Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
idir cheardchumainn agus chorparáidí both trade unions and corporations
" Níl na brúghrúpaí, idir cheardchumainn agus chorparáidí, toilteanach teacht gan pribhléidí.
corparáidí corporations
" Mhaígh an lucht agóide go raibh siad ag gníomhú i gcoinne na meán agus na gcorparáidí atá, dar leo, "ag déanamh brabúis ón chogadh".
corparáidí corporations
" An bhfuil deireadh leis an bhfealsúnacht a deir gur cheart go mbeadh an bua ag an duine/bhfoireann is fearr ach go mbeadh lá eile ag an bPaorach? An bhfuil airgead níos tábhachtaí ná sin ar fad? An bhfuil an spórt mar a thuigeamar é á thachtadh ag corparáidí agus ag lucht gnó agus ag fórsaí an mhargaidh? An bhfuil an spórt marbh? An cuma le héinne? Is múinteoir scoile é Colm Mac Séalaigh a bhfuil cónaí air i mBaile Átha Cliath.
corparáidí ilnáisiúnta multinational corporations
" Tá an "Meiriceá nua" atá ag teacht chun cinn, mar sin, tógtha ar an bhunúsachas reiligiúnda i measc an phobail mhóir, pobal atá níos mó faoi smacht ag na corparáidí ilnáisiúnta ná mar a bhí riamh.
chorparáid ilnáisiúnta multi-national corporation
" I mbeagán focal, tá an Ard-Chúirt ag cur cinneadh polaitiúil i bhfeidhm, cinneadh a thug cead do chorparáid ilnáisiúnta orduithe ceannaigh éigeantacha a eisiúint lena gcuid talún a bhaint ó ghnáthshaoránaigh na tíre.
sa ráta cánach corparáidí in the corporation tax rate
" Lena chois sin, iarrfaidh siad ar an Uasal Brown moill a chur ar chur i bhfeidhm táillí úra uisce agus laghdú a dhéanamh sa ráta cánach corparáidí a íocann comhlachtaí ó thuaidh.
go meallfadh ráta laghdaithe cánach corparáidí that a reduced corporation tax rate will attract
" (Measann na páirtithe go meallfadh ráta laghdaithe cánach corparáidí níos mó infheistíochta ó thar lear.
i ráta na cánach corparáidí in the corporate tax rate
" San am atá le theacht, b’fhéidir go bhfeicfeadh muid an DUP agus Sinn Féin ag dul go Londain le chéile ag iarraidh deirce, *oops*, ag iarraidh laghdú i ráta na cánach corparáidí ar Gordon Brown.
mar chathaoirleach na corparáide reachtúla úire. as chairman of the new the statutory corporation.
" Nuair a d’fhógair TG4 go mbeadh an stáisiún neamhspleách ar RTÉ ó 1 Aibreán 2007 ar aghaidh, ba é Peter a roghnaigh an stáisiún le bheith mar chathaoirleach na corparáide reachtúla úire.
ísliú sa ráta Cánach Corparáidí a lowering of the Corporation Tax rate
" Nó thiocfadh leis gur ag cuimilt meala den lucht gnó atá iar-Sheansailéir an Státchiste, le nach mbeidh siad ag gearán barraíocht nuair a dhiúltóidh sé ísliú sa ráta Cánach Corparáidí chuig leibhéal an deiscirt a cheadú do na Sé Chontae.
an ráta cháin corparáidí the corporate rate of tax
" TuarascáilTháinig tuarascáil Varney amach an tseachtain seo agus bhí na daill ag dúil go ngearrfadh an tiarna an ráta cháin corparáidí ó thuaidh.
ar son na gcorparáidí móra. on behalf of the big corporations.
" Tugann sé tacaíocht láidir i gcónaí don chogadh in aghaidh na sceimhlitheoireachta – an leithscéal is déanaí le tír bhocht a ionsaí ar son na gcorparáidí móra.
corparáidí ilnáisiúnta multinational corporations
" Ní haon ionadh é gur mhaith le corparáidí ilnáisiúnta saibhreas nádúrtha na tíre a shaothrú.
corparáidí mianadóireachta mining corporations
" Is léir go raibh baint lárnach ag an RPF, faoi smacht Kagame, leis an éagobhsaíocht sa Chongó agus chuaigh an chorraíl seo chun tairbhe na gcorparáidí mianadóireachta a bhí sa tír.
chorparáid tobac tobacco corporation
" Aisteach go leor, chuir an chorparáid tobac, ar leis an Afracach Theas Anton Rupert é, airgead agus foireann ar fáil chun CFD a reáchtáil.
corparáidí ola oil corporations
" Ar ndóigh, is úinéirí nó bainisteoirí corparáidí ola agus mianadóireachta go leor acu.
cánach corparáidí corporate tax
" Mealltar go leor IDC (FDI) chun na tíre seo fós agus cé go bhfuil ráta íseal na cánach corparáidí an-tábhachtach, tá níos mó i gceist ná sin.
corparáidí ola oil corporations
" An scéal céanna leis na corparáidí ola nuair a mhaíonn said go bhfuil said ag cosaint an chomhshaoil, nó leis na corparáidí teicneolaíochta nuair a shéanann siad an imghabháil chánach.
mheitheal chorparáide corporate group
" Ba leis an stát an eagraíocht anuas go dti 1997, nuair a díoladh 80% de na scaireanna leis an mheitheal chorparáide, Italian Entertainment Group.
gcorparáidí móra big corporations
" Tá feachtais éagsúla i gcoinne an Uachtaráin Bush agus na gcorparáidí móra ag bailiú nirt sna Stáit Aontaithe, mar a mhíníonn Uinsionn Mac Dubhghaill.