Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
an t-airgeadra nua coiriúil the new criminal currency
" Go deimhin, tá baol ann go n-úsáidfear an euro mar an t-airgeadra nua coiriúil go hidirnáisiúnta, in áit an dollair Mheiriceánaigh.
a réim choiriúil his criminal reign
" Rinneadh iarracht gach uile rud a bhí ceangailte le Hitler agus a réim choiriúil a dhíbirt (rud nár éirigh leo a dhéanamh go hiomlán - ach sin scéal eile).
an Chúirt Choiriúil Speisialta The Special Criminal Court
" Léirigh an Chúirt Choiriúil Speisialta iontas go bhféadfadh Hanley agus O'Shea agallamh a chur ar Ward agus gan fios acu go raibh faoistin déanta aige cheana féin.
an mBille Ceartais Choiriúil Criminal Justice Bill
" Ach ag éisteacht leis an díospóireacht a bhí sa Dáil an mhí seo caite ar an mBille Ceartais Choiriúil, is léir ní hamháin nach bhfuil an Rialtas sásta dúshlán thionscal na ndeochanna a thabhairt, ach ní mian leo a aithint, nó tá siad dall ar an gceangal, atá idir an Tíogar Ceilteach agus mí-úsáid alcóil sa Stát a bheith ag dul in olcas.
choiriúil criminal
" Chuir lucht agóide frithchogaidh in iúl gur iadsan a bhí freagrach as na buamaí seo ar a dtabharfaí gníomhaíocht sceimhlitheoireachta seachas gníomhaíocht choiriúil sa lá atá inniu ann.
na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta The International Criminal Court
" Tá na Stáit Aontaithe i gcoinne na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta.
sa Chúirt Choiriúil Speisialta in the Special Criminal Court
" Níos luaithe sa bhliain, sa Chúirt Choiriúil Speisialta, i dtriail Colm Murphy, a raibh sé curtha ina leith go raibh baint aige le buamáil na hÓmaí, rialaigh an breitheamh go ndearna an bleachtaire Liam Donnelly ráiteas bréige a chur i mbéal an Uasail Murphy.
an tAcht Ceartais Choiriúil The Criminal Justice Act
" Anuas air sin, deir an tuarascáil nach bhfuil an tAcht Ceartais Choiriúil, 1999 á chur i bhfeidhm i gceart.
cúiseanna coiriúla criminal charges
" Mhol an coimisiún go gcuirfí cúis dlí i leith 56 ceist a bhain leis an gcomhlacht, cúiseanna coiriúla a leath acu sin.
an Chúirt Choiriúil Speisialta the Special Criminal Court
" Fiche bliain príosúnachta a ghearr an Chúirt Choiriúil Speisialta ar Michael McKevitt an mhí seo caite nuair a fuarthas ciontach é as eagraíocht mhídhleathach pharaimíliteach a stiúradh.
gníomhaíochtaí coiriúla criminal activities
" Creidtear go bhfuil gadaíocht ealaíne ar cheann de na gníomhaíochtaí coiriúla is luachmhaire ar domhan anois, i ndiaidh drugaí agus gáinneáil daoine.
sa Chúirt Choiriúil Speisialta in the Special Criminal Court
" I Márta 1973, cuireadh an bheirt deartháireacha ar ais go hÉirinn agus cuireadh iad faoi thriail sa Chúirt Choiriúil Speisialta.
coiriúil criminal
" Agus scéal Danny Greene, a d’úsáid a cheangal leis na ceardchumainn agus pléascáin chun *niche *coiriúil a bhaint amach dó féin i gcathair nach raibh ró-Éireannach, Cleveland.
ghníomh coiriúil criminal act
" Dúirt an tAire go raibh sé de dhualgas air an pobal a chur ar an eolas faoi ghníomh coiriúil a chuirtear i leith duine atá go mór i mbéal an phobail, go háirithe ó tharla go raibh an té a bhí i gceist ina Phríomhfheidhmeannach ar eagraíocht a cuireadh ar bun le hiniúchadh a dhéanamh ar ábhair spairne poiblí.
an Binse Fiosraithe Coiriúil Idirnáisiúnta don Iar-Iúgslaiv International Criminal Tribunal for the former Yugoslavia
" An binse fiosraithe ======= Ní féidir déileáil le bás Milosevic gan an Binse Fiosraithe Coiriúil Idirnáisiúnta don Iar-Iúgslaiv a mheas agus a scagadh.
taifead coiriúil criminal record
" De bhrí gur dhuine mé nach raibh taifead coiriúil aige, mheas mé nach raibh mé “fóirsteanach” mar gur iriseoir mé agus nach raibh na húdaráis ag iarraidh go bhfaigheadh a bpolasaí sna príosúin aon phoiblíocht.
i mbun fhadhbanna coiriúla an tSaorstáit a réiteach engaged in solving the criminal problems of the Free State
" Agus beidh comhrialtas Fhianna Fáil agus Shinn Féin ina suí go te, agus beidh an tAire úr Dlí agus Cirt Máirtín Míleata Mac Gnéas i mbun fhadhbanna coiriúla an tSaorstáit a réiteach agus a shocrú ina bhealach díreach diúid féin.
sa Cúirt Choiriúil Speisialta in the Special Criminal Court
" Phléadáil sé ciontach sa Cúirt Choiriúil Speisialta agus gearradh príosún ocht mbliana i bPort Laoise air, áit a raibh sé i sciathán an IRSP.
sa Chúirt Achomhairc Choiriúil in the Court of Criminal Appeal
" Bhí cúigear fear as Cathair Luimnigh sa Chúirt Achomhairc Choiriúil ar an 26 Iúil.
ar cheannasaí droinge coiriúla é, who was the leader of a criminal gang,
" Ciontaíodh an cúigear acu as dúnmharú Kieran Keane, ar cheannasaí droinge coiriúla é, ag tús na bliana 2005 agus gearradh príosúnacht saoil mar phianbhreith orthu.
damáiste coiriúil, criminal damage,
" I measc na gcoireanna ar féidir leis an phobal tuairisciú a dhéanamh orthu tá gadaíocht, buirgléireacht, damáiste coiriúil, coireanna áirithe a bhaineann le gluaisteáin agus coireanna a bhaineann le fuath nó ciníochas a spreagadh.
Achta um Cheartas Coiriúil Criminal Justice Act
" Bheadh a leithéid rangaithe mar "*racially motivated hate crime*" de réir shuíomh gréasáin Merseyside Police agus de réir an Achta um Cheartas Coiriúil sa tír seo.
neamhaird choiriúil criminal disregard
" Dá rachadh sa chás seo, léireodh sé go soiléir an neamhaird choiriúil atá á tabhairt ag an gcomhphobal idirnáisiúnta ar leas mhuintir na hAfraice, agus go háirithe an dochar atá déanta ag an neamhaird seo ar mhuintir na Somáile cheana féin.
Coiriúil criminal
" ” Is é an post ollscoile atá ag Ivana ó 1996 ná Ollúnacht Reid sa Dlí Coiriúil, Coireolaíocht agus Pionóseolaíocht ach tá sé éagsúil le gnáthphost acadúil.
Coiriúla criminal
" net/ Cén t-ionadh? Níorbh aon ionadh é mar sin gur mhol Coimisiún na hAlban um Athbhreithniú Cúiseanna Coiriúla i 2007 gur chóir achomharc eile a thabhairt do al Megrahi.
choiriúil criminal
" Trí mholadh faoi leith san iris a thug mise suntas dóibh: go mbunófaí fondúireacht le maoiniú a dhéanamh ar fheachtais dlí a bheadh chun leas na teanga, go gcaithfí leis an Ghaeilge mar theanga mhionlaithe seachas mar theanga oifigiúil agus go mbeadh cead ag duine coiste, nó giúiré, dátheangach a bheith aige i dtriail choiriúil.
coiriúla criminal
" Sheas an breitheamh Stevens an fós ar son íospartaigh an leithcheala, oibrithe agus cosantóirí coiriúla.
taifead coiriúil criminal record
" Ar ndóigh, bíonn coinníollacha éagsúla le comhlíonadh i dtíortha éagsúla agus ag amanna éagsúla ach, de ghnáth, bíonn ar an té a chuireann isteach ar phróiseas rialtachta taispeáint nach bhfuil taifead coiriúil aige is go bhfuil obair nó tairiscint oibre aige.
ghníomhaíochtaí coiriúla éagsúla various criminal activities
" D’eisigh údaráis na Síne ráiteas le rá go raibh sé faoi scrúdú acu mar gheall ar ghníomhaíochtaí coiriúla éagsúla, ina measc calaois chánach.
choiriúil criminal
" ”* Bhí amhras ar an FBI faoin ngníomhaire faoi cheilt a d’úsáid na póilíní, áfach, agus ní raibh siad sásta aon bhaint a bheith acu leis an gcúis choiriúil.
teist choiriúil criminal record
" Cosúil le 75% de na daoine a bhí os comhair cúirte tar éis na gcíréibeacha, bhí teist choiriúil air - mangaire drugaí is ea é.
eagraíocht choiriúil criminal organization
" Is beag faoiseamh a bhí ag Seirbiaigh na Cosaive, ámh, ó thug “buamáil ar son na síochána” de chuid ECAT stát nua do Hashim Thaçi agus a chuid “Arm Saoirse na Cosaive,” nó an eagraíocht choiriúil atá, de réir thuarascáil Chomhairle na hEorpa, ag gáinneáil ar dhrugaí, airm agus ar orgáin an duine féin.
bhforghabháil chrualách choiriúil cruel criminal usurpation
" Agus í ag léamh ráitis ar son Tymoshenko os comhair an tslua, dúirt iníon léi, Eugenia Tymoshenko, “Is é ár ndualgas diaga chun an Úcráin a shaoradh ón bhforghabháil chrualách choiriúil seo.
bheith gan taifead coiriúil have no criminal record
" Tá orthu a bheith gan taifead coiriúil agus meánscoil nó tréimhse san arm críochnaithe nó fós ar siúl acu.
raibh sé freagrach as scéim choiriúil i dtaca le cártaí creidmheasa he had to admit that he was responsible for a criminal scam relating to credit cards
" B’éigean dó a admháil go raibh sé freagrach as scéim choiriúil i dtaca le cártaí creidmheasa fad is a bhí sé i Singeapór sular tháinig sé chun na hAstráile.
coiriúla criminal
" Áirítear go bhfuil €25 billiún á saothrú gach bliain ag eagraíochtaí idirnáisiúnta coiriúla as an ngnó seo.
ghníomhartha coiriúla drochbhuachaillí na cléire the bold clerical lads’ criminal acts
" ’Sí is téis d’Alex Gibney ná gurb é meon na Vatacáine, nuair is gá ‘causa nobile’ na hEaglaise Caitlicí Rómhánaí a chosaint, go gcaitear an tsúil chaoch, ar gach leibhéal, ar ghníomhartha coiriúla drochbhuachaillí na cléire.
cé go raibh taifead coiriúil aige despite him having a criminal record
" Tháinig Athrú Sheán na Scuab Air ================ Glacadh mar bhall den uasaicme é agus baisteadh an teideal oinigh ‘scuibhéir’ air, cé go raibh taifead coiriúil aige.
riocht iomlán nua a chur ar an seanchóras coiriúil s’acu put a completely new shape on their old criminal system
" Ní hamháin go raibh ar Oifig Gnóthaí Baile na Breataine leasuithe nua a chur chun cinn de thairbhe líon na bPoblachtach a bhí anois mar chimí acu ach bhí orthu riocht iomlán nua a chur ar an seanchóras coiriúil s’acu, córas nár cuireadh mórán athruithe suntasacha air ó ré na Géarleanúna ar aghaidh.
Na háiseanna coiriúla a bhí oiriúnach do the criminal facilities which were suitable for
" Na háiseanna coiriúla a bhí oiriúnach do na cimí sin a rangaíodh mar chimí “Chatagóir A” , bhíodar thar a beith teoranta agus roimh i bhfad tháinig méadú suntasach ar an teannas a bhí le brath sna carcracha Briotanacha, go háirithe agus an foréigean ag dul i dtreise i dTuaisceart Éireann agus sa saol lasmuigh.
in ainneoin a n-iompar coiriúil despite their criminal behaviour
" Cuireadh an fhianaise nua thuasluaite faoi bhráid an athbhreithnithe bhreithiúnaigh, ach chinn an breitheamh go raibh an fíorasc bunúsach iontaofa de bharr nach raibh aon chruthúnas ann go ndearna na póilíní feall ar an seisear, in ainneoin a n-iompar coiriúil i gcásanna eile.
tionscal a dtuilleann eagraíochtaí coiriúla an industry which earns for criminal organizations
" I bhfianaise na soghontachta seo a thréithríonn saol is stádas na mban ar imirce, ní dhéanfar iontas de gurb iad mná is cailíní is mó a bhíonn mar íospartaigh ag an ngáinneáil ar dhaoine, tionscal a dtuilleann eagraíochtaí coiriúla na billiúin euro as in aghaidh na bliana.
teip an cháis choiriúil the failure of the criminal case
" Súil Uí Dhubhda ====== Bhíothas ag súil go líonfadh athbhreithniú an Gharda ar an chás cuid de na bearnaí maidir leis an bhaint a bhí acusan le teip an cháis choiriúil.
ag plé le gortaithe coiriúla dealing with criminal damages
" I ndeireadh na dála, thug binse fiosraithe a bhí ag plé le gortaithe coiriúla £53,000 di mar chúiteamh agus mar fhaoiseamh.
go coiriúil criminally
" Tá pobal SAM oibrithe go fraochta faoin gcaoi ar crochadh uathu go dleathach agus go coiriúil araon, an saibhreas a shaothraigh siad le blianta roimhe seo.