Ní chosnaíonn na huirlisí cumarsáide seo mórán ó thaobh airgid de ach tá a fhios ag éinne a ghlac cuntas ar Facebook riamh gur féidir na céadta a chaitheamh gan stró ag breathnú trí ghriangraif bhainise col seisir éigin nach bhfuil feicthe agat ó do chéad chomaoineach.
Dá mba iontas an tost urraime a fearadh roimh ‘God Save The Queen’ i gceannáras an CLG siar i 2007, ba mhíorúiltí ná sin fós go dtáinig col seisir na Banríona Eilíse 1 (ocht nglúin déag ar aghaidh, is cosúil) ar láthair naofa an tslada.