Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag comhoibriú cooperating
" An léiríonn sé seo go bhfuil siad den bharúil nach bhfuil aon ghéarchéim ann? Ar cheart stop a chur leis na deontais mhóra a fhaigheann na heagraíochtaí Gaeilge a bhíonn ag múineadh na teanga go dtí go mbeidh siad sásta a bheith ag comhoibriú lena chéile agus go dtí go léireoidh siad go bhfuil seirbhís cheart phroifisiúnta á cur ar fáil acu? Má thagann an deontas ag deireadh na bliana ar scor ar bith, is cuma cén caighdeán atá i gceist sa seomra ranga, cén fáth a ndéanfadh siad aon iarracht feabhas a chur ar chúrsaí? B'fhéidir gurbh fhiú d'Fhoras na Gaeilge roinnt machnaimh a dhéanamh ar an cheist seo.
ag comhoibriú co-operating
" Bhí an córas meithle forleathan go maith go fóill ina cheantar dúchais agus chuir sé seo ina luí air gurbh fhearr i bhfad do dhaoine a bheith "ag comhoibriú agus ag obair as lámh a chéile, ag maireachtaint ar scáth a chéile.
comhoibriú idirnáisiúnta international co-operation
" Tuigeann Washington anois go bhfuil géarghá le comhoibriú idirnáisiúnta má tá siad chun deireadh a chur le sceimhlitheoireacht dhomhanda.
ag comhoibriú co-operating
" Bhí an t-ádh orainn go raibh eagraíocht chultúrtha darb ainm Cantref gníomhach sa cheantar agus le cúpla bliain anuas tá muid ag comhoibriú leosan agus leis an chomhairleoir áitiúil Elwyn Edwards (Plaid Cymru) sa scéim chun leacht cuimhneacháin cuí a thógáil.
comhoibriú co-operation
" Na laethanta seo, tá comhoibriú níos fearr idir Gaeilgeoirí na hAstráile, ach is fadhb mhór dúinn i gcónaí an fhad atáimid óna chéile.
comhoibriú co-operation
" Tá díomá air, áfach, nach bhfuil comhoibriú níos fearr idir iad féin agus na meáin Ghaeilge eile.
ag comhoibriú co-operating
" Dúirt Willie Hay, a bhí mar Ard-Mhéara ar Dhoire lá den tsaol, go bhfeicfeadh sé an t-am nuair a thiocfadh le páirtí s'aige bheith ag comhoibriú le Sinn Féin.
comhoibriú libh to co-operate with you
" "Tá ceannaireacht Shinn Féin sásta agus toilteanach comhoibriú libh," arsa Martin McGuinness ag an Ard-Fheis.
comhoibriú co-operation
" Ní fhacthas comhoibriú den chineál céanna idir tuath agus cathair ó bhí an fómhar i mbaol bliain nó dhó tar éis an dara Cogadh Domhanda, nuair a tháinig na sluaite amach as na bailte móra chun cabhrú leis na feirmeoirí.
comhoibriú co-operation
" Léiríonn na páipéir oifigiúla seo go raibh comhoibriú suntasach idir an Roinn Cosanta anseo agus MI6 le linn an Dara Cogaidh Domhanda, ach go raibh eagla ar Rialtas na Breataine go dteipfeadh air seo dá mbeadh easaontas sa todhchaí idir an dá thír.
comhoibriú co-operate
" Go bunúsach, le tamall anuas ní raibh siad sásta comhoibriú leis na ceardchumainn sa choláiste, NATFHE agus UNSION, i gcúrsaí sláinte agus sábháilteachta, cé go bhfuil dualgas orthu, de réir an dlí (Health and Safety at Work Act 1974), é sin a dhéanamh.
an comhoibriú leanúnach the continuous cooperation
" Leabhar álainn clóbhuailte, arna fhoilsiú ag Cannongate (féirín iontach Nollag do chara a síleann tú cuid mhór de), an dara toradh, agus an comhoibriú leanúnach idir ealaíontóirí sa dá thír a d'eascair as an tionscadal an tríú toradh agus, i ndeireadh na dála, b'fhéidir, an toradh is luachmhaire agus is buaine.
comhoibriú cuimsitheach a chothú to foster comprehensive cooperation
" Bhí an bheirt cheannairí ag iarraidh comhoibriú cuimsitheach a chothú idir an dá chuid den oileán - ach bhí stair de shórt eile i ndán don Tuaisceart, faraor.
ag comhoibriú cooperating
" Táimid ag comhoibriú leis na húdaráis áitiúla i gcur chun cinn na Gaeilge i measc an phobail.
ag comhoibriú cooperating
" Beidh an-bhrú orthu, mar sin, ar a laghad an chuma a chur air go bhfuil siad ag comhoibriú leis an gceann áirithe seo.
comhoibriú cooperation
" Is gá go mbeadh achan cheann acu bheith curtha i gcrích sula mbeidh siad sásta comhoibriú le Sinn Féin.
le comhoibriú a chothú to foster cooperation
" Bhí an struchtúr bunaithe ar an scoilt stairiúil ó thuaidh le comhoibriú a chothú in áit na contrárthachta, ach le go bhfásfaidh "polaitíocht nádúrtha" is gá bogadh ar shiúl ón chóras sin atá bunaithe ar an seicteachas.
Comhoibriú cooperation
" Láidreacht: Comhoibriú ar bun le heagrais eile atá ag plé le hearnáil na Gaelscolaíochta/Gaeltachta.
as ar eascair ar uairibh comhoibriú áirithe from which a certain amount of co-operation sometimes grew
" Cé nach bhfuil aon amhras orm ach go bhfuil baill i gcoiteann ag an dá eagraíocht, rud a chothaíonn gaol ann féin, gaol as ar eascair ar uairibh comhoibriú áirithe, chreid mé agus creidim fós gur dhá eagraíocht atá go hiomlán neamhspleách iad Sinn Féin agus an IRA.
comhoibriú co-operation
" Tá súil agam go mbeidh coistí Gaeilge á laidriú ar fud an chontae, agus go mbeidh comhoibriú ar siúl leo chun gur féidir leo imeachtaí a reáchtáil ina gceantar féin.
ag comhoibriú co-operating
" Cén fáth nach gcuirtear réiteach simplí i bhfeidhm thar tréimhse deich mbliana? D’fhéadfaí, mar shampla, Ospidéal Dhoire agus Leitir Ceanainn a chur ag comhoibriú lena chéile sa dóigh is go mbeadh gach seirbhís ar fáil ar ardchaighdeán eatarthu, go mbeadh ionaid ardfheabhais i ngach réimse ar fáil i gceann amháin nó i gceann eile de na hospidéil.
comhoibriú trasteorann cross-border co-operation
" Bheadh comhoibriú trasteorann ann go fírinneach agus tá an dá áit chomh gar sin dá chéile nach mbeadh fadhb taistil ag duine ar bith.
Comhoibriú agus Imchuairteanna Cultúrtha Cultural Co-operation And Touring
" Tá an chomhdháil seo á heagrú ag Ealaíona Deonacha Éireann agus Voluntary Arts Wales/Celfyddydau Gwirfoddol Cymru, le tacaíocht ó CCAT (Comhoibriú agus Imchuairteanna Cultúrtha), an Chomhairle Ealaíon agus Údarás na Gaeltachta.
comhoibriú co-operation
" ” Deir sé gur inis Anthony Eden bréaga le linn ghéarchéim Suez nuair a mhaígh sé nach raibh comhoibriú i gceist le hIosrael roimh an ionradh Sasanach/Francach ar Suez.
gan comhoibriú not to co-operate
" Tá siad ag rá freisin gurb é polasaí an rialtais gan comhoibriú le póilíní thar lear i gcásanna go bhféadfaí pionós báis a ghearradh ar dhaoine as an Astráil.
comhoibriú co-operation
" Dúirt sé freisin nárbh fhiú mórán an t-eolas a bhí aige faoi mhangaireacht drugaí san Áis i gcoitinne agus nach comhoibriú a bhí ar siúl aige maidir le heolas tar éis dó bheith gafa ach iarracht ar mhoilleadóireacht.
comhoibriú trasteorann cross-border co-operation
" Tá siad ag tuar má bhíonn trí mhórchomhairle náisiúnacha in iarthar na Sé Chontae, go mbeidh na comhairlí sin ábalta an comhoibriú trasteorann a chur chun tosaigh diaidh ar ndiaidh agus gur Éire Aontaithe *de facto* a bheas ann dá bharr roimh i bhfad.
ag diúltú comhoibriú refusing to co-operate
" Níor chóir dearmad a dhéanamh ach oiread go bhfuil seirbhísí rúnda na Breataine fós ag diúltú comhoibriú le Fiosrúcháin an Stáit seo maidir le buamáil Bhaile Átha Cliath agus Mhuineacháin i 1974 inar maraíodh 33 duine.
ag comhoibriú co-operating
" Feachtas mór poiblíochta a bheas ann agus tá leithéidí Fhoras na Gaeilge, Chonradh na Gaeilge, Sheachtain na Gaeilge agus Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge ag comhoibriú linn.
ag diúltú comhoibriú refusing to co-operate
" Níor chóir dearmad a dhéanamh ach oiread go bhfuil seirbhísí rúnda na Breataine fós ag diúltú comhoibriú le Fiosrúcháin an Stáit seo maidir le buamáil Bhaile Átha Cliath agus Mhuineacháin i 1974 inar maraíodh 33 duine.
ag comhoibriú co-operating
" Tarlaíonn sé sin, go mí-ámharach, i gcásanna nach bhfuil na tuismitheoirí sásta bheith ag comhoibriú leat.
comhoibriú rúnda secret co-operation
" Anois, den chéad uair, tá cáipéisí oifigiúla ar fáil a léiríonn cad é chomh huileghabhálach is a bhí an comhoibriú rúnda idir na “fórsaí cosanta” agus paraimíleataigh dhílseacha.
comhoibriú leo to co-operate with them
" Mhol sé dom comhoibriú leo, ach labhairt leo i stáisiún na bpóilíní.
ag comhoibriú co-operating
" Ach má shásaítear Sinn Féin ar cheist na póilíneachta, tá sé geallta ag Paisley go dtosóidh sé ag comhoibriú leo.
ar féidir comhoibriú leis. with whom one can co-operate.
" Ní bean choimhlinte in aon chor mé, ach chaithfinn a rá, ó thosaigh mé ag obair le *Village*, is é an taithí atá agam ná gur duine é Vincent ar féidir comhoibriú leis.
comhoibriú le chéile to co-operate with each other
" ) Ar ndóigh, d'fhéadfadh tábhairneoirí comhoibriú le chéile lena leithéid de sheirbhís iompair phoiblí a airgeadú.
an comhoibriú neamhráite sin that unspoken co-operation
" Is é an comhoibriú neamhráite sin idir oifigigh an chomhairimh agus an pobal a thugann an tallaí dúinn.
comhoibriú collaboration
" "Baineann an Gaeloideachas le comhoibriú idir daoine chun saol an phobail a bhisiú.
comhoibriú co-operation
"comhoibriú leis an aos ógTá baint ag Mark Ervine leis an traidisiún múrmhaisithe ó bhí sé ina bhuachaill óg ag fás aníos i mBéal Feirste.
comhoibriú leis an aos óg to co-operate with the young people
"comhoibriú leis an aos ógTá baint ag Mark Ervine leis an traidisiún múrmhaisithe ó bhí sé ina bhuachaill óg ag fás aníos i mBéal Feirste.
comhoibriú lena chéile. to co-operate with each other.
" Caitear an dúrud airgid ar chaidreamh pobail, rud nach mbeadh (agus nach mbeidh?) de dhíth dá mbeadh an dá phobal sásta comhoibriú lena chéile.
ag comhoibriú san Fheidhmeannas, co-operating in the Executive,
" Is maith an rud é go bhfuil foireann na brionglóide ag comhoibriú san Fheidhmeannas, ach tá rudaí níos tábhachtaí ag tarlú sna pobail éagsúla, beag beann ar a bhfuil ag titim amach sa Teach Mór ar an Chnoc.
an comhoibriú the co-operation
" Tá an dlúthcheangal agus an comhoibriú idir iad agus an DUP chomh láidir sin go bhfuil an chuma ar an scéal gur stát dhá pháirtí atá ann ó thuaidh agus go bhfuil an dá pháirtí sin ceangailte le chéile mar a bheadh cúpla Siamach ann.
comhoibriú co-operation
" Tá dúshláin roimh Fhoras na Gaeilge nach féidir a shárú gan comhoibriú a bheith i gceist leis na heagraíochtaí éagsúla a bhíonn ag plé leis an Ghaeilge ar bhonn laethúil.
ag comhoibriú le heagraíochtaí mar working alongside organisations such as
" Le dul i ngleic leis an chaimiléireacht seo, tá OFT ag comhoibriú le heagraíochtaí mar Carers UK, Help the Aged, Age Concern, Citizens Advice, Action on Elder Abuse agus Neighbourhood Watch.
ag comhoibriú co-operating, working with
" Faoin tionscadal nua seo, beimid ag comhoibriú le Raidió Fáilte le nasc níos láidre a chruthú idir an focal labhartha agus an focal scríofa, trí bhlagadóireacht, trí cholúin úra agus trí phodchraoltóireacht.
ag comhoibriú working in conjunction with
" Tá siad ag comhoibriú le Phytobotanica UK Ltd.
comhoibriú co-operation
" Is éard atá i gceist ná go mbeidh gach eagraíocht a bheas lonnaithe sa lárnionad i mbun a gcuid oibre féin, ach go mbeidh comhoibriú i gceist idir na heagraíochtaí sin nuair is cuí.
comhoibriú struchtúrtha structural co-operation
" Cé go mbeadh sé de chumhacht ag an stát seo fanacht amuigh as gníomhaíocht mhíleata, tá próiseas nua le tabhairt isteach ar a dtabharfaí comhoibriú struchtúrtha a ligfeadh do chuid de na stáit teacht le chéile i mion-chomhghuaillíochtaí le cead, le hairgead agus le háiseanna iompair an AE.
comhoibriú breithiúnach judicial co-operation
" Bhainfeadh na cinntí seo le réimsí chomh leathan le fuinneamh, tearmann, inimirce, comhoibriú breithiúnach i gcúrsaí sibhialta agus cúrsaí spóirt.
comhoibriú co-operation
" Cuireadh ní hamháin leis an “gcomhoibriú” polaitiúil ach leis an gcomhoibriú cosanta agus míleata chomh maith.
comhoibriú co-operate
" Chuir sé an scéal amach go raibh sé ag súil le comhoibriú ón bpáirtí Poblachtánach, ach má bhí i ndáiríré, ní bhfuair sé é.
comhoibriú rathúil successful cooperation
" Tá go leor de mhuintir Ghaza a bhfuil fíorchairdeas dáiríre acu le hIosraelaigh agus tá comhoibriú rathúil eacnamaíochta ag dul ar aghaidh eatarthu le deicheanna de bhlianta.
comhoibriú co-operating
" Tá tionchar na Mná Iarainn, mar a thugtaí uirthi, le feiceáil sa lá inniu ó thuaidh - feidhmeannas uilepháirtí ag comhoibriú i Stormont, síocháin ar na sráideanna (bunús an ama), an tIRA scortha - is amhlaidh an scéal é mar thoradh ar dhúnghaois Margaret Thatcher.
comhoibriú co-operation
" Seachas comhoibriú raidhse grúpaí eile, tá siad beagnach fágtha ina n-aonar agus bíonn tuairim is 12,000 díobh i gcoimhlint le 400,000 saighdiúirí rialtais a bhfuil tancanna, eitleáin is gunnaí nua-aimseartha acu.
comhoibriú cooperation
" Ó tharla na hionsaithe ar na Stáit Aontaithe i Meán Fómhair 2001, tá Béising ag maíomh go bhfuil comhoibriú idir scarúnaithe Uígireacha agus Al Qaeda.
comhoibriú cooperation
" Entente Cordiale ====== Mura bhfuil an entente iontach cordiale idir an dá pháirtí mhóra sa Tionól, tá comhoibriú, dá neamhthoilteanaí é, ar siúl eatarthu.
comhoibriú cooperate
" Ach céard ba cheart dóibh a dhéanamh? Teitheadh agus imeacht leo go dtí an Fhrainc, fanacht ach faoi choimirce an airm, nó comhoibriú leis an mbuíon mhíleata Ioslamach, an GIA (Groupe islamique armé), nó fanacht neamhspleách uathu, saor ina n-intinn agus ina gcoinsias.
comhoibriú co-operation
" Léiríonn an taispeántas féin stair na teicneolaíochta, ón osteilgeoir seanaimseartha go féidearthachtaí na teicneolaíochta digití, agus tá an comhoibriú a bhain le léiriú an taispeántais mar mhacalla ar an obair bhuíne a bhain le Conradh na Gaeilge nuair a bhí Ní Mhaolagáin páirteach ann.
comhoibriú co-operation
" Measann Páirtí an Alliance gur féidir idir £16m agus £80m a shábháil dá mbeadh comhoibriú idir na scoileanna agus trasna na n-earnálacha éagsúla oideachais.
comhoibriú cooperate
" Sa mheabhrán poiblí sin don Uachtarán a toghadh lena chuid tacaíochta, thug Soros le fios gur ‘comhartha dóchais’ é go raibh an Bráithreachas Ioslamach ag comhoibriú le Mohamed ElBaradei, iarcheannasaí na Gníomhaireachta Idirnáisiúnta do Fhuinneamh Adamhach.
ag comhoibriú i ndáiríre really cooperating
" Tá a fhios agam go mbíonn siad ag comhoibriú i ndáiríre.
ag comhoibriú leo cooperating with them
" "Mar sin, i ndiaidh bliana de bheith ag diúltú an chúirt a aithint, thiontaigh mé suas le dlíodóir agus abhcóide, rud a chuir na bleachtairí fríd a cheile ar fad! Cuireadh an cás ar athló agus tugadh chuig na cillíní mé áit ar dúradh liom go dtabharfadh na póilíní le fios go raibh mé ag sceitheadh scéalta ar mo chomrádaithe agus go raibh mé ag comhoibriú leo dá rachainn ar aghaidh leis an chás.
comhoibriú a dhéanamh to cooperate
" Agus cúrsaí rialtais ag fanacht mar a bhí, an mbeidh gluaiseacht ar bith i saol polaitiúil Mheiriceá sna blianta beaga amach romhainn? Braitheann sé, ar ndóigh, ar thoil na bpolaiteoirí comhoibriú a dhéanamh.
sásta comhoibriú le húdaráis an stáit satisfied to cooperate with the state authorities
" Ní hamháin sin, ach caithfidh an t-íospartach a bheith sásta comhoibriú le húdaráis an stáit d’fhonn na daoine a rinne gáinneáil air a thabhairt faoi réim an cheartais.
an comhoibriú sin that cooperation
" Ba cheart an comhoibriú sin a bheith idir graithí turasóireachta agus muintir na n-oileán agus socrú a bheith déanta le muintir na n-oileán iad féin faoi chuile ní a bhainfeas le dhul isteach agus amach ar na hoileáin.
iontach ag comhoibriú in éineacht wonderful working together
" Bhí Pádraig Harrington ina chúl báire ar an fhoireann agus bhí siad iontach ag comhoibriú in éineacht” a deir sé.
comhoibriú díograiseach zealous cooperation
" Ach os a choinne sin, taispeánann Simon an daonnacht i lár an uaignis, an daonnacht a fheictear i riocht sean-nósanna na cathrach: caitheamh an luaithrigh amach sa teiscinn tar éis bhás duine muirneach le linn Mardi Gras, béilí ollmhóra cáiliúla an Quarter, an comhoibriú díograiseach idir na ceoltóirí d’fhonn na dauphins sóisearacha ina measc a chosaint le linn am an ghátair
a bhí rólárnach agus róshásta comhoibriú leis who were too central and too ready to cooperate with
" Caitheadh na Poblachtánaigh sin amach as oifig a bhí rólárnach agus róshásta comhoibriú leis na Daonlathaigh, agus tháinig drong mór boicíní antoisceacha isteach sna tithe rialtais nach raibh sásta comhoibriú ar bith a dhéanamh.
rinne sé comhoibriú éigin he cooperated in some way
" Go ciúin, rinne sé comhoibriú éigin le liobrálaithe an stáit.
nach raibh comhoibriú á fháil was getting cooperation
" Tuigim dá bhrí sin an frustrachas a bhí ar Sheán Ó Cuirreáin nuair nach raibh comhoibriú á fháil aige ó rannóga stáit.
comhoibriú an teaghlaigh le chéile familial cooperation
" Is acusan atá an dualgas smachta agus tá baint lárnach ag comhoibriú an teaghlaigh le chéile chun aghaidh a thabhairt ar an fhadhb nó chun a chinntiú nach mbeidh an fhadhb ann i dtosach.
le comhoibriú leo i smachtú an mhóraimh to assist them in ruling the majority
" Is iondúil gur thug tír Eorpach faoi cheantar éicint eile, sa chéad seo chuaigh thart agus gur bhain siad feidhm as mionlach a bhí sa tír cheana féin le comhoibriú leo i smachtú an mhóraimh.
comhoibriú le poblachtánaigh to co-operate with republicans
" Tá go leor aontachtaithe, Pastor Jack McKee ó Bhóthar na Seanchille i mBéal Feirste ina measc, atá sásta comhoibriú le poblachtánaigh ar bhonn áitiúil ach nach dteastaíonn uathu aon bhaint a bheith acu le Sinn Féin i dTionól Thuaisceart Éireann.
comhoibriú co-operation
" Tá seirbhísí rúnda na Breataine gníomhach i bPoblacht na hÉireann le fada agus tá go leor ceisteanna le freagairt maidir leis an gcomhoibriú idir iad féin agus fórsaí slándála an stáit, dar le Dónall Ó Maolfabhail.
comhoibriú a chothú to foster co-operation
" Tá baint ag Alastar Mac Aongusa ó Mhaoin Bharra an Teampaill i mBaile Átha Cliath le comhdháil idirnáisiúnta a bheas ar siúl sa Bhreatain Bheag an mhí seo chugainn agus é mar sprioc aici comhoibriú a chothú idir ealaíontóirí agus eagraíochtaí cultúrtha ar an dá thaobh de Mhuir Éireann.
ag comhoibriú co-operating
" Beidh níos mó deiseanna ag dreamanna in Éirinn agus in Albain bheith ag comhoibriú lena chéile sna blianta atá amach romhainn agus tá Robert McMillen den bharúil go bhféadfadh sin dul go mór chun sochair do shochaí Thuaisceart Éireann.
comhoibriú co-operation
"comhoibriú ar siúl i dtionscadal ealaíne idir iarphríosúnach poblachtánach agus dílseoir a d’fhéadfadh cabhrú go mór leis an chaidreamh trasphobail.