Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
chuir na comhlachtaí ceoil an dlí ar chuir siad an dlí orthu: they took them to court
" Chuir an clár ríomhaireachta sin ar chumas daoine ceol a fháil ó bhailiúcháin daoine eile ar an idirlíon agus chuir na comhlachtaí ceoil an dlí ar an gcomhlacht a bhunaigh é.
comhlachtaí leictreonacha electronics companies
" Tá thart ar 33% den infheistíocht a dhéanann comhlachtaí leictreonacha Meiriceánacha san Eoraip anseo in Éirinn.
comhlachtaí rathúla successful companies
" Tuigeann na comhlachtaí rathúla an tábhacht a bhaineann le traenáil agus atraenáil mar go bhfeiceann siad toradh na hinfheistíochta.
comhlacht cosmaidí cosmetics firm
" Fógra conspóideach ======= Sa Fhrainc roinnt blianta ó shin chuir an comhlacht cosmaidí Roc feachtas ar siúl chun uachtar a rinne cosc ar cheallailít a dhíol.
chomhlachtaí ríomhaireachta computing companies
" Tharla go bhfuil brú mór ar chomhlachtaí ríomhaireachta faoi láthair, tá an-chuid fógraí do ríomhairí saora sna meáin chumarsáide le gairid.
chomhlacht company
" Daniel an t-ainm a bhí air agus tugtar Mahogany ar an chomhlacht.
comhlachtaí léiriúcháin neamhspleácha independent production companies
" Cáineann sé TG4 de bharr nach dtugann siad, dar leis, go leor saoirse do na comhlachtaí léiriúcháin neamhspleácha a mbíonn siad ag plé leo.
sular theip ar an chomhlacht before the company failed
" Ghlaoigh Comhdháil na Stát Aontaithe ar Skilling, iar-CEO Enron, chun fianaise a thabhairt ach mhaígh seisean nach raibh cuimhne aige ar shonraí na n-imeachtaí a tharla sular theip ar an chomhlacht.
comhlacht soghluaiste idirlín Internet mobile company
" Ar ndóigh chabhraigh sé go raibh beirt chuntasóirí mar stiúrthóirí ar an gcomhlacht!" Agus ar ndóigh chabhraigh sé freisin go bhfuil muinín aige as an gcomhlacht: "Is muidne an comhlacht soghluaiste idirlín is fearr ar domhan" a mhaíonn sé.
comhlacht ailtireachta architectural company
" Dhear an comhlacht ailtireachta Bloc, atá bunaithe i Londain, na bothanna úra agus tá an chéad cheann (caife) le bheith tógtha taobh amuigh d'Ardoifig an Phoist faoi mhí Eanáir seo chugainn.
comhlacht leagtha píopaí pipe-laying company
" " Cás cúirte ======= Agus í ar ais i gCalifornia, thosaigh sí ag obair ar chás cúirte frith-iontaobhais a thóg comhlacht leagtha píopaí darbh ainm ETSI i gcoinne cúig chomhlacht iarnróid a chuir cosc orthu ar feadh trí bliana déag píopaí a leagan chun gual a iompar trasna na Stát Aontaithe.
comhlachtaí santacha forbartha greedy development companies
" Is ar an Rialtas, ar na húdaráis áitiúla, ar an lucht pleanála, agus ar na comhlachtaí santacha forbartha atá an milleán.
chomhlacht company
" Nuair a cheannaigh Pádraig Ó Céidigh Aer Árann ocht mbliana ó shin ba chomhlacht beag é a bhí ag cur seirbhíse ar fáil d'Oileáin Árann amháin.
comhlacht fíorbheag really small company
" Agus duine a bhí ag plé le comhlacht fíorbheag a bhí díreach ag cur seirbhíse ar fáil go hÁrainn, a chaill airgead chuile bhliain go dtí gur thosaigh sé ag plé leis.
an naoú comhlacht déag is mó the nineteenth biggest company
" Dá mbeadh Aer Árann i Meiriceá Thuaidh, bheadh muidne ar an naoú comhlacht déag is mó ansin ó thaobh líon paisinéirí de.
d'fhéadfadh an comhlacht dul síos the company could have gone down
" Díreach ag an am sin, d'fhéadfadh an comhlacht dul síos.
comhlacht company
" Oibríonn sí mar dhearthóir ina comhlacht féin, One Source Graphics, ach is í an Ghaeilge a príomhghrá.
comhlachtaí athchúrsála recycling companies
" Cheana féin, déanann cuid mhaith comhlachtaí a gcuid páipéarachais a mhionghearradh sula gcuirtear é chuig comhlachtaí athchúrsála chun cáipéisí a choimeád rúnda, agus molann Coláiste na Tríonóide dá fhoireann déanamh amhlaidh le hábhar ríomhaireachta.
comhlacht company
" Oibríonn sí mar dhearthóir ina comhlacht féin, One Source Graphics, ach is í an Ghaeilge a príomhghrá.
comhlacht déantúsaíochta manufacturing company
" Eisceacht mhór amháin is ea Intel, atá ag iarraidh iarchéimithe a mhealladh in Éirinn arís - ach ar ndóigh is comhlacht déantúsaíochta iad siúd nach bhfuil ag brath ar bhandaleithead chun feidhmiú go héifeachtach.
comhlacht teoranta limited company
" Rinneadh comhlacht teoranta den Ghaeláras sa bhliain 1999 nuair a ceapadh Gearóid Ó hEára mar Stiúrthóir ar an ghrúpa.
comhlacht farantóireachta ferry company
" Is é an comhlacht farantóireachta Turasmara atá i mbun na seirbhíse báid agus tá oifig acu ar an Bhun Bheag (075-32210) agus i Machaire Rabhartaigh (074-35501).
chomhlacht próiseála éisc fish processing company
" " De réir Tony Byrne ón chomhlacht próiseála éisc Norfish, atá lonnaithe i nDún na nGall, tagann 10% dá theacht isteach ón mhargadh Éigipteach agus dá dteipfeadh air sin chaillfí postanna.
chomhlacht company
" Tá Séigheann ina bhall de chomhlacht darb ainm Gael Dealbh atá ag cruthú píosaí dealbhóireachta do na siúlóidí sin ar a dtugtar Bealach na Gaeltachta.
gcomhlacht árachais insurance company
" Foilsíodh tuarascáil le gairid faoin gcaoi ar chlis ar an gcomhlacht árachais HIH in 2001 agus na cúiseanna a bhí leis.
chomhlachtaí neamhspleácha independent companies
" An bhfaigheann sibh maoiniú ar bith ón stát? Má fhaigheann, an leor é mar dheontas? Ní fhaigheann ach ós rud é go bhfaigheann Bord Scannán na hÉireann, TG4 agus RTÉ maoiniú díreach nó indíreach ón stát is dócha go bhfaigheann … Níl deontas i gceist lenár gcuid oibre ach anois go bhfuil an deis agam cúpla focal a rá: tá buiséid TG4 bídeach, ní féidir cáin bhreis luacha a ghearradh ar an mBord Scannán agus caitheann RTÉ níos mó airgid ar chlár a dhéantar go hinmheánach ná mar a thugann siad do chomhlachtaí neamhspleácha chun clár den chineál céanna a dhéanamh.
comhlacht aistriúcháin translation company
" Chomh maith leis an stádas a thugann sé don Cheathrú Rua oifigí nuachtáin náisiúnta a bheith suite ann, cuireann sé fostaíocht mhaith ar fáil, mar a chuireann an comhlacht aistriúcháin Europus, atá lonnaithe sa bhfoirgneamh céanna.
comhlachtaí ceirníní record companies
" Ní gá go mbeadh an dearcadh seo ag Apple agus ag na comhlachtaí ceirníní atá ag tacú leo.
ó chomhlachtaí lasmuigh dá dtír féin from companies outside their own country
" Tá tomhaltóirí tar éis dul i dtaithí cheana féin ar earraí a cheannach ar an idirlíon ó chomhlachtaí lasmuigh dá dtír féin.
comhlachtaí ilnáisiúnta multi-national companies
" Tá dúil ag an Indinéis agus ag na comhlachtaí ilnáisiúnta i dtalamh agus acmhainní an-saibhre Phapua Thiar.
comhlacht árachais insurance company
" " I ndiaidh di clár a fheiceáil ar an teilifís faoi sheach-chonair ghastrach, chuaigh sí i dteagmháil lena comhlacht árachais le fiosrú faoi chumhdach a fháil don mháinliacht.
comhlacht dí drinks company
" Is é Bailey's, an comhlacht dí, príomhurraí an taispeántais agus beidh an brabach ag dul chuig Pobal Shíomóin (carthanacht do dhaoine gan dídean) agus The Jack and Jill Trust (a chuidíonn le páistí atá faoi mhíbhuntáiste).
Comhlachtaí móra tógála dúchasacha big indigenous building companies
" Comhlachtaí móra tógála dúchasacha, leithéid McInerneys agus McGowans, a bhailíonn an chuid eile den chíos talún sa stát seo.
comhlachtaí príobháideacha private companies
"comhlachtaí príobháideacha amháin atá taobh thiar den drochobair seo.
úinéirí na gcomhlachtaí teileachumarsáide eile owners of other telecommunications companies
" Dá mbeadh, bheinn ag breathnú anois ar ardú 30 faoin gcéad sa mbliain ar mo chuidse airgid - méadú atá i bhfad Éireann níos mó ná aon bhrabús eile atá déanta ag úinéirí na gcomhlachtaí teileachumarsáide eile san Eoraip.
comhlachtaí companies
" Tá eastát tionsclaíoch bunaithe le cúpla bliain anuas, ina bhfuil comhlachtaí ar nós More Net Teoranta agus Seaspray ag feidhmiú.
a bancbriseadh a chomhlacht that his company was bankrupt
" Ag tabhairt fianaise dó dúirt Rupert gur de bharr taisme leoraí a bancbriseadh a chomhlacht.
comhlachtaí móra big companies
" Bhí comhlachtaí móra ó cheithre choirnéal an domhain sásta infheistiú ansin.
chomhlacht company
" Go deimhin, tá fógra ag Eircom faoi láthair a chlúdaíonn roinnt den ábhar ar an suíomh, mar aon le fógra do chomhlacht eile.
chomhlachtaí companies
" Chonaic muid sin in Alban nuair a thug Comataidh na Gàidhlig airgead do chomhlachtaí mar SMG (ar leo Scottish TV agus Grampian TV) agus ansin chraol SMG na cláracha ar a haon a chlog ar maidin! Caithfear é sin a sheachaint," arsa Aled.
comhlacht company
" Tá ríomhchlár ar a dtugtar WsxM curtha ar fáil saor in aisce ag an gcomhlacht Nanotec (www.
comhlacht feola Éireannach an Irish meat company
" Tuairisc a rinne siad ar an chlár "Farm Diary" ba chúis leis seo, tuairisc ina ndúirt siad go raibh comhlacht feola Éireannach lárnach i bfiosrúchán a bhí ar bun san Iaráic maidir le caimiléireacht feola, agus gur baineadh míleas as scéim árachais de chuid an rialtais trí fheoil, nárbh fheoil Éireannach í, a chur isteach fúithi.
comhlachtaí ríomhaireachta computer companies
" Leis an teicneolaíocht físe atá ar fáil faoi láthair, is féidir linn go léir iarracht a dhéanamh aithris a dhéanamh ar eachtraí Hector ar TG4 - ach cén fáth a bhfuil na comhlachtaí ríomhaireachta ag tabhairt na mbogearraí cuí amach saor in aisce? Is beag ríomhaire nua nach mbíonn bogearraí le fáil air a chuireann ar chumas duine eagarthóireacht a dhéanamh ar fhíseáin.
comhúinéirí an chomhlachta the joint owners of the company
" Tá bliain chinniúnach chruógach curtha díobh ag comhúinéirí an chomhlachta, na deirfiúracha Bríd agus Eileen Seoighe agus Pierce Boyce (atá pósta le Bríd).
i bhfábhar comhlachtaí státurraithe a phríobháidiú in favour of privatising state-sponsored companies
" Is é an *Bertie Speak *céanna a chuireann ar chumas an Taoisigh a rá nach bhfuil sé i bhfábhar comhlachtaí státurraithe a phríobháidiú ach, ag an am céanna, leanúint ag gearradh a mbuiséad bliantúil.
comhlacht company
" Cathain a bunaíodh an tÁras agus cé a bhunaigh é? Bunaíodh an tÁras i 1938, nuair a chuir craobh na Gaillimhe de Chonradh na Gaeilge comhlacht teoranta ar bun chun airgead a bhailiú le hÁras a cheannach sa chathair do phobal na Gaeilge.
comhlacht teoranta limited company
" Cathain a bunaíodh an tÁras agus cé a bhunaigh é? Bunaíodh an tÁras i 1938, nuair a chuir craobh na Gaillimhe de Chonradh na Gaeilge comhlacht teoranta ar bun chun airgead a bhailiú le hÁras a cheannach sa chathair do phobal na Gaeilge.
comhlacht company
" ) Sin mar atá sé le cúig bliana déag i JD Wetherspoons, an comhlacht tithe tábhairne is rathúla sa tír.
comhlacht company
"comhlacht amháin in Alice Springs a bhfuil 20 tiománaí fostaithe aige a bhraitheann go mór ar iompar bóthair idir Alice agus Darwin.
comhlachtaí príobháideacha private companies
" 50 san uair, i gcuid de na comhlachtaí príobháideacha, mar shampla, nó má bhíonn tú ag obair mar rúnaí pearsanta san earnáil phoiblí.
comhlacht príobháideach private company
" " Níl ciall ná réasún ar bith leis an M3 ach go mbeidh na billiúin euro le déanamh as mar go mbeidh stáisiúin dola air - airgead a rachaidh chuig comhlacht príobháideach.
comhlacht company
" Faraor, níl fágtha anois ach sráidainm nó dhó chun comóradh a dhéanamh ar an obair ar fad a bhí ar bun ag an gcomhlacht Grubb & Son ó thart ar 1830 go dtí 1916.
chomhlachtaí eiticiúla ethical companies
" " Luann sé an chaint ar fad faoi chomhlachtaí eiticiúla, go bhfuil an pobal ag éileamh anois go mbeidh rud éigin maith á dhéanamh lena gcuid airgid.
ag tagairt do chomhlachtaí árachais referring to insurance companies
" Is ag tagairt do chomhlachtaí árachais agus do lucht an dlí atáim, dreamanna atá ag leagadh síos an phraghais, mar a déarfá, agus an costas a bhaineann le reáchtáil agus eagrú spóirt éagsúla.
dul in iomaíocht le comhlachtaí príobháideacha to compete with private companies
" Ach, mar a mhínigh urlabhraí thar cionn Chomhairle Chontae Chill Chainnigh le linn éisteachtaí Choiste Uile-Pháirtí an Oireachtais ar an mBunreacht an samhradh seo caite, ciallaíonn an praghas ard ar thalamh na laethanta seo nach bhfuil sé ar chumas na n-údarás áitiúil dul in iomaíocht le comhlachtaí príobháideacha le paiste talaimh a cheannach.
comhlachtaí creidmheasa credit companies
" Caithfidh nach mé an t-aon duine atá buartha faoin bhfadhb seo mar tá na bainc agus comhlachtaí creidmheasa ag caitheamh airgid chun dul i ngleic léi.
cúrsa an chomhlachta the company's direction
" " D'athraigh cúrsa an chomhlachta ó shin, agus tá béim anois ar chláracha a dhéanamh nach raibh ann sna blianta tosaigh.
chomhlachtaí áithrid certain companies
" Tá an scéal curtha i gcomparáid ag údaráis chearta daonna leis an sclábhaíocht a bhí ar siúl faoi réimeas na Naitsíoch do chomhlachtaí áithrid sa nGearmáin, ina measc BMW, Volkswagen agus Daimler-Benz.
comhlachtaí príobháideacha private companies
"comhlachtaí príobháideacha tar éis tosú ar an múnla seo a leanúint freisin - mar shampla, chabhraigh ionchur ón bpobal go mór le Google leagan Gaeilge den inneall cuardaigh acu siúd a chur ar fáil (http://www.
comhlacht company
" Sílim go bhfuil leath de Bhéal Feirste ag dul ann anois, ó thosaigh an comhlacht "*no frills*" Jet2.
rúnaí comhlachta company secretary
" Cén ról atá agat féin in Ciarraí Beo Teoranta (CBT) agus cén fhad atá tú sa phost? Is mise an rúnaí comhlachta (deonach), mar aon le stiúrthóir na dtionscadal forbartha a bhíonn á reáchtáil againn le tacaíocht ó FÁS (Foras Áiseanna Saothair) agus Foras na Gaeilge.
chomhlacht teoranta limited company
" Cén fáth ar bunaíodh é? Socraíodh ar chomhlacht teoranta a bhunú chun go bhféadfaimis urraíocht a dhéanamh ar thionscadail FÁS, Oifig Eolais don phobal a reáchtáil, scoileanna nó eile a bhunú agus maoiniú stáit a fháil chun an teanga agus an cultúr Gaelach a chur chun cinn i gCiarraí (agus lasmuigh den chontae).
chomhlachtaí léiriúcháin neamhspleácha independent production companies
" D'fhág Anna RTÉ dhá bhliain ó shin i ndiaidh seacht mbliana déag a chaitheamh san eagraíocht agus d'éirigh léi an t-úrscéal seo, ar thosaigh sí air i mí na Samhna 2002, a scríobh idir tionscadail eile - obair theilifíse do chomhlachtaí léiriúcháin neamhspleácha, aistriúchán agus iriseoireacht, i measc rudaí eile.
comhlachtaí móra big companies
" Saint na gcomhlachtaí móra ======= An fhadhb is mó a bheas ann agus an dlí seo i bhfeidhm ná nach bhfuil obair le fáil -nó á chur ar fáil ba chóir dom a rá - sa nGearmáin.
comhlachtaí grianghraf ar líne online photo companies
" Uaschóipeáil ======= Má tá teacht agat ar leathanbhanda is féidir na grianghraif atá uait a uaschóipeáil go dtí comhlachtaí grianghraf ar líne.
dornán beag comhlachtaí a handful of companies
" Go deimhin, ag deireadh na 1990í nasc cuid mhaith comhlachtaí ola le chéile, sa chaoi is nach bhfuil fágtha anois ach dornán beag comhlachtaí a bheadh in ann tionscadail mhóra a chur ar bun.
luach scaireanna na gcomhlachtaí ar na stocmhalartáin the price of the companies' shares on the stock exchanges
" In áit é sin a dhéanamh, áfach, dhírigh na hollchomhlachtaí nua ar chostaisí a ghearradh, oibrithe a scaoileadh chun siúil, fiacha a ghlanadh, agus gníomhaíochtaí eile a dhéanamh a raibh sé mar aidhm ghearrthréimhseach acu luach scaireanna na gcomhlachtaí ar na stocmhalartáin a choinneáil chomh hard is a d'fhéadfaí.
comhlacht fuinnimh energy company
" Faoi láthair, mar shampla, níl cead ag duine a bhfuil micreathuirbín aige an leictreachas nach bhfuil gá aige leis a dhíol leis an mBord Soláthar Leictreachais ná le comhlacht fuinnimh ar bith eile.
comhlachtaí creidmheasa credit companies
" Ciallaíonn an gréasán idirnáisiúnta atá curtha i bhfeidhm ag na comhlachtaí creidmheasa gur féidir linn airgead a chaitheamh go han-éasca ar fad thar lear.
ag príobháidiú comhlachtaí Stáit privatising State companies
" Ní raibh riamh oiread gá ag an tír seo le díospóireacht, a scrúdódh buncheisteanna ar nós, ar chóir leanúint ag príobháidiú comhlachtaí Stáit; ar chóir go mbeadh ísliú cánach mar phríomhchuspóir i gcónaí; an bhfuil seasamh na tíre seo i leith chogadh na hIaráice mar ba cheart, agus mar sin de.
comhlachtaí teilifíse television companies
" "Nuair a bhain mé mo chéim amach, agus tar éis dom samhradh a chaitheamh sna Stáit Aontaithe, chuir mé isteach ar obair le comhlachtaí teilifíse in Éirinn agus i Sasana.
comhlacht comhairleoireachta consultancy firm
" I Nevada agus in Oregon, tharraing na póilíní na céadta foirm chláraithe vótála a bhain le Daonlathaigh as boscaí bruscair agus táthar ag cur i leith fostaithe de chuid Voter Outreach of America, comhlacht comhairleoireachta de chuid na bPoblachtánach a ligeann air féin gur eagraíocht cearta vótála neamhpháirtíneach é, gur iadsan a chaith sa bhruscar iad.
brabach comhlachtaí the profit of companies
"brabach comhlachtaí méadaithe 30% le hais 2003.
chomhlachta company
" Dar le taighde nua de chuid an chomhlachta Airbus, ba chóir go mbeadh sé indéanta do phaisinéirí ar eitleáin gutháin shoghluaiste a úsáid faoin mbliain 2006.
comhlacht comhairleoireachta teanga a language consultancy company
" Cén fáth ar bunaíodh é? Chreid mé gur theastaigh comhlacht comhairleoireachta teanga agus aistriúcháin le freastal a dhéanamh ar an nGaeilge agus bhí mé ag iarraidh freisin dul i mbun gnó dom féin.
comhlachtaí stáit state companies
" Deacracht eile ná nach leagann comhlachtaí stáit dóthain ama síos le haghaidh an achair a thógann sé aistriúchán a chur ar fáil.
comhlacht léiriúcháin production company
" Le linn na seachtaine céanna, áfach, beidh sí ag plé le hAbú Media, comhlacht léiriúcháin sna Forbacha a choimisiúnaigh sí chun clár a dhéanamh i gcomhair Sheachtain na Gaeilge.
comhlacht foilsitheoireachta publishing company
" Sheas a cumas ealaíonta agus cruthaitheach léi le linn di bheith ag obair le Cló Cois Fharraige, comhlacht foilsitheoireachta an Chomharchumainn.
líon beag comhlachtaí a small number of companies
" Ar nós an tionscail físe, tá líon beag comhlachtaí ag maireachtáil ar choimisiúin a fhaigheann siad ó eagraíochtaí éagsúla.
comhlachtaí aistrithe removal companies
" Ach deir roinnt comhlachtaí aistrithe Éireannacha go bhfuil siad gnóthach ceithre huaire is fiche sa lá, seacht lá na seachtaine.
na comhlachtaí is cumhachtaí the most powerful companies
" Cuirtear an milleán ar pháirtithe éagsúla: na comhlachtaí is cumhachtaí sna margaí, an tAire Cumarsáide, an t-infrastruchtúr.
comhlacht airgeadais financial company
" Is léachtóir matamaitice sna Stáit Aontaithe í a deirfiúr, tá a chomhlacht féin ag a deartháir (ag ullmhú pacáistí cianoideachais) agus oibríonn an "leanbh" (atá dhá bhliain is daichead d'aois!) le comhlacht airgeadais i dTuaisceart Éireann ag cur maoiniú ar fáil do chomhlachtaí beaga nuair nach bhfuil suim ag na bainc iontu.
chomhlacht iomportála caife agus tae coffee and tea importing company
" Ba chomhlacht iomportála caife agus tae Bewley's nuair a chuaigh sé i mbun gnó ar dtús in 1835.
comhlachta fho-stáit semi-state body
" Tarlaíonn sé seo ag leibhéal i bhfad níos sóisearaí fiú agus is scannal uafásach é go raibh teacht ag Príomfheidhmeannach comhlachta fho-stáit ar eolas rúnda ar feadh trí mhí a d'fhéadfaí a úsáid chun aimhleas na heagraíochta a dhéanamh.
comhlacht Albanach a Scottish company
" (Tá Aer Arann freagrach as bealaí OSP ó Bhaile Átha Cliath go Ciarraí, Gaillimh, Cnoc Mhuire, Sligeach agus Dún na nGall, agus tá Loganair - comhlacht Albanach - freagrach as an tseirbhís idir Baile Átha Cliath agus Doire).
comhlacht toitíní cigarettes company
" Rinne siad teagmháil le comhlacht toitíní PJ Carroll & Co a bhí i mbun urraíochta ar Chomórtas Seachtar-an-Taobh a bhí á eagrú ag Cumann Peile na hOllscoile, Áth Cliath.
comhlacht teoranta limited company
" Cathain a bunaíodh an Ionad Foghlama Chléire (IFC) agus cé a bhunaigh é? Bunaíodh Ionad Foghlama Chléire sa bhliain 2003 ach deineadh comhlacht teoranta de i mí Feabhra 2004.
comhlacht teoranta limited company
" Cathain a bunaíodh an Ionad Foghlama Chléire (IFC) agus cé a bhunaigh é? Bunaíodh Ionad Foghlama Chléire sa bhliain 2003 ach deineadh comhlacht teoranta de i mí Feabhra 2004.
comhlacht príobháideach a private company
" Tá ag éirí go maith leis an tseirbhís idir Inis agus Luimneach, a tosaíodh i mí na Nollag 2003, agus idir an dá linn tá plean foilsithe ag comhlacht príobháideach chun rian gearr a thógáil le hAerfort na Sionainne a cheangal leis an líne seo idir Inis agus Luimneach.
chomhlacht léiriúcháin production company
" Ach is duine óigeanta é Marcus, atá i gceannas ar a chomhlacht léiriúcháin féin agus a bhfuil oifig dheas néata suite ina ghairdín cúil.
chomhlacht eachtrannach a foreign company
" “Murach gur chuir Gael Linn an t-iarratas sin isteach,” a deir Marcus, “thabharfaí an ceadúnas do chomhlacht eachtrannach gan dabht.
comhlacht príobháideach private company
" An bhfaighidh Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath (Aer Rianta mar a bhí) an bronntanas luachmhar seo? Nó an mbeidh críochfort príobháideach ann agus é in iomaíocht leis an bhfoirgneamh atá ann anois (rud a chuirfeadh gliondar ar chroí crua Mhíchíl Uí Laoire, atá ag lorg a leithéid – go glórach – le fada)? Nó an dtiocfar ar chomhréiteach, agus an mbeidh comhlacht príobháideach ag reáchtáil an chríochfoirt agus é ar cíos aige ón Údarás? Níor chabhraigh an phraiseach i gcúrsaí slándála le déanaí le cás an Údaráis, agus níor chabhraigh nochtadh a fhiacha ach an oiread, ach níl an bhean ramhar ag gabháil fhoinn fós agus ba chróga an té a chuirfeadh a phinsean ar gheall go bhfágfar Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath as an gcluiche go huile agus go hiomlán.
a dhéanann calaois ar chomhlachtaí árachais who defraud insurance companies
" Le cois neart gnáthdhaoine deasa díreacha saothracha, tá dlíodóirí mímhacánta agus neamhinniúla ann, oibrithe sa tSeirbhís Sláinte a dhéanann obair phríobháideach le linn a gcuid uaireanta oibre, agus roinnt mhaith daoine a dhéanann calaois ar chomhlachtaí árachais.
comhlacht company
" Íocann an comhlacht árachas i gcás an chéad éileamh, agus b’fhéidir an dara ceann.
comhlachtaí seachadta delivery companies
" Iomaíocht ======= Tá suim an-mhór ag dhá ghrúpa eile sna cóid phoist, áfach: comhlachtaí seachadta (leithéidí DHL nó UPS), agus lucht “na margaíochta dírí” (níl cead agam an t-ainm *junk mailers *a thabhairt orthu).
comhlachtaí tógála building companies
" ” Thug sé aghaidh ar Shasana, mar sin, áit ar chaith sé beagnach dhá bhliain ag obair le comhlachtaí tógála, i Manchester agus i Londain.
comhlachtaí seachadta delivery companies
" Iomaíocht ======= Tá suim an-mhór ag dhá ghrúpa eile sna cóid phoist, áfach: comhlachtaí seachadta (leithéidí DHL nó UPS), agus lucht “na margaíochta dírí” (níl cead agam an t-ainm *junk mailers *a thabhairt orthu).
comhlachtaí idirlín internet companies
" Más é an leithscéal ná gur comhlachtaí idirlín a sholáthraíonn an tseirbhís, níl sin sásúil.
chomhlachtaí as an deisceart companies from the south
" Cé gur bronnadh £46,590 ar chomhlacht Uí Chairealláin chun clár faisnéise a dhéanamh ar shaol an Chairdinéil Uí Fhiaich, bhí míshásamh air de bhrí go raibh formhór an airgid á thabhairt do chomhlachtaí as an deisceart agus do chomhlachtaí Béarla de chuid Thuaisceart Éireann nár léirigh mórán suime sa Ghaeilge roimhe seo.
an dá chomhlacht ollmhargaidh is mó the two biggest supermarket companies
" Bhí siad míshásta leis an dá chomhlacht ollmhargaidh is mó sa tír, Coles agus Woolworth’s, a bhfuil formhór an mhargaidh do bhia acu ar fud na tíre.