Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
dhara rogha na coitiantachta second favourite
" Díol spéise é go raibh Ledwith mar dhara rogha na coitiantachta nuair a ceapadh an Cairdinéal Desmond Connell mar Ard-Easpag ar Bhaile Átha Cliath i 1988.
rogha na coitiantachta the favourites
" Is é an tAire Sláinte Mícheál Ó Máirtín agus an tAire Gnóthaí Eachtracha, Brian Cowen, rogha na coitiantachta.
rogha na coitiantachta the favourites
" É fós sna déaga ar nós Setanta, bearradh lom gruaige aige ("skinhead" a thugtaí ar a leithéid, agus bhí sé an-neamhchoitianta i measc imreoirí peile agus iománaíochta san am), rinne Jimmy Barry rud nach bhfuil déagóir in ainm is a dhéanamh i gcluiche ceannais na hÉireann: cúl dána, sotalach a ghnóthú a bhuafadh an chraobh i gcoinne rogha na coitiantachta.
Rogha na coitiantachta favourites
" Rogha na coitiantachta a bhí iontu fosta agus airgead leath na tíre orthu mar mhuintir Allied Irish Banks.
thar an gcoitiantacht out of the ordinary
" Ní ábhar iontais a bheadh ann dá mbronnfaí bronntanas bláthanna ar ócáidí speisialta mar laethanta breithe ach fiú muna mbíonn i gceist ach bualadh isteach chuig cara, ní haon rud thar an gcoitiantacht é táth breá bláthanna bheith ina ghlac ag Polannach.
rogha na coitiantachta the favourite
" Agus tá sé mar rogha na coitiantachta chomh maith, *so he is*.
as an choitiantacht out of the ordinary
" D’aithin a chuid comhghleacaithe scoile go raibh eagna chinn as an choitiantacht aige.
rogha na coitiantachta, the faviourite
" B’é an Brit Ian McEwan a bhí mar rogha na coitiantachta, thall ansin ar scor ar bith, agus 150,000 cóip dá leabhar díolta cheana féin.
Cuireann sé in aghaidh chomhdhearcadh na coitiantachta He opposes general consensus
" Cuireann sé in aghaidh chomhdhearcadh na coitiantachta agus i gcoinne dioscúrsa atá san fhaisean.
an dóigh a gcruthaíonn miotas comhdhearcadh na coitiantachta. the way in which myth creates a general consensus
" ”An GhaeilgeTá Myers an-tógtha ina chuid scríbhneoireachta le cumhacht an mhiotais agus an dóigh a gcruthaíonn miotas comhdhearcadh na coitiantachta.
rogha na coitiantachta the hot favorite
" Cé go mba í Hilary Clinton rogha na coitiantachta, ag an am, chuir mé geall beag ar Obama agus fuaireas 13/1 air, ag an am.
chomhdhearcadh na coitiantachta consensus
" Le leathchéad bliain anuas, d’éirigh le dearcadh bhunúsachas an mhargaidh seo as Ollscoil Chicago a bheith ina chomhdhearcadh na coitiantachta ‘Washington.
rogha mhór na coitiantachta the top favorite
" Deir *Paddy Power* gur rogha mhór na coitiantachta é agus nach mbeidh siad ag díol aon chorrlach ar a bhua dá bharr! Deireadh Fómhair 2008: An tAire Airgeadais, George Lee Fógraíonn George Lee clár sceanairte de cháinaisnéis.
rogha na coitiantachta favorite(s)
" Mar shampla, ba iad Corcaigh rogha na coitiantachta i mbliana i gcoinne Chiarraí, rogha a bhí bunaithe ar bhua Chorcaí sa tSraith Náisiúnta peile.
rogha na coitiantachta the favorite
" Is í rogha na coitiantachta ag an tráth seo í chun an gaisce sin a bhaint amach ach tá dhá bhliain d’obair dhian agus d’íobairtí pearsanta le cur di ar dtús.
thar an choitiantacht exceptional
" Chomh maith le héilitheoirí leasa shóisialigh, is iad státseirbhisigh na huain íobartha ar altóir fhiosca na córa, (on the altar of fiscal rectitude) daoine a bhfuil postanna sócúla saoil agus pinsin thar an choitiantacht acu, dár lena lán, ach deir an tUasal Campfield go bhfaigheann státsheirbhisigh ar an mheán, pinsin idir £5000 agus £6000 sa bhliain.
Rogha na coitiantachta the favourite
" Rogha na coitiantachta de ghnáth, is ea go nglactar le John (“Johnny”) Giles, an ceannfort lár páirce, a ndearnadh a lá breithe seachtó bliain a chomóradh le déanaí.
as an choitiantacht unusual
" Cad é a chuaigh contráilte?" - Thuig Caitríona Ruane gur ag magadh a bhí mé - ar an dea-uair - ach is féidir a rá go bhfuil saol as an choitiantacht caite ag an bhean seo 49 mbliana d'aois as Contae Mhaigh Eo.
rogha na coitiantachta the favorite
" Is iad "seanfhondúirí" an pháirtí an chéad dream sainleasa, agus is é Mitt Romney, rogha na coitiantachta go dtí le fiórdhéanaí, a roghana.
Is í rogha na coitiantachta she’s the favourite
" Is í rogha na coitiantachta don bhonn óir agus cé nach féidir talamh slán a dhéanamh de go mbuafaidh sí (ach oiread le hiomaitheoir ar bith eile), is féidir a rá go bhfuil na tréithe sin atá riachtanach chun an bua a fháil aici – an scil, an croí, an diongbháilteacht, an cur chuige, an teacht aniar, an taithí agus an fhéinmhuinín.
rogha na coitiantachta favourite
" Is í foireann iontach Chill Chainnigh atá i gcónaí ar bharr an dréimire agus mar rogha na coitiantachta maidir le Corn Mhic Cárthaigh a bhuachan.
Rogha na coitiantachta a bhí inti she has been the favorite
" Cách ar Tinneall ======= Rogha na coitiantachta a bhí inti le fada, ní nach ionadh agus Craobh na hEorpa buaite faoi chúig agus craobh an Domhain faoi cheathair.
comhroghanna na coitiantachta the favourites
" Ba iad na rábálaithe Afra-Mheiriceánacha, Tommie Smith agus John Carlos, comhroghanna na coitiantachta sa rás, ach d’éirigh le Norman críochnú chun tosaigh ar Carlos.
rogha na coitiantachta the favorites
" Ba iad Tiobraid Árann rogha na coitiantachta roimh an gcluiche sin, ní hamháin le bua a fháil ar Luimneach, ach le craobh na Mumhan a bhuachan arís agus dúshlán Chill Chainnigh a thabhairt i gcluiche ceannais na hÉireann.
i dtuairim na coitiantachta favourite
" Foilsíodh roinnt pobalbhreitheanna tar éis aiséirí Rudd a léirigh go bhfuil na páirtithe móra gob ar ghob, ach go bhfuil Abbott i bhfad chun cúil ar Rudd i dtuairim na coitiantachta mar phríomh-aire.
theanga na coitiantachta common speech
" Bhí an gligín le cloisteáil i bhfógra teilifíse, cuid d’fheachtas fógraíochta ar son mhonaróir na ngluaisteán, Holden, agus ní haon áibhéil a rá go raibh an rannóg neamhchas mar chuid de theanga na coitiantachta abhus.
rogha na coitiantachta the favourite(s)
" Agus is í foireann Átha Cliath rogha na coitiantachta agus rogha na ngeallghlacadóirí chun Craobh na hÉireann a bhuachan in 2014.