Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Contráilte wrong
sa treo contráilte in the wrong direction
" B'fhéidir go dtarlóidh sin fós, ach go dtí seo tá an trácht ar fad ag gabháil sa treo contráilte.
contráilte wrong
" "Claimeáil, an ea?" a scread beainín bheag gheancach, "agus an carr goidte aige, é ag tiomáint go contúirteach ar luas lasrach óltach ar an taobh contráilte den bhóthar.
ord contráilte wrong order
" Dar leis gur tháinig mearbhall ar na seandéithe agus go raibh na míonna san ord contráilte acu i mbliana.
contráilte wrong
contráilte contrary
" ) Agus an méid sin ráite aici faoi chúrsaí teanga sa bpobal Gaeltachta seo, tagann sí ar chonclúid atá contráilte, shílfeá, leis an méid sin thuas.
contráilte ar fad totally wrong
" Is é an rud is lú atá ó Bush, i mbliain seo an toghcháin, ná a chloisteáil go raibh sé contráilte ar fad, agus go bhféadfadh an scéal a bheith i bhfad níos measa ná mar a cheap daoine go dtí seo.
san áit chontráilte in the wrong place
" Deirtear gur 301 duine a mharaigh Arm na Breataine, maraithe an-chonspóideacha a mbunús - Domhnach na Fola, ochtar Loch gCál, agus na haonaráin sin a bhí san áit chontráilte ag an am chontráilte, leithéidí Leo Norney as Béal Feirste nó John Boyle as Ard Mhacha.
ar na fáthanna contráilte for the wrong reasons
" Bheadh sé seo go breá, ach measaim go bhfuiltear á dhéanamh seo ar na fáthanna contráilte.
go contráilte wrongly
" I ndiaidh dhúnmharú Jameson Lockhart, maraíodh Craig McCausland i dteach a chailín ar an 12 Iúil mar gur creideadh (go contráilte) go raibh sé ar thórramh Lockhart.
contráilte wrong
" Tháinig sé uilig ar mhullach a chéile orm ar na mallaibh agus moladh domh a dhul chuig an dochtúir mar gur léir go raibh rud inteacht contráilte liomsa.
contráilte wrong
" Cad é atá contráilte, a Bhaloir? Ó, a Bhaloir, níor thuig mé go mbeadh éifeacht mar sin agam ort.
ón dearcadh contráilte from the wrong viewpoint
" Crothnóidh muid é go mór ó lár an *Irish Times*, agus ní dhéanfaidh muid dearmad go deo ar an dóigh a shábháil sé muid ón dearcadh contráilte, ó pheaca an uaibhris náisiúnta agus ón fhéinmheas Éireannach.
contráilte wrong
contráilte wrong
" Bheadh sé contráilte a rá nach bhfuil suim ag pobal na Gaeltachta ach i scéalta faoi dhrochstaid na mbóithre nó faoi chúrsaí séarachais.
contráilte wrong
" Ach seo ceist: caidé atá contráilte leis an snaoisín? Má tá daoine ag iarraidh stuif a chur suas a srón, nach dtiocfadh leo an snaoisín a úsáid? Agus mura bhfuil dath donn nádúrtha an snaoisín maith go leor dóibh, nach dtiocfadh leo é a dhéanamh bán? Má táthar in ann an bradán agus an breac a thairgeadh ar dhathanna éagsúla anois, gan trácht ar an phráta féin, nach dtiocfadh leo an rud céanna a dhéanamh leis an snaoisín? Tá stair uasal ársa ag an snaoisín sa tír seo.
an duine contráilte the wrong person
" ” “Faraor,” a dúirt an tEagarthóir, “is léir go bhfuil an duine contráilte agam.
contráilte wrong
" Bhí orm a rá leis caol díreach gur roghnaigh sé an duine contráilte – gur mise duine acu sin a bhíos ag rothaíocht.
treo contráilte wrong way
" Buailimid leis ar dtús ag tiomáint sa treo contráilte ar thimpeallán.
dearcadh contráilte wrong occasion
" Tá an dearcadh contráilte laistigh den státseirbhís, is eagal liom.
contráilte i dtólamh always incorrect
" Go bunúsach, is iad na daoine céanna a bhíonn contráilte i dtólamh.
contráilte wrong
" Choinnigh mé orm an bealach trí pháirceanna agus coillte lastuaidh den abhainn, agus cé go raibh sé deas, bhí sé cineál uaigneach fosta agus shíl mé gur ainm contráilte a bhí ann, Slí Ribble.
contráilte wrong
" Cad é a chuaigh contráilte?" - Thuig Caitríona Ruane gur ag magadh a bhí mé - ar an dea-uair - ach is féidir a rá go bhfuil saol as an choitiantacht caite ag an bhean seo 49 mbliana d'aois as Contae Mhaigh Eo.
contráilte incorrect
" Sílim gur leag an tráchtaire Brian Feeney a mhéar air agus é ag scríobh san Irish News an tseachtain seo nuair a dúirt sé go raibh eagla ar mhuintir na 26 Chontae roimh thoghadh Martin McGuinness mar Uachtarán na hÉireann, mar go léireodh sé go raibh an fhaisnéis náisiúnta atá á scaipeadh ó dheas ó bunaíodh an stát contráilte.
Cur i gCoinne Contráilte an incorrect opposition
" Cur i gCoinne Contráilte ======== Tá Sinn Féin agus Vincent Browne mícheart ar fad nuair a mhaíonn siad go gcuirfidh an conradh leis an éagothroime sa tír.
Cé chomh contráilte how wrong
" Cé chomh contráilte is féidir le Donald Clarke a bheith ó am go cheile? Fuair sé an ceann seo iomlán amscaí, ciotarúnta, cúthaileach agus tóin in airde.
chomh contráilte agus chomh dochosanta as wrong and as indefensible
" Tá sé sin chomh contráilte agus chomh dochosanta is atá ‘stát Protastúnach do phobal Protastúnach’, nó ‘stát Caitliceach do phobal Caitliceach’, nó ‘stát geal don chine gheal’.
contráilte incorrectly
" Chaith Alan Desmond seal ag iniúchadh scéal an phobail líonmhair iltírigh úd in iarthuaisceart na hAfraice, na hImazighen, nó mar a thugtar go contráilte orthu, na Beirbeirigh.
a bhí contráilte which was incorrect
" Tá Tony Birtill i ndiaidh dul faoi chló is faoi chlúdach leabhair, ach is é an dóigh gur brúdh air an leabhar a chur de agus le scéal tábhachtach a bhí contráilte a chur ina cheart.