Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
cholúnaithe columnists
" Agus is measa an brú ar cholúnaithe mar mise thar aon dream eile.
cholúnaí conspóideach controversial columnist
" (Tá Eoghan Ó Néill ag obair mar iriseoir ag *Lá* faoi láthair agus Gearóid ina cholúnaí conspóideach againn.
colúnaí columnist
" Mar a dúirt colúnaí de chuid *New York Newsday*, Ellis Henican: "Cén fáth ar cheart do na fir a bheith as póca díreach mar gheall ar go bhfuil mná áirithe ann a fheiceann na leithris phoiblí mar chlubthithe príobháideacha inar féidir leo: déanamh cinnte go bhfuil siad cíortha glanta, comhairle a chur ar a chéile, an nasc lena gcairde a láidriú, a bheith ag gearán de shíor faoi na fir ina saol.
cholúnaí columnist
" *Tá Tom Deignan ag obair mar eagarthóir agus mar cholúnaí leis an *Irish Voice* i Nua-Eabhrac.
colúnaí gnéis sex columnist
" Dúirt Dan Savage, colúnaí gnéis agus údar a bhfuil an-tóir air, "Tá sé níos sábháilte a bheith torrach agus tú aon bhliain déag, is léir" ((www.
an colúnaí coimeádach clúiteach the famous conservative columnist
" "Faoi 1965, bhí mé ag canbhasáil ar choirnéil sráide do Bill Buckley," a dúirt Marlin, ag tagairt don am a bhí an colúnaí coimeádach clúiteach mar iarrthóir do mhéaracht Nua-Eabhrac.
colúnaí columnist
" Tar éis an tsaoil, is colúnaí é agus ní íoctar a leithéidí mura bhfuil rudaí suimiúla le rá acu! Nuair a bhuail mé leis le gairid bhí sos á thógáil aige óna chuid oibre san *Irish Times*, áit a n-oibríonn sé ar an Luan agus ar an Máirt.
cholúnaí crá croí agony aunt
" Mar sin, b’fhéidir gur cheart dom bheith i mo cholúnaí crá croí agus comhairle a chur ar dhaoine.
colúnaithe columnists
" Ach ní hé an cineál áite é a mbuailfeá le mórán colúnaithe de chuid an *Wall Street Journal*.
colúnaí columnist
" Measann Work at Home Success, eagraíocht teileachomaitéireachta Mheiriceánach, gur seo na postanna is oiriúnaí: cuntasóir, colúnaí, scríbhneoir scripteanna fógraíochta, eagarthóir, taighdeoir, scríbhneoir teicniúil, athscríobhaí, aistritheoir, teicneoir seirbhísithe ríomhairí, riarthóir bunachar sonraí, ealaíontóir grafach, dearthóir suíomh gréasáin, gníomhaire eastáit, agus gníomhaire taistil.
colúnaí columnist
" I measc na gcainteoirí, bhí John Dunlop, iar-Mhodhnóir na hEaglaise Preispitéirí; Jude Collins, colúnaí le Daily Ireland agus an staraí, Richard English.
colúnaithe columnists
" Bhí go leor daoine i ndiaidh cur ina choinne go fíochmhar, go háirithe colúnaithe de chuid na nuachtán náisiúnta, ag maíomh gur airgead amú amach is amach a bhí ann.
colúnaithe columnists
" Bhí clúmhilleadh ar siúl ag cuid de na colúnaithe a bhí ag scríobh ina éadan.
Colúnaí bisiúil prolific columnist
" Colúnaí bisiúil atá ann a bhfuil cáil bainte amach aige de thoradh a phróis ghéir, agus tá suas le ceathrú milliún focal den phrós sin á bhfoilsiú go bliantúil i nuachtáin náisiúnta na tíre ó bhí 1981 ann.
colúnaí deisbhéalach witty columnist
" ”**Cogaíocht** Seans maith go síleann go leor daoine faoi thríocha bliain d’aois nach bhfuil in Myers ach colúnaí deisbhéalach a raibh post bog sábháilte aige leis an *Irish Times* ar feadh na mblianta.
colúnaí columnist
" Tháinig an colúnaí seo ar an fhreagra sin trí phóirseáil ghasta a dhéanamh ar shuíomh gréasáin na Roinne Oideachais.
Cén sórt colúnaí what sort of columnist
" Cad é do bharúil de ‘Leaid sa Leaba’?” “An as do mheabhair atá tú? An Leaid sa Leaba? Cén sórt colúnaí a cheapann tú atá ionam?” “Anois, a Phóil,” a dúirt sí go séimh, “caithfidh tú forbairt mar iriseoir.
colúnaí columnist
" Cháin Nahum Barnea, an colúnaí Iosraelach suntasach, na hiriseoirí Gideon Levy, Amira Hass agus Akiva Eldar go géar as a gcuid “misean” ar son na bPalaistíneach.
níl ionamsa ach an colúnaí teicneolaíochta I’m just a technology columnist
" Táim féin ag gabháil i dtreo na tuairime gur chóir bliain a chaitheamh ag obair roimh fhreastal ar an ollscoil, ach níl ionamsa ach an colúnaí teicneolaíochta! Ach má éiríonn leat agus má shocraíonn tú ar freastal ar an tríú léibhéal, ná bac leis an gcarr nua a thairg do thuismitheoirí duit do thorthaí maithe: iarr liúntas teicneolaíochta uathu agus ceannaigh na giuirléidí seo a leanas.
ina cholúnaí i gcúinne na healaíne as a columnist in the arts section
" Foilsíodh na haltanna don chéad uair ar an iris idirlín Beo! mar ar chaith an t-údar cúig bliana ina cholúnaí i gcúinne na healaíne.
colúnaithe columnists
" Glacaim buíochas ó chroí leis na daoine a chuidigh linn ó thosach ama, go háirithe na heagarthóirí, na colúnaithe agus na scríbhneoirí (fiú an deamhan úd, Balor na Súile Nimhe, nár chaill eagrán ar bith den chéad seasca agus sé cinn acu a foilsíodh); leis na dearthóirí, Michal agus Rónán Ó Dochartaigh; an fhoireann oibre anseo i nGleann Cholm Cille (Siobhán agus Gearóidín) agus libhse, ach go háirithe, ár gcuid léitheoirí.