Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
comhréitigh compromises
" Bhí saoradh luath na bpríosúnach - daoine a bhí ciontach as na dúnmharaithe ab uafásaí sa choimhlint ó thuaidh - ar cheann de na comhréitigh ba dheacra ag daoine glacadh leis.
plean comhréitigh compromise plan
" Níl aon ghlacadh le guth an easaontóra, is cosúil, sa ghluaiseacht phoblachtánach! Is é an pointe is mó atá ag tarraingt airde ar an leabhar ná go raibh ceannasaithe na bpríosunach sa Cheis Fhada toilteanach glacadh le plean comhréitigh a bhí á thairiscint ag gníomhaire de chuid Rialtas na Breataine (“an dreapadóir sléibhe” mar a tugadh air) ach gur dhiúltaigh an Ard-Chomhairle taobh amuigh den phríosún glacadh leis an tairiscint.
iarrthóir comhréitigh compromise candidate
" Táid ann a deir gurb é Lemass a chuir an Loingseach chun tosaigh mar iarrthóir comhréitigh le scoilt sa pháirtí a sheachaint.
iarracht chomhréitithe an Aire Dempsey minister Dempsey's attempt at compromise
" Sa chomhthéacs sin, is beag is fiú iarracht chomhréitithe an Aire Dempsey go ndéanfaí measúnú riosca eile ar an tionscadal.
bealach an chomhréitigh a leanúint to follow the compromise route
" Beidh a chuid comhairleoirí ag tathant ar Harper bealach an chomhréitigh a leanúint – ar a laghad go dtí go mbeidh deis aige olltoghchán eile a ghairm agus an móramh sin a lorg amach anseo.
Táthar ag moladh comhréitigh a compromise is being recommended
" Táthar ag moladh comhréitigh idir an dá linn: úsáid gunnaí ar a dtugtar Tasers.
comhréitithe agreed
" Agus an t-alt seo á scríobh, tá Seanad na Stát Aontaithe tar éis vóta a chaitheamh a chuirfidh deireadh le díospóireacht faoi bhille sláinte "comhréitithe", a chuir an Páirtí Poblachtánach (a bhfuil 40 ball acu sa seanad) chun tosaigh mar mhalairt ar an mbille sláinte a chuir rialtas Obama os comhair na comhdhála leath bliana ó shin.