Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
coirmeacha ceoil concerts
" Bhunaigh muid ár ngrúpa le seisear ceoltóirí i 1997 agus rinne muid coirmeacha ceoil agus sheinn muid ag céilithe sa Ghearmáin, san Eilvéis agus sa Fhrainc.
ag eagrú coirmeacha organising concerts
" “Bhí mise ag eagrú coirmeacha a cháin siad ar an iliomad cúiseanna.
i gcoirm cheoil no dhó in a concert or two
" Bhíodh seisiún againn gach seachtain, dúinn féin den chuid is mó, ach anois is arís bhíodh daoine eile ag éisteacht linn agus ghlacamar páirt i gcoirm cheoil no dhó.
coirm cheoil concert
" Bíonn na ranganna ar siúl ansin i rith an lae agus ansin tráthnóna tagann na múinteoirí ar fad le chéile agus bíonn coirm cheoil mhór againn.
coirmeacha concerts
" Ar na coirmeacha is mó, beidh cinn de chuid kd lang agus Baaba Maal, mar shampla.
cúlra na coirme seo the background to this concert
" * I mbliana, beidh seó dar teideal Common Ground ag cur tús leis an fhéile, agus mhínigh Shaw cúlra na coirme seo dom.
coirm cheoil a concert
" Leis an smaoineamh seo i réim, eagraíodh coirm cheoil in amharclann Paccar, i gColáiste na Tríonóide mar chuid den taispeántas EyeLight sa dánlann Eolaíochta.
choirm cheoil concert
" Is cuimhin le hiarmhic léinn gur tháinig scaifte ón bhaile le hionsaí a dhéanamh ar choirm cheoil de chuid Horslips san ollscoil féin.
coirm concert
" agus tá sé sin rómhall acu dul chuig coirm nó chuig dráma, mar sin ní bhíonn na taithí cultúrtha seo acu.
coirmeacha ceoil agus léiriúcháin concerts and productions
" “Anuas air sin, tá beagnach 250 duine, idir óg agus aosta ag foghlaim uirlisí ceoil agus bíonn coirmeacha ceoil agus léiriúcháin de na healaíona traidisiúnta - an damhsa agus an amhránaíocht ar an sean-nós - sa Chultúrlann agus tá cumann fuinniúil óige bunaithe sa Chultúrlann” ar sé.
i ndiaidh sraith choirmeacha rathúla a dhéanamh after doing a series of successful concerts
" 
Tá Julie i ndiaidh sraith choirmeacha rathúla a dhéanamh i Nua-Eabhrac agus na criticeoirí doirte di; tá sí i ndiaidh a bheith ag ceol le cóir i 10 n-ionad éagsúla; tá sí ag scríobh ceoldráma faoi láthair agus, idir eatarthu, rinne sí taighde ar a ginealach féin.
coirmeacha concerts
" "D'iarr Strollers Touring Network orm camchuairt a dhéanamh, mé féin agus duine eile b'fhéidir, ach mhol mise go ndéanfainn coirmeacha in deich gcinn d’ionaid le 10 gcór áitiúla" agus sin an rud a rinne sí, ag ceol amhrán óna díolaim Pages curtha in oiriúint go húrnua do chóir ó Bhaile an Chollaigh go dtí an Uaimh.
coirmeacha móra big concerts
" Idir óg agus aosta ag malartú fonn, amhrán agus scéalta, coirmeacha móra, baiclí beaga ag seinm ar na sráideanna agus sna hostáin agus sna láithreáin champála.
an t-éamh ina choinne mar aoi ag coirm cheoil how he was booed as a guest at a Dubliner’s concert
" Cuimhnigh ar an easpa aitheantais a fuair Seosamh Ó hÉanaí ina thír dhúchais féin agus an t-éamh ina choinne mar aoi ag coirm cheoil na Dubliners.
idir choirm agus cheol, aithisc what with festivities, music, speeches
" Bhí slua mór millteach i láthair, naoi gcéad duine nó mar sin, agus ba spleodrach, ghlórach an imeacht í idir choirm agus cheol, aithisc agus dhamhsa, á gcur i láthair ag Dáithí Ó Sé agus Marty Ó Muirgheasa.
ag coirmeacha at concerts
" Agus í ag coirmeacha, bhí suim aici sa deasc fuaime agus sa tástáil fuaime oiread leis an choirm í féin.
oiread leis an choirm í féin just as much as the concert itself
" Agus í ag coirmeacha, bhí suim aici sa deasc fuaime agus sa tástáil fuaime oiread leis an choirm í féin.
deireadh na coirme end of the concert
" Tá ceol na salm i gcroílár an adhartha i dtraidisiún Gaidhlig na bPreispitéireach in Albain agus ag deireadh na coirme, ba bheag duine nach ndeachaigh an ceol lom, dian, spioradálta seo i bhfeidhm go mór orthu ba chuma cén creideamh a bhí acu nó mura raibh creideamh acu ar chor ar bith.
coirm cheoil concert
" Tá a fhios againn cé dhúisigh sinn na blianta siar agus sinn i mBÁC nuair a b’fhéidir coirm cheoil eile U2 a bhlaiseadh beo beathach an t-am sin! Maíonn Colm Ó Snodaigh san alt seo go raibh sé faoi dhraíocht an uair sin, nuair a scaoil Bono agus a bhuíon le fiántas cruthaíochta an ama sin ón ardán.
coirm cheoil concert
" Mealladh Pat Butler arís chuig ceol Bob Dylan le seinnteoir MP3 anuraidh, ní a tharraing isteach chuig coirm cheoil Dylan i bPáirc Uí Chaoimh é leis.