Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Comhscór Level scores
" Cúig nóiméad déag le dul agus Cill Chainnigh ar an ionsaí arís is arís eile agus is gearr go raibh na foirne ar Comhscór arís, 1-14 i gcoinne 2-11.
comhscór draw
" I gcúrsaí sacair déanaimid ceiliúradh má fhaighimid comhscór fiú amháin agus is ionann comhscór go minic agus bua, go speisialta más i gcoinne na Sasanach a bhímid ag imirt! Tuigimid go léir cén bhrí atá leis sin ach an léiríonn sin agus torthaí leathchuibheasacha eile easpa féinmhuiníne ionainn féin? Céard a chiallaíonn Corn an Domhain dúinn ar aon nós? An comórtas spóirt é? An ócáid é chun cóisir náisiúnta a chur ar bun? An leithscéal é chun uaireanta fada a chaitheamh i dtithe tábhairne ag caitheamh siar beorach agus ag canadh amhrán amaideach, ag screadach agus ag liúireach os comhair scáileán teilifíse.
comhscór draw
" Tharla sin i 1983 agus sa chraobhchomórtas an bhliain sin bhain an Mhí geit cheart as Áth Cliath nuair a bhí comhscór eatarthu.
comhscór draw
" Bíonn cluiche an-mhaith agus coimhlint ghéar eatarthu de ghnáth - dhá bhliain ó shin bhuaigh Laois le cúl drámatúil sa nóiméad deiridh, an bhliain roimhe sin bhí comhscór agus athimirt ann agus an rud céanna arís i mbliana.
sa chluiche comhscóir in the drawn game
" Tar éis an tsaoil nach é an sainmhíniú atá ar Chorcaíoch ar bheagán féinmhuiníne ná duine a cheapann go bhfuil sé chomh maith le duine ar bith eile! Cé go raibh fadhbanna ag na Corcaígh ag tús na bliana (chuadar ar stailc, in ainm Dé!) agus go raibh an t-ádh leo sa chluiche comhscóir i gcoinne Loch Garman, fós féin agus an t-am ag teacht níos gaire don Chraobh, bhí na húdair ag tuar go mbainfeadh Corcaigh barrthuisle as na Cait.
ar comhscór drawing
" Maidir le cluichí iomána agus peile a chríochnaíonn ar comhscór, mholfainn go n-imreofaí am breise an chéad uair a tharlaíonn sé seachas athimirt a bheith ann.
comhscór draw
" Ach is iad na cluichí ina raibh foireann Thír Eoghain san iomaíocht is mó a sheas amach, dhá chluiche a chríochnaigh ar comhscór san áireamh i gcoinne Ard Mhaca agus Átha Cliath agus bua iontach milis i gcoinne Chiarraí sa chraobh.
comhscór ar a laghad at least a draw
" Maidir le Port Láirge, cheapas gur imir siad go han-mhaith i gcoinne Chorcaí agus go raibh comhscór ar a laghad tuillte acu.
comhscór draw
" Níl sé indéanta, dar liom, Príomhroinn cheart a reáchtáil, is é sin sraithchomórtas ina bhfuil na foirne ar comhscór, mar a déarfá, ag tús an tséasúir.
comhscór draw
" Sa chéad áit, bhí comhscór ag foireann Átha Cliath i gcoinne Chill Chainnigh sa tsraith náisiúnta iomána.
comhscór draw
" Is fíor a rá go raibh níos mó cluichí i mbliana ann a bhí fíormhaith ná mar a bhí le blianta beaga anuas, agus bhí roinnt torthaí suimiúla sa tSraith Náisiúnta, go mór mór Áth Cliath ag buachaint ar Ghaillimh, ar Luimneach agus comhscór acu le Cill Chainnigh, ach ag an am céanna ní raibh dóthain iomaíochta in a lán de na cluichí le go bhféadfaí a rá go raibh séasúr sármhaith ann.
de thoradh dhá chluiche comhscóir because of two drawn games
" Bíonn bearnaí rófhada idir cuid de na cluichí faoin gcóras atá ann agus deifir rómhór le cluichí a imirt i gcomhthéacsanna eile – cúig dheireadh seachtaine i ndiaidh a chéile, b’éigean d’iománaithe Átha Cliath dul chun páirce de thoradh dhá chluiche comhscóir, agus gan mí an Mheithimh a bheith thart ach ar éigin! Lá tar éis chluiche úd Luimnigh i gcoinne Thiobraid Árann, thug bainisteoir fhoireann Luimnigh, John Ó hAilín, le fios gur cheap sé sna laethanta roimh an gcluiche go mbuafadh Luimneach.