Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
tuairim choitianta popular opinion
" Is é an tuairim choitianta go ndéanann eachtraí den chineál seo dochar mór do chás an Lucht Taistil toisc go n-ídíonn sé pé dea-thoil atá ag an bpobal trí chéile ina leith.
íomhánna coitianta common/popular images
" Le linn a shaoil, bhain sé úsáid as íomhánna coitianta nó faiseanta ina chuid oibre.
coitianta common
" Meastar go raibh an t-ainm Síle coitianta i measc na mban a tháinig anseo mar dhaoránaigh ó Éirinn.
níos coitianta more common/popular
" Dar le príomhchoileach seo na sicíní i gContae Chiarraí go bhfuil an smíste *baseball* anois níos coitianta ná an camán faoi Thuaisceart Chiarraí.
coitianta popular, common
" (Plibín rubair an Ghráigis a chuala air sin sula raibh an t-earra féin coitianta).
coitianta common
" Ach bhí sin coitianta go leor.
coitianta common, popular
" " Seirbhísí webmail ======= Go deimhin, tá difear suntasach idir cláracha ríomhphoist ar nós Microsoft Outlook, agus na seirbhísí *webmail* atá coitianta anois.
radharc coitianta a common sight
" Ar theach amháin, mar shampla, bhí bratacha de dhathanna na Ceathrún Rua agus na Gaillimhe ar foluain ar aghaidh an tí (ba radharc coitianta é sin) agus sna fuinneoga in airde staighre bhí geansaithe Chill Chainnigh, Chill Dara agus Átha Cliath crochta go bródúil ag na scoláirí a bhí ag fanacht ann.
coitianta common
" Tá bailiú trofaithe ó íospartaigh coitianta i measc sraithmharfóirí.
réasúnta coitianta reasonably common
" De réir na tuarascála "Discrimination and the Irish Community in Britain", a d'fhoilsigh an Commission for Racial Equality (CRE) sa Bhreatain i 1997, tá ciapadh ciníoch in aghaidh na nÉireannach ina n-áit oibre réasúnta coitianta.
chomh coitianta le as common as
" Bhí sneachta ina luí ar an talamh, radharc atá chomh coitianta le páirceanna coirce sa chuid seo de Mheiriceá.
coitianta common
" Cuireadh ceist air an mbeadh sé ag liostáil san arm mar a bhí coitianta go maith i gcás fear óg a raibh traenáil déanta acu.
níos coitianta more popular
" Tá loingseoireacht satailíte a bhaineann úsáid as córais ar nós GPS ag éirí níos saoire agus, mar sin, níos coitianta le bliain nó dhó anuas.
coitianta common
" Níltear cinnte go fóill cad é go díreach is brí leis an fhocal 'dóthain', nó ní focal coitianta é i bhfuighle mhuintir na hÉireann.
coitianta popular
" Mar shampla, tá feiniméan na mbialann ar féidir tiomáint tríothu, nach bhfuil chomh coitianta sin in Éirinn go fóill, mar chuid lárnach den tírdhreach Meiriceánach.
coitianta common
" Mar sin, tá ainmneacha suíomh gréasáin nua ag éirí níos faide agus níos faide - agus tá daoine ag úsáid frásaí iomlána mar sheoltaí in áit na ngiorrúchán a bhí coitianta go dtí seo.
coitianta common
" Tógann Iglesia rudaí coitianta atá thart timpeall orainn, agus athraíonn sí iad agus an tslí a n-amharcann muid orthu.
coitianta plain
" Is teampall deas é a tógadh in 1829, ach tá sé coitianta go leor ó thaobh na hailtireachta de agus ní fiú radharc na réaltaí a scrios ar mhaithe le haird a tharraingt air san oíche.
an-choitianta very common
" Bhí rud amháin nár thaitin leis, áfach, mar bhí sé an-choitianta ag an am, sé sin bainisteoirí, roghnóirí, lucht uisce agus araile ag rith amach ar an bpáirc le linn cluiche.
sách coitianta common enough
" Chuaigh sé go Sasana agus d'éirigh sé tugtha don ól - scéal sách coitianta i measc na bhfear a chaith seal i Leitir Fraic.
níos coitianta more common
" Tá an féinmharú níos coitianta ná mar a bhí riamh i gcontaetha an iarthair, go háirithe i gCiarraí, i nGaillimh, i Maigh Eo agus i nDún na nGall.
go coitianta commonly
" "Ba mhaith liom go mbeadh glactha leis go coitianta gur mar sin a bheadh.
go mbeadh glactha leis go coitianta that it would be widely accepted
" "Ba mhaith liom go mbeadh glactha leis go coitianta gur mar sin a bheadh.
is coitianta most common
" B'fhéidir gurb iad na sofhriotail a úsáidtear le tagairt a dhéanamh don ghnéas na cinn is coitianta ar fad.
i bhfad níos coitianta a lot more common
" Is mar a léirítear thuas atá cúrsaí spóirt le céad bliain anuas, beagnach, cé go bhfuil an taobh gairmiúil tar éis éirí i bhfad níos coitianta le blianta beaga anuas.
den bharúil sin go coitianta generally of that opinion
" Táim féin sásta a rá anois go bhfuil an fhoireann seo ar cheann de na foirne is fearr a bhí riamh ann agus go mbeifear den bharúil sin go coitianta taobh istigh de chúpla bliain eile.
níos coitianta more common
" Tá na gléasanna seo a chóipeálann na cártaí, ar a dtugtar "*skimmers*", an-bheag agus tá siad ag éirí níos coitianta gach bliain, agus bím buartha go n-úsáidfear an teicneolaíocht sin chun mo chuid airgid a ghoid.
coitianta common
" Beidh an-spéis ag amhránaithe ann mar go mbeidh siad ábalta éisteacht le cuid de na hamhránaithe ab fhearr agus iad ag gabháil d'amhráin atá anois, b'fhéidir, coitianta go maith ach a raibh nuaíocht ag baint leo ag an am sin.
coitianta common
" Is rud coitianta é déagóirí dul isteach sa TA chun airgead a shaothrú le cúrsa coláiste a dhéanamh.
níos coitianta more common
" Bhí an raimhreacht beagáinín beag níos coitianta i measc na gcailíní ná mar a bhí i measc na mbuachaillí, ach ní raibh mórán eatarthu.
nach mbeadh ar eolas go coitianta which wouldn't be well known
" Chomh maith leis sin, phiocas tiúin, b’fhéidir, nach mbeadh ar eolas go coitianta.
tuairim choitianta the common opinion
" Seans go raibh muid débhríoch go maith faoin fhoiréigean ach ba é an tuairim choitianta i measc náisiúnaithe na tíre ná nach raibh i gcimí na Ceise Fada ach íospartaigh a bhí san áit chiotach ag an am chiotach.
chomh coitianta as common
" Bhí an teanga a bhí le fáil in *Teach Yourself Irish *an-chasta - agus beagán sean chomh maith (rinne muid staidéar ar an tuiseal tabharthach, mar shampla, gan tuiscint ar bith bheith againn nach bhfuil sé chomh coitianta leis na tuisil eile).
chomh coitianta sin so common
" Alan Pelz-Sharpe, Groton, USA (ó shuíomh gréasáin an BBC) Tá an ghrianghrafadóireacht i ndiaidh éirí chomh coitianta sin go bhfuil sé deacair a shamhlú go mbíodh eagla ar dhaoine lá den saol go sciobfadh an “bosca beag dubh” a n-anam ar shiúl uathu dá dtógfaí pictiúr díobh, agus go raibh daoine ann a bhí cinnte gur céim siar a bhí ann nuair a tháinig deireadh le *daguerratypes*.
chomh coitianta as common
" Bhí an teanga a bhí le fáil in *Teach Yourself Irish *an-chasta - agus beagán sean chomh maith (rinne muid staidéar ar an tuiseal tabharthach, mar shampla, gan tuiscint ar bith bheith againn nach bhfuil sé chomh coitianta leis na tuisil eile).
chomh coitianta sin so common
" Alan Pelz-Sharpe, Groton, USA (ó shuíomh gréasáin an BBC) Tá an ghrianghrafadóireacht i ndiaidh éirí chomh coitianta sin go bhfuil sé deacair a shamhlú go mbíodh eagla ar dhaoine lá den saol go sciobfadh an “bosca beag dubh” a n-anam ar shiúl uathu dá dtógfaí pictiúr díobh, agus go raibh daoine ann a bhí cinnte gur céim siar a bhí ann nuair a tháinig deireadh le *daguerratypes*.
coitianta common
" Is baolach go bhfuil an nós seo coitianta go maith in iriseoireacht na tíre seo le dornán blianta anuas.
measartha coitianta reasonably common
" Tá a leithéid de chóras measartha coitianta ar mhór-roinn na hEorpa agus tá trealamh ardteicneolaíochta ar fáil anois a chiallaíonn nach próiseas fadálach a bhíonn ann.
coitianta common
" Ansin chuaigh muid trasna na leithinse go dtí iarsmaí seanséipéil ón ré chéanna, in aice le Baile Bháltair – b’ainm coitianta Normannach é Bháltair.
tréithe coitianta common traits
" D’aithin muid na tréithe coitianta láithreach bonn.
an íomhá is coitianta the most common image
" Ach an bhfuil duine beo taobh thiar den bhéaloideas seo nó an é nach bhfuil ann sa deireadh ach toradh samhlaíochta nó, níos measa arís, íomhá a cruthaíodh le dlús a chur le cúrsaí siopadóireachta aimsir na Nollag? Creidtear gurb é an comhlacht Coca-Cola a thug ar an saol sna 1930aí an íomhá is coitianta atá againn anois den phearsa seo, nuair a léirigh an maisitheoir trádála Haddon Sundblom Daidí na Nollag i ndathanna an chomhlachta (bán agus dearg) mar chuid d’fheachtas fógraíochta an gheimhridh - tréimhse a bhí thar a bheith deacair ó thaobh díolacháin ag Coca-Cola, is cosúil.
coitianta common
" Ach an bhfuil duine beo taobh thiar den bhéaloideas seo nó an é nach bhfuil ann sa deireadh ach toradh samhlaíochta nó, níos measa arís, íomhá a cruthaíodh le dlús a chur le cúrsaí siopadóireachta aimsir na Nollag? Creidtear gurb é an comhlacht Coca-Cola a thug ar an saol sna 1930aí an íomhá is coitianta atá againn anois den phearsa seo, nuair a léirigh an maisitheoir trádála Haddon Sundblom Daidí na Nollag i ndathanna an chomhlachta (bán agus dearg) mar chuid d’fheachtas fógraíochta an gheimhridh - tréimhse a bhí thar a bheith deacair ó thaobh díolacháin ag Coca-Cola, is cosúil.
in ainneoin na barúla coitianta despite popular opinion
" Ach, in ainneoin na barúla coitianta, tá boige ag baint le Balor fosta, agus bíonn sé fial flaithiúil lena chuid bronntanas am seo na Nollag.
tréithe coitianta common traits
" D’aithin muid na tréithe coitianta láithreach bonn.
tréithe coitianta common traits
" D’aithin muid na tréithe coitianta láithreach bonn.
coitianta common
" Bhí mé i lóistín le ceathrar acu – bhí teach ar cíos acu i Highgate – agus tar éis píosa bhí sé an-suntasach nár iompaigh siad mórán ar an mBéarla, rud atá coitianta anois nuair a bhíonn duine nach bhfuil aige ach Béarla ina measc.
coitianta common, popular
" Is ceantar mór talmhaíochta é ceantar Wentworth agus ba é an phríomhuirlis a bhí acu á thógáil ná tarracóirí de dhéanamh Ferguson a bhí coitianta go maith sa gceantar.
an leas coitianta agus náisiúnta the common and national interest
" Ainneoin an ghoimh agus na binbe idir an dá pháirtí sin, ní bheadh sé dodhéanta acu comhghéilleadh áirithe a dhéanamh ar a bpolasaithe ar an bhonn gurb é an leas coitianta agus náisiúnta é go mbunófaí rialtas buanseasmhach.
coitianta common
" Ní fheiceann tú na fógraí bagartha atá coitianta in Éirinn, a bhfuil cuid acu déanta ag eagraíochtaí feirmeoireachta mar an ICMSA.
an chaoi a nglactar leis go coitianta the way it's commonly taken for granted
" Mar sin féin, tarraingíonn sé caint agus díospóireacht agus argóintí i monarchana, i bpubanna, in oifigí agus i scoileanna, ní hamháin sa chlós ach i seomra na foirne teagaisc chomh maith, i gcás meánscoil lán-Ghaelach amháin ar a laghad! Rud amháin a chuireann as dom féin ná an chaoi a nglactar leis go coitianta go bhfuil suim ag chuile dhuine beo i gcúrsaí sacair i Sasana, agus go bhfuil tú sórt "ait" ar bhealach éigin mura bhfuil.
an-choitianta very common
" Ní raibh aon chúrsa mar é áit ar bith eile – tá siad an-choitianta anois agus bunaithe ar chúrsa Magee atá siad, cuid mhaith.
na roghanna is coitianta the most common options
" Mar shampla, níl aon roghchlár "File" ann a thuilleadh agus tá na roghanna is coitianta ar nós "Oscail" agus "Sábháil" faoi cheilt taobh thiar de chomhartha ildaite sa chúinne is airde ar chlé.
na coincheapa polaitiúla coitianta, the common political concepts,
" Amharcann Laoch na Litríochta air féin mar scolardach polaitiúil, agus d’amharc riamh, ach tuigeadh dó go mbeadh air dianstaidéar a dhéanamh ar roinnt de na coincheapa polaitiúla coitianta, agus iad siúd nach bhfuil chomh coitianta, sula dtabharfadh sé faoi thuairisceoireacht thuisceanach tharraingteach ar ghnéithe éagsúla de na feachtais atá le teacht.
sách coitianta inár sochaí. common enough in our society.
" Sa mbliain 2007 tá idir chiníochas agus réamhchlaonadh in aghaidh daoine dubha fós sách coitianta inár sochaí.
sách coitianta common enough
" Sa mbliain 2007 tá idir chiníochas agus réamhchlaonadh in aghaidh daoine dubha fós sách coitianta inár sochaí.
coitianta common
" Cleachtann Heussaff na seifteanna ar fad atá coitianta sa chineál seo scéalaíochta.
cloí leis an leagan coitianta. to stick to the common version.
" Bíodh sin amhlaidh, is dócha go bhfuil an cath áirithe sin caillte agus is fearr aithne ag daoine air mar “Phádraig” agus gurbh fhearr, i bhfianaise lucht léitheoireachta an leabhair seo, cloí leis an leagan coitianta.
coitianta common
" ” Bhí an t-athair ag iarraidh go mbeadh Gaeilge líofa ag Maighread, mar sin chuir sé ar scoláireacht Gael Linn go Rann Feirste í agus í go fóill sa bhunscoil, rud a bhí coitianta ag an am.
chomh coitianta as common
" “Thug m’athair cabhair agus tacaíocht dom i gcónaí ach ní hea gur lig sé dom a bheith go hiomlán “over the moon” nó “under the moon” ach leathbhealach idir eatarthu – mar sin ‘OverNeath’!” Cheap siad go raibh “OverNeath” oiriúnach mar theideal don albam nua freisin mar go mbeadh sé éasca é a aimsiú ar na hinnill chuardaigh ar an idirlíon toisc nach bhfuil sé chomh coitianta leis an bhfocal “slide”.
glactar coitianta leis an tuairim, the opinion is widely accepted,
" Is minic ráite, agus glactar coitianta leis an tuairim, gurb iad foireann Chiarraí na tréimhse 1978 – 1986 an fhoireann ab fhearr a bhí riamh ann.
an-choitianta very common
" Agus tá an dearcadh sin an-choitianta i sciar mór den tír.
na hainmhithe is coitianta anseo the most common animals here
" Is iad na hainmhithe is coitianta anseo ná an t-éalann (an t-antalóp is mó ar domhan), an ruán, an *reedbuck*, an *bushbuck* agus an séabra, ach feictear liopaird, hiéanaí agus eilifintí ó am go chéile freisin.
an t-iasc is coitianta the most common fish
" Is é an siorc an t-iasc is coitianta a bhíonn ar díol i siopaí éisc agus sceallóg sa Nua-Shéalainn.
coitianta common
" Má ghlacann muid leis gurb iad Clanna Gael (clubainm atá coitianta ar fud na tíre) a imríonn cluichí na nGael agus a bhíonn de shíor ag troid lena chéile, b’fhéidir go raibh an ceart ag na Sasanaigh.
Níl ilteangachas coitianta Multi-linguism is not commonplace
" Níl ilteangachas coitianta sa Nua -Shéalainn, ach amháin i measc na ndaoine a rugadh thar lear, a bhfuil níos mó ná teanga amháin ag 48.
an cód coitianta peile the common football code
" Timpeall fiche bliain ó shin, ligeadh dhá fhoireann as an Astráil Theas agus dhá cheann as an Astráil Thiar, an dá stát eile a bhfuil an cód coitianta peile acu, isteach sa chomórtas.
i bhfad níos coitianta much more popular
" Chomh maith leis sin, bhog foirne ó Melbourne go dtí New South Wales agus go Queensland, cé go bhfuil rugbaí i bhfad níos coitianta ná peil Astrálach sna stáit sin.
nós coitianta common practice
" Ba iad na meáin chumarsáide ba thúisce a tháinig i dtír ar an éileamh seo agus is nós coitianta anois é leathanaigh phearsanta agus blaganna a chumadh.
focal coitianta common word
" Is cineál púca é boggart, ar focal coitianta é sa chaint i dtuaisceart Shasana.
aidiacht is coitianta the most common adjective
" Is é an aidiacht is coitianta a úsáidtear sna meáin i leith na fianaise seo ná “dochreidte”, agus tá sé ag éirí níos deacra ag Ahern an fód a sheasamh.
coitianta, common,
" Agus beidh ceolchoirm de chuid salmairí ó Inse Ghall ar siúl, ina gceolfar i stíl amhránaíochta a bhí coitianta, tráth, i nGaeltacht na hAlban, ach atá imithe i léig anois i ngach áit ach amháin in Inse Ghall.
coitianta go leor common enough
" Bíodh sé fíor nó contráilte, tá an tuairim coitianta go leor i Sasana go bhfuil an Pharlaimint ag caitheamh barraíocht airgid phoiblí agus gurb iadsan atá ag díol as.
Modh an-choitianta iompair atá a very common mode of transport
" Modh an-choitianta iompair atá sa rothaíocht sna cathracha seo, ar féidir leis truailliú a laghdú agus atá neodrach ó thaobh mhéid an charbóin a scaoiltear.
táirgí an-choitianta very much everyday items
" I measc na n-earraí a raibh spéis aige iontu bhí fiacla bréige, troscán *Art Deco* agus táirgí an-choitianta mar phrócaí brioscaí in ollmhargaí a raibh rian na comóntachta ag baint leo.
go coitianta commonly
" Déantar an focal áirithe sin a ghiorrú cionn is nár mhaith leis an chliarlathas go n-aithneofaí go coitianta gur leosan a bhaineann an aicíd mharfach seo.
an-choitianta very regular
" Bhí – agus tá go fóill – fadhbanna sóisialta agus síceolaíochta an-choitianta i measc Bhundúchasaigh na tíre, agus dá bharr sin lean tionchar thaithí dhiúltach na nglúnta goidte ar aghaidh chuig na glúnta ina ndiaidh.
an-choitianta very common
" Chreid na foclóirithe gur ainm baiste an-choitianta i measc na mban Éireannach san Astráil ab ea é an t-ainm Síle faoin am a chualathas trácht ar an leasainm *Sheila* san Astráil den chéad uair.
mar a thugtar air go coitianta. as it is regularly called
" Ba ar an dáta seo deich mbliana ó shin a síníodh Comhaontú Bhéal Feirste, nó Comhaontú Aoine an Chéasta mar a thugtar air go coitianta.
ár misean coitianta our common mission
" Níos tábhachtaí fós, beidh lucht na comhdhála ag féachaint le féidearthachtaí comhoibrithe a aimsiú a chuirfidh ar ár gcumas ár misean coitianta a chur i gcrích.
coitianta common
" Cé gur bláth é an cloigín gorm atá réasúnta coitianta i Sasana, tá sé faoi bhrú ar fud na hEorpa.
chomh coitianta sin some common in English
" “Mac an Easpaig – shíl sibhse gurbh é Casey bocht na Gaillimhe an chéad easpag in Éirinn a raibh mac aige, ach cad as, mar sin, don tseanbheannacht Ghaelach atá chomh coitianta sin i mBéarla: *May all your sons be bishops, and all their sons be bish**ops also*?” Phléigh sé buntáistí agus míbhuntáistí na mbealaí éagsúla chun an Ghaeilge a fhoghlaim – é seo le daoine nár léirigh suim dá laghad sa teanga riamh ina saol.
a thugtar go coitianta popularly called
" The Stonewall Riots a thugtar go coitianta ar an eachtra seo a tharla 38 bliain ó shin sa chathair Mheiriceánach agus ba dhíol suntais í mar gheall ar go meastar í go forleathan a bheith ina cor cinniúna i stair na ndaoine homaighnéasacha.
fadhb choitianta common problem
" (Paragraf 3) ** ** **Staidéar** Tharla an eachtra áirithe seo in Missouri, Stáit Aontaithe Mheiriceá, ach is léir gur fadhb choitianta í an chibirbhulaíocht in Éirinn chomh maith, más fíor do thorthaí staidéir chuimsithigh a foilsíodh le gairid.
coitianta common
" Más féidir leat na ceisteanna a fhreagairt i d’fhocail féin, léireoidh tú gur thuig tú an t-alt!** CEIST A hAON(I) Cén fáth ar chuir Megan lámh ina bás féin? (p2) (II) De réir an ailt seo, cé a bhfuiltear ag cur an mhilleáin uirthi maidir le bás Megan? Cén fáth a bhfuiltear ag cur an mhilleáin ar an duine seo? (p3) (III) Céard a léiríonn torthaí an taighde ar thug "Primetime" agus *The Irish Independent *faoi? (p4 agus p5) CEIST A DÓ (I) Cén éifeacht a d'fhéadfadh a bheith ag an gcibirbhulaíocht ar shaol an duine a ndéantar bulaíocht air? (p6) (II) Cén fáth a bhfuil an chibirbhulaíocht níos nimhní ná bulaíocht a dhéantar aghaidh ar aghaidh? (p8)(III) Céard iad na ceantair is mó a mbíonn an chibirbhulaíocht coitianta iontu? Cén fáth a bhfuil sé sin amhlaidh? (p11) CEIST A TRÍ(I) Ar chóir, dar le húdar an ailt, an locht a chur ar an teicneolaíocht? (p12) (II) Cé hiad na dreamanna a bhfuil freagracht orthu ó thaobh polasaithe i leith na cibirbhulaíochta a stiúradh? (12)
an dara cúis is coitianta the second most common reason
" Léiríonn an suirbhé (Eurobarometer) a rinneadh i ndiaidh an reifrinn, gurbh é an dara cúis is coitianta a bhí acu siúd a vótáil *Níl* ná go raibh siad ag iarraidh ár bhféiniúlacht Éireannach a chosaint.
Claonadh cúisíoch coitianta a fairly common inclination
"Claonadh cúisíoch coitianta atá ag an lucht léirmheastóireachta sa lá atá inniu ann ná míniú a lorg ar gach rud.
an dara cúis is coitianta the second most common reason
" Léiríonn an suirbhé thuasluaite, a rinneadh i ndiaidh an reifrinn, gurb é an dara cúis is coitianta a bhí acu siúd a vótáil *Níl* ná go raibh siad ag iarraidh ár bhféiniúlacht Éireannach a chosaint.
coitianta common
" ” Labhraíonn sé ar laethanta a óige agus ar na traidisiúin uilig a bhí coitianta ag an am ar oíche Fhéile Bríde.
an-choitianta very common
" Tá an nós seo i gceist sna Stáit Aontaithe, áit a bhfuil sé an-choitianta agus fíor-éifeachtach.
níos coitianta more common
" Tá na rátaí torthúlachta **(1)** sa Fhrainc agus in Éirinn don bhliain 2008 ar na cinn is airde san AE; tá sé níos coitianta anois sa Fhrainc do bhean a bheith ar a laghad 30 bliain d’aois sula mbíonn an chéad pháiste aici (rugadh 21.
coitianta common place
" Bhuaigh Higgins arís in 1982, agus bhí clú agus cáil air taobh istigh agus taobh amuigh de phobal an tsnúcair a bhuíochas sin do na scéalta agus na ráflaí a bhain leis, agus don chraoladh beo teilifíse a bhí coitianta um an dtaca sin.
coitianta common
" Ba chaitheamh aimsire coitianta é fiche bliana ó shin i Sléibhte Cuimbria (i gCeantar na Lochanna), sna Sléibhte Pennine i Sasana agus i Sléibhte Coimre, sa Bhreatain Bhig, ach thógadh sé mí nó dhó chun staid na sléibhte a bheith i gceart, leis an timthriall 'seaca-coscairt.
imeacht chomh coitianta so commonplace an event
" Ba thruamhéalach an ráiteas a cuireadh amach gur “comhoibrithe leis an namhaid” a bhí sna fir pizza agus ba shuarach é daoine a mharú in imeacht chomh coitianta sin, ag glacadh le greim gasta.
coitianta common
" Is iarsma é Seanad Éireann den dearcadh a bhí coitianta sna 30í a dhearbhaigh go bhfuil tábhacht ar leith ag na gairmeacha agus gur chóir go mbeadh guth acu sa chóras pholaitiúil.
coitianta general
" Easpa ceannródaíochta le dul i ngleic le géarchéim an gheilleagair agus gan an téagar polaitiúil léirithe le go mbeadh meas coitianta tuillte aici (à la Dan Quayle).
coitianta common
" Ní raibh an teárma “na meáin sóisialta” chomh coitianta is atá anois.
is coitianta most common
" Achan tír ar domhan a bhfuil tiomáint taobh ciotach an bhealaigh ina dhlí, is ceann de na fáthanna taismí báis is coitianta é sin.
choitianta common
" Gealach an Bhéaloidis Tá tagairt déanta don ghealach i mbéaloideas tíortha éagsúla chomh maith len í a bheith ina híomhá choitianta i saothar ealaíne.
coitianta commonplace
" An bhfuil siad a dhéanamh go bhfuil siad ag déanamh gair do na páistí, á dtógáil le Béarla? Tá sin iontach coitianta, aithníonn tú é.
coitianta common
" org/wiki/O'Tuathail) Sléachtú na Sloinnte De réir an leabhair cháiliúil “Irish Families” le Edward MacLysaght, bhí an nós sin coitianta go leor i measc mhuintir na tíre seo ón ochtú haois déag i leith, is é sin, gur ghnách le daoine an ‘Mac’ nó an ‘O’ a fhágáil ar lár as sloinnte Gaelacha.