Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
as a gconlán féin independently
" Tá cuid eile acu ag dul don aistriúchán as a gconlán féin.
as a gconlán féin independently
" Tá cuid eile acu ag dul don aistriúchán as a gconlán féin.
ar a chonlán féin, on its own,
" “Tá Aontroim Thoir-theas ar a chonlán féin, agus ar a chonlán féin oibreoidh sé amach cén chinniúint atá i ndán dó agus an bealach is fearr chun tosaigh,” arsa Kirkham.
braithim gur fágadh ar mo chonlán féin mé I feel that I was left to get on with things on my own
" Bhí mise thar a bheith glas ag an am sin agus braithim gur fágadh ar mo chonlán féin mé – níor tugadh treoir ar bith dom.
má fhágann siad ar a chonlán féin é. if they leave him to his own devices
" Deir sé leo go dtiocfaidh sé chuige féin i ndeireadh báire má fhágann siad ar a chonlán féin é.
seasamh ar a chonlán féin provide for themselves or be self sufficent
" Caithfear glacadh leis, faraor, nach dtig le haon cheann de na meáin Ghaeilge seasamh ar a chonlán féin mar fhiontar tráchtála, beag beann ar dheontas stáit.
ar ár gconlán féin on our own two feet
" Beidh infheistíocht isteach as tíortha eile ag an am céanna, ach beidh orainn brath orainn féin agus a bheith in ann seasamh ar ár gconlán féin chomh maith céanna.
ar a chonláin féin on its own merit
" ’” Shílfeá gur cheart d’aon taighde acadúil a bheith ábalta seasamh ar a chonláin féin agus gur cheart gur treise i bhfad na fíricí loma mar chruthúnas dá thábhacht ná ráitis smartáilte, smolchaite ó charachtar ficsin.
obair ar a chonlán féin to work individually
" Bhí ar gach fear obair ar a chonlán féin de réir an traidisiúin agus an lámh in uachtar a fháil ar a chéile comhraic.