Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
coimisiún seachtrach external commission
" San am a chuaigh thart, nuair a bhíodh an scrúdú deireanach le déanamh ag daltaí i scoileanna príobháideacha, chuireadh coimisiún seachtrach faoi scrúdú iad le déanamh cinnte go ndéanfaí a gcumas a mheas go cothrom.
coimisiún tábhachtach poiblí important public commissions
" Tá go leor coimisiún tábhachtach poiblí faighte aige, ar nós portráidí, múrmhaisiú, póstaer, priontaí, dearadh cúlstáitse, clúdach leabhar, agus leac cuimhneacháin.
an Coimisiún Comhionannais the Equality Commission
" Tá lear mór cáipéisí scríofa ag eagraíochtaí mar an Coimisiún Comhionannais, ach ní dhéanann siad difríocht ar bith.
Choimisiún Scannán agus Teilifíse Thuaisceart Éireann Northern Ireland Film and Television Commission
" Tá Killoran i gceannas ar Chiste Craoltóireachta Gaeilge Choimisiún Scannán agus Teilifíse Thuaisceart Éireann (CSTTÉ) agus tá breis is dhá mhilliún déag punt sa chiste sin le caitheamh ar chláracha Gaeilge idir 2005 agus 2009.
an Choimisiúin Monatóireachta Idirnáisiúnta the International Monitoring Commission
" Chóir a bheith go raibh na deora liom nuair a dúirt an tOirmhinneamh Harold Good go raibh sé féin agus an tAthair Alex Reid cinnte, go hiomlán cinnte, fá bheaichte thuairisc an Choimisiúin Monatóireachta Idirnáisiúnta (IMC).
Choimisiún na bParáideanna the Parades Commission
" Na racáin, an foréigean, an úsáid gunnaí agus caitheamh buamaí in éadan an PSNI a lean máirseáil an Oird Oráistigh ar Bhóthar Chluanaí an mhí seo caite, míníodh iad mar racht feirge in éadan na bochtaineachta ina bhfuil dílseoirí ag maireachtáil, racht in éadan na “*concessions*” a tugadh do náisiúnaithe, racht in éadan Choimisiún na bParáideanna a chuir brú ar an Ord Oráisteach bogadh cúpla céad slat suas an bóthar óna “mbealach traidisiúnta.
Choimisiún Craoltóireachta na hÉireann Broadcasting Commission of Ireland
" D’éirigh léi rud eile a chur i gcrích i gcaitheamh na sé mhí sin, is é sin deontas a fháil ó Choimisiún Craoltóireachta na hÉireann (BCI) le sraith cláracha a dhéanamh faoin nua-theicneolaíocht.
dá gcloífí le slata tomhais an Choimisiúin if the Commission's criteria were adhered to
" Thiocfadh athrú as éadan ar an Ghaeltacht mar is eol dúinn í dá gcloífí le slata tomhais an Choimisiúin.
foilsiú thuarascáil an Choimisiúin Neamhspleách Faireacháin the publishing of the report of the Independent Monitoring Commission
" ” Ar an drochuair, níl rím idir spriocam *Beo!* agus foilsiú thuarascáil an Choimisiúin Neamhspleách Faireacháin (nó an IMC) – tá cúpla uair an chloig sa bhearna, ach *away liom*.
ceadúnas ó Choimisiún Craolacháin na hÉireann licence from the Broadcasting Commission of Ireland
" Raidió na Life an t-ainm a roghnaíodh don tseirbhís nua agus tar éis feachtas láidir leanúnach, chuaigh an stáisiún ar an aer ar an 25 Meán Fómhair 1993 le ceadúnas ó Choimisiún Craolacháin na hÉireann.
maidir le cur i bhfeidhm moltaí Choimisiún na mBradán as regards the implementation of the recommendations of the Salmon Commission
" Thíolaic sé cúraimí mara an phoist ar a Aire Sóisearach, Pat the Cope Ó Gallchóir, rud a chothaigh neart deacrachtaí maidir le cur i bhfeidhm moltaí Choimisiún na mBradán.
an Coimisiún Neamhspleách Faireacháin the Independent Monitoring Commission
"an Coimisiún Neamhspleách Faireacháin féin ag rá go bhfuil go bhfuil deireadh leis an IRA, ach mar sin féin, tá Ian Paisley sásta fanacht i ról King Canute.
faoi bhráid an Choimisiúin Neamhspleách Faireacháin before the Independent Monitoring Commission
" Chuir Kirkham agus a chomhghleacaithe an plean faoi bhráid an Choimisiúin Neamhspleách Faireacháin (CNF) ach ní luaithe a bhí cruinniú eatarthu ná fuair Kirkham bagairt bháis ón UDA “maith”, an dream a bhfuil an rialtas ag déileáil leo.
do Choimisiún Béaloideasa Éireann for the Irish Folklore Commission
" “Bhí m’athair ag bailiú do Choimisiún Béaloideasa Éireann agus nuair a bhí muidinne beag bhí sé i gcónaí ag taifeadadh rudaí.
mar bhall de Choimisiún na bParáidí as a member of the Parades Commission
" B’fhéidir gurb é sin an fáth gur ceapadh é mar bhall de Choimisiún na bParáidí sa Tuaisceart sa bhliain 2000 agus mar Uachtarán ar Chumann Lúthchleas Gael (CLG) i 1991.
de bhord Choimisiún Scannán agus Teilifíse Thuaisceart Éirinn of the board of the Northern Ireland Film and Television Commission
" Tá sé ina bhall de bhord Choimisiún Scannán agus Teilifíse Thuaisceart Éirinn leis na blianta agus bhí baint lárnach aige le bunú agus forbairt an Chiste Craoltóireachta Gaeilge fosta.
Coimisiún Scannán agus Teilifíse Thuaisceart Éireann, the Northern Ireland Film and Television Commission,
" Mar aon leis an obair a dhéanann sé le Coimisiún Scannán agus Teilifíse Thuaisceart Éireann, tá sé thar a bheith bródúil as an obair ar fad atá déanta aige leis an gCiste Craoltóireachta Gaeilge ón am a bunaíodh é in 2005.
ar feadh shaolré an Choimisiúin. for the life of the Commission.
" Lean seo ar aghaidh ar feadh shaolré an Choimisiúin.
faoi chúram Choimisiún na Foraiseachta under the care of the Forestry Commission
" Is faoi chúram Choimisiún na Foraiseachta atá Rosal anois, agus tá sé leagtha amach ar mhaithe le cuairteoirí agus comharthaí in airde a mhíníonn an saol laethúil a bhíodh ann.
(coimisiún teanga (language commission
" Tar éis feachtais éagsúla thar na blianta, reachtaíodh Acht na Maoirise (1987), a chuir an teanga ar bhonn oifigiúil náisiúnta mar aon leis an mBéarla, agus bunaíodh Te Taurawhiri i Te Reo Māori (coimisiún teanga na Maoirise).
coimisiún imscrúdúcháin a commission of investigation
" Cháin Binse Fiosraithe Barr agus coimisiún imscrúdúcháin a bhí faoi chúram George Bermingham iompar na ngardaí i leith mharú John Carthy i Mainistir Leathrátha, agus i leith chúiseamh éagórach Dean Lyons, andúileach drugaí ar cuireadh ina leith gur dhúnmharaigh sé beirt bhan i gcóiríocht do dhaoine éislinneacha i nGráinseach Ghormáin sa bhliain 1997.
an Coimisiún Idirnáisiúnta Neamhspleách um Dhíchoimisiúnú the Independent International Commission on Decommissioning
" ) Deir an tAire Ritchie go gcaithfidh na dílseoirí a gcuid gunnaí a dhíchoimisiúnú agus go gcaithfidh an Coimisiún Idirnáisiúnta Neamhspleách um Dhíchoimisiúnú é sin a dhearbhú sula bhfaighidh siad an t-airgead.
Coimisiún Scannán agus Teilifíse Thuaisceart Éireann The Northern Ireland Film and Television Commission
" “Chuaigh mé a fhad le Bord Scannán na hÉireann, TG4 agus Coimisiún Scannán agus Teilifíse Thuaisceart Éireann agus bhí dúil ag gach dream sa scannán ar an toirt agus chuir siad go léir tacaíocht ar fáil go measartha gasta.
Choimisiún Craolacháin na hÉireann Broadcasting Commission of Ireland
" ” Ach cad chuige go bhfuil sé sin amhlaidh? Shamhlófá go mbeadh borradh faoi chúrsaí airgid mar thoradh ar an gciste Fís agus Fuaim de chuid Choimisiún Craolacháin na hÉireann sa Phoblacht agus an Chiste Craoltóireachta Gaeilge ó thuaidh – cistí ar cuireadh tús leo le maoiniú a chur ar fáil do chláracha oidhreachta agus Gaeilge.
ó choimisiún go coimisiún. from commission to commission
" Tá siad ag dul ó choimisiún go coimisiún.
cuirfear srian ar mhéid Choimisiún na hEorpa, There will be a constraint put on the size of the European Commission
" Faoin chonradh úr, cuirfear srian ar mhéid Choimisiún na hEorpa, rud a chiallóidh gur de réir uanaíochta a bheas ionadaithe ag na ballstáit air.
a dhéanfaidh an Coimisiún Eorpach a tharscaoileadh which the European Commission will waive
" Níl i gceist ach cosc sealadach, a dhéanfaidh an Coimisiún Eorpach a tharscaoileadh má éiríonn le feirmeoirí na Brasaíle an fhianaise chuí a chur ar fáil.
Tátal eile a bhain an Coimisiún as an bhfiosrúchán another conclusion that the Commission reached based on the investigation
" Tátal eile a bhain an Coimisiún as an bhfiosrúchán ná go ndearna an polasaí asamhlaithe dochar uafásach d’fhéinmheas na bpáistí a tógadh óna muintir.
Ag eascairt as plé an Choimisiúin, arising from the debate of the Commission
" Leithscéal Ag eascairt as plé an Choimisiúin, cuireadh moltaí áirithe faoi bhráid na rialtas agus na n-eagraíochtaí eile a raibh baint acu leis an bpolasaí asamhlaithe.
modheolaíocht an Choimisiúin, methodology of the Commission
" Cháin John Howard modheolaíocht an Choimisiúin, agus mhaígh sé nach raibh an focal “glúnta” i gceist de bharr nár tógadh ach páistí áirithe.
go bhfaigheadh sé coimisiún suntasach that he would get a significant commission
" Bhí sé soiléir go bhfaigheadh sé coimisiún suntasach dá n-éireodh leis an t-árasán seo a dhíol, ach tionóntán a bhí ann.
fostaí ó Choimisiún Bhéaloideas Éireann an employee from the Folklore Commission of Ireland
" An bhliain dár gcionn, chuir an rialtas fostaí ó Choimisiún Bhéaloideas Éireann sall go Manainn chun cuid de na cainteoirí dúchais a thaifeadadh.
chur faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh submit to the European Commission
" De réir Airteagail 17 den Treoir maidir le Gnáthóga, caithfidh gach ballstát den AE tuarascáil ar stádas na ngnáthóg agus na speiceas atá liostaithe acu a chur faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh gach sé bliana.
Choimisiún Neamhspleách Faireacháin Independent Monitoring Commission
" An ann dó? Más ann, an ndéanann sé difear ar bith? Beidh orainn fanacht go dtí De Céadaoin le fáil amach cad é tá le rá ag an Choimisiún Neamhspleách Faireacháin (CNF) leis an "fhírinne" a fháil.
Coimisiún Craolacháin na hÉireann Broadcasting Commission of Ireland
" Éagsúlacht clárachaAch ní hé gur cláracha ceoil amháin a mbíonn an stáisiún ag gabháil dóibh na laethanta seo; tá cuid mhór cláracha faisnéise agus oideachasúla déanta acu le déanaí, a bhuíochas sin ar chiste speisialta, ar a dtugtar Fís agus Fuaim, a chuir Coimisiún Craolacháin na hÉireann sa tsúil le maoiniú a thabhairt do chláracha teilifíse agus raidió a bhfuil baint acu le cúrsaí oidhreachta, oideachais nó pobail.
Coimisiún na hIarmharta the Legacy Commission
" Coimisiún na hIarmharta Tá Coimisiún Oidhreachta, nó Coimisiún Iarmharta, á mholadh ag Eames/Bradley a mbeidh Coimisinéir idirnáisiúnta ina chathaoirleach air agus ceithre ghné á n-iniúchadh ag an Choimisiún.
Choimisiúin Comhionannais Equality Commission for Northern Ireland
" (Is beag déagóir a bhfuil a fhios acu cad é an tslí bheatha atá rompu, ar ndóigh) ach i ndiaidh "sraith timpistí", tá Bob Collins ar na fir is mó tionchar ar dhá thaobh na teorann in dá réimse difriúla, mar Chathaoirleach Údarás Craolacháin na hÉireann (ÚCÉ) ó dheas, agus mar Phríomh-Choimisinéir ar an Choimisiúin Comhionannais ó thuaidh.
coimisiún ríoga a royal commission
" An Mheitheal in Aghaidh na Córa ============== Cuireadh go mór leis an amhras faoin bhfíorasc nuair a cruthaíodh le linn coimisiún ríoga ar na póilíní in NSW go raibh cuid de na bleachtairí a bhí i gceannas ar an bhfiosrúchán in éadan Seisear na Cróite lárnach san ‘éilliú sistéamach’ san fhórsa.
raibh bob á bhualadh ar an gCoimisiún the C. was being tricked
" Rith sé liom ag an am go raibh acmhainn dhorcha grinn ag an urlabhraí nuair a mhaígh sé go raibh orthu ainmhithe a mharú le heolas faoina n-ionchas saoil a bhailiú! Chothaigh an clár conspóid ón gcéad lá riamh, leis na stiallairí den tuairim go raibh bob á bhualadh ar an gCoimisiún ionas go mbeadh feoil an mhíl mhóir ar fáil i mbialanna agus in ollmhargaí sa tSeapáin, tír ina bhfuil an fheoil ina bia sóchais.
Choimisiún an Aontais Eorpaigh the EU Commission
" Luann Campbell eachtraí ilghnéitheacha eile sa leabhar a léiríonn meon tánaisteach Jenkins fé lán seol, an cur chuige mall muiníneach sin a bhí le feiscint agus é i gceannas ar Státchiste na Breataine ó 1967-70 agus ar Choimisiún an Aontais Eorpaigh ó 1977.
Coimisiún na gCeart Daonna the Human Rights Commission
" Léiríonn tuarascáil a d'fhoilsigh Coimisiún na gCeart Daonna sna Sé Chontae go bhfuil lochtanna ag baint leis an tseirbhís phóilíneachta ansin go fóill ó thaobh ethos de.
Choimisiún um Chearta Daonna Human Rights Convention
" Tá réimse leathan cumhachtaí tugtha don Choimisiún um Chearta Daonna ach, dar le Dónall Ó Maolfabhail, ní bheidh sé éifeachtach mura dtugtar na hacmhainní cuí dó.
an Choimisiúin um Rialáil Cumarsáide the Commission for Communications Regulation
" Labhair Caoimhe Ní Laighin le hIsolde Goggin, Cathaoirleach an Choimisiúin um Rialáil Cumarsáide, agus an bhean a bhfuil sé mar chúram uirthi iomaíocht a chothú san earnáil teileachumarsáide.
mar bhall de Choimisiún na bParáidí as a member of the Parades Commission
" Le cois an-rath a bheith ar mar fhear gnó le fada anois, bhí baint lárnach aige le forbairt Pháirc an Chrócaigh do Chumann Lúthchleas Gael, bhí sé mar bhall de Choimisiún na bParáidí, agus ceapadh é ag tús mhí an Aibreáin i mbliana mar an chéad chathaoirleach ar TG4 tar éis don stáisiún neamhspleáchas a bhaint amach ó RTÉ.