Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
comhtháthú integration
" Ag leibhéal eile, is é an fhís atá agam ná go mbeadh eagar níos fearr ar fhorbairt na Gaeilge: le gur féidir linn an teanga a chur ar fáil don réimse mór den phobal atá á hiarraidh; le nach gcuirfear amú aon chuid den obair atá á déanamh, ag aon leibhéal, don teanga; le go mbeidh comhtháthú iomlán ann i gcás gníomhaíochtaí Gaeilge, idir chinn dheonacha, chinn stáit agus chinn Ghaeltachta, ó cheann ceann na tíre.
a chomhtháthú to integrate
gcomhtháthú coalesce, join
" Leasuithe D’fhógair an tAire Airgeadais ar lá na cáinaisnéise go mbeadh roinnt eagraíochtaí á gcomhtháthú agus cinn eile á scor.
comhtháthú sóisialta civil cohesion
" Tugtar tús áite d’airgead sa chóras oibriúcháin domhandaithe seo, a mhíníonn Gates, agus déantar neamhaird ar na luachanna atá riachtanach i gcomhair folláine fhadtéarmach an phobail: fadbhreathnaitheacht fhioscach, comhtháthú sóisialta agus inmharthanacht an chomhshaoil.
comhtháthú cementing
" Bealtaine 2009: Aire na Gaeltachta, Brian O Shea Cuireann Aire na Gaeltachta, Brian O Shea, tús le próiseas chun comhtháthú a dhéanamh ar na heagrais Ghaeilge agus é ag maíomh go bhfuil rún aige iad a ghearradh ina leath.
chomhtháthú combined
" Cuireadh tús leis an phróiseas leasuithe agus an tuairim ann go ndéanfaí na heagrais a chomhtháthú in aon eagras amháin nó go mbeadh líon teoranta eagrais ann a bheadh ag feidhmiú ar bhonn comhtháite.
comhtháthaithe integrated
" Beidh Sinn Féin agus an DUP mar chomhrialtas do-ionsaithe - an mbeidh an SDLP agus an UUP ann ag leibhéal ar bith fiúntach - ach ó tharla an tuaisceart a bheith comhtháthaithe i ngeilleagair nualiobrálach domhanda, is beag a bheas ar a gcumas briseadh as an mhúnla atá cruthaithe go daingean ag an chaipitleachas ó thosaigh sé, má chreideann tú Karl Polanyi, in 1834.
comhtháthú geilleagair economic integration
" ”* Bheadh Meiriceá ag cur comhtháthú geilleagair chun cinn idir na tíortha iad féin agus idir iad agus an geilleagar domhanda — ag tosnú leis an Túinéis agus an Eigipt.
comhtháthú geilleagrach economic bonding
" Cuireadh, dá ainneoin sin, cainteanna i dtaobh tuilleadh comhcheangal polaitiúil agus comhtháthú geilleagrach na hÚcráine leis an AE ar an méar fhada.