Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
chomóradh commemoration
" Tógadh an leacht seo in 1898 mar chomóradh ar Éirí Amach na bliana 1798 agus nuair a tógadh i dtosach é, rinneadh athadhlacadh ar Michael Dwyer, duine de cheannairí na bliana 1798 i gCill Mhantáin agus go ceann tamall de bhlianta ina dhiaidh sin.
ag comóradh celebrating
" Agus muid ag comóradh 75 bliain bhunú RTÉ, nó 2RN mar a tugadh air i 1926, léiríonn an dóigh ar thóg sé 46 bliain eile stáisiún iomlán Gaeilge a chur ar fáil easpa stádais na Gaeilge in Éirinn go soiléir.
ag comóradh celebrating
" Cé go gcáintear an tAire go minic as a heaspa cumais ó thaobh labhairt na Gaeilge de, is léir go bhfuil sí an-bháúil leis an Ghaeilge, más comhartha é an £2 milliún a thug sí do TG4 agus iad ag comóradh cúig bliana ar an aer le déanaí.
comóradh celebration
" An bhliain seo caite bhí comóradh céad bliain an chónasctha ann, nó i bhfocail eile bhí an Astráil céad bliain d'aois.
comóradh commemoration
" Bhí daoine eile den tuairim gur chóir leacht a chruthú a dhéanfadh comóradh ar eachtraí stairiúla na sráide.
comóradh celebration
" Ar 16 Feabhra 1973, ag an gcéad chruinniú a bhí ann chun tionscadal éigin a bhunú a dhéanfadh comóradh ar shaol Willie Clancy dúradh: "Pé rud a déanfar beidh sé bunaithe ar an traidisiún Gaelach go raibh grá chomh mór sin ag Willie dó.
comóradh commemoration
" Mar sin, tá geallúint tugtha acu nach mbeidh siad gléasta mar seo ag comóradh James Larkin sa chathair Dé Sathairn, 7 Meán Fómhair.
comóradh feting
"comóradh déanta cheana ar McEvoy agus ar a leabhar san áit sa Village ina mbíodh gnáthóg na scríbhneoirí, The Lion's Head, suite.
Comóradh celebrating
" Antaine: A Éilís, céard í bunaidhm na féile seo? Éilís: Comóradh a dhéanamh ar shaol Dhiarmada agus, ó tharla gur amhránaí ab ea é, amhránaíocht is mó a bhíonn ann.
chun an eachtra sin a chomóradh to commemorate that event
" Sa lá atá inniu ann, tá ionad oidhreachta i Ráth Maolain chun an eachtra sin a chomóradh.
comóradh celebration
" Tá "An tSúil Nimhe" aon alt is fiche d'aois an mhí seo! I gcomóradh ar an ócáid ar leith fuair Balor bronntanas ar leith.
comóradh celebration
" Faraor, níl fágtha anois ach sráidainm nó dhó chun comóradh a dhéanamh ar an obair ar fad a bhí ar bun ag an gcomhlacht Grubb & Son ó thart ar 1830 go dtí 1916.
chomóradh celebration
" Mar chuid de chomóradh 50 bliain an chomhlachta, tá siad tar éis na taifeadtaí sin ar fad a chur le chéile agus a eisiúint arís faoin ainm Seoltaí Séidte.
a chomóradh to celebrate
" Cúig bhomaite i ndiaidh don bhuíon siúl thart le dhá cheantar naisiúnacha, choinnigh an PSNI pobail an dá cheantar, Ard Eoin agus Mountainview, taobh istigh dá limistéir féin - sula dtáinig na scórtha péas isteach le go dtiocfadh leo lucht leanúna na nOráisteach a chomóradh agus iad ag siúl ar an bhóthar, cé go raibh cosc curtha ar lucht leanúna ag Coimisiún na bParáidí.
chomóradh commemoration
" B’fhéidir gur ar chomóradh 100 bliain bhunú an pháirtí a bhí ceannairí Shinn Féin ag súil le bheith ag caint i mbliana ach, ina ionad sin, ó thús 2005 táid ag séanadh líomhaintí go bhfuil gluaiseacht na poblachta freagrach as robáil bainc, sciúradh airgid agus dúnmharú fir i mBéal Feirste.
comóradh ollmhór a huge commemoration
" I 1966, trí bliana i ndiaidh don IRA a sos cogaidh a fhógairt, d'eagraigh Rialtas an Stáit seo comóradh ollmhór ar Éirí Amach na Cásca i 1916.
comóradh bliantúil annual commemoration
" An ceangal idir an lucht oibre Éireannach i Learpholl, Albain agus Éire - sin an t-ábhar cainte a bhí ag Raymond McCartney, MLA (Feabhal/Doire) de chuid Shinn Féin, nuair a labhair sé ag comóradh bliantúil Jim Larkin i mí Dheireadh Fómhair.
comóradh celebration
" Déantar comóradh ar oibrithe ar fud an domhain ar an lá sin agus bíonn paráidí i gcathracha móra.
comóradh commemoration
" I mí Eanáir na bliana seo caite bhí comóradh á dhéanamh ar an seascadú bliain ó fuasclaíodh sluachampa géibhinn Auschwitz-Birkenau.
comóradh commemoration
" Rinneadh comóradh i mbliana ar na tuilte a bhuail Wentworth, baile beag in iardheisceart New South Wales, leathchéad bliain ó shin i 1956.
comóradh commemorating
" Foilsíodh an leabhar le comóradh a dhéanamh ar 90ú bliain Éirí Amach na Cásca agus, mar a mhíníonn an t-údar, leabhar don ghnáthléitheoir atá ann, is é sin, leabhar léitheoireachta nach gcuirfeadh eagla do chraicinn ort ó thaobh líon na leathanach nó nach mbáfadh faoi thonn mhór fonótaí thú.
comóradh commemoration
" In ainneoin go bhfuil Maidrid ag diúltú don iarratas, ag rá go bhfuil an pictiúr ró-shobhriste lena bhogadh thart, tá tacaíocht láidir ann, go háirithe agus comóradh 70ú bliain na buamála i ndiaidh a bheith ann, don tuairim gur cheart an pictiúr a thaispeáint sa Guggenhéim- an dánlann iontach a dhear an t-ailtire Frank Gehry do mhuintir Bilbao.
chun comóradh a dhéanamh to commemorate
" Gar don phríomhbhóthar a thugann cuairteoirí go dtí an sluachampa géibhinn seo tá leacht cuimhneacháin millteach mór a tógadh i 1969 chun comóradh a dhéanamh ar an bhfuascailt a rinne an tArm Dearg ar an áit 25 bliain roimhe sin.
mar chomóradh ar a dáta breithe to mark her date of birth
" Saolaíodh Plath i mí Dheireadh Fómhair na bliana 1932 i mBostún - bheadh sí 75 bliain d’aois dá mbeadh sí beo léi - agus ba mar chomóradh ar a dáta breithe a foilsíodh an leabhar speisialta seo, a bhfuil *Eye Rhymes: Sylvia Plath’s Art of the Visual * (Oxford University Press) mar theideal air, cúpla seachtain ó shin.
mar chomóradh as a commemoration
" " Ré na ngrúdlann beagD'fhéadfaí a rá gur cuireadh tús le ré na ngrúdlann beag leis an mbeoir seo sa bhliain 1985 nuair a grúdaíodh leagan de Samuel Adams Boston Lager ó sheanoideas mar chomóradh ar Patriot’s Day, ar lá saoire oifigiúil in Massachusetts é, i mí Aibreáin na bliana sin.
de chomóradh céad bliain CLG of the GAA's centenary celebration
" John MitchelsScríobh Tommy faoi stair a chlub féin, John Mitchels, mar chuid de chomóradh céad bliain CLG sa bhliain 1984, agus deir sé ina leabhar nua go raibh díomá air nuair a tháinig deireadh leis an chlub sa séasúr 2002/2003.
mar chomóradh as a commemoration
" Anuas air sin, níor tugadh cead dom alt a scríobh don fhorlíonadh speisialta a cuireadh le chéile mar chomóradh ar nócha bliain Éirí Amach na Cásca.
maidir leis an dóigh a ndéanfaí an comóradh a láimhseáil which regards to the way in which the commemoration would be handled
" Ba é an comhdhearcadh, dar le Myers, ar thángthas air sa tír seo maidir leis an dóigh a ndéanfaí an comóradh a láimhseáil ná go ndéanfaí é a cheiliúradh agus go mbronnfaí stádas an laoich orthu siúd a bhí ina bhun.
comóradh beag a small celebration
" B’fhearr liom comóradh beag a dhéanamh anois ar Joe Éinniú agus a bheith ag éisteacht lena chuid fonnadóireachta.
iarracht leas polaitiúil a bhaint as comóradh shíniú an Chomhaontaithe. as an effort to derive political advantage from the anniversary of the signing of the agreement
" Tá sé tábhachtach nach ndéanfaí dearmad ar na daoine sin ar fad agus nach ndéanfaidh dreamanna éagsúla iarracht leas polaitiúil a bhaint as comóradh shíniú an Chomhaontaithe.
mar chomóradh dhá chéad bliain as a bicentinary commemoration
" Osclaíodh teach nua na parlaiminte ag buaic an triantáin sa bhliain 1988 mar chomóradh dhá chéad bliain ar an gcéad lonnaíocht Eorpach san Astráil.
le comóradh a dhéanamh to mark
" Cuirfear clabhsúr leis an bhféile ar an 21 Meitheamh, dáta a roghnaíodh go speisialta le comóradh a dhéanamh ar chíréibeacha a bhí ar siúl i Nua-Eabhrac sa bhliain 1969.
comóradh cúig bliana déag 15th anniversary
" " Agus anois, agus comóradh cúig bliana déag na seirbhíse á cheiliúradh, céard iad na príomhrudaí atá bainte amach ó bunaíodh an stáisiún? “Ghlac Raidió na Life céim radacach agus réabhlóideach chun tosaigh i mbliana nuair a chuir muid go suntasach lenár n-uaireanta craolta – ó cúig huaire déag in aghaidh an lae go fiche uair in aghaidh an lae, agus ceithre huaire is fiche in aghaidh an lae ag an deireadh seachtaine.
chomóradh (to) commemorate
" In agallamh a thug Max Gallo, staraí agus ball den Académie française, ar an stáisiún raidió RTL le déanaí, rinne sé tagairt do shuirbhé a léiríonn nach eol do 50% de phobal na Fraince cad chuige go ndéantar an 11 Samhain, an Journée de mémoire, a chomóradh san Fhrainc.
chomóradh (to) commemorate
" Baineadh geit as oifigigh Pharlaimint na hEorpa ar na mallaibhnuair a nocht an t-ealaíontóir, David Cerný, a dhealbh dar teideal ‘Entropa’, a chruthaigh sé go speisíalta mar chomóradh ar uachtaránacht Phoblacht na Seice ar an Aontas Eorpach.
chomóradh is remembered
" Cuimhneachán ar Lucht an Éirí Amach Is in 1960 ar ordú de Gaulle a cuireadh ar bun an Mémorial de la France Combattante in aice leis an gcampa míleata ar an Mont Valérien, áit a ndéantar an Appel du 18 juin a chomóradh gach bliain i láthair Uachtarán na Poblachta.
chomóradh celebrate
" ” Is é an éacht is mó atá déanta ag Ivana agus í ina Seanadóir, dar léi féin, ná ócáid a eagrú chun páirteachas ban i gcúrsaí polaitíochta a chomóradh.
comóradh commemoration
" Reáchtáladh comóradh mór sa bhliain 1992, áfach, le cothrom caoga bliain an fheachtais a cheiliúradh.
comóradh commemoration
" Bhí comóradh mór ar siúl sa Tíomór Thoir í féin i mí Lúnasa ar mhaithe le ceiliúradh a dhéanamh ar chothrom an lae deich mbliana ó shin ar vótáil muintir Thíomór Thoir ar son reifrinn le neamhspleáchas a bhunú.
comóradh celebration
" Roghnaigh críostaithe an fhéile seo mar fhéile na Nollag – an tráth a dhéantar comóradh ar lá breithe Chríost.
ag comóradh commemorating
" "Ar ámharaí an tsaoil, táthar ag comóradh shaoradh na gcampaí géibhinn i gcaitheamh an dara cogadh domhanda leathchéad bliain ó shin faoi láthair ar Mhór-Roinn na hEorpa le linn don Drochshaol céad caoga bliain ó shin a bheith á thabhairt chun cuimhne abhus" a deir sé.
chomóradh escort
" i mí Lúnasa, mhaígh teaghlach Caitliceach go ndearna an PSNI mórshiúl mídhleathach dílseachta "a chomóradh" a fhad lena dteach; An té a bhfuil súil ina cheann, tuigfidh sé.
chomóradh commemorate
" Tapaíonn na hAstrálaigh an deis lá saoire poiblí a chomóradh go fonnmhar, de ghnáth, agus bíonn cóisirí, fulachtaí fia agus imeachtaí sóisialta eile ar siúl fud fad na tíre ar lá saoire.
comóradh commemorating
" Bhí íonadh orm nuair a chuala mé an tseachtain seo chaite go raibh *YouTube* ag comóradh cúig bliana ar an bhfód, fód an idirlín! Bhí ionadh orm toisc nach cuimhin liom, roimh *YouTube*, cén áit a bhfuair mé físeanna de chait ag canadh is cailíní beaga ag déanamh aithris ar *Beyoncé* nó ataispeáint de radharc as *Return of the Jedi*, fráma ar fráma, déanta le *Lego*.
comóradh celebrate
" Ag an gcruinniú, dúirt fear amháin as Charna, Pádraig Ó Cosgordha, go mb’fhearr comóradh a dhéanamh ar shaíocht na Gaeltachta.
gcomóradh celebration
" Is dócha, mar sin, go mbeidh ar Rousseff fanacht leis an gcomóradh mór go dtí an 31 Deireadh Fómhair, an lá a bhfuil an dara babhta beartaithe.
comóradh commemoration
" na Tríonóide ag maíomh as comóradh a bhunaithe (1592).
comóradh commemoration
" Dúirt Norrissa, agus eisean ag caint faoi rún chomh maith le Balor, gurbh é an post ab ansa leis ar domhan, ar thrí chúis: go mbeadh sé mar Ionadaí na Banríona ina chónaí san Áras; nach mbeadh air cúpla focal Gaeilge a fhoghlaim le bheith insealbhaithe ann; agus nár ghá dó aitheantas ar bith a thabhairt do Laochra Éirí Amach na Cásca nuair a bheidh an comóradh ann i 2016.
chomóradh commemorate
" Sa bhliain 2012, nuair a dhéanfar bunú Pháirtí an Lucht Oibre sa bhliain 1912 a chomóradh, nach mbeadh sé tráthúil comharba ar James Connolly a bheith ina Thaoiseach ar an stát! B’fhéidir nach bhfuil ar bun agam ach taibhreamh.
a chomóradh celebrate
" Rogha na coitiantachta de ghnáth, is ea go nglactar le John (“Johnny”) Giles, an ceannfort lár páirce, a ndearnadh a lá breithe seachtó bliain a chomóradh le déanaí.
chomóradh commemoration
" Chuir sí féin agus a cara Anna Johnston nuachtán dar teideal Shan Van Vocht in eagar ó 1896-1899 inar cuireadh ábhar Gaelach na linne chun cinn, ó chomóradh céad bliain Éirí Amach na nÉireannach Aontaithe go cluichí Gaelacha.
ag comóradh a mbua celebrating their victory
" Sa chéad ghrianghraf tá Dan agus Justin Mac Cárthaigh, bainisteoir na foirne, ag comóradh a mbua ar Luimneach i gcluiche ceannais na Mumhan in 2007, cluiche inar aimsigh Ó Seanacháin trí chúl agus trí chúilín agus a chinntigh go bhfaigheadh sé gradam Iománaí na Bliana ina dhiaidh sin.
an chomóraidh of the commemoration
" Fógraíonn an Príomh-Aire ainm an duine a thabhaíonn an dámhachtain seo mar bhuaicphointe an chomóraidh ar son Lá na hAstráile, an lá náisiúnta a cheiliúrtar ar 26 Eanáir.
comóradh na féíle commemorating the festival
" Nuair a bhí na Gaeil, nó na Ceiltigh más fearr leat, i mbarr a réime anseo in Éirinn, is ag comóradh na féíle Imbolc a bhídís.
chomóradh an chéid the centenary commemoration
" Robert Noonan ======== Is cuid de chomóradh an chéid é, Learpholl Cathair na Radacach 1911-2011, an ceiliúradh faoi Robert Noonan/Tressell atá eagraithe ag Comhairle na Cathrach mar tháinig Páirtí an Lucht Oibre i gcumhacht san áit arís anuraidh.
chomóradh commemorate
" Ba dhíol suntais an saothar poiblí a chruthaigh sé agus tá samplaí de le feiceáil sa chuimhneachán ar Shéamas Ó Conghaile agus An Crann Óir atá suite i gcroílár Bhaile Átha Claith, an dealbh a rinneadh do chomóradh 500 bliain na Gaillimhe ar an Fhaiche Mhór, an cuimhneachán ar an Drochshaol i Westchester, Nua-Eabhrac agus ar an imirce chun an Oileáin Úir i nDoire Cholm Cille.
Chun comóradh a dhéanamh to commemorate
" 99 Eolas faoi oidhreacht an Riadaigh: Chun comóradh a dhéanamh ar oidhreacht cheoil an Riadaigh, tá Gael Linn ag foilsiú bailiúchán de thrí dhlúthdhiosca d’ábhar roghnaithe óna shaothar.
comóradh ar commemoration of
" Déanann saothar Conrad Atkinson ‘Silver Liberties: A Souvenir of a Wonderful Anniversary Year’, comóradh ar shléacht Dhomhnach na Fola, agus is toradh é ar choimisiún a fuair Atkinson, le iubhaile cúig bliana fichead na Banríona Éilís a cheiliúradh i 1978.
mar chomóradh ar in memory of
" Bhí mise i Lios Tuathail cúpla bliain roimhe sin nuair a cailleadh John B Keane i 2002 agus tugadh an jab domsa sé n-uaire an chloig a dhéanamh ar RTÉ ar Lá ’le Stíofáin mar chomóradh ar John B Keane agus chuaigh mé go Lios Tuathail agus chaith mé cúpla lá le muintir Keane agus timpeall an bhaile le daoine.
chomóradh to celebrate
" Is féile idirnáísiúnta Cheilteach í Féile na nDathanna Ceilteacha a mheallann daoine ó cheann ceann na cruinne chuici, leis an traidisiún agus leis na teangacha Ceilteacha a chomóradh.
chomóradh to commemorate
" Bhíothas ag súil ag an am go mbeadh clár an athmhuintearais i gcrích faoin mbliain 2001, mar lármhír i measc na n-imeachtaí ceiliúrtha a bhí beartaithe le céad bliain bhunú an náisiúin a chomóradh.
chultúr intleachtúil an chomóraidh agus an chuimhnimh the intellectual culture of commemoration and remembrance
" D’fhonn na Daonnachta =========== Ní dóigh liom gur rith sé leis an Uachtarán ná lena lucht éisteachta gur dhiúltaigh Éireannaigh shuntasacha áirithe don nasc sin agus do chultúr intleachtúil an chomóraidh agus an chuimhnimh mar aon leis.
Comóradh ar a celebration of
" Comóradh ar chultúr agus ar theanga na Gailíse a bhí ann, ach gan oiread comórtas amhránaíochta ar an sean-nós agus a bhíonn in oireachtas na Gaeilge.
i ndeichniur na gcomóradh in the decade of commemorations
" Ta muid i ndeichniur na gcomóradh (decade of commemórations) agus is é comóradh an Chúnaint an ceann is mó go dtí seo.
beartaithe don chomóradh planned for the commemoration
" I measc na n-imeachtaí atá beartaithe don chomóradh beidh Aifreann á cheiliúradh san Ardeaglais agus leagfar bláthfhleasca ar láthair an chrochta.
comóradh céid An Frithdhúnadh the centenary celebration of the Lockout
" Tá an bhliain 2013 linn agus le comóradh céid An Frithdhúnadh i mBaile Átha Cliath ann, beidh aird an phobal dírithe aris ar Jim Larkin (1874-1947).
comóradh celebration
" Seolaimid an Chairt seo sa bhliain chinniúnach seo ina bhfuiltear le ceiliúradh a dhéanamh ar Bhliain na Gaeilge, comóradh 120 Bliain d'athbheochan cultúrtha an 19ú Aois, nuair a bunaíodh Conradh na Gaeilge, agus sa Bhliain Comórtha seo ar Chairt Bhaile Bhéal Feirste a bronnadh ag Rí Shasana Séamas a hAon sa bhliain 1613.
chomóradh to celebrate
" ” Nua-Nós den Sean-Nós? ======= Bhí moladh aige faoi bhealaí eile leis an ealaín seo a chomóradh: “Ba cheart níos mó ardáin mhóra a thabhairt don sean-nós, nach bhfuil bunaithe ar chomórtas.
mar chomóradh ar a ngrá seasmhach in commemoration of their longstanding love
" Rinneadh an dealbh, atá le feiceáil in aice le Droichead na Lánúineacha i bPairc Khreschatyi sa Chív mar chomóradh ar a ngrá seasmhach, agus, tráthúil go leor, is áit í sin a dtagann lánúineacha nuaphósta lena ngrá a chur in iúl dá chéile.
chomóradh to celebrate
" Reáchtáladh ceiliúradh náisiúnta sa bhliain 1938, cuirim i gcás, le céad go leith bliain lonnaíocht Eorpach a chomóradh.
chomóradh to commemorate
" *” Chuir se iontas orm nár deineadh aon chomóradh ar an oll-mhórshiúl sin trí bliana ó shin.
An Tréas a Chomóradh celebrating the treason
" Ach ’sé an cheist ar cheart a bheith curtha ar an Aire Oideachais agus ar gach Aire eile ná seo: Más amhlaidh nach bhfuil dóthain foirne ag do Roinn le déileáil le pobal na Gaeilge ina rogha teanga, céard tá sibh le déanamh faoi? An Tréas a Chomóradh ======== I gceann roinnt blianta eile beidh ar an státchóras daoine a earcú arís.
a dhéanfar comóradh ar when … shall be commemorated
" Seo an lá a dhéanfar comóradh ar an Chláirseoir Éireannach, Pádraig Ó Beirn, nuair a chrochfar séadchomhórtha den chláirseoir in aice lena bhaile dúchais, Machaire Cluain i gContae Mhuineacháin.
bainteach le comóradh an tsárchruitire seo to partake in commemorating the brilliant harpist
" Bhí mórtas millteach ar Chomhaltas Charraig Mhachaire Róis, an cumann is gaire do Mhachaire Cluaine cion is go raibh siadsan in ann a bheith bainteach le comóradh an tsárchruitire seo.
cheiliúradh agus comóradh a dhéanamh celebrate and commemorate
" Tá gá leis na ceoltóirí seo a cheiliúradh agus comóradh a dhéanamh orthu áfach.
ar tí comóradh a dhéanamh ar about to celebrate
" Is i dtreise a bheas an tsíocóis chéanna ag dul sna blianta beaga amach romhainn ó tharla go bhfuil an troika curtha de dhroim seoil againn agus go bhfuil muid ar tí comóradh a dhéanamh ar Éirí Amach na Cásca.
Mar gheall ar an gcomóradh because of the (60 yr) commemoration
" Mar gheall ar an gcomóradh seasca bliain a bhí ar siúl anuraidh d’eisíomar roinnt seancheirníní ón gcartlann arís.
deis comóradh a dhéanamh an opportunity to celebrate
" Tugann an fhéile deis comóradh a dhéanamh ar an chultúr Cheilteach chomh maith leis an nasc saíochta idir na tíortha Ceilteacha, Éire, Alba, an Bhreatain Bheag (Cymru), Corn na Breataine (Kernow), an Bhriotáin (Breiz) agus Manainn (Mannin) a threisiú.
Comóradh commemoration
" Athmhachnamh nó Athscríobh ========= Ó thaobh Comóradh 1916 de, dúirt Mulhall go raibh sé féin in aghaidh ‘stair comhghéillte’ Éire/Sasana agus dúirt: > “Those who come to Dublin in 2016 will not be asked to endorse everything that happened in 1916.
le comóradh a dhéanamh ar to commemorate
" Chomh maith le sin, tá Oireachtas Chois Fharraige 1974 - 2014 á eagrú, an deireadh seachtaine deireanach de mhí Mheán Fómhair, le comóradh a dhéanamh ar Oireachtas na Gaeilge 1974.
cheiliúradh agus a chomóradh celebrated
" Rinneadh Robyn a cheiliúradh agus a chomóradh.
a chomóradh to celebrate
" Féachann Rónán Mac Con Iomaire ar na deacrachtaí atá ag Raidió na Gaeltachta faoi láthair agus ar an éiginnteacht atá ann agus an stáisiún ar tí tríocha bliain ar an aer a chomóradh.
á gcomóradh being commemorated
" Tá dhá eachtra thábhachtacha i stair na hAstráile a raibh baint lárnach ag Éireannaigh leo á gcomóradh i mbliana.
comóradh commemoration
"comóradh á dhéanamh i Learpholl an mhí seo ar shaol Phiarais Bhéaslaí, an réabhlóidí agus file a rugadh sa chathair in 1881.
comóradh cúig bliana déag 15th anniversary
" Agus comóradh cúig bliana déag Raidió na Life á cheiliúradh i mbliana, labhair Caoimhe Ní Laighin le bainisteoir an stáisiúin, Muiris Ó Fiannachta, faoin méid atá bainte amach ag an tseirbhís ó bunaíodh í agus faoin gcóisir “leictreach” a bhí ar siúl le gairid chun a breithlá a cheiliúradh!
chomóradh commemorated
" Samhlaíonn Breandán Delap cad é a bheas le rá ag ceannaire nuathofa Fhianna Fáil Nua ina aitheasc d'Ard Fheis a pháirtí sa bhliain 2016, tráth a bheas céad bliain Éirí Amach na Cásca á chomóradh.
comóradh commemoration
" Cuireann sé an cheist an bhféadfadh sé tarlú go mbeadh Uachtarán ar Éirinn, le linn comóradh Éirí Amach na Cásca, nach mbeadh in ann a chuid dualgaisí a chomhlíonadh trí Ghaeilge?
le comóradh to be commemorated
" Tá bunú an Lucht Oibre mar pháirtí nua polaitíochta, ar ceann de na ócáidí stairiúla a bheas le comóradh.
an chomóradh atá le déanamh orthu the commemoration of those events
" Cuimhníonn Breandán Delap ar na heachtraí brónacha a tharla i gceantar Gaeltachta i gContae na Gaillimhe 130 bliain ó shin agus ar an chomóradh atá le déanamh orthu.