Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
atmaisféar corraithe heated atmosphere
" An toradh a bhíonn air seo ar fad ná atmaisféar corraithe a spreagann imirt ghránna, bhagrach go minic.
corraithe stirred, excited
" Bhí siad chomh corraithe agus chomh dáiríre sin is gur thiontaigh siad ar an Bhéarla leis an bhagairt a threisiú.
chomh corraithe sin so hyped-up
" Mar sin de, agus na daoine óga seo ar fad chomh corraithe sin, agus iad breá sásta a bheith ag crostacht leo, an bhféadfadh saothar Sheridan dul i bhfeidhm orthu, gona scéal casta grá, faoin streachailt a bhíonn le déanamh ag tuismitheoirí, agus faoi chruálacht an bháis? An bhféadfadh scéal Éireannach an croí a bhogadh ag na déagóirí seo, as áiteanna ar fud an domhain mar Háití, Boisnia, an Cholóim agus Portó Ríce ina bhfuil saol an-chorrach ag daoine? An-tógtha leis ======= Múchadh na soilse, agus tosaíodh ag taispeáint an scannáin, agus roimh i bhfad ba léir go raibh na daoine óga seo as Manhattan an-tógtha le scannán an stiúrthóra Éireannaigh.
corraithe stirred, worked-up
" Is saineolaithe muid ar fad sna cúrsaí seo agus is breá linn ár dtuairim féin a nochtadh (baineann Des Cahill an-mhíleáiste as seo ar "Sportscall"!) "Fadhbanna" Manchester United ======= Ar an taobh eile den scéal, cuireann sé ionadh orm féin uaireanta cé chomh corraithe is a bhíonn daoine uaireanta agus ábhair spóirt faoi chaibidil acu.
corraithe worked-up
" Chomh corraithe sin a bhí sé ina dhiaidh, nuair nach bhfuair sé seans óráid cheart a thabhairt le linn an agallaimh, gur mhaígh sé nach mbeadh sé sásta agallamh ar bith eile a dhéanamh le duine ar bith ó phreas na hÉireann, seachas an t-iriseoir sin ar chuala sé iomrá chomh mór sin air: Balor an Chinn Ghlinn agus an Phinn Chruinn.
corraithe stirred, worked-up
" ” Tá mo sháith ráite agam!” Cé go bhfuil a sháith ráite ag Laoch na Litríochta níl a leordhóthain scríofa aige go fóill, nó tá sé chomh corraithe sin faoi thionchar an Bhéarla agus faoi thionchar dhul an Bhéarla ar theanga ársa na hÉireann go bhfuil sé ar tí leabhar gramadaí agus comhréire dá chuid féin a fhoilsiú.
corraithe worked up
" An bhfuil Fear Dia corraithe faoi seo? Níl, ná baol air.
chomh corraithe so excited
" ’ ‘Daid! Abair go dtagann sé ar cheamara Mallory san oighear agus na pictiúir fós ann! Cruthú gur bhain siad amach an mullach tríocha bliain roimh Hillary!’ Bhí Liam chomh corraithe gur dhoirt sé a ghloine.
corraithe worked up
" Is deacair éirí corraithe nó sceitimíneach faoi ar an ábhar go bhfuil sé sách leamh agus leadránach mar chomórtas.
corraithe excited
" Maith dom mar sin, a léitheoir chóra, mura mbím corraithe agus buaileam sciath ar siúl ag na scórtha míle duine dá bpáirtí thuas i bpríomhchathair na Sléibhte Creagacha.
am corraithe sin that turbulent time
" Mhothaigh roinnt daoine sa dá phobal san am corraithe sin gurb iad ballaí na dtithe agus na sráideanna an t-aon spás a bhí ar fáil acu féin lena racht a ligean, nuair a bhí cinsireacht ar bun sna gnáthmheáin chumarsáide agus nuair a bhí bac ar dhaoine labhairt amach.
go corraithe emotionally
" ” Gan anáil a tharraingt, leanann sé air ag labhairt go corraithe.
corraithe turbulent
" An Bhearna á Líonadh Is sa chomhthéacs corraithe, cultúrtha seo a tháinig Ó Dáibhín, Ó Cíosóig (Mac Íosóg sa Chlár) is araile, le chéile in Óstán Iníon Uí Aodha i nDúrlas Éile in 1884 chun ‘The Gaelic Athletic Association for the Preservation and Cultivation of National Pastimes’ a bhunú.
corraithe troubled
" Tá cuid mhór daoine corraithe agus cancraithe agus trí chéile mar gheall air seo, dar le Daithí Dathúil Norris – é féin ina measc, agus roinnt seanadóirí eile.
corraithe turbulent
" Dá mbeadh galar mar seo ar ealaíontóir, an ceart féacháil lena leigheas agus dul sa seans go múchfaí an leigheas spréach na cruthaitheachta ann chomh maith? Bhíodh go leor den tuairim gurbh fhearr i bhfad drugaí agus teiripe le linn tréimhsí corraithe meabhrach agus an chruthaitheacht a choinneáil slán.
corraithe troubling
" Thit an lug ar an lag ar Rudd nuair a mheas sé go gcuirfeadh Abbott bearta scanraithe corraithe in éadan na scéime i bhfeidhm le linn an fheachtais olltoghchánaíochta i mbliana.
corraithe moved, upset
" Ar léamh na nuachtán faoinar tharla agus ar bhreathnú ar na pictiúirí ar an dteilifís, ba dheacair gan a bheith corraithe.
corraithe turbulent
" Éire an Athuair ====== **CB: Thánamhair abhaile sa bhliain 1969?** MDÓS: Bhí rudaí corraithe i Meiriceá agus bhí na cearta sibhialta, is na haon rud trí chéile is bhí sé deacair oibriú ann.
éiríonn rudaí corraithe thing become uptight
" Ní haon mhaith a bheith i do sheasamh mar chuaille agus an liathróid i do láimh agat nuair a éiríonn rudaí corraithe.
corraithe troubled
" ” An Uachtaránacht =========== Labhair muid faoi Barack Obama, faoi na haiséirithe sa Mheánoirthear - tá sé ceart sibhialtaigh a chosaint ach tá an chontúirt ann go dtarraingfear an tIarthar isteach i gcoimhlintí inmheánacha na dtíortha atá corraithe - agus labhair muid ar go leor eile ach anois agus gan cúraimí Dála air, tá Michael D ag beartú aistriú tí - go dtí Áras an Uachtaráin, mar iarrthóir tofa Pháirtí an Lucht Oibre.
d’imigh sí ón ardán, corraithe she left the stage, upset
" Í náirithe os comhair na tíre, d’imigh sí ón ardán, corraithe, agus d’imigh sí go ciúin ón saol poiblí.
corraithe excited
" Ach níl siad chomh corraitheach agus a bhídís, dar le Brian Ó Broin.
a bhí corraithe go mór is go dona which was greatly troubled
" Chaith Ciarán Mac Aonghusa a shúil ar thír a bhí corraithe go mór is go dona anuas na blianta, tír a throid in aghaidh na Naitsithe agus na Rúiseach anuas go 1956, An Úcráin.