Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
nuair a buaileadh coisí when a pedestrian was hit
" Is dócha go gcaithfí le bás Bharron mar a chaithfí le hachan chás eile de charr nár stop nuair a buaileadh coisí.
nuair a buaileadh coisí when a pedestrian was hit
" Is dócha go gcaithfí le bás Bharron mar a chaithfí le hachan chás eile de charr nár stop nuair a buaileadh coisí.
do choisithe pedestrians
" Bun agus barr cúig shráid le chéile atá sa tsráid eicléicteach seo, agus is tearmann faoi scáth crann agus faoiseamh ón ghrian í an chuid lárnach do choisithe, agus do na céadta díoltóir earraí agus aisteoir a bhíonn in iomaíocht lena chéile chun d’aird a tharraingt.
Shiúil coisithe tharainn pedestrians walked past us
" Shiúil coisithe tharainn agus sinn ag teacht amach, a bhformhór gorm.
coisí walker
" Is mór an dúshlán é ag coisí ar bith – bíodh sé ina Chríostaí nó na bíodh – tabhairt faoi agus an t-aistear a chríochnú.
an coisí the pedestrian
" Bhí na gardaí sa tóir ar charr ag an am a leagadh an coisí Long.
chun timpeallacht níos tarraingtí a chruthú do choisithe. to create a more attractive environment for pedestrians.
" Dúnadh cúpla sráid i gcathair Bhaile Átha Cliath chun timpeallacht níos tarraingtí a chruthú do choisithe.
béim ar choisithe agus ar iompar poiblí, an emphasis on pedestrians and public transport,
" Lá breá fómhair a bhí ann, agus ar feadh tamaill bhig, d’fhéad daoine a shamhlú go raibh siad ag spaisteoireacht trí chathair thipiciúil fhorásach de chuid na hEorpa, cathair ina gcuirtear béim ar choisithe agus ar iompar poiblí, seachas garaíocht a bheith á déanamh do ghluaisteáin i ngach áit.
coisithe pedestrians
" Agus bíonn coisithe ag gearán faoi dhaoine a úsáideann a rothair ar chosáin.
contúirteach do choisithe dangerous for pedestrians
" Tá neart taobhshráideanna ag baint leis agus bíonn sé contúirteach do choisithe agus iad á thrasnú.
cosáin do choisithe footpaths for pedestrians
" Níl lánaí ar leith do rothaithe ar fáil, nó cosáin do choisithe.
do choisithe for pedestrians
" Níl lánaí ar leith do rothaithe ar fáil, nó cosáin do choisithe.
coisithe pedestrians
" info) Tá na rialacha i gCód an Bhealaigh Mhóir faoi thiomaint i gceantar foirgnimh an-soiléir: caithfidh tú do charr a thiomaint go mall agus go cúramach mar bíonn coisithe thart timpeall .
choisithe pedestrians
" php) Ní mise an t-aon duine a bhí ag rothaíocht thar an droichead, ach ba chosúil gur mise an t-aon duine a bhí fós sa diallait ar an mbóithrín beag géar do choisithe agus rothaithe a chuaigh suas go dtí an réise.
coisithe pedestrians
" Dream eile a bhíonn go minic i mbaol ar bhóithre na tíre ná coisithe, de gach déanamh.
coisithe pedestrians
" Is féidir leat fanacht faoi thalamh ar chóras cosáin do na coisithe darb ainm an PATH.
coisithe foot-soldiers
" Coirp na Caillí Deirge =========== Bheadh bláthfhleasc eile le leagan i nDroichead na hInse, i gcuimhne orthu siúd a ligeamar i ndearmad – coisithe agus oifigigh – an 54,000 fear sin dár bhfuil is dár gcnámh is dár gcuisle a sladadh i dtréantreascairt na dtrinsí.
coisithe pedestrians
" Ní ráschúrsa fá choinne capall a bheas ann, ach raon rásaí fá choinne coisithe.
mar roghnaigh siad sráid bheag choisithe they chose a small pedestrian street
" Ní raibh mo leathbhádóir chomh bagrach céanna, ach mhaslaigh sé dona go leor iad trí mhíniú dóibh os ard i mBéarla nár aithin siad teanga na hÉireann, an Ghaeilg, agus choinnigh air i bhfad ag rachtaíl gáire ina ndiaidh! Choinnigh siad orthu ag gearradh bealaigh go maolchluasach, ach is é an trua nach bhfaca slua ceart iad, mar roghnaigh siad sráid bheag choisithe lena sonc maslach a thabhairt do na ‘heachtrannaigh’ na teanga aduaine.
droichead coisithe a pedestrian bridge
" Chonaic Ciara Nic Gabhann droichead coisithe á oscailt le gairid mar a bhfuil an saothar ealaíne ollmhór, an Móinéar Balbh, anois, i nDoire Cholm Cille.