Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
conarthaí bargains
" Tá scoth na dtithe ósta agus na dtithe lóistín sa pharóiste agus conarthaí go leor á dtairiscint ag Gaelsaoire ((www.
conarthaí conventions
" " Mar aon leis an mBunreacht, tá an stát seo tar éis go leor conarthaí maidir le cearta daonna a shíniú ar nós International Covenant on Civil and Political Rights, the International Covenant on Economic, Social and Cultural Rights, the International Convention on the Elimination of All Forms of Racial Discrimination.
conarthaí conventions
" Ba cheart, dar liom, a bheith sásta leis na doiciméid is tábhachtaí a bheith ar fáil i nGaeilge, na conarthaí agus a leithéid; an dúshraith bhunreachtúil.
conarthaí contracts
" Is iad conarthaí Oibleagáid Seirbhíse Poiblí, nó OSP, atá mar bhonn faoi fhormhór na seirbhísí atá ag na haerfoirt réigiúnacha, agus a ghineann cuid mhaith d'ioncam Aer Arann.
na conarthaí reatha the current contracts
" Beidh na conarthaí reatha thart i mí Iúil, áfach, agus d’iarr an Roinn Iompair tairiscintí nua cúpla mí ó shin.
conarthaí fógraíochta advertising contracts
" Ní hé amháin go raibh an uimhir 99, uimhir an gheansaí a chaitheadh Gretzky, díchoimisiúnaithe ag foirne uilig an NHL le hómós dó, ach bhí conarthaí fógraíochta sínithe aige le comhlachtaí móra, dála Ford, a shaothródh na milliúin dollar dó sna blianta atá romhainn.
conarthaí treaties
" Ba thagairt í seo don dochar a rinneadh nuair nár tháinig an Bhreatain ná an Fhrainc i gcabhair ar an bPolainn i mí Mheán Fómhair 1939 nuair a rinne an Ghearmáin ionradh ar an tír, cé go raibh conarthaí sínithe ag an bPolainn leis an dá thír sin go dtiocfaidís i gcabhair i gcás ionraidh.
mórán conarthaí many treaties
"mórán conarthaí den saghas seo 20 nó 30 bliain d’aois nó fiú níos sine fós, ó ré ina raibh na rialtais ag iarraidh a n-aerlínte náisiúnta féin a chosaint ón iomaíocht eachtrannach.
conarthaí contracts
" Ó shin i leith, tá conarthaí ar luach na gcéadta milliún dollar iad tiomsaithe aige ar son ollscoileanna, ospidéal, ord eaglasta, iarsmalann agus iliomad cúiseanna carthanachta.
conarthaí éagsúla idirnáisiúnta. various international treaties
" Rinneadh tagairtí rialta le linn na comhdhála don bhéim a chuirtear ar an teaghlach i mBunreacht na hÉireann agus i gconarthaí éagsúla idirnáisiúnta.
sna conarthaí. in the contracts.
" Ní raibh cead agam riamh spórt dainséarach mar seo a dhéanamh cionn is go raibh mé ag obair mar dhamhsóir gairmiúil; bhíodh cosc ar rudaí mar dhreapadóireacht agus sciáil i gceist sna conarthaí.
de na Conarthaí Éagsúla Eorpacha of the Various European Treaties
" 1-35); nó go dtéitear ag lorg soiléireachta éigin sa leagan comhdhlúite de na Conarthaí Éagsúla Eorpacha mar a leasaítear iad i gConradh Liospóin (foilsithe ag an Institiúid ar Ghnóthaí Idirnáisiúnta agus Eorpacha agus ina bhfuil 346 leathanach).
conarthaí contracts
" Ní hamháin sin, ach de réir Bhunreacht na tíre is conarthaí idirnáisiúnta atá sínithe ag an gColóim agus caithfear dul i gcomhairle le pobail dúchais sula dtiocfar i dtír ar aon acmhainn aiceanta laistigh de chríocha na bpobal sin.
conarthaí feathal tráchtála idirnáisiúnta an rialtais the government’s international commercial trademark agreements
" Chuir comhlacht amháin, Phillip Morris, tús le dúshlán don reachtaíocht sna cúirteanna, ag maíomh go sáraíonn sí a gcearta maoine intleachtúla agus conarthaí feathal tráchtála idirnáisiúnta an rialtais.
conarthaí an AE EU contracts
" Tugann conarthaí an AE aitheantas ar leith do sheirbhísí craolacháin poiblí (conradh Amsterdam) agus creidim go bhfuil cosaint ar leith tugtha dóibh ó chur isteach a dhéanfadh rialtas orthu.
na conarthaí áitiúla the local contracts
" Mar sin, ní bhíonn seasmhacht ar bith ag baint leis an obair nó leis na conarthaí áitiúla.
conarthaí trí bliana three year contracts
" **CMacS: An fiú dul thart ag stocaireacht sna meánscoileanna faoi Dheis Breise na Gaeilge le haghaidh fostaíochta nuair nach mbeidh daoine in ann obair le heagras Gaeilge thar thréimhse trí bliana nó a leithéid?** AÓC: Níl an Foras ag rá a thuilleadh gur conarthaí trí bliana a bheas ag fostaithe agus dá bhrí sin ní éiríonn an cheist.