Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
comhghéilleadh compromise
" An rud atá uathu ná Tuarascáil Patten ina iomláine - an comhghéilleadh bunúsach a bheadh inghlactha ag náisiúnaithe.
comhghéilleadh stairiúil historic compromise
" comhghéilleadh stairiúil ======= Meabhróidh poblachtánaigh duit gur chuir an Trimbleach in éadan chóir a bheith gach gné de chur i gcrích an Chomhaontaithe, Weston Park, leasuithe i gcúrsaí póilíneachta, etc.
comhghéilleadh compromise
" Tá na tábhairneoirí agus a gcomhghuaillithe ag moladh go gcuirfí ar fáil seomra ar leith i ngach tábhairne agus bialann do lucht caite tobac, ach dealraíonn sé nach bhfuil an t-aire sásta le comhghéilleadh mar seo, fiú.
comhghéilleadh compromise
" Ligfidh sé seo dó cur ina luí ar vótairí gurb é polasaithe s'aigesan agus polasaithe an UUP a "shaothraigh" an comhghéilleadh seo (agus tuilleadh lena chois más fíor) ón IRA, rud a bhainfidh vótaí don pháirtí ag toghchán nuair a scairtear é.
an chomhghéilleadh stairiúil the historic compromise
" Chuir siad méid substaintiúil arm ó mhaith, ach deir siad nach ndéanfaidh siad a leithéid céanna arís go dtí go mbeidh siad sásta go bhfuil na haontachtaithe réidh leis "an chomhghéilleadh stairiúil" a dheánamh.
fear mór comhghéillte a great man for compromising
" Agus in aice leis, i mbloclitreacha móra tá scríofa *Up The Dubs*! Agus cad é atá scríofa ar an léarscáil seo in aice le príomhchathair Chorca Dhuibhne? Bhuel, ós rud é gur fear mór comhghéillte é Ó Caoimhnis, mar is eol do chách, agus ós rud é nach féidir an troid idir lucht an Daingin agus lucht Dingle a choinneáil ag gabháil mórán níos faide, rinne Balor tuar agus tairngreacht agus chruthaigh sé logainm úr a bheas inghlactha don dá thaobh: *Dingle Uí Chúis!* Do Mháire Ní Chlochráin, an bhean a chaith seal sa Roinn chéanna agus atá anois ag déileáil le cuótaí bainne, le coirce, le cruithneacht, le saill mhuice agus le feoil mhairt, tá bronntanas ar leith ag Balor ina shac Nollag – cúpla cloch meáchain de shiúcra candaí.
comhghéilleadh compromise
" Ainneoin an ghoimh agus na binbe idir an dá pháirtí sin, ní bheadh sé dodhéanta acu comhghéilleadh áirithe a dhéanamh ar a bpolasaithe ar an bhonn gurb é an leas coitianta agus náisiúnta é go mbunófaí rialtas buanseasmhach.
comhghéilleadh. compromise
" Ní mó ná sásta a bhí muintir Sydney agus Melbourne – an dá chathair is mó sa tír – leis an gcomhghéilleadh.
comhghéilleadh compromise
" Grád: C Eamon Ryan (An tAire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha) Aire cumasach - ach comhghéilleadh le déanamh ar chuid mhaith de pholasaithe na nGlasach ar chúrsaí fuinnimh de bharr costas ró-ard a bheith ag baint leo le linn cúlú mór eacnamaíochta.
chomhghéilleadh compromise
" Ghlac sé deich mbliana an socrú mór a fháil idir na seacht stát is fiche agus is iomaí chomhghéilleadh gránna atá ann.
comhghéilleadh compromise
" Chuir Gillard deireadh leis an bhfógraíocht i dtaca leis an RSPT a luaithe is a ceapadh í agus tá sí ag iarraidh comhghéilleadh a dhéanamh leis na comhlachtaí mianadóireachta.
comhghéillte agreement
" Tá Micí Ó Leery sásta teacht chun comhghéillte ar an cheist.
comhghéilleadh give and take
" Amuigh ar an eite dheis, is é seo páirtí na bhfeargach, páirtí na ndaoine míshásta, páirtí an tríú bealaigh - bealach nach bhfuil comhghéilleadh i gceist ann.
comhghéilleadh give and take
" Is dócha go mbeidh comhghéilleadh éigin ann, ag soláthar clárlann pháirtíocht teaghlaigh náisiúnta do lánúineacha comhghnéis, mar shampla.
comhghéilleadh accommodation
" D’fhéadfaí a rá nach mbeadh aon chumhacht ag an rialtas gan an córas seo, agus gur dóiche nach mairfeadh sé i bhfad sa lá atá inniu ann, ach d’fhéadfaí comhghéilleadh a bheith ann fosta.
Rialacha Comhghéillte Compromise Rules
" Rialacha Comhghéillte a thugtar ar an gcluiche freisin, mar shampla ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, agus is ainm é a thugann nod dúinn faoi bhunús agus faoi chomhdhéanamh an chluiche.
Rialacha Comhghéillte international rules
" D’imir Jim Stynes i gcoinne agus in éineacht le foireann na hAstráile agus le foireann na hÉireann sna cluichí faoi Rialacha Comhghéillte agus d’imir sé i gcoinne a dhearthár Brian a bhí ar fhoireann na hÉireann.
má thagtar chun comhghéillte if a compromise is reached
" Dar leis go n-éireoidh le cruinniú Dheireadh Fómhair má thagtar chun comhghéillte maidir le plean gníomhaíochta a chruthóidh córas imirce idirnáisiúnta níos sábháilte a chosnaíonn cearta na n-imirceach, a chuireann leas geilleagair na bpáirtithe éagsúla chun cinn is a chuireann imircigh os comhair an phobail mar bhaill thábhachtacha den tsochaí, seachas mar dhaoine atá freagrach as fadhbanna sóisialta.
teacht chun comhghéillte to compromise
" Níl sé amuigh air, áfach, gur duine é a bhíonn réidh de ghnáth teacht chun comhghéillte.