Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
le taobh mar a bheidh sé compared to what he'll be like
" "Níl a dhath anseo le taobh mar a bheidh sé agus é ag gearradh fiacla.
i gcomórtas le compared to
" Maireann an cúrsa seo trí huaire a chloig gach seachtain go cionn dhá bhliain, agus cé nach mór an líon ama é i gcomórtas le hábhair eile is tréimhse í a thugann seans domsa agus do Emma Nic Chárthaigh, an múinteoir eile Gaeilge, roinnt mhaith den teanga a mhúineadh dóibh.
le hais compared to
" San Astráil a rugadh 73% den daonra, le hais 75% i 1996.
le hais mar a bhídís compared to how they used to be
" Tá clubanna chathair Chorcaí imithe i léig freisin le hais mar a bhídís.
i gcomórtas leis compared to
" Cill Chainnigh arís ======= Maidir le Cúige Laighean, is deacair do dhuine a chur ina luí air féin go dtiocfaidh aon athrú suntasach ar thorthaí na gcluichí i gcomórtas leis an bhliain seo caite.
le hais compared to
" Sábhálfaidh an túr 700,000 tona de gháis cheaptha teasa in aghaidh na bliana le hais stáisiún guail.
ag déanamh comparáide idir na múinteoirí ansin comparing the teachers there
" Bhí mé féin agus cara liom sa ghiomnáisiam an lá eile, agus thosaíomar ag déanamh comparáide idir na múinteoirí ansin trí Ghaeilge.
le hais mar a bhíodh compared to how they used to be
" Feictear dom féin go bhfuil lucht rugbaí, cuir i gcás, tar éis éirí an-mhór ar fad agus téagartha le hais mar a bhíodh.
i gcomórtas compared with
" Cé gur beag an líon mac léinn atá ag foghlaim na Gaeilge i gcomórtas le teangacha eile, tá an t-éileamh agus méid na ranganna ag fás de réir a chéile.
le hais mar atá siad anois compared to how they are now
" "Bhí rudaí an-difriúil le hais mar atá siad anois.
i gcomórtas le compared with
" In Éirinn, an ghnáth-ardíocaíocht in aghaidh an éilimh ná €19,000, i gcomórtas le €1,600 sa Ríocht Aontaithe.
i gcomórtas leis compared with
" Ní gá ach cuimhneamh ar an méid a bhíonn sna páipéir faoi na cluichí Gaelacha, faoi shacar Shasana, faoi rugbaí agus faoi rásaí capall i gcomórtas leis an méid a scríobhtar faoi lúthchleasaíocht, leadóg, dornálaíocht, cispheil agus na spóirt eile ar fad a thagann inár láthair gach ceathrú bliain.
le hais compared with
" 4% den daonra ach bhí méadú 40% tagtha ar an uimhir sin ó 1996 le hais méadú 5.
cuirtear na himreoirí i gcomparáid agus i gcodarsnacht lena chéile the players are compared and contrasted
" De ghnáth, cuirtear na himreoirí i gcomparáid agus i gcodarsnacht lena chéile, tacaithe v tosaithe ar an dá thaobh, etc.
le hais mar a bhíodh sé compared to how it used to be
" Tá áthas orm go bhfuil deiseanna foghlamtha agus acmhainní foghlamtha i bhfad i bhfad níos fearr ar fáil na laethanta seo le hais mar a bhíodh sé nuair thosaigh mé féin amach.
le hais na feadóige compared to the whistle
" Tá réimse níos leithne nótaí le fáil ar an veidhlín freisin le hais na feadóige, rud a d’fhágfadh go mbeadh duine in ann port ar bith faoin spéir a chasadh uirthi.
ag déanamh comparáide comparing
" Níor labhair an fear óg seo Béarla go dtí go raibh sé sé bliana d'aois, a d'inis sé dom, agus chaith muid seal ag déanamh comparáide idir an Ghaeilge agus an Bhreatnais.
le hais compared with
" Ní raibh sa tír ach 9 milliún duine (le hais 20 milliún anois) agus bhí sé d’aidhm ag an rialtas é sin a mhéadú go mór.
le hais mar a bhí deich mbliana ó shin compared to how it was ten years ago
" Lena chois sin, níl aon dabht ach go bhfuil íomhá iontach tarraingteach agus óg agus gnéasach ag an teanga anois le hais mar a bhí deich mbliana ó shin, a bhuíochas do na meáin Ghaeilge.
i gcomparáid lenár gcomharsana ar mhór-roinn na hEorpa compared to our neighbours on the continent of Europe
" Ach go dtí go mbeidh córas iomlán cosán ar fud na tíre, agus cead fánaíochta ann, beidh Éirinn in áit na leathphingine i gcomparáid lenár gcomharsana ar mhór-roinn na hEorpa.
i gcomórtas le tarbh, compared to a bull,
" Thuigfeá uaidh go mba chuma cén spórt a bheadh i gceist ach, mar a d'admhaigh siad féin, feileann sé féin agus a dheartháir don pheil Astrálach toisc go bhfuil siad ard agus tanaí (tanaí i gcomórtas le tarbh, abair!) B’fhéidir gurbh í an mhír ba thaitneamhaí agus ba dhaonna den chlár ar fad, agus ar chuir go leor daoine suim ann, ná turas Sheáin Óig chuig a áit dhúchais agus áit dhúchais a mháthar, Oileán Rotuma, Fidsí.
cúlú Mheiriceá as an Iaráic a chur i gcomparáid le To compare the retreat of America from Iraq
" Ba é an mheancóg ba dhéanaí ná cúlú Mheiriceá as an Iaráic a chur i gcomparáid le cúlú Mheiriceá as Vítneam, rud go cinnte nach ndéarfadh sé dá mbeadh a iarchomhairleoirí aige go fóill.
i gcomparáid lenár gcomhghleacaithe compared to our colleagues
" Idirghníomhacht Luaim é seo mar go mbraithim nach bhfuil cúram ceart á dhéanamh againn den ghné idirghníomhach i gcomparáid lenár gcomhghleacaithe sna meáin Bhéarla.
má dhéanann tú comparáid if you compare
" Feictear dom go mbítear ag léiriú measa ar an bpobal aerach san Astráil den chuid is mó sa lá atá inniu, go háirithe má dhéanann tú comparáid idir an dóigh ar caitheadh leis sa bhliain 1978 agus an dóigh a gcaitear leis inniu.
i gcoibhneas leis compared to
" Tar éis éagothroime ar feadh na nglúnta, tá níos mó Maorach i bpríosún nó faoi scáil an bhochtanais i gcoibhneas leis na *Pākehā*.
ag cur daoine aeracha i gcomparáid le dúnmharfóirí. comparing gays to murderers.
" Ach níl sé de cheart ag feisirí tofa a bheith ag cur daoine aeracha i gcomparáid le dúnmharfóirí.
taobh leis compared to
" Is eachtraí beaga bídeacha iad seo taobh leis an ollfhoiréigean a bhí ag dul ar aghaidh ag an am, ach léiríonn siad an chodarsnacht idir dearcadh na nAontachtach ar Arm na Breataine agus dearcadh na Náisiúnach.
chomórtasaíocht comparing
" (Sin 50 oiread an líon daoine a líon isteach daonáireamh na bliana 1985!) Úsáideann 65 milliún dóibh seirbhísí an tsuímh trí fhón póca (maith go leor, beidh áireamhán uaim ag an bpointe seo – is aigne pháiste atá taobh thiar den chomórtasaíocht seo, tá a fhios agat.
i gcomórtas leis as against, compared to
" D’athraigh siad a mbunreacht chun cur leis an chumhacht atá ag an pharlaimint i gcomórtas leis an chumhacht atá ag an rialtas féin.
Cuir i gcomórtas compare
" edu/pace/lubin/departments-and-research-centers/marketing-department/interactive-and-direct-marketing-lab/) Cuir i gcomórtas leis nár dhúirt ach 15% díobh nach mairfeadh siad seachtain gan teilifís agus 9% díobh a mhaígh go mbeadh siad caillte gan suíomhanna líonrú gréasáin.
Le hais compared to
" Willie dum daighdeal dum diddle O Dea;Tá muintir Dháil Éireann an-tugtha don spraoi,Ach is bacaigh iad uilig ’n diaidh dhá oíche nó tríLe hais Willie dum daighdeal dum diddle O Dea.
i gcomórtas leis compared to
" Agus anois tá siad ag tógáil ceann acu seo in aghaidh na míosa! Rudaí truaillithe iad sin fosta, ach, i gcomórtas leis an tseanteicneolaíocht, is céim chun cinn iad.
i gcomórtas when compared
" Meastar go bhfuil 13% den ola neamhnochta ar domhan faoin Artach, ach níl an ola ach in áit na leathphingine i gcomórtas leis an ngás nádúrtha atá ann.
i gcomórtas leis compared to
" Is oth liom a thuairisciú nach bhfuil obair Reeves thar moladh beirte i gcomórtas leis an mbunleagan.
chur i gcomórtas to compare
" “Agus an comhrialtas i Westminster ag caint ar “cothromaíocht” agus ar an ualach is mó a bheith á iompar acu sin is mó acmhainn, is fiú an £18bn sin a chur i gcomórtas leis an £2.
i gcomórtas le compared to
" Is ábhar misnigh do lucht Fhianna Fáil go raibh Mícheál Martin roghnaithe ag 31% de na vótairí mar Thaoiseach i gcomórtas le 24% i bhfábhar Gilmore agus 19% i bhfábhar Enda Kenny! Cé nach bhfuil ach 16% ag admháil faoi láthair go vótálfaidh siad d’iarrthóirí Fhianna Fáil sa toghcháin, creidim go mbeidh an leibhéal tacaíochta níos airde ná sin ar an lá agus go bhféadfadh vóta Fhianna Fáil a bheith gar do 25% sa toghcháin, rud a thabharfas 35+ suíochán dóibh.
le hais as against, compared to
" Ach anuas ar sin, bhí an dara mí-ádh ar muintir na Brasaíle le hais mhuintir na hAstráile.
i gcomórtas le compared to
" Nuair a chuirtear torthaí an mheastacháin 2004-05 i gcomórtas le torthaí an NHS a rinneadh sa bhliain 1995, is léir go bhfuil an claonadh seo i dtreo an iomarca meáchain ag dul in olcas.
i gcomórtas le compared to
" Ar an trá fholamh atá mé i gcomórtas le polaiteoirí agus baincéirí agus craoltóirí na hÉireann.
abraimis le hais let’s say compared to
" A mhalairt a chonaic cuid mhaith daoine óga, gur údar mór sonais iad, abraimis le hais an cailleadh mór measa acu ina gcuid polaiteoirí leis na blianta anuas, as an náire a tharraing siadsan orainn mar thír.
i gcomórtas leis when compared to
" Bhí an iomáint in áit na leathphingine mar sin i gcomórtas leis an bpeil Ghaelach sa chontae is mó daonra sa tír.
le hais compared to
" Is maith liom é tharla go bhfuil an chuid is mó de mo chairde is de mo mhuintir ann, le hais a bhfuil ar Twitter nó ar LinkedIn.
i gcomórtas lena gcomhleacaithe compared to their counterparts
" Caithfear a rá leo chomh maith go bhfuil coinníollacha oibre an-mhaith ag meánmhúinteoirí na hÉireann i gcomórtas lena gcomhleacaithe i dtíortha eile na hEorpa - laethe saoire fada, tuarastal agus pinsean maith agus córas cigireachta fíorbhog lena gcois.
le hais when compared to
" Táthar ag rá faoi láthair go bhfuil timpeall 20 milliún úsáideoirí ar Google+; beag bídeach le hais an bhreis is 600m atá ag Facebook.
i gcomórtas le compared to
" An bhfuil boird áirithe rómhór agus an bhfuil caighdeáin, cumas agus taithí na mball sách maith? An dtuigeann na comhaltaí go soiléir ról s’acu agus an dtig leo idirdhealú a dhéanamh idir a gcuid dualgais féin agus feidhmeanna na bainistíochta? An n-éilíonn siad agus an bhfaigheann siad oiread eolais agus atá riachtanach lena gcúram a dhéanamh go hiomlán? Má amharcann muid ar ghné amháin den scéal, díol spéise é líon na mball ar bhord stiúrtha MFG, i gcomórtas le cuideachtaí eile.
i gcomórtas le compared to
" 2 faoin gcéad den olltáirgeacht intíre, i gcomórtas le meán na náisiún tionsclaithe ar a dtugtar na tíortha G8, atá ag 80 faoin gcéad dá n-olltáirgeacht intíre.
i gcomórtas le tíortha eile compared to other countries
" Bhí praghsanna in Éirinn fós íseal i gcomórtas le tíortha eile.
chur i gcomórtas le to compare with
" Ní furaist cur síos cuí a dhéanamh ar chumhacht agus ar ghalántacht a gcaidreamh collaí i leabhar Faulks, ach d’fhéadfaí na leathanaigh seo óna leabhar a chur i gcomórtas le leathanaigh borba foréigeanacha Alan Hollinghurst.
le hais líon glaonna compared to the number of calls
" De réir tuarascáil na bliana 2011 de chuid na Samaritans in Éirinn, cuireadh 40,000 glaoch sa bhreis orthu i 2011 le hais líon glaonna na bliana 2010.
Tá droim díomhaoin acu le hais they have it easy compared to
" Tá droim díomhaoin acu le hais an t-ualach uafásach sin a bhíonn á iompar ag muintir na hÉireann.
Déanfar comórtas (it) shall be compared
" Déanfar comórtas gan amhras, idir an scéal seo agus dúnmharú buachaill óg, Rhys Jones i Learpholl.
Rinne sí comórtas ina hintinn she compared in her mind
" Rinne sí comórtas ina hintinn leis an chósta san Astráil Thiar agus ba ionadh léi nach raibh a fhios aici go dtí sin go raibh a leithéid in Éirinn.
i gcomórtas leis compared to
" D’fhéadfaí a rá gur cruthaíodh coinbhinsean cosúil le cáipéas UNESCO cheana féin agus thugamar an leagan Gaelach de Bhunreacht na hÉireann air, leagan atá lán go béal le difríochtaí i gcomórtas leis an leagan Béarla.
curtha i gcóimheas le ardealaíon compared to the high art form
" Agus seachain nuamhaisiú Hollywood ‘Let Me In’ (2010) nach fiú tráithnín é, curtha i gcóimheas le ardealaíon Alfredson.
le hais an cúbach compared to the sunami
" – ní bheidh iontu ach putha gaoithe le hais an cúbach a tharlódh dá ndéanfaí ábhar roghnach den Ghaeilge.
shamhlú leis compare in our minds with
" Tig linn an nath áirithe seo a shamhlú leis an rud a dtugann Thomas Kuhn ‘athrú múnla’ air i réimse na heolaíochta .
i gcomórtas le compared to
" Cén t-iontas mar sin gur éirigh le i bhfad níos mó acu grád A nó B a bhaint amach i gcomórtas le blianta eile? Is iad na scoláirí iad féin is mó a thuigeann go bhfuil breis marcanna ar fáil anois le haghaidh níos lú eolas.
chur i gcomórtas lena chéile compare with each other
" Má deir beirt chara leat go bhfuilid i ngrá, abraimis, an féidir leatsa an grá s’acu a thomhas nó a luacháil go cruinn eolaíoch d’fhonn grá na beirte a chur i gcomórtas lena chéile? An bhfuil aon chóras sásúil ann a léireoidh go bhfuil tosaíocht ag an ngrá atá ag duine amháin acu ar an ngrá atá ag an duine eile? Níl.
i gcomórtas leis compared to
" Tá an carr seo tarraingteach le féachaint uirthi, ach i gcomórtas leis an 5 series (E39), a bhí ar fáil go dtí 2003, níl sí leath chomh tarraingteach, dar liom.
le hais na compared to
" Ní hamháin go bhfuil an E46 níos deise ná carranna eile ón tréimhse agus ón aicme chéanna, ach tá sí níos spéisiúla le hais na gcarranna eile atá sa rannóg chéanna léi.
i gcomórtas le gasúir compared to children
" Deirtear chomh maith go gcuirtear 33% níos lú den chistiú ar fáil do pháistí Dúchasacha i gcomórtas le gasúir a bhíonn ag freastal ar scoileanna poiblí ar fud Cheanada.
iad a chur i gcomórtas le fís to compare them with the vision
" === Bhí sé ar intinn agam scríobh faoi na teicneolaíochtaí nua iontacha seo agus iad a chur i gcomórtas le fís Iain M.
Lena n-ais compared to them
" Lena n-ais, an fuinneamh a bhí le brath go láidir ón tseanfhear sa chathaoir rotha, ba fuinneamh céadach é.
cuirtear sin í i gcomórtas leis that’s compared to
" Smaoiním ar an saibhreas cainte a bhuail sna cluasa mé nuair a chuir mé fúm anseo dhá scór bliain ó shin agus nuair a cuirtear sin í i gcomórtas leis an dteanga bhocht tanaí atá anois á labhairt mar ghnáth-theanga chumarsáide, tagann lagmhisneach orm agus cuirim an cheist orm féin, céard is fiú a bheith ag iarraidh teanga a tharrtháil ón mbás, atá chomh truaillithe i mbéal na gcainteoirí dúchais deireannacha is gur deacair a rá gur Gaeilge í a thuilleadh!
i gcomórtas le hiománaíocht compared to hurling
" Feictear dom, i gcomórtas le hiománaíocht nó rugbaí, gur cluiche sách leadránach atá ann le breathnú air, fiú ag an leibhéal is airde.
ar bith aici i gcomórtas le no chance compared to
" Ní raibh, dar liom, aon stíl ag baint léi – agus cheap mé nach mbeadh seans ar bith aici i gcomórtas le *CROSSOVERS* agus SUV’anna eile ar nós an Nissan Qashqui nó an Ford Puma.
i gcomórtas leis compare to
" Má chuirimid an Denglisch i gcomórtas leis an mBéarlachas atá dár gcrá, feicimid nach bhfuil ag éirí chomh maith leis an nGaeilge faoi thionchar an Bhéarla is atá an Ghearmáinis.
le hais an chinn roimhe compared to its predecessor
" Is athrú ollmhór é an Avensis nua seo le hais an chinn roimhe.
le hais aon rialtas eile compared to any other government
" Bhí sé cúramach a lua go sonrach san aitheasc a thug sé nuair a fógraíodh ainmneacha na haireachta go raibh an líon ba mhó ban inti le hais aon rialtas eile i stair na hAstráile.
i gcomórtas le ceann a ceannaíodh compared to one bought
" Má cheannaíonn tú gluaisteán nua idir Eanáir agus Iúil – agus cláruimhir 131 air – agus má dhéanann tú iarracht í a dhíol amach anseo, beidh luach níos lú uirthi i gcomórtas le ceann a ceannaíodh sa dara leath den bhliain.
díolta i gcomórtas leis an tréimhse chéanna sold compared to the same period
" Cheana féin agus mé ag scríobh an ailt seo ar 20 Iúil tá, 5,630 níos mó carranna díolta i gcomórtas leis an tréimhse chéanna i mí Iúil na bliana seo caite.
i gcomórtas leis compared to
" Cé nár díoladh an méid céanna den 159 i gcomórtas leis an 156, rinneadh 240,000 carr idir na blianta 2005 agus 2011.
le hais mar a bhí cúig bliana ó shin compared to five years ago
" Smaoinigh ar cé chomh uileláithreach is atá uirlisí soghluaiste agus na meáin sóisialta le hais mar a bhí cúig bliana ó shin.
le hais an teaghlach óg compared to the young household (which ...
" Rinneadh go leor gearán faoin ghearradh ar an liúntas gutháin do phinsinéirí, ach tríd is tríd ó thús na géarchéime, is beag an t-ísliú ioncaim a fuair siad le hais an teaghlach óg a bhfuil cúram leanaí orthu agus, anuas ar chiorraithe an rialtais, a chaill post nó ar gearradh siar ar a dtuarastal.
i gcomórtas le daonra na Síne compared to the Chinese population
" Maíonn an cumann freisin go raibh níos mó daoine i láthair i bPáirc an Chrócaigh ar lá cluichí Ceannais na hÉireann 2013 agus a craoladh beo ar TG4 ná mar a bhí i láthair ag aon imeacht spórt ban eile in áit ar bith ar domhan an lá áirithe sin rud atá deacair a thuiscint ná a mhíniú nuair a chuimhníonn duine ar cé chomh beag is atá daonra na hÉireann i gcomórtas le daonra na Síne nó na hIndia cuir i gcás.
le hais compared to
" Gan amhras, tá cuma chiotach go leor ar an gceamara Looxie a mhol mé le hais Google Glass a seoladh idir an dá linn.
i gcomórtas le compared to
" Nuair a d’fhógair Holden go mbeadh deireadh lena tháirgeadh san Astráil, cuireadh an milleán ar chostas ard táirgthe sa tír seo, costas ard saothair ach go háirithe i gcomórtas le costas saothair ina mhonarchana i dtíortha éagsúla san Áis.
le hais mar compared to how
" Tá saol an cheoil athraithe as éadan le hais mar a bhí deich mbliana ó shin fiú amháin.
le hais na físe compared to the vision
" Déarfainn go raibh foireann Google ag obair ar an dtogra sin i bhfad sular tháinig Kurstzweil ar bord ach ní fheadar ar bhrúigh sé amach na forbairtí seo ionas go mbeadh siad in ann tús a chur le bailiú eolais faoin úsáid a bhaineann daoine as teanga aiceanta i gcuardach agus le huirlísí soghluaiste? Ach is beag an fhorbairt seo le hais na físe atá ag Kurzweil.
le hais seanphór na hIodáile as compared to the older strain of Italians
" Tá na comharthaí sóirt i ngach áit; an t-ollfhuadar tógála, an t-airgead scaoilte, an sruth leanúnach inimearceach ón Áis ag cur fúthu, iarrachtín míchompordach, b’fhéidir, le hais seanphór na hIodáile, na Gréige, na bhFilipíní, agus, ar ball, na Liobáine – iad siúd a tháinig anonn rompu, tonn i ndiaidh a chéile, ó na naoi déag tríochaidí ar aghaidh.
i gcomórtas leis compared to
" Ach caithfear an cheist a chur cén ghlór sainiúil a bheas ag an nuachtán úr agus é i gcomórtas leis na céadta míle suíomh eile atá ar fáil chomh furasta céanna? ’Sé an t-aon dóigh go n-éireoidh leis an nuachtán nua meas an phobail a bhfuil sé dírithe air a chothú ná trí ardán a thabhairt do scéalta atá ag dó na geirbe acu.
le hais compared to
" Coimhéad ar Cheannach as Cófra an Chairr =============== Tá an CBFA ag faire ar fhógraíocht sa réimse seo ó bhí 1840 ann agus dar le Gillian Bird, urlabhraí leis an eagraíocht, tá ‘méadú ollmhór’ ar líon na bhfógraí atá ar na suíomh ar líne le hais líon na bhfógraí a bhíodh sna nuachtáin.
comórtas a dhéanamh idir to compare
" Ní hé ábhar an ailt seo áfach comórtas a dhéanamh idir foirne as réanna éagsúla.
i gcomórtas le compared to
" Faigheann an Lucht Oibre an oiread céanna tacaíochta ó na haicmí ABC1 (6%) agus a fhaigheann ón C2DE (6%) ach tá sé suntasach go bhfaigheann Sinn Féin tacaíocht níos mó (24%) ón ísealaicme (C2DE) i gcomórtas le tacaíocht 13% ón uasalaicme (ABC1).
Le hais compared to
" An Burlington =========== Le hais Oireachtas na Gaeilge, ní raibh aon ghalamaisíocht ag baint le Oireachtas na nGael.
Cuir Comhar i gcomórtas le compare C. to A.
" Cuir Comhar i gcomórtas le Archaeology Ireland nó History Ireland, dhá iris atá ag freastal ar mhargadh an-teoranta chomh maith.
Cuirim i gcomórtas lena chéile iad I compare them
" Cuirim i gcomórtas lena chéile iad ach, fós féin, ní féidir liom cinneadh a dhéanamh.
chur i gcomórtas le to compare with
" Níor mhiste ábhar an ailt seo le PJ Mac Gabhann as an bhFrainc a chur i gcomórtas le halt as an Astráil (le Bearnaí Ó Doibhlin) san eagrán céanna seo.
le hais éigniú compared to rape
" An áit ar sacadh eisean Leitir Fraic, níor thada na scéalta againne, le hais éigniú, dúnorgain nó marú agus uaigeanna nach dtugadh gaolta cuairt.
i gcomórtas le (he) compared with
" Chuir John-Paul Mc Carthy leabhar a scríobh John Paul Stevens faoi Bhunreacht na Stát Aontaithe i gcomórtas le dearcadh agus buaileam sciatha a léiríodh in Éirinn ag leathbhric an údair faoin mBunreacht abhus.