Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
comhghairdeas congratulations
" Bhí Frank McCourt, Dennis Duggan agus naoimh is peacaithe eile Éireannacha i láthair chun comhghairdeas a dhéanamh le McEvoy, fear a raibh eolas maith aige féin ar an "Head" le linn ré órga an tábhairne.
ag déanamh comhghairdis liom congratulating me
" Táim iontach buíoch de na mílte léitheoir a scríobh isteach ag déanamh comhghairdis liom mar eagarthóir sealadach as siocair caighdeán na truflaise a bheith i bhfad níos airde ann ná mar a bhíonn de ghnáth.
comhghairdeas leo as a ngaisce congratulations to them for their feat
" Ach comhghairdeas leo as a ngaisce, rud a chuidigh le cuid den ghruaim a ardú de lucht iomána na hardchathrach tar éis bhliain na hainnise ag na sinsir.
comhghairdeas congratulations
" Anuas air sin, bhí Bo Hi Pak, giolla gualainne Moon agus iaroifigeach de chuid KCIA, ar na daoine is túisce a rinne comhghairdeas leis an rialtas nua, rialtas ar gheall aire dá chuid go mbáfaidís teorainneacha Mheiriceá le drugaí.
ag gabháil comhghairdis congratulating
" Mura bhfuil Aontachtaithe sásta a admháil nach peaca marfach é lámh Chaitlicigh a chroitheadh, cén seans atá ann go ndéanfaidh siad comhobair fhiúntach le Sinn Féin? Dúirt Martin McGuinness, mar shampla, gur dhiúltaigh Peter Robinson comhráiteas a bheadh scríofa ag an bheirt acu a chur amach ag gabháil comhghairdis le foireann shinsir Thír Eoghain a bhain craobh na hÉireann i mí Mheán Fómhair.
comhghairdeas congrats
" Rinne sé comhghairdeas leis as a cheapachán agus dúirt go raibh lúcháir ar mhuintir Inis Oírr go raibh “oileánach anois mar Thaoiseach, duine a bhfuil tuiscint aige ar deacrachtaí na tíre go hiondúil ach go háirithe ar deacrachtaí oileáin.
comhghairdeas congrats
" Ach ba mhaith liom comhghairdeas mór a dhéanamh leis as an ghradam a bronnadh air ar na mallaibh.
teachtaireachtaí comhghairdis messages of congratulations
"teachtaireachtaí comhghairdis ag teacht isteach go fras chuige ó cheannairí an domhain.
comhghairdeas congratulations
" Nuair a ghéill Uachtarán Obama don dream a bhí ag éileamh na hidirghabhála “daonnúla” sa Libia (Féach “Cogadh Fada na mBréag i gCoinne Qaddafi” in eagrán mhí na Samhna 2011), rinne Bill Kristol comhghairdeas leis as “an gcúigiú cogadh um shaoradh Moslamach” – i ndiaidh “saoradh” na Cuáite, na mBalcán, na hAfganastáine agus na hIaráice – a d’éirigh leis féin agus a leathbhádóirí na Stáit Aontaithe a spreagadh chun troda.
comhghairdeas a ghabháil leis to congratulate him
" An bhliain dár gcionn, scríobh PNAC litir eile chuig Bush le comhghairdeas a ghabháil leis as a chuid ceannaireachta misniúla sa chogadh in éadan na sceimhlitheoireachta go dtí sin.
Comhghairdeas ó chroí leat hearty congratulations
" A Steve, a chara, Comhghairdeas ó chroí leat ar do cheapachán mar Phríomhfheidhmeanach ar Údarás na Gaeltachta.
Comhghairdeas le congrats
" Comhghairdeas le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge! <http://indigenoustweets.
le comhghairdeas a dhéanamh leis to congratulate
" Reáchtáiltear mórshiúlta i ngach cathair fud fad na tíre tar éis na gcluichí le comhghairdeas a dhéanamh leis na rannpháirtithe iontu, leo siúd a bhuann boinn go mór mór.
a rinne comhbhrón agus comhghairdeas leis who sympathized and congratulated
" Ina measc bhí Jimmy Not Winning Matches Mc Guinness, pearsa Dhún na nGall na bliana seo caite, a rinne comhbhrón agus comhghairdeas leis an Uasal Ó Cuinneagáin.
teachtaireacht chomhghairdis a message of congrats
" Chuir seisean teachtaireacht chomhghairdis chugam nuair a toghadh mé, agus dúirt sé go raibh sé ag dréim go mór leis na háiteanna is fearr in Amsterdam a thaispeáint dom.
Comhghairdeas leat ar do cheapachán congrats on your appointment
" **Balor: Comhghairdeas leat ar do cheapachán, a Aire.