Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
chur faoi chois oppression
" Léiríonn an chlaontacht ó thaobh cine de i gcur i bhfeidhm an phionóis seo go n-úsáidtear anois é, agus gur úsáideadh i gcónaí é, mar uirlis don chur faoi chois, don chos ar bolg polaitiúil agus ciníoch, don leithcheal agus don díoltas.
le cois áis chuardaigh as well as a search facility
" Tá sé furasta do bhealach a dhéanamh fríd an suíomh agus tá léarscáil ann ina bhfuil mionsceitsí de na táirgí go léir, le cois áis chuardaigh.
go gcuirfí faoi chois that they'd be supressed
" Shíl na Protastúnaigh go raibh saol níos fearr i ndán dóibh faoin choróin Shasanach, agus go gcuirfí faoi chois iad dá mbeadh Éire aontaithe neamhspleách ann.
Bois cois 'The palm is like the sole'. Used to indicate similarity in looks or behaviour, usually within a family
" "Bois cois," arsa sise léi féin agus í ag tarraingt ar dhoras an tseomra.
brúite faoi chois downtrodden
" Ní féidir an bá láidir le hÉirinn a shéanadh, áfach, ná leis an dream daoine a bhí brúite faoi chois a shroich Albain agus iad maíte ar shaol níos fearr a bhaint amach dóibh féin agus dá gclann.
Lena chois sin as well as that
" Lena chois sin, faigheann muid urraíocht ó roinnt grúpaí Gaelacha agus ó Ghaeil aonair sa chathair.
lena chois sin as well as that
" Thug sé seo sásamh an-mhór di féin go pearsanta ach, lena chois sin, bhraith sí go raibh an bua seo tábhachtach don cheantar.
le cois Ardteastas san Oideachas as well as a Higher Diploma in Education
" Bhain Ó Céidigh céim amach sa Tráchtáil sa Choláiste Ollscoile i nGaillimh, le cois Ardteastas san Oideachas, agus chaith roinnt blianta ag obair mar chuntasóir leis an chomhlacht KPMG.
Lena chois sin as well as that
" Lena chois sin, ba cheart don Eaglais luí isteach ar mhaoin a dhíol le ciste cúitimh a chur ar fáil do na daoine a bhfuil dochar déanta dóibh.
Lena chois sin as well as that
" Lena chois sin, tá na mílte teach bán i nGaoth Dobhair.
le cois as well as
" Chomh maith leis na binsí, beidh píosaí dealbhóireachta, gairdín luibheanna, agus lúbra ann, le cois rudaí eile.
bhaill shinsearacha na heagraíochta sin cois Life the senior members of that society in Dublin
" Mar bhall de Choiste Náisiúnta Chumann Naomh Uinseann de Pól bhí aithne ag Máire ar bhaill shinsearacha na heagraíochta sin cois Life.
lena chois sin as well as that
" lena chois sin bíonn duine inteacht as an bhaile i gcónaí anseo ar cuairt agus bíonn sé deas bualadh leo agus an scannal uilig a fháil ón bhaile, scéalta ar ndóighe nach mbeadh le fáil ar Raidió na Gaeltachta! Tá an damhsóir Breandán de Gallaí anseo i Sydney i láthair na huaire le Riverdance.
curtha faoi chois suppressed
" "Tá tú curtha faoi chois anois, agus é thar am agat.
le cois as well
" In ainneoin sin is laoch níos mó é ná riamh agus "*nice guy*" le cois.
lena chois sin furthermore
" Agus, lena chois sin, is rud cineál aisteach é le tabhairt faoi deara.
leis an Ghaeilge a chur faoi chois to suppress the Irish language
" An bhfuil a fhios agat, ghlac sé trí nó ceithre chéad bliain leis an Ghaeilge a chur faoi chois - níl sí ag gabháil a theacht ar ais in aon oíche amháin.
gortú dá chois an injury to his leg
" (Cé gur imir Caoimhín sa Chraobh i '78, le cead speisialta bhainisteoir Manchester United, bhí gortú dá chois ag cur as dó agus ba laige a thionchar ar an gcluiche dá bharr.
na Sé Chontae Atá Faoi Chois the Occupied Six Counties
" Cibé eile is féidir a rá faoi "na Sé Chontae Atá Faoi Chois", na flaithis atá iontu ó thaobh seandálaíochta de.
lena chois sin on top of that
" 65) pá saoire lena chois sin.
brúite faoi chois downtrodden
" Ach nuair a chuaigh mé isteach bhí beirt ina suí ag an deisc fáiltithe agus cuma brúite faoi chois orthu.
na cathracha cois cósta the coastal towns
" Sa tSeapáin, beidh cuid mhaith de na cathracha cois cósta faoi uisce, agus cathú ar na Seapánaigh breathnú i dtreo Oileán Sakhalin, an t-oileán atá i seilbh na Rúiseach faoi láthair ach atá ina chnámh spáirne eatarthu cheana féin de bharr an taisce mhóir ola agus gáis atá sna farraigí mórthimpeall air.
beagán le cois a little over
" Tá sé beagán le cois dhá bhliain ó bhain Timor Thoir neamhspleáchas amach agus tá deireadh tagtha freisin leis an tréimhse 500 bliain a raibh an tír faoi chúram dream éicint eile - an Phortaingéil ar feadh i bhfad, an Indinéis ó 1975 agus na Náisiúin Aontaithe ó 1999.
a chur faoi chois to suppress
" Tugann an dóigh a bhfuil lucht monatóireachta vótala agus "*challengers*", mar a thugtar orthu, á gcur sna hionaid vótaíochta teicníc a úsáideadh roimhe seo chun iarracht a dhéanamh vótóirí dubha a chur faoi chois sa *Deep South*, tugann sé léargas dúinn ar an tslí a raibh an saol i Meiriceá roimh thréimhse na gCeart Sibhialta, cé gur seo an bhliain 2004.
Bhímis cois trá we used to be beside the beach
" Bhímis cois trá agus in aice na Gaillimhe.
Le cois along with
" Is léir go bhfuil meas ag an mbainistíocht ar Ray chomh maith toisc gur iarr an bord bainistíochta air glacadh le cúraimí an Phríomhfheidhmeannaigh (Le cois na gcúraimí mar Stiúrthóir Ealaíon a bhí air cheana féin) mí Iúil seo caite.
faoi chois oppressed
" MÁNAS: Na náisiúntóirí bochta agus iad faoi chois ag na Brits diabhalta.
cois teorann near the border
" Níor mhór an cheist a chur cad tuige ar tharla na heachtraí seo i nDún na nGall thar aon chontae eile? Is é an léamh is cineálta ar an scéal ná gur déanadh eisceacht do Dhún na nGall cionn is gur contae cois teorann a bhí ann.
cois teorann near the border
" Níor mhór an cheist a chur cad tuige ar tharla na heachtraí seo i nDún na nGall thar aon chontae eile? Is é an léamh is cineálta ar an scéal ná gur déanadh eisceacht do Dhún na nGall cionn is gur contae cois teorann a bhí ann.
beagán den ádh lena chois a little bit of luck as well
" An grianghrafadóirí níos fearr anois muid? Go bunúsach, ní hea! Tá an teicneolaíocht ann le cuidiú linn agus le féidearthachtaí a chur ar fáil dúinn, ach is é breithiúnas na súile oilte le treoir agus le taithí, agus beagán den ádh lena chois, a chruthaíonn grianghraf maith.
chuaigh a cois i bhfastó ann her leg became entangled in it
" Síos léi de léim arís, ach bhí dris mhór ag fás idir claí agus bóthar, agus chuaigh a cois i bhfastó ann.
scaoil sé a ghreim ar a cois he let go her leg
" ‘Mairfidh tú, muis,’ arsa sé ar nós cuma liom, agus scaoil sé a ghreim ar a cois.
as breith ar mo chois ar ball chomh dána sin for catching hold of my leg earlier so boldly
" ‘Sin ceacht duit as breith ar mo chois ar ball chomh dána sin,’ arsa Sara go borb.
beagán den ádh lena chois a little bit of luck as well
" An grianghrafadóirí níos fearr anois muid? Go bunúsach, ní hea! Tá an teicneolaíocht ann le cuidiú linn agus le féidearthachtaí a chur ar fáil dúinn, ach is é breithiúnas na súile oilte le treoir agus le taithí, agus beagán den ádh lena chois, a chruthaíonn grianghraf maith.
chuaigh a cois i bhfastó ann her leg became entangled in it
" Síos léi de léim arís, ach bhí dris mhór ag fás idir claí agus bóthar, agus chuaigh a cois i bhfastó ann.
scaoil sé a ghreim ar a cois he let go her leg
" ‘Mairfidh tú, muis,’ arsa sé ar nós cuma liom, agus scaoil sé a ghreim ar a cois.
as breith ar mo chois ar ball chomh dána sin for catching hold of my leg earlier so boldly
" ‘Sin ceacht duit as breith ar mo chois ar ball chomh dána sin,’ arsa Sara go borb.
bois cois cosúil leis an athair the image of his father
" ” “Ó, bhal,” arsa a hathair, “bois cois cosúil leis an athair, mar sin.
le cois airm neamhdhleathacha in addition to illegal arms
" Bhí John Eric Irwin, 43 bliana d’aois, as Norris Green, Learpholl, cúisithe as bheith ina bhall den UVF, nithe bheith ina sheilbh aige le haghaidh sceimhlitheoireachta, le cois airm neamhdhleathacha.
faoi chois oppressed
" Níor dhuine faoi chois é, fiú tar éis dhá bhliain déag mar phríosúnach den Chineál A.
faoi chois ag comharsana níos cumhachtaí oppressed by more powerful neighbours
" Tá an meon céanna le fáil ar fud an domhain i measc pobal a bhí tráth faoi chois ag comharsana níos cumhachtaí.
faoi chois oppressed
" I ndiaidh blianta fada faoi chois, mar choilíneacht de chuid na Breataine, ní bheadh sé éasca ag an stát óg é féin a chruthú agus seasamh ar a chosa féin.
lena chois sin in addition to that
" Agus, lena chois sin, dúirt sé: “We have received a number of phone calls from members of the Orange Order to complain about people on the march chanting ‘IRA, IRA’ in response to members of your band.
Lena chois sin, in addition to that,
" Lena chois sin, iarrfaidh siad ar an Uasal Brown moill a chur ar chur i bhfeidhm táillí úra uisce agus laghdú a dhéanamh sa ráta cánach corparáidí a íocann comhlachtaí ó thuaidh.
Lena chois sin ar fad, in addition to all that,
" Lena chois sin ar fad, tá an tAire Sláinte Mary Harney ar tí tionscnamh a fhógairt a rachaidh chun sochair na seandaoine a bhfuil aire á tabhairt dóibh sa bhaile.
go raibh mé breá friochanta ar mo chois that I had a spring in my step
" Bhí a gcuid fonn agus a gcomhcheol chomh deas sin go raibh mé breá friochanta ar mo chois agus mé ar mo bhealach abhaile.
suíomh cois farraige seaside site
" In 2005 a tugadh "Another Place", an t-ainm cnuasaitheach atá ar na céadta deilbh múnlaithe ar chorp Gormley féin, ar an suíomh cois farraige ina bhfuil siad suite, agus is fáilte, a bhí idir chroíúil agus dhoicheallach, a chuir bunadh na háite rompu.
cur faoi chois na dteangacha the suppression of the languages
" Bhí cur faoi chois na dteangacha chomh holc is a bhí sé in Éirinn.
Cuireadh an pobal dúchasach faoi chois the native community was suppressed
" Cuireadh an pobal dúchasach faoi chois tríd an oideachas seachas tríd an gcinedhíothú.
de chois by foot
" Is iad na daoine a iompraíonn a gcuid balcaisí agus a shiúlann an bealach ar fad de chois an dream is traidisiúnta; is fearr le daoine eile an cosán a shiúl ach a gcuid balcaisí a chur ar aghaidh i gcarr agus táthar ann a théann ar rothar nó ar muin capaill.
faoi chois oppressed
" na cáiníocóirí atá faoi chois ag tírghráthóirí na láimhe deirge cheana.
Le cois logainmneacha over and above place names
" Le cois logainmneacha agus ainmneacha pearsanta, nach ndearnadh mórán athruithe orthu riamh, tá claonadh anois “cúpla focal” Maoraise a shníomh isteach i gcomhrá Béarla - i gcás daoine nach bhfuil ach na nathanna gearra cainte sin ar eolas acu, fiú.
beagán le cois a little over
" Bhreathnaigh beagán le cois cúig mhilliún duine ar an fhístéip seo ar an chéad lá a raibh fáil air ar an idirlíon agus tháinig athrú ó bhonn dá bharr ar an chéad mhórscéal nuachta i 2007.
cois abhann. near the river.
" Téann Leith Walk, ar sráid mhór lán tráchta agus siopaí athláimhe í, ansin ó lár na cathrach, nó is féidir siúlóid dheas shuaimhneach, ar a dtugtar Water of Leith, a dhéanamh cois abhann.
le cois an chósta. along the coast.
" D'athraigh líne an chósta níos moille – sa lá atá inniu ann tá Commercial Street le cois an chósta.
faoi chois oppressed
" “Cén chaoi ar féidir linn stádas an laoich a bhronnadh ar dhaoine a bhraith go raibh ceart diaga acu dul i mbun sléachta agus áir ar shráideanna Bhaile Átha Cliath? Ní raibh na hÉireannaigh faoi chois ag Sasana ag an am; ní raibh a leithéid de rud agus sclábhaíocht sa tír.
Le cois dhrochstaid na mbóithre, as well as the bad state of the roads
" Le cois dhrochstaid na mbóithre, cuireann leoraithe móra agus tiománaithe ionsaitheacha go mór le cinneadh comaitéirí gan úsáid a bhaint as a rothair.
Lena chois sin, as well as that
" Lena chois sin, tá baol ann go mbainfear úsáid as an reifreann le cic sa tóin a thabhairt don Rialtas.
lena chois seo as well as this
" I dtosach báire, tá caighdeán an-ard i gceist sna comórtais seo anois, agus lena chois seo tá líon na ndaoine atá ag glacadh páirte iontu ag méadú de shíor.
Lena chois sin, as well as that
" Lena chois sin, má bhaintear saothar Uí Shearcaigh den siollabas, cén áit ar chóir dúinn an líne a tharraingt? An amhlaidh go mbeidh ar an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta polasaí ar leith a dhréachtú ina ndéanfar cur síos beacht ar na cineálacha daoine a gceadófar a saothar ar shiollabais? Cén chaoi a ndéanfaí na cinntí? An nglacfaí le saothar daoine a chuir in iúl roimhe seo go bhfuil, cuir i gcás, tuairimí míchuíosacha ciníocha acu? Ní dhéanfaí staidéar ar DNA i scoileanna na hÉireann sa chás sin – is ciníochaí mínáireach é James Watson, an fear a bhuaigh Duais Nobel as ucht DNA a bheith fionnta aige.
níor chuir sé dá chois é it didn't knock him off his feet
" Chuathas i ngleic leis an ailse sciobtha go leor, agus dá bharr sin níor chuir sé dá chois é agus bhí sé ar ais ar a sheanléim tamall gairid i ndiaidh na hobráide.
cur faoi chois fuilteach bloody oppression
" Dhiúltaigh an Ísiltír, an Spáinn agus an Eilvéis dul ann fosta mar agóid i gcoinne Aontas na Sóivéide, a raibh cur faoi chois fuilteach déanta aige ar éirí amach na hUngáire.
in óstlann cois locha in a lakeside hotel
" Chaith mé cúig mhí ag obair le comhlacht arb é a ghnó ná safari ar dhroim capaill a chur ar fáil in Nyika National Park – an pháirc is mó de na cúig pháirc náisiúnta sa tír – agus sé mhí ag obair in óstlann cois locha i mbaile ar a dtugtar Nkhata Bay.
cosán adhmaid cois cósta a wooden pathway beside the coast
" An rud ba mhó cáil sa chathair go dtí na seachtóidí (nuair a thosaigh an cearrbhachas dleathach) ná an *Boardwalk*, cosán adhmaid cois cósta leagtha in airde os cionn an ghainimh idir piaraí siamsaíochta na cathrach agus thar dhoirse na n-óstán agus na *casinos*.
Le cois na striapach as well as the prostitutes
" Le cois na striapach (nach raibh mórán acu ann, pé scéal é), tá aonaigh shiamsaíochta ar na piaraí go léir, le rollchostóirí, raoin lámhaigh, agus na scórtha rud eile atá ceaptha chun daoine a dheighilt óna gcuid airgid.
brúite faoi chois repressed
" Cé gur leasc liom a bheith ag maíomh, ní miste dom a rá go bhfuil seoid eile d’alt agam daoibh an mhí seo, a léitheoirí dílse: alt ina bhfuil scéal eisiach, scúpscéal, scéal a bhí brúite faoi chois ag Seirbhís Rúnda na hÉireann, ach ar tháinig Balor an Bleachtaire Bóiscéalach air le teann fiosrachta agus fíriúlachta agus friochnaimh.
lena chois sin uilig as well as all of that
" Ní amháin go gcanann sí amhráin de chuid macasamhail Billie Holiday, Bessie Smith agus Jacques Brel, a bhfuil dúil mhór agam iontu chomh maith, ach tá stór amhrán úr aici de chuid cumadóirí na tíre seo, agus lena chois sin uilig, bíonn léiritheoireacht agus cóiriú den scoth déanta ar na hamhráin.
Lena chois sin as well as that
" Lena chois sin, is údar é a bhfuil meas air cheana mar gheall ar dhá leabhar eile dá chuid, The Ownership Solution agus Democracy at Risk.
lena chois sin as well as that
" Tá seans i gcónaí ann lena chois sin, go dtarlóidh sé, gan súil ag duine ar bith leis, go n-imreoidh foireann éigin eile thar barr ar fad ar lá áirithe - cuimhnigh ar Ghaillimh in 05 – agus go mbeifí á rá ansin go bhfuil Cill Chainnigh róshean, nó seafóid éigin mar sin.
choinneáil faoi chois to keep oppressed
" Le cumannachas san Afraic a chloí, ní raibh an dara rogha acu, is cosúil, ach tacú le Marxach amháin sa tSomáil i gcoinne Marxach eile, Mengistu, san Aetóip! Ainneoin tacaíocht mhíleata fhlaithiúil SAM, ní raibh Barre in ann a chuid namhad intíre a choinneáil faoi chois go deo, agus treascraíodh é i 1991.
lena chois sin also
" net) Bhí sé crua le mo linn, ach thugadar an-oideachas teicniúil do dhuine, ach lena chois sin, bhí meas ar luach an duine.
Lucht dhá chois two legged creatures
" Bhí dán beag deas aige a ndéanadh sé é a aithris gan stad: Tá Tulach Mhór i lár na tíre Tulach álainn trína chéile; Lucht dhá chois ag siúl na slí Gan vóta acu ná déine Gan Béarla acu ná Gaeilge.
cois Life Liffeyside
" Bhuel níorbh fhada gur athraigh Brian cúrsaí go mór faoin taobh sin tíre, agus níorbh fhada go raibh vóta ag gach duine faoi lár na tíre, agus déine fosta; agus níorbh fhada gur chuir siad Brian mar theachta go dtí an gheallchathair cois Life, agus níorbh fhada ina dhiaidh sin gur corónaíodh Brian ina rí.
faoi chois defeated
" (- Le briseadh croí a deirim go gcaithfear géilleadh) A luaithe a bhí an Fhrainc faoi chois, chuir an Wehrmacht tús le feachtas bolscaireachta inar iarradh ar phobal na Fraince glacadh le forlámhas fórsaí na Gearmáine agus cabhrú leo aghaidh a thabhairt ar an sean-namhaid, An Ríocht Aontaithe.
faoi chois under the command
" Tá ainm an cheannaire charcraithe, Aung San Suu Kyi, comhchiallach ar fud an chuid is mó d’iarthar domhain le Burma, an tír ina bhfuil sí faoi chois ag na húdaráis mhíleata atá i réim ann ó 1962.
faoi chois down
" I léamh sóisialach Loach, seo fear beag oibre eile brúite faoi chois ag an saol is ag an gcóras.
brú faoi chois oppression
" Tá an chuma ar an scéal go bhfuil brú faoi chois an chreidimh i gceist, leis.
chur faoi chois to oppress
" Leithscéal an Chreidimh Ní hamháin go gcuireann an tSín srian le cleachtadh an Ioslamachais, ach tá creideamh na bhUígireach á úsáid mar leithscéal chun na Uígir a chur faoi chois is chun tacaíocht a fháil don chur faoi chois sin.
de chois on foot
" Cuireadh scairt ar Fhoireann Tarrthála a’ Chairn Ghoirm agus bhí siad ar a mbealach de chois, nuair a nocht bearna sa scamall agus bhí an t-ingearán ábalta ísliú isteach agus James a ghlinneáil aníos 7.
cois (from) beside
" Níor theip ar bháireoirí cois na Feoire agus Shliabh na mBan é sin a dhéanamh.
chuireann fá chois oppresses
" Sochaí a chuireann fá chois iad.
cois abhann by a riverside
" Is amhlaidh gur ghnách foirgnimh adhartha a thógáil cois abhann.
chur faoi chois suppress
" Cé gur éirigh leis na húdaráis an tÉirí Amach, nó ‘Tafsut’, an Earraigh a chur faoi chois, ba lena linn a fuair polaiteoirí sunatasacha Kabyle ár linne taithí ar chur chun cinn chás a bpobail.
de chois on foot
" Ní hionadh mar sin gur theith breis is 2000 duine den phobal áitiúil laistigh den aon mhí amháin, de chois is de chrainn snámha, óna n-áit dúchais i ndúfairí iarthuaisceart na Colóime.
cur faoi chois oppression
" Is deacair glacadh leis gur mionlach é grúpa atá chomh líonmhar sin, ach is é sin díreach atá i gceist leis na Dalit san India, tír a bhfuil breis is billiún duine beo inti, agus is mionlach iad na Dalit a bhfuil an chos ar bolg is an cur faoi chois is measa amuigh á fhulaingt acu le sinsearacht.
faoi chois oppressed
" De na daoine seo, is iad fir óga de shliocht Mharacó an dream is mó a mhothaíonn go bhfuil siad ‘faoi chois’ ag ‘lucht ite cáise’.
faoi chois oppressed
" Chreid Blair as sin amach gurbh é an t-arm an uirlis is oiriúnaí chun dul i gcabhair ar dhaoine a bhí á gcur faoi chois ag a gceannairí féin.
Lena chois sin on top of that
" Lena chois sin, crochfar comharthaí ‘Fáilte’ dátheangacha i bhforhallaí oifigí na ranna rialtais éagsúla i rith an tsamhraidh bhig seo.
Lena chois sin on top of that
" Lena chois sin, cé go raibh an dara seans ag neasóirí na gcomórtas cúige, An Lú, Muineacháin, Luimneach agus Sligeach, b’éigean dóibh imirt arís go luath (fiú taobh istigh de sé lá) i ndiaidh dóibh a bheith buailte i gcluiche ceannais an chúige agus ní hiontas ar bith é agus iad fós faoi dhíomá agus faoi thuirse gur buaileadh iad sna cluichí cáilithe sin.
lena chois as well
" Súnn sé an lucht féachana isteach sa chomhcheilg chruthaitheach lena chois.
Lena chois sin furthermore
" Lena chois sin, cuireann an rialtas i gcuimhne go bhfuil géarchéim airgeadais ann, ní hamháin sa Fhrainc ach ar fud na hEorpa.
faoi chois conquered
" Bhí an Fhrainc faoi chois ag an nGearmáin san am, agus bhí na Meiriceánaigh ag iarraidh an chathair a shaorú.
chur faoi chois to suppress
" Nuair a tháinig na Gearmánaigh chun an Fhrainc a chur faoi chois i 1940, thapaigh roinnt Briotánach an deis chun tacaíocht a fháil dá dteanga.
de chois beside
" Osclaíodh é ar imeall chathair Mhinneapolis i 1992, i bhfobhaile de chois an aerphoirt darb ainm Bloomington, agus nuair a osclaíodh é, maíodh gurbh é an tsiopalann ba mhó ar domhan é.
chur faoi chois to suppress
" Mar sin féin, d’éirigh leis na meáin a rabhadh maidir le “taobhú paiseanta” Mheiriceá do stát na nIosraelach a chur faoi chois.
Le cois as well as
" Le cois tubaiste an anbhás a fuair na créatúir sin, tuairiscítear gur sceith idir 50,000 agus 60,000 bairille d’amhola amach san fharraige in aghaidh an lae ar feadh trí mhí ina dhiaidh sin.
d’oscail faoi do chois opened under foot
" Scríobhann Heaney sa saothar seo go raibh an portach cosúil le him saibhir dubh, a d’oscail faoi do chois, gach sraith den ithir seo dlúth agus beo le fréamhacha cianda nach raibh deireadh leo.
cois farraige seaside
" Fíoroileán ABC é Rarotonga, is é sin, áit atá Aduain, Beag agus Ciúin – na trí ghné is tábhachtaí do shaoire cois farraige dar liom féin.
Lena chois sin on top of that
" Lena chois sin is dream guagach iad na meáin, agus de bharr nach ndíolfadh nuachtán riamh agus an scéal céanna ar an gclúdach gach lá, bíonn siad ar thóir scéalta éagsúla de shíor.
Chois Fharraige coast
" Ar rothar a bhí mé an chéad uair a thaistil mé siar bóthar Chois Fharraige.