Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ar a gcompord at their ease
" Bhraithfeá gur fear é atá sásta, a dhéanann a dhícheall daoine eile a dhéanamh sásta agus a chur ar a gcompord chomh maith.
ar a gcompord in comfort
" Mar is eol do chách, is minic drochaimsir, idir bháisteach is fhuacht, ar lá na féile náisiúnta agus ba ghearr gur thuig daoine ar fud na tíre go mba thaitneamhaí agus go mba shaoire fanacht sa mbaile ar a gcompord agus breathnú ar na cluichí ar an teilifís ná taisteal go Baile Átha Cliath, suí nó seasamh sa bhfuacht agus an baile a shroicheadh arís faoi dhorchadas na hoíche.
compord nach mbraithfeadh sé a comfort he wouldn't feel
" Agus is léir go bhfuil Irial ríchompordach taobh istigh dá spící féin, compord nach mbraithfeadh sé dá mbeadh sé ag obair in eagraíocht mhór nó le craoltóir, fiú.
suí ar mo chompord sit comfortably
" Tig liomsa suí ar mo chompord agus iompraíonn sé ualach paisinéirí gan stró.
ar a gcompord comfortable
" Tá sé ag cur brú ar údaráis an CLG Páirc an Chrócaigh a líonadh le huisce ar na hócáidí sin agus go mbeidh sé féin ar ardán ar snámh i lár na páirce – díreach ar mhaithe le muintir na hÉireann a bheith ar a gcompord.