Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
i gcontúirt a mharaithe in danger of being killed
" Síleann sé anois go bhfuil sé i gcontúirt a mharaithe ag dílseoirí faoi stiúir an Bhrainse Speisialta.
in ainneoin na gcontúirtí despite the dangers
" Le beagnach 150 bliain, tá an FDNY ag mealladh daoine ó theaghlaigh Éireannach na cathrach - in ainneoin na gcontúirtí ar fad, a bhfuarthas léargas pianmhar orthu ar an 11 Meán Fómhair, 2001.
contúirtí dangers
" Tá daoine eile ag rá gur céim chun tosaigh a bheadh ann - go gcinnteodh sé nach mbeadh mná agus trasghnéasaigh leathnochta (nó níos mó ná leathnochta) ina seasamh taobh amuigh de thithe daoine, go bhfaigheadh na striapacha cúram leighis agus go bhféadfaí iad a chur ar an eolas faoi na contúirtí a bhaineann lena ngairm.
dá mbraithfidís in aon chontúirt í if they felt it was in any danger
" Í a aistriú ó reoiteoir go reoiteoir ar fud an eastáit dá mbraithfidís in aon chontúirt í .
contúirte danger
" Ní raibh ach 56 póilín ar dualgas sa chathair nuair a thug an Bhanríon Elizabeth cuairt ar Learpholl ar an 25 Iúil mar chuid den Iubhaile, mar ócáid chiúin a bhí ann, gan mórán contúirte, de réir an Phríomh-Chonstábla.
contúirt danger
" Arís, is dóigh liom gurb iad na binsí fiosrúcháin is mó a chothóidh contúirt d'fhear Dhroim Conrach.
chontúirt danger
" Léirigh pobalmheasanna freisin gur chreid an pobal go láidir go raibh an chontúirt don Astráil méadaithe de bharr na bainte a bhí ag an Astráil leis an ionradh, ainneoin an rialtas a bheith ag rá a mhalairte.
chontúirt danger
" Cinnte tá sé mar fhreagracht orainn saothar a shábháil má tá an chontúirt ann go gcaillfear é.
contúirtí dangers
" Ach tá contúirtí i ndán di agus í ag dul i ngleic leis an iniúchadh; agus i ngan fhios dá fear céile, Pat, tá bagairtí eile ag méadú ar a ngrá pósta.
níos cumhachtaí agus níos contúirtí more powerful and more dangerous
" Is é an toradh atá air seo ar fad ná go bhfuil monaplacht nó *cartel *nua domhanda againn, monaplacht atá níos cumhachtaí agus níos contúirtí - do shláinte geilleagrach an domhain - ná seanmhonaplacht mhuintir Rockerfeller i dtús na 20ú haoise.
in ainneoin na contúirte despite the danger
" Thugadh Simpson saighdiúirí a bhí gonta ar a asal ón líne tosaigh go dtí ionad leighis in ainneoin na contúirte ó ghunnaí na dTurcach a bhí i bhfoisceacht 20 slat dóibh in áiteacha.
chontúirt danger
" Glacaim leis go mbíonn scéalta maithe tearc go leor le linn “mhí na marbh”, ach tá an chontúirt ann go mbrisfidh scéalta den chineál seo snaidhm na muiníne idir an léitheoir agus an t-iriseoir.
chontúirt danger
" In ainneoin a bhfuil ráite faoin sceimhlitheoireacht le tamall anuas, b’fhéidir gurb é an frídín beag bídeach seo an chontúirt is mó atá i ndán don Astráil sna blianta atá romhainn.
i gcroílár na contúirte right in the middle of the danger
" i gcroílár na contúirte ======= Tá an clú ar Fisk go gcuireann sé tuairiscí níos fearr ar fáil mar go mbíonn sé féin i lár an aonaigh ag na láithreáin uafáis, i gcroílár na contúirte.
chontúirt danger
" Tá an chontúirt ann go gcuirfear an Ghaeilge ag bun an liosta, áfach, má chuirtear na moltaí seo i bhfeidhm.
contúirt danger
contúirt danger
ar an arm is contúirtí in armlón na sceimhlitheoirí: on the most dangerous weapon in the terrorists' ammunition:
" Tá Fronta Pan-Aontachtach ag cruinniú nirt agus tá siad ag díriú a n-airde ar an arm is contúirtí in armlón na sceimhlitheoirí: an Ghaeilge! Tá feachtas leanúnach ar siúl ag an pháipéar aontachtach ó thuaidh, *The News Letter*, in éadan acht Gaeilge don tuaisceart agus tá gach dream gur féidir smaoineamh orthu sásta caitheamh anuas ar na pleananna atá ann cearta Gaeilgeoirí a chosaint trí reachtaíocht inmheánach.
i gcontúirt an bháis in danger of dying
" Chaith sé é féin isteach san fharraige, gan snámh aige: “Is iomaí uair a bhí mé i gcontúirt an bháis ón tráthnóna a léim mé isteach i seacht dtroithe uisce ar chladach uaigneach agus gan bang ar bith snámha agam.
contúirt danger
" Bheadh contúirt ag baint leis sin mar go mbeadh baol ann go mbéarfaí orm, go gcaillfinn an liathróid agus go ngabhfadh an fhoireann eile ar an ionsaí.
Téann siad sa tóir ar chontúirt, they go looking for danger
" Téann siad sa tóir ar chontúirt, agus taitníonn aon ghníomhaíocht leo a bhfuil baint aici le téististéarón – bíodh sé gnéas nó bagairt ar shaol.
a thuilleadh contúirte any more danger
" Bhí an leoraí chomh mór sin nach raibh spás ar bith do fheithicil eile dul síos an taobhshráid agus mar sin, ní raibh a thuilleadh contúirte i gceist ó fheithiclí eile.
meallta ag an chontúirt attracted by the danger
" Thiocfadh daoine óga anseo leis an *terrorist chic* a bhlaiseadh, iad meallta ag an chontúirt agus ag an atmaisféar réabhlóideach, mar dhea.
chontúirt danger
" Dúirt Lorraine Mullaly, Stiúrthóir le Open Europe nach raibh ann ach píosa grinn gan aon chontúirt ann – go díreach an rud a bhí de dhith ar an Aontas Eorpach le rudaí a bhíogadh ina ndúiseacht.
chontúirt danger
" Tuigeann na daoine a bhfuil cónaí orthu faoin tuath, ina mbíonn tinte iontu go rialta, an chontúirt a bhaineann le tine.
is mó an chontúirt greater is the danger
" In Éirinn, toisc braiteoreacht ghnólachtaí léimt amach san uisce fiorúil agus an rud go bhfuil torthaí logánaithe ag Google dó, ach go háirithe, is mó an chontúirt.
contúirt mhór great danger
" Tá níos mó taithí ag na sléibhteóirí thíos in Albain le coinníollacha geimhridh ach le sléibhte níos airde agus sneachta níos doimhne, tá contúirt mhór eile acu ansin- maidhmeanna sneachta.
chontúirt danger
" Ach bhí sí chomh suaite sin lena sult féin gur lean sí uirthi dá buaicphoinnte, in ionad an chontúirt don leanbh a aithint.
ní contúirt is not a danger
" Tríd an mhórdhíoltóir a sheachaint, ag uimhreacha 1 agus 3, tá roinnt céadta €uro sábháilte agat agus níos tábhachtaí fós, ní contúirt do charr a thuilleadh duit féin ná do dhuine ar bith, go ceann tamaill eile.
gcontúirt danger
" B’fhoinse mór airgid Shell, agus níor theastaigh ó na húdaráis go gcuirfí an foinse sin i gcontúirt.
Contúirt danger
" Ach ní chuige sin atá mé anseo! Contúirt na Cathrach Bhí mé ar mo bhealach abhaile as lár na cathrach an tráthnóna céanna, ag teacht trí Dhroichead na Dothra, daoine i ngach áit cé go raibh an cluiche fós ar siúl.
contúirte danger
" Méadófar líon na nAstrálach a shiúlfaidh an cosán sa todhchaí, gan amhras, in ainneoin na contúirte a bhaineann leis.
chontúirt danger
" 08 ar an 18ú Nollag 1989? Nó ar fhan gach éinne sa bhaile go dtí go raibh an chontúirt thart? Is iomaí féidireacht ghrinn atá sa chnámh sin den scéal.
chontúirt danger
" An chontúirt agus cruatain bheaga mar seo, go díreach le dinnéar a chur ar an tábla, bhí an fócas go hiomlán ar seo – an rud simplí bunúsach seo – agus bhí fadhbanna beaga laethúil an domhain, a chuireann bliantaí ar dhuine go hiondúil, imithe mar gheall ar an choimhlint chun marthana seo.
chontúirt danger
" Tá fógraí crochta leath bealaigh in airde a thugann foláireamh do shiúlóirí faoin chontúirt a bhaineann leis: “*Tonnes of unstable rock and scree now present a high level of objective dangers and local guides are strongly advising people to avoid the route*.
gcontúirt danger
" com/watch?v=Wj54l7ZBSOs&feature=related) Mífhonn ar Fhonnadóirí Tá drochstaid na tíre chomh tromchúiseach sin go bhfuil an cultúr féin i gcontúirt a chaillte.
is contúirtí more perilous
" Tá na bradáin san N17 níos mó ná na carranna atá tréigthe ann, agus is contúirtí na siorcanna thart faoi Bhéal Átha na Sluaighe ná crúba na gcapall.
chontúirt danger
" Chomh maith le bheith ina shnagcheoltóir den chéad scoth, is scríbhneoir léaspartach léirsteanach é faoi chontúirt an tSíónachais.
is contúirtí most dangerous
" com/watch/1587809-gerald-celente-the-greatest-depression-of-all-times-part-1-2) Le ciall a bhaint as an saol bunoscionn seo, caithfimid a thuiscint go bhfuil muid go léir faoi ionsaí ag an idé-eolaíocht is contúirtí don chine daonna.
a chontúirtí how dangerous
" stm) Ag tráth a bhfuil Peter Robinson ag iarraidh ceist na mórshiúlta Oráisteacha a instealladh san idirbheartaíocht maidir le haistriú cumhachtaí póilíneachta agus cirt ó Westminister, léiríonn sé a chontúirtí is atá sé cúrsaí mórshiúlta agus cúrsaí cirt a nascadh le chéile.
go n-imí an chontúirt till the danger passes
" Agus naimhde sa tóir air, is é nádúr an duine é féin a chaitheamh i bpoll nó teitheadh suas crann ard go n-imí an chontúirt.
contúirt danger
" Tá na sléibhte contúirteach go leor, fiú do shléibhteoirí leis an trealamh ceart agus taithí acu.
chontúirt séanta danger denied
" Ar ndóighe, ní raibh ann ach timpiste i gcás an Bhetelgeuse, ach an rud a bhí gránna ann ná nach raibh na socruithe déanta faoina choinne sin agus go raibh an chontúirt séanta ag comhairleoirí contae agus ag lucht ola agus ag lucht stáit agus ag airí stáit agus ag gach cineál diabhail a shíl go raibh oidhe an duine ina láimh acu agus go raibh an ceart go mbeadh oidhe an duine ina láimh acu.
chontúirt danger
" An té a amharcfas roimhe go misniúil agus go siosmaideach, nó ar an láimh eile, an té a dhearcfas roimhe agus a tchí an chontúirt.
Chontúirt danger
" An Chontúirt === Níl ach 145 teanga bundúchais fós ar marthain, de réir NILS.
chontúirt danger
" Leag Blair an-bhéim i gcás na hIaráice ar an chontúirt a bhain le réimeas Saddam Hussein.
contúirt danger
" Na hacmhainní atá i lár na pirimide, tá sé deacair teacht orthu, agus iad siúd atá ag bun na pirimide tá costas, agus contúirt, rómhór ag baint leo agus ní dócha go mbeimid in ann iad a fháil ar phraghas a mbeadh ciall leis.
ina Chontúirt is dangerous
" An Biashlabhra ina Chontúirt =========== Tá fadhb eile ann a bhaineann go díreach linne.
chontúirt danger
" Is é an chontúirt é go rachaidh na daoine seo i muinín an ghunna agus an phléascáin le cúrsaí a athrú, ainneoin go léiríonn an stair go bhfuil siad gaibhte isteach ar bhóthar caoch.
contúirte danger
" Dá mbeadh an phríomhchathair nó an leas-phríomhchathair i lár na hÉireann níor ghá a ghabháil ach a leath an bhealaigh agus ar ais, rud a chiallódh leath an bhreosla dóite san aer, leath an ama, leath na contúirte agus leath na tuirse dá réir.
chontúirt danger
" Ach b’ionadh linn a léamh go raibh ainmhí eile san Astráil a bhí ní ba chontúirtí ná aon cheann eile: an crogall inbhir.
gcontúirt danger
" Tá 80% de sceireacha coiréil an domhain i gcontúirt imeacht in éag faoi 2050 agus tá de Caires Taylor ag súil go mbeidh an iarsmalann mara seo in ann na tumadóirí a mhealladh ar shiúl ó na sceireacha coiréil sin atá faoi bhagairt agus deis a thabhairt dóibh teacht chucu féin arís ar ais.
is contúirtí most dangerous
" Go deimhin, is i Ríocht ceart na nAinmhithe atáimid, agus sí Janine ‘Smurf’ Cody an leon baineann is cumhachtaí agus is contúirtí díobh uile ar sirtheoireacht sa domhan thíos – an domhan as riocht fá bhun bhruachbhailte sceite an éadóchais.
chontúirt danger
" Nuair a bhí sé 11 bliain d'aois, bhog an teaghlach go léir go dtí an Fhrainc, mar is maith a d'airigh siad an chontúirt a bhí ann do Ghiúdaigh na Polainne tar éis urghabháil chumhachta na Naitsithe sa Ghearmáin.
contúirtí dangerous
" Níl amhras ar bith fá dtaobh de, a chairde: is cluiche é an galf atá thar a bheith contúirteach; níos dainséaraí go mór ná an dornálaíocht: níos contúirtí ná caitheamh sceana; níos baolaí ná an iomáint, ná an Iomrascáil Sumo, ná an taekwondo, ná an pholaitíocht féin, fiú.
chontúirt danger
" An Fhírinne Throm ========= D’eisigh an Dochtúir Lyn Roberts, príomhfheidhmeannach an Heart Foundation, ráiteas i dtaca leis an ngéarchéim seo le déanaí inar mhaígh sí go raibh fadhb an rómheáchain chomh dona i measc na glúine óige go raibh an chontúirt ann nach mairfidís chomh fada lena dtuismitheoirí.
Tá contúirt anseo there is a danger here
saol níos contúirtí a more dangerous life
" Sílim mar sin go bhfuil saol níos contúirtí ag an rón glas ná mar atá ag an rón beag.
i gcontúirt in danger
" Cé go mbíonn sé i gceist acu cabhair a thabhairt don eán róin, uaireanta, ní bhíonn siad gortaithe ar chor ar bith, agus tá an bhainirseach san fharraige leis an mac ar an trá ag glacadh sosa! Bheadh an bhainirseach an-chrosta le duine ar bith a thiocfadh i ngaobhar dá heán, agus is féidir leo a bheith an-ionsaitheach ar fad má cheapann siad go bhfuil an t-eán i gcontúirt.
ba chontúirtí most dangerous
" au/projects/inquiry/gambling-2009/report> Foilsíodh tuarascáil an Choimisiúin i mí an Mheithimh anuraidh agus maíodh inti go raibh na hinnill chearrbhachais ar an gcineál gealltóireachta ba chontúirtí ó thaobh na gcearrbhach anó de.
i gcontúirt mhór in great danger
" Bhí iniúchóir ó na Náisiúin Aontaithe buartha go raibh sí i gcontúirt mhór ach, de réir an fhiosrúcháin a cuireadh ar bun lena dúnmharú a iniúchadh, níl fianaise ar bith ann go raibh claonpháirteachas idir an RUC agus na dílseoirí a shíob an carr a raibh sí ann ach níor thug an RUC cosaint ar bith do Rosemary agus a fhios acu go raibh sí i mbaol.
airgead contúirte danger money
" Tá siad ag maíomh anois go bhfuil airgead contúirte tuillte acu as a bheith ag dul isteach i seomraí áirithe.
chontúirt danger
" Údarás Láidir ====== **SMM: An tÚdarás a tháinig ar an bhfód, ní féinriail é ná níl sé chomh cumhachtach is atá Comhairle nan Eilean Siar in Albain, abair, ach an bhfeictear duit – tharla a mhalairt ag tarlú le tamall anuas - go gcuirfear feabhas air nó an bhfágfar é mar atá sé?** SÓC: Tá an chontúirt ann gurb é an chaoi go n-imeodh sé ar fad agus tá sé gaibhte sách gar dhó anois.
contúirt a danger
" (Tá contúirt anseo ar ndóigh.
i gcontúirt a múchta endangered, facing extinction
" Ní raibh ach 145 de na teangacha seo fós ar marthain, de réir tuarascála a foilsíodh sa bhliain 2005 agus, mar bharr ar an donas, bhí a bhformhór acu lagaithe go mór agus i gcontúirt a múchta, mar a míníodh ar an iris seo (eagrán 110, Meitheamh 2010).
i gcontúirt a mbáite about to drown
" Dá mbeimis féin sa chás céanna agus go raibh duine clainne linn caite amach i gcontúirt a mbáite, níl amhras ach go ndéanfadh go leor againn an rud ceannann céanna.
gcontúirt danger
" Sa chomhthéacs seo, is meabhrúchán scanrúil iad na hionsaithe in Osló agus ar Oileán Utøya faoin gcontúirt a bhaineann le hantoisceachas a eascraíonn as dearcadh na comhcheilge.
chontúirt seo a sheachaint avoid this danger
" Mhol stiúrthóir an ADL, chun an chontúirt seo a sheachaint, gur chóir “díospóireacht mheasartha agus shibhialta” a chur in ionad “an polarú, an nimh sa chaint agus an eagla” atá á ghiniúint ag gníomhaithe frith-Ioslamacha.
an chontúirt bordaithe the danger while boarding
" Ba shin í an deacracht, an chontúirt bordaithe.
ina chontúirt ollmhór a massive danger
" Tá plé ar siúl sna meáin faoi cead a thabhairt do lucht cuardaithe gáis an proiséas domhainscoilteadh, nó ‘fracking’ a úsáid i gcondaethe Liatroma, Dún na nGall agus An Clár, imeacht driléala atá ina chontúirt ollmhór d’uisce agus do thimpeallacht tuaithe faoin dromchla agus os cionn talaimh mar atá léirithe i dtíortha eile.
chontúirt danger
" Bíonn siad ag coinneáil súil ar na suíomhanna idirlín agus bhí siad i dteagmháil le Sandra McLellan cúpla lá roimh ré nuair a d'inis siad di faoin chontúirt a bhí ann.
i gcontúirt endangered
" **SMM: Cad é do bharúil faoi Ghaeilg na hAlban faoi láthair? An bhfuil sí i gcontúirt?** AW: Tá sí i gcontúirt go fóill, gan amhras.
is léir nach beag an chontúirt it’s obvious that the danger is substantial
" Tharla gur líonmhaire lucht *Facebook* ná daonra an AE, is léir nach beag an chontúirt.
Contúirt an Neamhaitheantais the danger(s) of non-status
" Contúirt an Neamhaitheantais ============== Is é sin croílár na faidhbe i saol na n-inimirceach seo.
gcontúirt a bhainfeadh le the danger which would pertain to
" Ba é Alfred Deakin, an tArd-Aighne, a bhí freagrach as dréachtú an bhille agus labhair seisean faoin gcontúirt a bhainfeadh le hinimirce ón Áise.
go croí na tíre tirime contúirtí seo to the centre of this dry dangerous country
" Lean sé an abhainn Itapecuru isteach go croí na tíre tirime contúirtí seo.
i gcontúirt mhór, faraor greatly endangered alas
" Is ceist bheo í seo, gan amhras ar bith agus tá an cuimsiú fairsing seo le moladh go mór tharla gur ríchosúil go bhfuil tobar ár saíochta, an slabhra gan briseadh sin, an Ghaeltacht, i gcontúirt mhór, faraor.
mbeidh contúirt ann do dhaoine óga young people shall be endangered
" Tá siad in éadan drugaí, tá siad buartha, i ndiaidh na sosanna cogaidh go dtiocfadh na drugaí i réim agus go mbeidh contúirt ann do dhaoine óga.
i gcontúirt in danger
" Bhí *Twisst* féin i gcontúirt ó algartam turscair *Twitter* a chur stop leis na mílte giolcanna a chuireann an tseirbhís seo chuig úsáideoirí ach tá réiteach socraithe acu.
dhíriú ar an gcontúirt mhór to direct at the great danger
" Is ceart aird na nAirí Cultúir a dhíriú ar an gcontúirt mhór atá ann go bhfaighfidh an Ghaeilge bás mar theanga bheo pobail, taobh istigh d’achar gearr, mar gur dhiúltaigh an rialtas cosaint cheart a dhéanamh ar na ceantair ina bhfuil sí fós in úsáid i measc an phobail.
an chontúirt a bhaineann le cead a thabhairt do the danger involved in permitting
" Ina leabhar siúd, *Compulsory Irish: Language and Education in Ireland (Irish Academic Press, 2002)*, chuir an Dr Adrian Kelly an teoiric chun cinn go léiríonn na hiarrachtaí an teanga a athbheochan tríd an chóras oideachais an chontúirt a bhaineann le cead a thabhairt do *“ideology to win over pragmatism in the formulation of policy.
is mór an chontúirt iad sin they’re very dangerous
" Agus ag caint ar nithe a bheith contúirteach, is cosúil go mbíonn naoscairí anois ar go leor foirne agus is mór an chontúirt iad sin má thugtar cead a gcinn dóibh ar pháirc na himeartha.
an chontúirt a bhaineann le the danger involved
" Taispeánann sé na deacrachtaí a bhíonn ag daoine a dhéanann iarratas ar thearmann ar bhonn na gnéasachta agus an chontúirt a bhaineann le príobháidiú is seachfhoinsiú gnéithe áirithe den rialú inimirce.
nach bhfuil contúirt i gcónaí ann that there isn’t always a danger
" Ní hionann sin is a rá nach raibh agus nach bhfuil contúirt i gcónaí ann do dhaoine, arb é a ndualgas, fírinne ceilte éigin a chur faoi bhráid an phobail.
an chontúirt eithneach the nuclear danger
" Faoi Pholl Cnaipe de ======== Má shílimid go mbaineann an chontúirt eithneach le lár na haoise seo caite, áfach, tá dul amú orainn.
I nDiaidh na Tubaiste a Thuigfear an Chontúirt after the disaster one understands the danger
" I nDiaidh na Tubaiste a Thuigfear an Chontúirt ==================== Ach ní féidir linn breithiúnas a thabhairt ar na tíortha atá faoi fhorbairt.
méid áirithe contúirte a certain amount of danger
" Cén Fáth an Leithcheal? ========== Nílim cinnte faoi cén míniú atá ar an scéal seo ach sílim go mb’fhéidir nach bhfuil a lán fear, agus go leor ban chomh maith, ar a suaimhneas leis an smaoineamh go mbeadh mná, is é sin iníonacha, deirfiúracha, mná céile is eile ag imirt spórt a bhfuil teagmháil fhisiceach ag baint leo agus méid áirithe contúirte chomh maith.
tá contúirt ann there’s a danger
" Ach tá contúirt ann go leanfar leis na modhanna oibre seanchaite céanna nár oibrigh go dtí seo, i lámha cuid mhaith den phearsanra céanna ar theip orthu aon dul chun cinn suntasach a dhéanamh maidir le leathnú agus doimhniú úsáid na Gaeilge i measc an phobail.
chontúirt danger
" B’amhlaidh an scéal do Phanti agus dá conspóid – níl aon ‘chontúirt’ dhíreach ann i leith na lipéad seo – níl iontu ach focla – ach, is féidir linn glacadh le ciall na bhfocla seo agus iarracht a dhéanamh ár dtimpeallacht agus ár gcur chuige a chlaochlú.
i bhfad os cionn airde na contúirte well above the danger height level
" Is crainn astu féin iad feasta agus tá siad i bhfad os cionn airde na contúirte ó ainmhithe cheana féin.
an chontúirt maolaithe go maith the danger well diminished
" ' Bhí an poll líonta de réir an scéil más ea, agus an chontúirt maolaithe go maith, murach rud a rinne an dara fear, duine ó cheantar Chor an Dula, dar leis an scéalaí, agus gan aon tuiscint aige ar chúrsaí bádóireachta.
bhfuil contúirt ag baint le danger pertains to
" Don chéad uair tá daoine ag teacht ar an tuiscint go bhfuil contúirt ag baint le bailiú sonraí pearsanta.
beag beann ar an chontúirt oblivious to the (physical) danger(s)
" Ach bhí mé chomh tógtha sin go léireofaí Ré Dhamhsa i mBéal Feirste mar gheall ar an obair atá ar siúl ag Linda Ervine agus a comhghleacaithe ag an East Belfast Mission agus iad ag cur na Gaeilge chun cinn ansin, beag beann ar an chontúirt fhisiciúil atá ann dóibh a leithéid a dhéanamh.
tá contúirt faoi leith there’s a particular danger
" Plus ça change – bíonn an t-aos ‘léannta’ i gcónaí ag tabhairt amach faoin dream óg atá ag simpliú na teangan agus ag déanamh neamhaird de rialacha casta gramadaí! “Ar ndóigh, tá contúirt faoi leith ag baint le simpliú - nó truailliú - na Gaeilge sa lá atá inniu ann mar gur mar gheall ar thionchar mór an Bhéarla atá sé ag tarlú seachas mar gheall ar fhorbairt nádúrtha na teanga.
an chontúirt seo this danger
" Dar leis an Dochtúir Ní Anluain, “caithfimid mar thír an chontúirt seo atá mar mhaidhm sa mhullach orainn a mhaolú mar tá baol easláinte agus aigneolaíochta ag baint leis.
níos contúirtí more dangerous
" Beidh an domhan níos contúirtí mar áit sa todhchaí de bharr chogadh na Breataine agus na Stát Aontaithe i gcoinne na hIaráice.
an chontúirt the danger
" Chuir seachtain a chaith Tony Birtill ag dreapadh san Iorua an mhí seo caite ag smaoineamh é ar an chontúirt a bhaineann leis an chaitheamh aimsire sin.
chontúirt danger
" Is dócha gur shíl roinnt daoine a chonaic ar an teilifís é faoi Nollaig agus tús na bliana seo nach mbainfeadh sé tír na hÉireann amach slán a choíche feasta lena raibh de chontúirt thart ina ghaobhar i nGaza ag an am.
i gcontúirt in danger
" Noam Chomsky, Norman Finkelstein, Israel Shahak agus daoine nach iad, tá siad go léir faoi amhras agus i gcontúirt an uisce faoi thalamh a ghníomhaíonn go láidir i gcoinne easaontóirí i SAM, de réir leabhair atá léite ag Maidhc Ó Cathail.
chontúirt (the) danger
" Idir chontúirt an chogaidh eithnigh agus chonarthaí d’airm ollscriosúla, tá riar a dhóthain á chíoradh ag Maidhc Ó Cathail san alt seo ar bhagairt na Cóiré Thuaidh (22,665,345 duine, 2009) ar Iarthar Domhain.