Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
i gcoitinne in general
" Toisc go bhfuil an lá oibre níos faide i gcoitinne ní féidir le mná gairmiúla fanacht ag obair nuair a bhíonn leanaí acu.
i gcoitinne in general
" Tá ceann de na príomhchláracha náisiúnta raidió, clár Pat Kenny, á chraoladh ón Daingean ar an Aoine seo, rud a tharraingeoidh aird an phobail i gcoitinne ar an mbaile agus ar an bhféile.
i gcoitinne in general
" Agus d'fhéadfadh cúrsaí éirí ní ba mheasa do na póilíní agus do mhuinir Nua-Eabhrac i gcoitinne gan mhoill.
as an iarthar i gcoitinne from the west in general
" Ní léir fós an ar dhaoine as an Astráil nó as an iarthar i gcoitinne a bhí an t-ionsaí dírithe.
i gcoitinne in general
" Ar an gcéad dul síos tá feirmeoirí thíos leis go mór - tá deacrachtaí acu beostoc a bhogadh agus a dhíol toisc an gnáthpháipéarachas a bhaineann lena mbeithígh a bheith gafa sa Roinn, gan trácht ar na deontais atá reoite istigh ann - ach tá cúis imní ann don phobal i gcoitinne.
i gcoitinne in general
" "Bhí spéis mhór agam i dteangacha i gcoitinne.
agus na sochaí i gcoitinne and of society in general
" Dá mbeadh córais eile an stáit agus na sochaí i gcoitinne (i ré seo an phríobháidithe) páirteach i gcur chun cinn an pholasaí náisiúnta seo, bheadh toradh i bhfad níos forleithne bainte amach.
i gcoitinne in general
" Cháin sé na seirbhísí faisnéise ar a lán bealaí, cé gur éirigh leis corrfhocal molta a rá freisin - go raibh ag éirí go maith leo "i gcoitinne".
i gcoitinne in general
" Ach dá mbeadh cead ag an lucht geal drugaí a úsáid, mar shampla EPO, druga a mhéadaíonn ar líon na gceall dearg san fhuil, b'fhéidir go mbeidís in ann dul in iomaíocht le muintir na hAfraice agus an cine gorm i gcoitinne.
an cine gorm i gcoitinne black people in general
" Ach dá mbeadh cead ag an lucht geal drugaí a úsáid, mar shampla EPO, druga a mhéadaíonn ar líon na gceall dearg san fhuil, b'fhéidir go mbeidís in ann dul in iomaíocht le muintir na hAfraice agus an cine gorm i gcoitinne.
ón bpobal i gcoitinne from the community in general
" Is rud tábhachtach é go dtiocfadh daoine ó cheantair eile chuig Baile Munna mar tugann sin teachtaireacht nach bhfuil an áit scartha amach ón bpobal i gcoitinne, nach bhfuil sé imeallaithe, ar oileán éigin.
i gcoitinne in general
" " Ach creideann Mairéad go bhfuil neart daoine i mBaile Átha Cliath "institutionalised" de bharr shaol na cathrach i gcoitinne.
leas an phobail i gcoitinne the benefit of the community in general
" Tugann an leasú ar an Acht seo cead séadchomhartha náisiúnta a scrios más féidir a chruthú gur chun leas an phobail i gcoitinne a leithéid a dhéanamh.
i gcoitinne in general
" “Nuair a bhínn ag déanamh na scannán do na pictiúrlanna, bhíodh orainn ábhair a roghnú i gcónaí a bheadh intuigthe i measc an phobail i gcoitinne.
don tsochaí i gcoitinne to society in general
" Lena chois sin, de bhrí go léiríonn taighde go bhfuil seans níos lú ann go mbrisfidh ciontóir a bhfuil caidreamh láidir aige lena theaghlach an dlí arís, tá siad siúd atá i gcoinne mholadh an rialtais ag maíomh go ndéanfaidh sé dochar mór do na príosúnaigh, dá dteaghlaigh, agus don tsochaí i gcoitinne má bhogtar na cimí agus mura féidir le daoine cuairt a thabhairt orthu chomh minic céanna.
i gcoitinne in general
" Ach céard a cheapann na mic léinn féin faoin gcúrsa? Oscailt súl maidir le cúrsaí raidió i gcoitinne ab ea an cúrsa do Phádraig Ó Duithche as Corr na Móna.
i gcoitinne in general
" Bhí droch-chaoi ar an scoil seo, léiriú eile ar an easpa airgid a bhí sa cheantar agus sa tír i gcoitinne ag an am.
i gcoitinne in general
" Más eiseamláir é an siúl sléibhe don turasóireacht i gcoitinne níl Éire ach in áit na leathphingine i gcomparáid lenar gcomharsana ar mhór-roinn na hEorpa.
i gcoitinne in general
" ” Le cois na n-imeachtaí stáitse, tá roinnt ceisteanna tábhachtacha ag baint leis an drámaíocht Ghaeilge i gcoitinne le plé chomh maith.
i gcoitinne in general
" Tá a fhios ag pobal na Gaeilge go bhfuilimid ann ach níl a fhios ach ag céatadán áirithe den phobal i gcoitinne fúinn.
i gcoitinne in general
" Tá a fhios ag pobal na Gaeilge go bhfuilimid ann ach níl a fhios ach ag céatadán áirithe den phobal i gcoitinne fúinn.
i gcoitinne in general
" Dúirt sé freisin nárbh fhiú mórán an t-eolas a bhí aige faoi mhangaireacht drugaí san Áis i gcoitinne agus nach comhoibriú a bhí ar siúl aige maidir le heolas tar éis dó bheith gafa ach iarracht ar mhoilleadóireacht.
i gcoitinne in general
" Cad iad na rudaí a chuireann strus ort? Daoine a thiomáineann 30 míle san uair nuair a cheadaítear 60; bheith ag plé le daoine atá mí-ionraic; ag deifriú nuair a bhím deireanach - ní maith liom riamh bheith deireanach do léacht, coinne nó cruinniú; nuair a théim amach chuig an bpub - ag cur suas le daoine nach dtaitníonn liom nuair nach féidir liom éalú; ag castáil le daoine nua nach bhfuil tada i gcoitinne agam leo.
i gcoitinne in general
" Baineadh stangadh as pobal Mheiriceá i gcoitinne le déanaí nuair a thug an tUachtarán George Bush le fios, in óráid phoiblí, go ndeachaigh sé taobh amuigh den chóras dlí chun cúléisteacht agus spiaireacht a dhéanamh ar amhrasaigh, agus go raibh an chúléisteacht seo ar siúl ó 2001 i leith.
na meáin i gcoitinne the media in general
" Bhain sé leas as pribhléid na Dála le líomhaintí tromchúiseacha neamhchruthaithe a chur os comhair an tsaoil agus sceith sé eolas rúnda ó chomhad de chuid na nGardaí chuig cara leis – ní chuig na meáin i gcoitinne mar a maíodh ag an am – a bhíonn ag scríobh altanna moltacha faoi.
polaiteoirí i gcoitinne politicians in general
" Go mbeidh ní hamháin cumas ach fonn labhartha Gaeilge mar ghnáthnós ag Uachtarán na hÉireann agus ag polaiteoirí i gcoitinne.
i gcoitinne in common
" Bhí impireacht trádála mara ag an dá chathair uair amháin agus tá oidhreacht ealaíne i gcoitinne acu go fóill.
i gcoitinne in general
" Dúirt an CSIRO, atá i bhfábhar modhnú géiniteach i gcoitinne, gur thaispeáin sé seo go raibh an córas ag oibriú mar ba chóir dó agus nach raibh aon bhaol ann don phobal.
polaiteoirí i gcoitinne politicians in general
" Go mbeidh ní hamháin cumas ach fonn labhartha Gaeilge mar ghnáthnós ag Uachtarán na hÉireann agus ag polaiteoirí i gcoitinne.
i gcoitinne in general
" Is cosúil go bhfuil fianaise ann go bhfuil gasúir i gcoitinne ag éirí níos raimhre, a bhuíochas sin don smailcbhia a bhíonn á ithe acu, mar aon le heaspa suaitheadh coirp.
i gcoitinne in general
" ” Tá Glór Bhréifne ag iarraidh macasamhail *The trip to Tipp* a chur ar fáil do lucht na Gaeilge agus don saol Gaelach i gcoitinne.
teangacha i gcoitinne languages in general
" Ach is amhlaidh gur spéis leis teangacha i gcoitinne.
don phobal i gcoitinne for the general public
" AÓF: Cá mbeidh an chartlann seo lonnaithe? An mbeidh sí oscailte don phobal i gcoitinne agus do thurasóirí agus araile nó an mbeidh sí dírithe ar scoláirí amháin? DdeB: Tá áitreabh caoi aimsithe againn ach tá an páipéarachas fós le críochnú ina thaobh agus beidh roinnt athchóirithe le déanamh air amach anseo.
forbairt gheilleagrach i gcoitinne economic development in general
" Is cosúil go n-ardaíonn an leibhéal suime agus rannpháirtíochta sa chluiche i gcomhréir le forbairt gheilleagrach i gcoitinne.
muintir na hÉireann i gcoitinne Irish people in general
" ***An bhfuil fáil ag muintir na hÉireann i gcoitinne ar na healaíona nó an bhfuil an chuid is mó de na gníomhaíochtaí ag tarlú i mBaile****** Átha Cliath?*** Tá saol an-ghníomhach ealaíon i mBaile Átha Cliath.
a bhaineann leis an chine daonna i gcoitinne, to do with the human race in general,
" ” Deir Krauss go gcabhraíonn teangacha linn tuiscint a fháil, ní hamháin ar ár dtimpeallacht áitiúil féin, ach ar cheisteanna uilíocha agus fadhbanna a bhaineann leis an chine daonna i gcoitinne, de bhrí go bhfuil slite difriúla ag a gcainteoirí le féachaint ar spás, ar am agus ar an chaidreamh idir daoine.
mar ghníomhaíochtaí atá normálta i measc daoine i gcoitinne sa tsochaí. as activities that are normal amonst people in general in society.
" Tá trí cheist curtha sa tuarascáil: Cé chomh tábhachtach is atá míbhuntáiste sóisialta maidir le rannpháirtíocht i gcúrsaí spóirt in Éirinn? Céard iad na toscaí atá taobh thiar den easpa rannpháirtíochta? Céard iad na himpleachtaí a bhaineann leis ó thaobh polasaithe spóirt? Aithníonn an Stát ina chuid polasaithe gur cóir go mbeadh gach saoránach in ann bheith páirteach i ngníomhaíochtaí a nglactar leo mar ghníomhaíochtaí atá normálta i measc daoine i gcoitinne sa tsochaí.
don tsochaí Éireannach i gcoitinne. for Irish society in general.
" Is léir do dhuine ar bith gur tuarascáil an-tábhachtach í seo ón ITES agus go bhfuil dúshlán ann don rialtas agus don tsochaí Éireannach i gcoitinne.
róshásta eagraíochtaí Gaeilge i gcoitinne a cháineadh, to happy to criticise Irish language organisations in general,
" Ach nuair a fhiafraím dó an síleann sé go mbíonn Ó Muirí i gcónaí róshásta eagraíochtaí Gaeilge i gcoitinne a cháineadh, deir sé: “Níor mhaith le Pól grúpaí a cháineadh.
i gcoitinne, in general
" Mholfainn go láidir do dhaoine atá ag déanamh staidéir ar na meáin chumarsáide, nó d’aon duine a bhfuil spéis aige sna cúrsaí seo i gcoitinne, a leabhar *Broadcasting in Irish* (2003)a léamh chomh maith.
an drochbhail atá fágtha ar ghluaiseacht na Gaeilge i gcoitinne the bad condition in which the Irish language movement has been left
" ***Fógraíocht trí Ghaeilge: an cosc atá curtha uirthi ag an fheidhmeannas ó thuaidh:*** Le linn ghéarchéim *Lá Nua*, tugadh le fios dúinn an drochbhail atá fágtha ar ghluaiseacht na Gaeilge i gcoitinne as siocair an dearcaidh dhiúltaigh atá ag na húdaráis ó thuaidh i leith na Gaeilge.
teangacha i gcoitinne languages in general
" Is léir, áfach, go bhfuil a leithéid i bhfeidhm cheana féin, don té atá toilteanach, agus in acmhainn, díol as! Cad is féidir a dhéanamh faoin chamscéim seo? Níor mhiste, i mo thuairimse, don Aire Hanafin an ciorclán cuí (uimhir m10/94) a leasú agus a atheisiúint sa dóigh is gur díolúine ó fhoghlaim teangacha i gcoitinne a bheadh i gceist seachas an Ghaeilge amháin.
healaíne i gcoitinne arts in general
" Tá a fhios agam i saol an cheoil, agus b'fhéidir i saol na healaíne i gcoitinne, go mbíonn ceangal mar seo ag tarlú i gcónaí.
i gcoitinne generally
" Agus faoi ceann cúig bliana beidh $800 milliún sa bhreis ar fáil le dul i ngleic i gcoitinne leis an bhfadhb.
i gcoitinne in general
" Déanann an fonn a bhíonn uirthi i leith na teanga agus an chultúir i gcoitinne maitheas do mo chroí.
i gcoitinne in general
" Tá maoiniú faighte ag an East Side Gallery ón Chrannchur Náisiúnta agus gi go dtacaíonn an pobal i gcoitinne agus an Bord Turasóireachta leis an chinneadh, tá roinnt eile nach bhfuil chomh sásta leis.
i gcoitinne in general
" Tá an nós go láidir in Éirinn, agus san Eoraip i gcoitinne, dearcadh síoraí sárshoiniciúil a bheith linn i dtólamh.
i gcoitinne generally
" Céim Siar na Corraíola Is léir nach ar leas na n-ollscoileanna i gcoitinne an chorraíl seo ó thaobh íomhá náisiúnta nó idirnáisiúnta.
i gcoitinne in general
" Ach tá dhá rud a luaitear go minic nuair a phléitear blagadóireacht is na meáin shóisialta i gcoitinne agus an gnó: am agus an toradh ar infheistíocht an ama sin.
i gcoitinne in general
" Dallas mar atá Tá breis agus milliún duine ina gcónaí i nDallas é féin, agus sé mhilliún ina gcónaí sa cheantar i gcoitinne.
i gcoitinne generally
" Ar chuma nó ar chúis éigin, níl seasamh nó íomhá chomh láidir ag an gcumann sna bailte móra i gcoitinne, áit a mbíonn éagsúlacht níos mó le fáil i ngach gné den saol, cúrsaí spóirt san áireamh.
i gcoitinne generally
" Mar a bheifeá ag súil leis, bhí an-bhrón ar ghaolta agus ar chairde an naonúir abhus, ach chuaigh an tubaiste i gcion ar mhuintir na hAstráile i gcoitinne.
i gcoitinne in general
" Tháinig laghdú mór tobann ar OTI (GDP) na tíre sin agus cuireadh brú mór ar an stát leasa shóisialaigh agus ar an chóras pholaitíochta i gcoitinne.
i gcoitinne generally
" Aos Óg na hÉireann SMM: Céard is dóigh leat faoi shaol an duine óig in Éirinn faoi láthair - saol na hollscolaíochta agus saol an duine óig i gcoitinne? CNC: Tá an t-ádh orainn.
i gcoitinne in general
" Sheas an tUachtarán Obama don uachtaránacht leis an ngeallúint go n-athródh sé an córas sláinte, agus tá an Páirtí Daonlathach i gcoitinne ceangailte leis an rud anois.
i gcoitinne in general
" Bhí dhá thoisc ann a chuir laincis ar a chuid iarrachtaí (rud atá amhlaidh i gcoitinne) is iad sin luas mear na himeartha agus éiginnteacht na rialacha peile.
i gcoitinne in general
" Freastalóidh an Mosc ar phobal Mheiriceá i gcoitinne, agus cuirfidh sé aghaidh dhaonna ar Ioslam.
i gcoitinne in general
" Ní eisceacht dá bhrí sin cúrsaí spóirt i gcoitinne ná cúrsaí Chumann Lúthchleas Gael go háirithe.
i gcoitinne in general
" Cuireann cáin den chineál sin le cobhsaíocht an mhargaidh tithíochta agus le cobhsaíocht an gheilleagair i gcoitinne.
i gcoitinne in general
" An fhadhb a bhí ag lucht oibre i Sasana agus sa Bhreatain i gcoitinne, bhí sé go díreach cosúil leis an bhfadhb anso; ná raibh rogha cheart acu i ndáiríre.
phobal i gcoitinne general public
" Is é príomhaidhm an *QuickGuide* ná Gramadach na Gaeilge a shoiléiriú don phobal i gcoitinne.
i gcoitinne in common
" Ach más rud é go raibh go leor i gcoitinne ag Wellington agus Tristan, ní fhéadfadh codarsnacht níos mó a bheith idir tíortha na beirte acu ó thaobh na reachtaíochta maidir le húinéireacht arm tine.
i gcoitinne general
" Tá Ardstiúrthóir agus a fhoireann rúnaithe agus lucht riaracháin i gcoitinne sa cheannáras náisúnta i bPáirc an Chrócaigh.
i gcoitinne in general
" Ní bhaineann sé le neamhspleáchas amháin, tá sé sin tábhachtach ach níl sé iomlán, tá sé bunaithe ar chothromaíocht agus ar dhínit an duine, na daoine i gcoitinne seachas an duine aonair.
faoin bhfarraige i gcoitinne about the sea in general
" Is aoibhinn liom mo phost agus caithfidh mé a rá go bhfoghlaimím rud éigin nua faoi na rónta nó faoin bhfarraige i gcoitinne, chuile lá.
i gcoitinne in general
" Tá i bhfad níos lú Protastúnach ag obair i gcúrsaí sláinte, nó sa tseirbhís phoiblí i gcoitinne, cuir i gcás.
i gcoitinne generally
" “Silim go gcuideoidh an droichead seo go mór le muintir Dhoire / Londonderry an sprioc seo a bhaint amach” a dúirt sé, ag rá fosta go raibh sé ag dúil go spreagfadh sé níos mó imeascadh trasphobail sa chathair agus go dtacódh sé leis an bhorradh chun athmhúintearais i measc phobal na cathrach, agus go mbeadh sé sin ina eiseamláir shuntasach do phobal an Tuaiscirt i gcoitinne.
i gcoitinne generally
" Bhí ana-shuim aige in ealaíon, i saol na healaíne agus i saol an chultúir ghaelaigh i gcoitinne.
tréithe i gcoitinne acu they have features in common
" I measc na mball sin, tá tréithe i gcoitinne acu.
i gcoitinne céad uair in general initially
" Cad as a dtáinig do chuid spéise sa cheol agus sa bhéaloideas i gcoitinne céad uair.
i gcoitinne in general
" Ní hé an t-aon eachtrannach i measc lucht na leadóige ná lucht spóirt an choláiste i gcoitinne ach a mhalairt i ndáiríre.
i gcoitinne in general
" Níor éirigh le haon reifreann riamh mura raibh tacaíocht láidir ó na páirtithe polaitíochta go léir, ó rialtais na stát agus ó mhuintir na tíre i gcoitinne.
is áil le Spáinnigh i gcoitinne the Spanish generally like
" Anuas ar an deis a thug sé do lucht ragairne teacht chucu féin an lá dár gcionn, is áil le Spáinnigh i gcoitinne a scíth a ligean ar an Domhnach.
i gcoitinne generally
" San am a raibh cruth nua á leagan ar ár n-oidhreacht cheolmhar ag Seán Ó Riada, bhí brí agus fuinneamh úr i dteacht aniar an cheoil traidisiúnta i gcoitinne (cuimhnítear ar an athbheochan i Meiriceá, agus ar lean de i Sasana).
lucht leighis i gcoitinne medical practitioners in general
" Tá léirithe ag aigneolaithe agus ag lucht leighis i gcoitinne go gcabhraíonn an gáire go mór linn ó thaobh cúrsaí sláinte de.
líonraí sóisialta i gcoitinne social networks in general
" Mar a tharlaíonn ní fíorscéal a bhí ann ón Daily Mail ar chor ar bith, ach mhúscail sé ceist spéisiúil atá cíortha agam i gcás na líonraí sóisialta i gcoitinne anseo cheana: cé leis d’ábhar digiteach i ndiaidh do bháis? Sea, ábhar iontach do mhí Eanáir! De réir scéal an Daily Mail bhí Willis ag tabhairt dúshláin Apple faoin gclásal ina dtéarmaí is coinníollacha a léiríonn go n-éagann úinéireacht do chuid ábhair leo.
phobal i gcoitinne public in general
" Nochtadh tuairim go raibh imreoirí spóirt ina n-eiseamláirí don óige agus don phobal i gcoitinne agus dúradh go raibh teipthe ar eagraíochtaí móra agus ar chinnirí éagsúla na tíre, idir chléir agus thuath, lucht polaitíochta, gnó agus siamsaíochta (an dream a luaitear an focal ‘*celebrity*’ lena stádas sa phobal go háirithe), treoir, sampla agus cinnireacht cheart a thabhairt do mhuintir na tíre.
an gcóras inimirce i gcoitinne the immigration system generally
" Fiú mura bhfuil ach bréag ina bhfuil ráite ag Marius Betondi ó thus deireadh, léiríonn scéal an Chamarúnaigh roinnt mhaith fadhbanna a bhaineann leis an bpróiseas iarrtha tearmainn is leis an gcóras inimirce i gcoitinne.
thugtar air i gcoitinne most usually called
" Tá Ionad Comhdhála agus Dísirt Naomh Cléimint (*St Clement’s Retreat and Conference Centre*), nó mar a thugtar air i gcoitinne, Galong, corradh is céad ciliméadar siar ó thuaidh as Canberra, príomhchathair na hAstráile.
i gcoitinne generally
" Maidir le stair na Gaeilge i bpríosúin i gcoitinne, i ndiaidh Éirí Amach na Cásca, bhí daoine ag foghlaim Gaeilge i bhFrongach agus bhí bunaitheoirí Chonradh na Gaeilge i ngéibheann.
an gcine daonna i gcoitinne the human race in general
" Níl ach dornán an-bheag de scannánóirí an lae inniu a bhfuil na ceisteanna móra fealsúnacha seo, mar a bhaineann siad leis an gcine daonna i gcoitinne, á scrúdú acu.
i gcoitinne common
" Cuirtear béim go minic ar ealaín a theánn i bhfeidhm mar ‘eispéireas coincheapúil’ in áit mar shaothar ealaíne atá luachmhar ina cháilíocht féin agus in ainneoin nach bhfuil téama i gcoitinne ag na píosaí sa taispeántas i mbliana, is minic tagairtí iontu don tsaint, do mhí-úsáid chumhachta agus do phobail ag obair faoi scáth a chéile.
i gcoitinne in general
" Is é an bua atá ag Brian Mac Óda agus lucht Cill Chainnigh i gcoitinne go bhfuil éirithe leis agus leo an intinn a bheith dírithe i gceart tríd is tríd roimh gach cluiche.
Ba chóir go mbeadh sé sin i gcoitinne againn uilig that should be common to us all
" Ba chóir go mbeadh sé sin i gcoitinne againn uilig.
gluaisteáin athláimhe i gcoitinne secondhand cars generally
" Is fíor go mbíonn fadhbanna ag baint le Alfa Romeo agus leis an 159, ach bíonn an-chuid de na fadhbanna sin ag gluaisteáin athláimhe i gcoitinne.
i gcoitinne in general
" Ciallaíonn sé sin go raibh deacrachtaí níos mó ag scoláirí an stíl ársa seo a rangú ó thaobh an cheoil de, agus go háirithe de réir na bhfoirmlí atá leagtha síos sa cheol Eorpach i gcoitinne.
i gcoitinne generally
" Cé go dtagann cuid mhaith de na baill as saol na Gaeltachta agus na Gaeilge i gcoitinne, tá daoine freisin ann nach bhfuil an taithí sin acu.
i gcoitinne in general
" Cé gur mhaslaigh sí na státseirbhísigh go léir i gcoitinne, ba bheag an tsuim a bhí aici i structúirí riaracháin ná i leasú riaracháin.
i gcoitinne in general
" Rith sé liom i ndiaidh an imeachta úid, agus ní don chéad uair é, gur beag an aird a thugtar ar spórt na mban i gcoitinne le hais a dtugtar do spórt na bhfear seachas an chorr-uair a dhéanann bean gaisce as an ngnáth ar an ardán idirnáisiúnta.
léiritheoirí Briotáinise i gcoitinne Breton directors generally
" Is é sin cuid amháin de dhúshlán Kalanna agus léiritheoirí Briotáinise i gcoitinne.
i gcoitinne in general
" Gné an Spóirt go Láidir ========== Más faoi léigear atá an cultúr Éireannach i gcoitinne, tá chuile chosúlacht ar an scéal gur faoi bhláth atá an CLG, agus cúrsaí ag dul ó neart go neart ann.
i gcoitinne in general
" *’ Ní bheadh aon ghlacadh ag an phobal i gcoitinne le tuilleadh airgid a chaitheamh ar Phlean den chineál sin ag am nuair a bhíothas ag déanamh ciorruithe ar sheirbhísí riachtanacha.
i gcoitinne in general
" Baineadh an deontas ó INNIU le háit a dhéanamh do nuachtán nua-aimseartha a chur amach agus cuireadh ANOIS ar bun ina áit, foilsithe ag Gael Linn; nuair a tháinig deireadh le conradh ANOIS tugadh an deontas don fear gnó Pádraig Ó Céidigh agus foilsíodh FOINSE ar feadh na mblianta go brabasúil go dtí gur thit an tóin as an ngeilleagar agus as an margadh fógraíochta do nuachtáin i gcoitinne.
i gcoitinne in common
" Dúirt na húdaráis go mba fianaise thar a bheith tábhachtach iad na pictiúir sin den togra cinedhíothaithe a chuir na Naitsithe i gcrích agus, dá bhri sin, gur gné riachtanach d’oidhreacht chultúrtha an domhain i gcoitinne iad.
i gcoitinne in general
" H: Cad a cheapann tú de réimse an cheoil in Éirinn i gcoitinne?** N.
sa phobal i gcoitinne in the general community
" Is an-smaoineamh é seo ach tá sé gan fiúntas muna bhfuil tairseach riachtanach úsáideoirí sa phobal i gcoitinne.
i gcoitinne generally
" Go dtí 1865 (nuair a cuireadh deireadh le sclábhaíocht sna Stáit Aontaithe i gcoitinne), allmhairíodh breis agus leathmhilliún sclábhaithe Afraiceacha go dtí ceantar na Stát Aontaithe.
i gcoitinne in general
" Thit an slua go tubaisteach an-tapa ón 40,000 duine a bhíodh i láthair sna caogaidí ach níor chuir an teilifís as do na cluichí i gcoitinne ach a mhalairt.
i gcoitinne as sin amach generally from then on
" Tugtar an ‘Bolt Clause’ ar 18C i gcoitinne as sin amach.
stair i gcoitinne a shared history
" Cé nach bhfuil ‘stair i gcoitinne’ ag Éirinn agus Sasana, téann stair na dtíortha thar a chéile in amanna (dúirt sé).