Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
compordach comfortable
" Bhí cóisir bhríomhar ar siúl sa bheár beagnach gach oíche, agus bhí na seomraí mór, compordach agus saor.
compordach sa mheánaicme, comfortable in the middle class,
" “An tríú glúin, bhí an t-airgead acu, bhíodar compordach sa mheánaicme, bhí oideachas acu agus ba iad seo a chuir suim ina bhfréamhacha agus ina gcultúr.
na suíocháin mhóra chompordacha. the big comfortable seats.
" Tá rogha agat; casann roinnt daoine (réaltaí roc, baincéirí agus a leithéid) ar chlé, agus ar aghaidh leo go dtí na suíocháin mhóra chompordacha.
na héadaí compordacha oíche the comfortable night clothes
" Ní raibh a fhios agam cén lá den tseachtain a bhí ann - nó cén t-am den lá, fiú - mar níor athraigh mé as na héadaí compordacha oíche a bhí á gcaitheamh agam ó bhreacadh an lae go luí na gréine.
staid bheag chompordach small comfortable stadium
" Is staid bheag chompordach é an “Gabba” ar féidir le suas go 42,000 duine a bheith i láthair ann.
go compordach comfortably
" Suíonn sé síos agus socraíonn sé é féin go compordach sa chathaoir.
tromlach compordach comfortable majority
" Bhuaigh siad ceithre shuíochán is fiche sa bhreis, agus dá bhrí sin, beidh tromlach compordach acu i dTeach na n-Ionadaithe go ceann trí bliana.
go compordach comfortably
" Ach is deacair "an oiread sin léitheoirí" agus "foilseachán Gaeilge" a chur go compordach in aon abairt amháin, murar bréagadóir é an té atá á rá.
chomh compordach as comfortable
" Cionn is go raibh mo chuid fostóirí ag íoc as an turas, bhí mé ag iarraidh mo chuid taistil ar fad a bheith chomh compordach is a thiocfadh leis a bheith – agus an buiséad taistil uilig a úsáid! Agus na cathracha seo chomh gar dá chéile, ní bheadh ciall ar bith le heitleán a ghlacadh.
cúlra deas compordach nice comfortable background
" Tá mise ádhúil go leor; tá cúlra deas compordach agam.
iontach compordach very comfortable
" Mhothaigh mé iontach compordach i measc na ndaoine seo ar cúis éigin agus, go malltriallach, de réir mar a fuair mé amach faoina mbeatha, d'aithin mé go raibh mothúcháin acu sin a bhí an-chosúil leis na mothúcháin a bhíonn agam féin, go raibh mé ar cineál "am-líne mothúchán" agus sin an rud ba mhó a raibh mé ag iarraidh cur in iúl," ar sí.
sa riocht compordach sin in such a comfortable condition
" Mar sin féin, má bhí sé sa riocht compordach sin go raibh a chúrsaí lán ní cheapfá riamh é ag éisteacht leis ag cur síos ar a chuid pleananna do 2014.