 bhliain anuas maidir le cúrsaí pá.
coimhlintí beaga small conflicts
" “Bá” an AireTá coimhlintí beaga ag tarlú lá i ndiaidh lae sa Tionól – DUP v UUP agus Sinn Féin v SDLP – ach is annamh an DUP agus Sinn Féin i ndeabhaidh.
gníomhach sa choimhlint active in the conflict
" Beidh obair ag íospartaigh Phrotastúnacha (agus Caitlicigh) sin a thuigbheáil ach tá na pearsantachtaí a bhí gníomhach sa choimhlint le linn na dTrioblóidí agus an cúlra agus an taithí a spreag iad thar a bheith casta.
an choimhlint the conflict
" Cé a dúirt go mbeadh an pholaitíocht réadúil leadránach? Bhí tréimhse ann agus bhí an choimhlint ó thuaidh “gnéasach”.
coimhlint idireitneach inter-ethnic conflict
" Roimh i bhfad coimhlint idireitneach a bhí sa scéal, agus cáineadh na póilíní go géar i gceantar Urewera, áit dhúchais an *iwi* (treibh) *Tūhoe* (http://Tuhoe.
coimhlint conflict
" Roimh i bhfad coimhlint idireitneach a bhí sa scéal, agus cáineadh na póilíní go géar i gceantar Urewera, áit dhúchais an *iwi* (treibh) *Tūhoe* (http://Tuhoe.
neodrach sa choimhlint neutral in the conflict
" Ba mar gheall air seo, dar le daoine áirithe, go raibh na Stáit Aontaithe neodrach sa choimhlint idir pobal na Bahutu agus pobal na Batutsi.
coimhlint conflict
" Bhí coimhlint ar siúl i Ruanda ó 1990, ach cuireadh tús leis an marú ar mhórscála i mí Aibreáin na bliana 1994 tar éis “aerthionóisc” inar maraíodh uachtaráin Ruanda agus na Burúine ar a mbealach abhaile ó chainteanna síochána.
coimhlint dhosheachanta inevitable conflict
" De réir mar a leanann an scéal ar aghaidh, feicimid coimhlint dhosheachanta idir an pobal, a bhfuil sé mar aidhm aige oidhreacht ársa Lios na gCat a chosaint, agus lucht an rachmais, a dtugann an rialtas tacaíocht dó.
i gcoimhlint armtha in armed combat
" Sna cúigí ciúineAisteach le rá níor cailleadh fiú duine amháin de na saighdiúirí Astrálacha i gcoimhlint armtha le linn na cúig bliana forghabhála – cailleadh saighdiúir amháin nuair a scaoileadh é de thaisme ina seomra leapa lena phiostal féin.
ar nós na coimhlinte gairide such as the short conflict
" Is seoid é an cineál seo daonlathais Shíónaigh atá á scaipeadh ag Bush agus ag a chuid cairde ar fud an Mheánoirthir, nach ea? Cad chuige nach ndéanann na príomhmheáin plé oscailte ar an eolas atá san alt seo? Eolas tábhachtach is ea é a d’fhéadfaí a úsáid le cogaí a sheachaint; cogaí ar nós na coimhlinte gairide a bhí ar siúl sa tSeoirsia i rith an tsamhraidh seo, nó cogadh idir cumhachtaí núicléacha a d’fhéadfaí a bheith ar siúl amach anseo agus a bheadh ní ba thubaistí fós, b’fhéidir.
gcoimhlint strife
" Cad ba chúis leis an gcoimhlint eatarthu mar sin? “Bhí mé i mo léiritheoir ar an gclár Féach, ní raibh aon obair ag Mac Aonghusa agus dúirt Breandán Ó hEithir post a thabhairt dó.
Coimhlint Leasa conflict of interest
" Cé gur mhaígh Blankfein nach raibh sé ann ar son a bhainc féin, ach chun an córas airgeadais iomlán a chosaint, tharla gurb é AIG an comhpháirtí trádála is mó a bhí ag Goldman Sachs, agus go gcaillfeadh siad $20 billiún dá dtitfeadh AIG i bhféimheacht! Coimhlint Leasa Anuas ar sin, bhí Paulson féin ina chathaoirleach agus POF ar Goldman Sachs sular thosaigh sé ag obair mar Rúnaí Státchiste, post a fuair sé ina dhiaidh do Joshua Bolten, iarfhostaí eile de chuid Goldman Sachs, é a mholadh do George W.
i ndiaidh na coimhlinte after the struggle
" Bhí Lincoln móraigeanta agus flaithiúil nuair a bhuaigh sé, agus d'fhéach sé le guth a thabhairt do gach dream i ndiaidh na coimhlinte.
choimhlint contest
" I gcás na gcluichí Gaelacha, agus na hiománaíochta go mór mór, is deacair d’fhear amháin a bheith gar don choimhlint i gcónaí nuair is féidir le suíomh na coimhlinte athrú ó ionad go hionad ar an bpáirc ar luas lasrach.
coimhlintí contest
" Ach bí ag caint ar Mohamad agus na sléibhte, bhí John Ging i mBéal Feirste an mhí seo caite, ar cuireadh ó Thrócaire, le caint a thabhairt ar an dóigh is fearr le sibhialtaigh a chosaint le linn coimhlintí mileata.
choimhlint contest
" Ar bhealach is féidir amharc ar stair na sibhialtachta, ní mar choimhlint leis an chinniúnt ná leis an talamh, ach mar choimhlint i gcoinne chroí dorcha an duine féin.
choimhlint struggle
" Tharla na chéad sosanna cogaidh 15 bliana ó shin agus ní bheadh cuimhne ag daoine óga, atá in aois vótála don chéad uair anois, ar na Trioblóidí, ach tá na heasaontóirí ag iarraidh iad a tharraing isteach sa "choimhlint".
stair na coimhlinte the history of the struggle
" Is beag duine i stair na coimhlinte ó thuaidh a bhfuil a oiread céanna fuatha orthu i measc náisiúnaithe an tuaiscirt ná atá ar “iníon an ghrósaera”, Margaret Hilda Thatcher.