Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
faoin choróin Shasanach under the English crown
" Shíl na Protastúnaigh go raibh saol níos fearr i ndán dóibh faoin choróin Shasanach, agus go gcuirfí faoi chois iad dá mbeadh Éire aontaithe neamhspleách ann.
coróin Mhuire rosary
" An é go mbeidh Sotheby's ag díol na n-éadaí thuasluaite ar ceant i gceann cúpla bliain? Bhíodh Mart and Market ar an raidió ag tabhairt phraghas na mbeithíoch dúinn - an mbeidh praghas g-string Lizzie á fhógairt ag an BBC lá de na laethanta seo? Admhaím freisin, agus thug an sagart 20,000 coróin Mhuire dom ar an bpeaca marfach seo sa bhfaoistin, go raibh mise ag an Trooping of the Colour agus in Ardeaglais Naomh Pól nuair a bhí Micko's army ar an bpáirc sa Choiré in iomaíocht leis an Spáinn, ag iarraidh onóir Phoblacht na hÉireann a chosaint.
crosóg na corónach deilgne crown of thorns starfish
" Go dtí seo is í crosóg na corónach deilgne is mó is cúis leis sin ó na seascaidí i leith, cé gur cosúil go bhfuil sí sin faoi smacht i láthair na huaire.
coróin crown
" Ansin sa bhliain 2003 phléasc Setanta lúfar láidir Ó hAilpín amach i Staid Semple, ar Pháirc Uí Chaoimh agus, ar ndóigh, ar fhód foirfe glas Pháirc an Chrócaigh agus ghlac sé coróin Jimmy Barry Murphy ar a chloigeann óg, dubhfholtach.
fhórsaí na corónach the crown forces
" Tá Riail 21, a chuir cosc ar fhórsaí na corónach, imithe, mar aon le Riail 28 a chuir cosc ar bhaill an CLG cluichí gallda a imirt.
coróin crown
" Tá banríon úr sa tír seo ach ní chaitheann sí coróin, Is tá coláiste úr ag Queen's anois ar shráideanna Ard Eoin, Is tá Finian McGrath ag bacaíl thart agus pian mhór ina thóin Ó chuaigh Mary Mac isteach arís san Áras.
sa Chúirt Chorónach in the Crown Court
" Ní raibh mórán suime acu i gcás sa Chúirt Chorónach anseo i Learpholl ar an 14 Nollaig, nuair a gearradh téarma príosúin ocht mbliana ar dhílseoir mór le rá as taisce gunnaí agus armlóin bheith ina sheilbh aige.
coróin crown
" Antaine Ó Faracháin: A Bhernadette, tá coróin “Rós Fodhla” á caitheamh agat anois, agus comhghairdeachas leat, ach cén chaoi ar tharla sé gur chuir tú isteach ar an gcomórtas sin ar an gcéad dul síos? Bernadette Nic Gabhann: Bhuel, tá an-bhaint agam féin agus ag mo mhuintir leis an teanga agus leis an gcultúr anseo i gCill Dhéagláin.
sa Chúirt Chorónach in the Crown Court
" Tá drochchlú fosta ar Merseyside faoi láthair, áfach, mar gheall ar thriail atá ag dul ar aghaidh sa Chúirt Chorónach in Preston.
déarfar an Choróin Mhuire the rosary will be said
i gCúirt Chorónach Winchester in Winchester Crown Court
" Gearradh trí théarma príosúin saoil ar Ronnie McCartney i gCúirt Chorónach Winchester i mí na Bealtaine 1976 as iarracht a dhéanamh triúr póilíní a dhúnmharú i Southampton.
déarfar an Choróin Mhuire the rosary will be said
Arm na Corónach the Crown Army
" De réir mhiotaseolaíocht ghluaiseacht na poblachta, fear troda a raibh stair onórach aige in aghaidh phéas Uladh agus Arm na Corónach ab ea Donaldson.
mangairí faisnéise na Corónach the intelligence pedlars of the Crown
" Dá mba rud é go bhfuair sé bás de bharr taom croí, seachtain sular chinn mangairí faisnéise na Corónach gur oir sé dóibh an fear bocht seo a nochtadh mar spiaire dá gcuid féin, luífeadh sé inniu faoi ghradam i bplásóg na laochra poblachtánacha i Reilig Bhaile an Mhuilinn.
an tSeirbhís Ionchúiseamh Chorónach the Crown Prosecution Service
" Easpa fianaiseirt an tSeirbhís Ionchúiseamh Chorónach (CPS) an tseachtain seo caite nach bhfuil “go leor fianaise” acu le péas a bhí páirteach sna heachtraí thuas – gunnaí a thabhairt do mháistir ceathrún eagraíochta marfaí agus marú Pat Finucane – a thabhairt os comhair na cúirte.
ar leis an Choróin é. which belongs to the Crown.
" Tá Tom an t-Sabhail ar imeall eastáit mhóir darb ainm Eastát Ghleann Lìomhaid, ar leis an Choróin é.
an Choróin the Crown
" **Polasaí an rualoiscithe**Ba sna 1860í a tharla coimhlint idir na *Tūhoe* agus an Choróin den chéad uair.
an tseoid i gcoróin the jewel in the crown
" Ba é an tAcadamh molta an tseoid i gcoróin lucht tacaíochta na "teanga".
choróin crown
" Ó chuaigh an ghairm is an choróin uirthi mar Miss Cork ag tús an Mhárta is beag seachtain a d’imigh thart gan a haghaidh le feiceáil ar na páipéir.
Choróin Crown
" (Mo thrua nach raibh ceamaraí againn ar lucht athscríofa na staire, pé áit a rabhadar, nuair a d’aithin an Bhanríon Eilís a Dó, ina beart sa Gháirdín Cuimhneacháin Náisiúnta, nár choirpigh, ach saighdiúirí in Arm na Poblachta na fir sin a d’fhear Cogadh na Saoirse agus Éirí Amach na Cásca ar an Choróin).
coróin i lár báire a crown in the middle
" Bunaithe ar bhrat Shasana agus ar bhrat Chuige Uladh, tá coróin i lár báire agus réalt sé-thaobhach, ceann amháin do gach contae sna Sé Chontae ach le 40 bliain, is Oisíní i ndiaidh na Féinne iad lucht leanúna Thuaisceart Éireann agus iad ag smaoineamh siar go dtí laethanta órga *(ahem) Stormont*.
cuireadh coróin was coronated
" Agus gan é ach ina pháiste sé bliana d’aois, cuireadh coróin na Rómáine ar a cheann i 1927.
iompú ina bhfinnéithe don choróin to become crown witnesses
" Bheartaigh beirt acu siúd iompú ina bhfinnéithe don choróin agus fianaise a thabhairt in éadan a gcomharsan.
gcoróin crowns
" ” Samhlaígí drochoíche Shathairn in Oirthear Bhéal Feirste: Ansin chonaic mé an beithíoch ag éirí as an bhfarraige, agus deich n-adharc agus seacht gceann air, agus deich gcoróin ar a dheich n-adharc, agus ainmneacha diamhaslacha ar a chinn… agus thug an dragan dó a neart agus a ríchathaoir agus a mhórchumhacht.
ar nós Coróin Deilge Críost like Christ’s Crown of Thorns
" Bhí na cnámha faoi thalamh ar feadh na gcéadta ar shuíomh atá ceangailte go dlúth leis an Naomh agus de bharr seo is iarsmaí beannaithe iad ar nós Coróin Deilge Críost, in Ard-Eaglais Notre Dame, Páras, Cumhdach Turin nó méar Naomh Tomás in Eaglais Santa Croce in Gerusalemme sa Róimh.