Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Coláiste Ullmhúcháin preparatory college
" Is le pobal na háite Scoil Mhuire, meánscoil lae a bhí ina Coláiste Ullmhúcháin do mhúinteoirí tráth, agus ina coláiste cónaithe ag Siúracha na Trócaire ina dhiaidh sin.
Bhaineas ana-shúp as an gcoláiste I really enjoyed college
" Deireann siad aga baile: 'Did you hear about the train in Buttevant that went off the rails like Nuala?' Bhaineas ana-shúp as an gcoláiste ach bhíos ró-óg agus ní raibh splinc chéille agam.
coláistí oiliúna training colleges
" Dúirt an tUasal Carr gur chreid sé gur chóir go mbeadh ról ag na coláistí oiliúna sa mhéid seo agus go dtabharfaí tacaíocht dóibh é a chomhlíonadh.
coláistí cáilúla na hiomána the famous hurling colleges
"coláistí cáilúla na hiomána, an Mhainistir Thuaidh agus Fearann Phiarais, comhnasctha le chéile anois mar níl líon na ndaltaí sách mór le haghaidh dhá scoil agus is laige an iománaíocht i gcathair Chorcaí dá bharr sin.
gColáiste Dhún Chéirí Carysfort College
" " Daoine spreagúla ======= I ndiaidh na scoile bhí sé beartaithe aici dul ag múineadh, ach bhí sí seachtain ró-óg le háit a fháil i gColáiste Dhún Chéirí, mar sin chuaigh sí chun an Choláiste Ollscoile Baile Átha Cliath (UCD) áit a ndearna sí BA sa Ghaeilge agus sa Bhéarla.
An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath University College Dublin
" "A Bhean Mhic an tSaoi," a dúirt sé, "níl d'fhear céile á *hire*áil agam, ach do bheinn faoi chomaoin agat muna mbraithfeá go gcaithfeá an scéal ar fad a insint do na tuismitheoirí!" Seal san ollscoil ======= Tar éis na scoile, chuaigh Máire go dtí An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, áit a ndearna sí an Léann Ceilteach agus nuatheangacha - Gaeilge, Béarla agus Fraincis.
creidmheasa coláiste college credits
" "Seans ar bith go bhfuil a fhios agat cén áit a bhféadfainn creidmheasa coláiste a fháil?" a d'fhiafraigh sé go magúil d'Allen.
sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath in UCD
" Agus é ina mhac léinn, bhíodh sé ag seinm na fidle ag gigs agus ag léiriú ceirníní don chomhlacht Ceirníní Cladaigh, chomh maith le roinnt léachtóireachta a dhéanamh sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.
sa choláiste oiliúna in the training college
" Nuair a bhí mé sa choláiste oiliúna, ní raibh béim ar chor ar bith ar an gceol traidisiúnta sna léachtaí oideachais cheoil! Tá suim agam i gceolta de shaghsanna eile agus éistimid le agus canaimid gach saghas ceoil i mo rang, ach tá gá cinnte le níos mó béime a chur ar an gceol agus ar na hamhráin Ghaelacha.
i gColáiste na Ríona in Queens University
" Dá mbeadh an coibhneas céanna againne is atá i gColáiste na Tríonóide nó sa Choláiste Ollscoile Baile Átha Cliath, nó go deimhin féin i gColáiste na Ríona i mBéal Feirste, déarfainn go mbeadh tríocha duine lánaimseartha san fhoireann againn féin.
i gcoláiste oilúna in a training college
" Cuirimid béim fé leith (i) ar chúrsaí a chabhraíonn le daoine a chaitheann agallaimh nó scrúduithe cainte (sa scoil, i gcomhair poist nó i gcomhair áite i gcoláiste oilúna srl.
i gcoláiste oilúna in a training college
" Cuirimid béim fé leith (i) ar chúrsaí a chabhraíonn le daoine a chaitheann agallaimh nó scrúduithe cainte (sa scoil, i gcomhair poist nó i gcomhair áite i gcoláiste oilúna srl.
bhí ag éirí go maith leis an choláiste the college was doing well
" Nuair a ceapadh Philip Lewis mar phríomhoide i 1993, bhí ag éirí go maith leis an choláiste agus bhí £1 milliun i dtaisce sa bhanc.
coláistí oiliúna training colleges
" Ceist eile an mbeidh sé de mhisneach aici gníomhú agus an bhfaighidh sí an tacaíocht agus an cead leis sin a dhéanamh? Tá atheagar agus leasú iomlán de dhíth - ó na coláistí oiliúna anuas agus ó na naíonraí aníos.
córas na gcoláistí samhraidh the summer college system
" Dála go leor tionscadal eile, tá níos mó ná buntáiste amháin ag baint le córas na gcoláistí samhraidh.
sa Choláiste Tráchtála in the College of Commerce
" Ag an am, ní raibh aon rud le fáil i gcaidreamh poiblí ach an dioplóma i Ráth Maonais (sa Choláiste Tráchtála) agus bhí mé ag iarraidh é sin a dhéanamh.
dá leithéid de choláiste for such a college
" Ní bheadh deacracht dá laghad ann ábhar múinteoirí a aimsiú dá leithéid de choláiste – tá go leor daoine ón Ghaeltacht ar fáil, mar aon le daltaí a chuaigh trí chóras na gcoláistí samhraidh.
dá roghnófaí leithéidí Choláiste Marino if the likes of Marino College were chosen
" Ní bheadh aon chostas breise ar an stát dá roghnófaí leithéidí Choláiste Marino mar an coláiste oiliúna Gaeilge, rud a bheadh tábhachtach do rialtas a bheadh sásta seo a bhrú ar aghaidh.
macasamhail Choláiste Iarfhlatha a bhí ann it was just like Coláiste Iarfhlatha
" Anois, ní cuimhin liomsa go raibh sé ró-liobrálach! I ndáiríre, macasamhail Choláiste Iarfhlatha a bhí ann ach go raibh éadach dubh ann agus is dóigh go raibh cúraimí beaga eile spioradálta ort.
sa Choláiste Tráchtála in the College of Commerce
" Bhí Mac Gearailt an-deas agus dúirt go raibh sé sásta an rud a dhéanamh in athuair, ach buíochas le Dia, bhí mé tar éis bheith ag breacadh síos nótaí i bhfoirm luathscríbhneoireachta, nós a bhí agam ó rinne mé staidéar ar an iriseoireacht sa Choláiste Tráchtála i Ráth Maonais (i mBaile Átha Cliath)".
cúig choláiste oiliúna five training colleges
"cúig choláiste oiliúna do mhúinteoirí bunscoile sa Phoblacht: Coláiste Phádraig, Droim Conrach; Coláiste Mhuire, Marino; Coláiste Frobel, an Charraig Dhubh; Coláiste Eaglais na hÉireann, Ráth Maoinis agus Coláiste Mhuire gan Smál, Luimneach.
coláiste ar leith a separate college
" Tá sé riachtanach go ndéanfaí coláiste ar leith a bhunú le hoiliúint a chur ar na hoidí gur spéis leo bheith ag teagasc sa chóras lán-ghaelach.
Ba ghnách le Gráinne freastal ar choláistí samhraidh Gráinne used to attend summer colleges
"Ba ghnách le Gráinne freastal ar choláistí samhraidh fosta, le feabhas a chur ar a cuid Gaeilge, ach admhaíonn sí gur ar mhaithe leis an chraic a chuaigh sí ann fosta.
coláiste beag cléireach a small clerical college
" Sa bhliain 1716, nuair a bhí na Péindlithe i bhfeidhm, bunaíodh coláiste beag cléireach i ngleann scoite thart fá naoi míle ó Tom an t-Sabhail.
Faiche an Choláiste College Green
" An é go bhfuil tú mar dheoraí i mbruachbhaile iargúlta mura bhfuil carr agat? Cén chaoi ar féidir leis an gcathair pleananna agus forbairtí a chur i gcrích chun garaíocht a dhéanamh do choisithe agus do rothaithe le go mbeidh cáilíocht bheatha níos fearr agus cathair inbhuanaithe againn? Dá bhféadfaimis timpeallacht rothaíochta agus spaisteoireachta níos pléisiúrtha a chothú, nach mbeadh níos mó daoine amuigh ag siúl agus ag rothaíocht? Nach mbeadh dea-thionchar aige sin ar shláinte mhuintir na tíre? Ach gan dabht, is é an íomhá is sonraíche agus an plean is mó atá tagtha chun solais ón gcomhdháil seo ná an moladh fadradharcach gur chóir Faiche an Choláiste agus Sráid Nassau a fhorbairt mar limistéar do choisithe amháin.
líonta sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath filled in UCD
" “Bhí an t-ádh liom nach raibh cuóta na mac léinn eachtrannach líonta sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus d’éirigh liom áit a fháil ansin.
an coláiste oiliúna the training college
" ” Tar éis na hArdteiste, chuaigh Liam ar aghaidh go Coláiste Phádraig, an coláiste oiliúna i mBaile Átha Cliath do mhúinteoirí bunscoile agus, cé nach scoláire mór a bhí ann, dar leis féin, d’éirigh leis an chéim a bhaint amach agus post a fháil láithreach ag múineadh i nGaelscoil, Scoil Lorcáin i mBaile na Manach i ndeisceart na cathrach céanna sin.
an coláiste oiliúna the training college
" ” I ndiaidh na scoile chaith Carrie trí bliana i gColáiste Phádraig, an coláiste oiliúna i mBaile Átha Cliath do mhúinteoirí bunscoile.
Eagraíodh coláiste seachtaine a week-long course was organised
" Eagraíodh coláiste seachtaine i mí Lúnasa 1986 i dTeach Cholm Cille, Fána Bhuí, Gort an Choirce i dTír Chonaill agus bhí a bheirt againn ann.
chuig an choláiste ealaíne at the art college
" “Bhí aithne agam ar Christy ó bhí mé ar scoil agus nuair a chuaigh mé chuig an choláiste ealaíne i mBaile Átha Cliath chónaigh muid le chéile in árasán beag ar Shráid an Phiarsaigh ar feadh bliana.
de chuid an choláiste mhíleata of the military college
" Chuaigh oifigigh de chuid an RPF go Meiriceá le go gcuirfí traenáil speisialta orthu chomh maith agus is céimí de chuid an choláiste mhíleata in Fort Leavenworth, Kansas é Paul Kagame.
Coláistí Oiliúna training colleges
" Tá ag teip fosta le haon iarracht atá ar bun ag an Roinn Oideachais agus ag na Coláistí Oiliúna íomhá na bunmhúinteoireachta a athrú mar gur léir go n-amharctar air go fóill mar rogha ghairme do mhná amháin.
Coláistí Oideachais Colleges of Education
" Ba ar an riachtanas iontrála Gaeilge chuig na Coláistí Oideachais a cuireadh an milleán ar an chlaonadh seo le dornán blianta anuas.
Coláiste na Máinlianna the College of Surgeons
" Coláiste na Máinlianna ======== I Seachtain na Cásca 1916, cheap Connolly Michael Mallin mar Cheannfort i mbun Óglaigh na hÉireann i gColáiste na Máinlianna.
coláistí deoise diocesan seminaries
" Theip orthu an Ghaeilge a choimeád beo i lár agus in oirthear na hÉireann sa ghlúin 1790-1840 (le bunú na bunscolaíochta, coláistí deoise agus Maigh Nuad).
bhFaiche an Choláiste College Green
" Bhí Beití Windsor sa Ghairdín Cuimhneacháin gan duine ná deoraí de chosmhuintir na hÉireann fá bhúir asail di, agus Beairic Ó Bama i measc na sluaite agus na n-ollsluaite i bhFaiche an Choláiste.
coláistí oiliúna preparatory colleges
" Caithfidh mé a rá gur chuir siad oideachas fiúntach ar fáil dúinn a thug deis dúinn dul ar aghaidh ina dhiaidh sin go dtí na coláistí oiliúna agus i mo chás féin, bhí an coláiste ollscoile anseo i mBaile Átha Cliath.
coláistí oiliúna (teacher) training colleges
" **SÓC: An athrú é sin atá le tarlú sna coláistí oiliúna?** MMGE: Sílim é, go cinnte.
Cén coláiste what college
" ie/) An Cheist ==== **Cén coláiste i gContae Chorcaí ina n-eagraíonn Gael Linn coláiste sa samhradh?** Seol do fhreagra chuig oifig@beo.
Thaitin saol an choláiste go mór liom I really liked college
" Bhí an t-uachtarán céanna ann, bhí roinnt de na léachtóirí céanna ann agus cuireadh fáilte is fiche roimpi! (Gáire mór) Thaitin saol an choláiste go mór liom.
an choláiste oiliúna the training college
" Mar sin, nuair a bhí mé ar an choláiste oiliúna, chinn mé go ndéanfainn mo chleachtadh teagaisc i nGaelscoil agus uaidh sin, theagaisc mé ar feadh bliana i nGaelscoil, bhí mé i mo láithreoir ar Raidió na Life ar feadh bliana fosta agus chaith mé sealanna i nGaeltacht Chonamara .
Coláiste na Toirbhirte Mercy College
" Bronnadh an gléas air mar dhuais tar éis dó comórtas ríomhaireachta a bhuachan dá scoil, Coláiste na Toirbhirte i gcathair Chorcaí.
tionscal na gcoláistí samhraidh the summer college industry
" Thitfeadh an tóin as tionscal na gcoláistí samhraidh, mar shampla, agus is cinnte gur lú ráchairt a bheadh ar leabhair, ar chláracha agus ar irisí Ghaeilge chomh maith.
níos tábhachtaí ar nós coláiste nó dathúlacht more important like college or good looks
" Sna ceantair sin tá rudaí eile níos tábhachtaí ar nós coláiste nó dathúlacht! I mo chás féin, bhí sé ionam ó nádúr a bheith i mo throdaí nó i mo dhornálaí.
bhean an tí sa choláiste housekeeper in the college
" Bhí sí ag obair mar bhean an tí sa choláiste nuair a bhuail sí le m’athair.
daltaí an choláiste samhraidh of (all) the summer college students
" Tar éis léiriú daltaí an choláiste samhraidh uilig agus an banna ‘Seo Linn’ ar an Late Late Show, tá na mílte i ndiaidh breathnú ar an bhfíseán ar Youtube.
go raibh a leithéid de thionchar ag coláistí samhraidh s. colleges had such influence
" D’fhéadfaí a mhaíomh go raibh a leithéid de thionchar ag coláistí samhraidh le blianta, ach don chéad uair, tá táirge á chur i láthair an tsaoil mhóir ag na coláistí samhraidh.
coláistí áirithe samhraidh particular summer colleges
" Níor mhiste an t-ainm a athrú, mar chéad chéim, mar tá íomhá Chumann na bhFiann róchúng agus rónáisiúnach, dar liom, don lá atá inniu ann? Chomh maith le sin tá sé rócheangailte le coláistí áirithe samhraidh.
Coláiste Ríoga na Máinlianna The Royal College of Surgeons
" Ag ócáid i mBaile Átha Cliath ag tús mhí Eanáir, rinneadh an ceangal stairiúil idir an iománaíocht agus Coláiste Ríoga na Máinlianna a chomóradh.
sa Choláiste Ollscoile Baile Átha Cliath in University College Dublin
" Chaith Jill Ní Chuinneagáin, mac léinn sa Choláiste Ollscoile Baile Átha Cliath, an bhliain acadúil 2001-2002 ag staidéar in ollscoil Bhriotánach faoin scéim Erasmus.
Dhiúltaigh coláistí éagsúla ealaíne various art colleges refused
" Dhiúltaigh coláistí éagsúla ealaíne áit a thabhairt do Mark “Rasher” Kavanagh ar a gcúrsaí i lár na nóchaidí ach anois tá cáil idirnáisiúnta bainte amach aige mar ealaíontóir agus tá Tom Cruise i measc a chuid custaiméirí.
coláiste oiliúna Gaeilge a bhunú to establish an Irish language training college
" Tá ganntanas mór múinteoirí ann, go háirithe ag leibhéal na bunscoile, a bhfuil Gaeilge líofa acu agus níl ach réiteach amháin ar an fhadhb – coláiste oiliúna Gaeilge a bhunú.
choláiste college
" Ar mhaith leat tabhairt faoi fhoghlaim na Seapáinise? Tá Maitiú de Hál ag teagasc na Gaeilge i SAM i mbliana agus mar chuid den chlár Fulbright, déanfaidh sé stáidéar ar ábhair sa choláiste ina mbíonn sé ag teagasc.
Draíocht coláiste samhraidh the magic of a summer school in the G.
" Draíocht coláiste samhraidh agus draíocht na Gaeltachta a chrom Cáit Ní Cheallacháin ar an méarchlár lena céad alt a chur di go díreach sular imigh Beo.