Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
is cosúil nach cás leo it seems that they don't care about
" Más mar sin atá an scéal, is cosúil nach cás leo an 19,000 Astrálach a fhaigheann bás in aghaidh na bliana de bharr an tobac.
cosúil mar a bheinn sa bhaile as I would be at home
" Bhí mé ag amharc amach ar an fharraige cosúil mar a bheinn sa bhaile ach chaith mé fada go leor ann.
Is cosúil gur chuir sé in iúl do na himreoirí it seems he told the players
" Is cosúil gur chuir sé in iúl do na himreoirí oíche amháin go raibh sé ag éirí as ach cúpla lá ina dhiaidh sin bhí sé ar ais arís tar éis do chúpla duine de na himreoirí dul chun cainte leis agus a intinn a athrú dhó! Is minic a bhíodh sé ar buile le himreoirí a bhí ag pleidhcíocht ar an bpáirc thraenála (nó ligeadh sé air féin go raibh) agus b'fhéidir go sínfeadh sé an fheadóg chuig an duine a bhí ag clamhsán nó a leithéid agus go ndéarfadh leis dul i gceannas ar an bhfoireann é féin feasta.
is cosúil it seems
" Tionchar na teilifíse, na timpeallachta agus an bhrú atá ar pháistí a bheith cosúil lena gcairde, is cosúil.
ar chosúla ar uairibh é le stáisiún traenach which was more like a train station sometimes
" Nuair a bhíomar traochta den gcaibidil ar fad faoin nGaeilge, do thóg Barra bosca ceoil mór groí amach agus thug sé cúpla port dúinn ar a shuaimhneas … Ard-oíche cuideachtan agus níorbh í a haon í i dtigh seo na nDonnabhánach, ar chosúla ar uairibh é le stáisiún traenach ná tigh muintire, mar go mbíodh an oiread sin daoine ag tarraingt ar an dtigh.
bois cois cosúil leis an athair the image of his father
" ” “Ó, bhal,” arsa a hathair, “bois cois cosúil leis an athair, mar sin.
bhí sé cosúil le castáil ar chol ceathrair it was like meeting a cousin
" Mar a dúirt fear amháin liom, bhí sé cosúil le castáil ar chol ceathrair nach raibh aithne agat air go dtí sin.
bhí sé cosúil le castáil ar chol ceathrair it was like meeting a cousin
" Mar a dúirt fear amháin liom, bhí sé cosúil le castáil ar chol ceathrair nach raibh aithne agat air go dtí sin.
bhí sé cosúil le castáil ar chol ceathrair it was like meeting a cousin
" Mar a dúirt fear amháin liom, bhí sé cosúil le castáil ar chol ceathrair nach raibh aithne agat air go dtí sin.
is cosúil it seems
" is cosúil go bhfuil bonn láidir faoin eagraíocht atá anois ann agus go mbeidh siad ann go ceann tamaill eile ar aon nós.
cosúil le haon chathair liath like any grey city
" Sroichimid Ashikawa – tá sé díreach cosúil le haon chathair liath timpeall an domhain.
is cosúil go bhfuair na hIndiaigh an ceann is fearr orthu. it seems that the Indians got the better of them.
" Cé gur éirigh leis na coilínithe seo baile beag a bhunú ar an gcósta, san áit a dtugtar South Carolina anois air, agus fanacht ann ar feadh bliain nó dhó, is cosúil go bhfuair na hIndiaigh an ceann is fearr orthu.
níos cosúla le hinnealtóireacht. more like engineering.
" Tá na traidisiúin i Sasana agus sa nGearmáin níos cosúla le hinnealtóireacht.
cosúil leis an fhéinics, like the phoenix,
" Ag siúl ar shráideanna ciúine Gernika (mar a thugtar air sa Bhascais), agus mé ar laethanta saoire i dTír na mBascach roinnt blianta ó shin, rith sé liom go raibh an baile cosúil leis an fhéinics, éan na finscéalaíochta, a d’éirigh aníos athbheo as luaithreach tine.
ar cosúla le comhairle contae é which is more like a county council
" Níl am á chur amú níos mó ar shíorchainteanna ar dhíchoimisiúnú, ar spíodóireacht, ar choiriúlacht, agus tá Tionól Thuaisceart Éireann anois ag dul i ngleic – a oiread agus is féidir le rialtas ar cosúla le comhairle contae é – le fadhbanna a mhuintire.
Is cosúil it appears
" Is cosúil go mbeidh scéal Myatt agus Drewe le feiceáil i bpictiúrlanna áitiúla sul i bhfad agus beidh George Clooney agus Clive Owen á léiriú.
cosúil le dufair like a jungle
" Ansin fuaireamar amach go raibh cuid den aill cosúil le dufair mar go raibh neart sceach agus casarnach uirthi.
sa chaoi nach raibh sé chomh cosúil le rugbaí níos mó. so it was not so like rubgy anymore.
" Sa bhliain 1875, thosaigh ollscoileanna in Massachusetts ag imirt faoi na rialacha nua seo, agus i rith ochtóidí an chéid sin, thosaíodar ag athrú an chluiche sa chaoi nach raibh sé chomh cosúil le rugbaí níos mó.
cosúil le fuaim na fidle like the sound of the fiddle
" Tá an fhuaim a thagann aisti cosúil le fuaim na fidle, ach amháin go bhfuil sí níos géire.
Is cosúil ó na cáipéisí seo, it seems from these documents
" ”* Is cosúil ó na cáipéisí seo, ní hamháin go bhfuiltear in amhras maidir le stádas dlíthiúil an churaclaim, ach go raibh an roinn agus an tAire Hanafin ar an eolas faoin éiginnteacht a bhaineann leis.
Is cosúil it seems
" Is cosúil go bhfuil na heagraíochtaí sin ar bís le gníomhú go fuinniúil agus go héifeachtach ar son na teanga.
ba chosúil nach leor sin. it seemed that wasn't enough
" Ní raibh aon chúis nach dtiocfadh leis an phobal ‘Dingle’ a úsáid, dá mba rogha leo é, in achan ghné eile den saol, ach ba chosúil nach leor sin.
an-chosúil leis an chlochar very like the convent
" Dar léi go raibh an institiúid sin an-chosúil leis an chlochar a bhí fágtha ina diaidh aici ach bhain sí sult as a tréimhse ansin mar sin féin.
Ba mhó ba chosúil go raibh. it seems most likely that they were
" An raibh siad féin ag ól, mar shampla? Ba mhó ba chosúil go raibh.
Is cosúil nach bhfuiltear in amhras faoi ionracas it seems there is no suspicion
" Is cosúil nach bhfuiltear in amhras faoi ionracas Tenzin Gyatso, an ceathrú Dalaí Láma dhéag, in aon chor.
cosúil leis an mbuachaill bacach like the lame boy
" ” Mheas mé gur bronnadh an cuireadh speisialta sin ar na daoine fásta thar na daoine óga, a fágadh taobh amuigh uaireanta, cosúil leis an mbuachaill bacach sa scéal The Pied Piper of Hamelin.
is cosúla í le it is most similar to
" ************** Thug na hÉireannaigh an Ghaeilge go Manainn tuairim is 500 AD agus is cosúla í le canúintí Gaeilge oirthear Uladh (nach maireann) ná aon chanúint eile de na teangacha Gaelacha.
is cosúil go bhfuil an phraiseach ar fud na mias it seems that everything is in a mess
" Tá údar maith acu a bheith diúltach – is cosúil go bhfuil an phraiseach ar fud na mias ó thaobh an gheilleagair de faoi láthair.
níos mó cosúil le resembles more so
" Tá muid anois ag tarraingt ar *Greenwich Village* agus *Chelsea* – ceantar na healaíne agus ceantar Boihéamach atá níos mó cosúil le sráidbhaile duilleach le carachtar Eorpach nó ceantar a bheadh i gceannchathair.
is cosúil it seems
" Áit ar chreid de Blaghad inti, is cosúil.
is cosúil it seems, appears
" is cosúil go dtágann cuid mhaith den dramhaíl - dramhaíl núicleach san áireamh - as ospidéil agus as monarchana na hEorpa.
is cosúil it seems
" Cuireadh an cás i leith Rosen agus Weissman ar neamhní i mBealtaine na bliana seo, tar éis brú ón Teach Bán, is cosúil.
is cosúil it appears
" An chaint a thug de Gaulle an tráthnóna sin ó stiúideo de chuid an BBC, is cosúil nár chuala mórán daoine é.
ná a dhath cosúil leis nor anything like it
" Cé gur éirigh liom bail a chur ar mo shaol agus d’éirigh mé i bhfad ní ba tháirgiúla, ní sin le rá go bhfuil claochlú foirfe déanta agam, ná a dhath cosúil leis.
cosúil leis like
" ‘Níl an tírdhreach thart ar Cero Muriano a dhath cosúil leis an tírdhreach i bpictiúr Capa’, arsa Susperregui ‘agus níl mé in aon amhras ach gur glacadh an pictiúr i Llano de Banda’.
cosúil le similar to
" Is cainteoirí Tuirciceacha iad na Uígir, rud a chiallaíonn go labhraíonn siad teanga atá cosúil leis an Tuircis.
cosúil le like
" Ar ndóigh agus mé ag comhaireamh gach cianóige cosúil le gach iníon mháthar na laethanta seo, cuireann a leithéid de nuacht gliondar ar mo chroí, ach tá blaisín den díomá tríd.
Is cosúil it seems
" Is cosúil go ndearna sé féinthruailliú ag deireadh an phíosa, agus i miotaseolaíocht na hamharclainne, deirtear gur dhúirt sé nuair a ceistíodh é faoi seo, gurbh é an “faune” a rinne é.
Is cosúil it seems
" Is cosúil go ndearna sé féinthruailliú ag deireadh an phíosa, agus i miotaseolaíocht na hamharclainne, deirtear gur dhúirt sé nuair a ceistíodh é faoi seo, gurbh é an “faune” a rinne é.
mhó ba chosúil le more like
" Tá an Presidio dúnta anois, agus í iompaithe ina páirc turasóireachta, agus an Embarcadero ina ceantar spaisteoireachta agus spraoi, ach is beag a athraíodh sna ceantracha sin go fóill, agus nuair a fheiceann tú long seoil ag bualadh tharat isteach i gCuan San Francisco, ba mhó ba chosúil le 1909 é ná 2009.
ana-chosúil very similar
" Tá Gaillimh, gan dabht, ana-chosúil le Ciarraí.
ba chosúil it appeared
" php) Ní mise an t-aon duine a bhí ag rothaíocht thar an droichead, ach ba chosúil gur mise an t-aon duine a bhí fós sa diallait ar an mbóithrín beag géar do choisithe agus rothaithe a chuaigh suas go dtí an réise.
cosúil similar
" Tá formáid an CD ROM cosúil leis an dá theideal eile Amhrán is Fiche agus Amhrán is Fiche Eile: bíonn focail an amhráin le feiscint ar an scáileán, le liathróidín ag imeacht roimhe ag léiriú cad iad na focail atá á rá; tá “backing tracks” ann chun go bhféadfadh tú na hamhráin a rá i stíl karaoke; tá aistriúchán Béarla de na focail ar fáil ar an CD; tá áis ann chun na focail a phriontáil amach; agus tá ceachtanna samplacha do mhúinteoirí ag léiriú an tslí a fhéadfaí úsáid a bhaint as na hamhráin sa seomra ranga.
ba chosúil it seemed
" Mary a bhí ar an líne agus ga seá inti, ba chosúil.
Más gaolmhar ní cosúil there’s no comparison despite the relationship
Is cosúil it appears
" Is cosúil gur coinníodh Keenan agus daoine eile ar nós Terry Anderson, Terry Waite agus John McCarthy ina ngialla chun brú a chur ar rialtais an Iarthair, an Bhreatain agus Stáit Aontaithe Mheiriceá go príomha, agus ar Iosrael scaoileadh le cuid de na príosúnaigh Mhoslamacha a bhí cuibhrithe acu.
is cosúla ná a mhalairt it seems more than likely
" In ainneoin na mbotún ar fad atá déanta aige; i ndiaidh go ndearna sé cac de gach buntáiste polaitiúil a bronnadh air le blianta beaga anuas, is cosúla ná a mhalairt go mbeidh sé ina chéad Taoiseach eile.
cosúil le like
" Go mí-ábharach, b’shin é an lá céanna ar tháinig an IMF aniar aduaidh orainn cosúil le feannadh an gheimhridh, lena bhfuil muid ag streachailt le seachtain anuas.
is cosúil seemingly
" **SMM: Carachtar a bhí i Joe Greenberg, is cosúil?** SÓD: (Gáire croíúil) Fear an-chineálta! An-scoláire, an-chineálta, ach carachtar ar bhealach, mar cuimhním ar an bhfear bocht agus é ag teacht amach as an leabharlann mhór ar an gcampas in Ollscoil Stanford.
is cosúil it seems
" Ar nós an dá thaobh a mhaítear ar gach scéal, is cosúil go bhfuil dhá dhearcadh (ar a laghad) ar thíreolas iarthar na Briotáine, áit a tugtar ‘Finistère’, nó ‘deireadh na talún’ uirthi i bhFraincis, ach ‘Penn ar Bed’, a chiallaíonn focal ar fhocal ‘ceann an bheatha’, nó 'deireadh an domhain’ atá ar an áit sa mBriotáinis.
is cosúil it appears
" Ar a bhealach abhaile ón scoil an tráthnóna sin, is cosúil gur chaith sé é féin amach san abhainn ó dhroichead i lár Romans-sur-Isère, baile atá céad ciliméadar ó dheas de chathair Lyon.
cosúil leis similar to
" Dúrt gur cheapas go raibh sé siúd tar éis teacht go hÉirinn, cosúil leis an CAI mar ionadaí dos na Bainc mhóra, i ndáiríre, agus cheapas go rabhadar ag píonósú an ghnáthlucht oibre, daoine bochta, daoine dífhostaithe, daoine ar pinsean chun fiacha ollmhóra lucht specúiléireachta a íoc.
ana-chosúil very similar
" **SMM: Tá an dá ainm Líos Póil agus Liosbón ana-chosúil lena chéile.
Is cosúil it seems
" Is cosúil nach raibh trácht ar bith ar an aontumhacht sna lámhscríbhinní is luaithe a bhaineann leis an Chríostaíocht.
Is cosúil is seems
" Ní Lia Tír ná Gnás ========= Is cosúil nach scéal aonair mo scéalsa.
is cosúil it seems
" Pé ní faoi pholasaithe oifigiúla, is cosúil go mb’fhéidir go bhfuil deighilt idir fhoclaíocht agus cur i bhfeidhm na rialach agus go bhfuil a leagan féin ag na réiteoirí air mar scéal.
Cosúil leis similar to
" Cosúil leis an gcnádán, caithfidh an t-aosach an-chuid ama ar an talamh agus má fheiceann tú an tEarc Luachra ag taisteal nó ag bogadh, mar lapadán, bíonn sé ag lámhacán.
ba chosúil it seemed
" Ach cén tionchar a bheadh ag seo ar an seanad? Tionchar ar bith, ba chosúil.
cosúil le him saibhir dubh like rich black butter
" Scríobhann Heaney sa saothar seo go raibh an portach cosúil le him saibhir dubh, a d’oscail faoi do chois, gach sraith den ithir seo dlúth agus beo le fréamhacha cianda nach raibh deireadh leo.
Is cosúil it appears
" Is cosúil go bhfuil clú ar an mbaile, ní hamháin i measc mhuintir na Fraince ach sa Bhreatain agus sa Rúis chomh maith, de bharr íocshláinte fuaruisce na háite agus triall ag daoine ann dá bharr le breis agus dhá chéad bliain anuas.
Is cosúil it appears
" Is cosúil go bhfuil sraith teilifíse ann, agus ráchairt mhór uirthi in Éirinn, darb ainm *‘The Wire’*, faoin choimhlint idir dronganna sráide agus póilíní in Baltimore.
Is cosúil it seems
" Is cosúil gurb é an gortú do theannán na hioscaide an gortú is coitianta i measc imreoirí na gcluichí páirce, ach tá roinnt gortaithe eile a tharlaíonn go minic freisin, gortaithe don bhallnasc croiseach agus do bhallnasc an rúitín ina measc.
is cosúil it seems
" Má chaill na Gaeil oiread in imeacht na mblianta, de thalamh, bia, teanga, daoine agus ar na mallaibh arís, d’airgid, tithe agus d’óige na tíre, is cosúil ar na daonáirimh go bhfuil corraíl tosaithe ina measc i réimse amháin daonnachta ar a laghad ar bith.
Cosúil leis similar to
" Cosúil leis an mBrasaíl, tá ar dhuine a dteastaíonn uaidh gunna a cheannach cead a fháil ó na póilíní.
cosúil le leithéidí similar to people like
" Léiríonn teideal an taispeántais go bhfuil sé d’aidhm aige scéal na nÉireannach abhus ina iomláine a chur ar fáil, seachas an dearcadh simplí seanda go raibh na hÉireannaigh go léir a tháinig chun na hAstráile cosúil le leithéidí an Cheallaigh agus a mhuintire.
Is cosúil it seems
" (Is cosúil nach cuimhin leo an cliseadh baincéireachta a bhuail a dtír féin fiche bliain ó shin agus a spreag iad chun teacht isteach san AE).
cosúil le madra like a dog
" Maidir leis an rón glas, breathnaíonn sé cosúil le madra san éadan.
is cosúil seemingly
" **Cár rugadh thú?** Ní ceist dheacair é sin a fhreagairt d'éinne, is cosúil.
Ba chosúil it seemed
" Ba chosúil go raibh an lá ag na hamadáin.
an-chosúil le very similar to
" An raibh pointe ann nuair a ghéill muid d'fhorlámhas an chaipitleachais agus chaith an ceart sóisialta isteach i mbosca bruscair na staire? Cén bhliain inar thug an margadh an buille marfach don stát i gcúrsaí geilleagair? Sa chaint a thug an staraí John Gray, chuir sé síos ar an dóigh ar láimhseáil tíortha éagsúla géarchéimeanna geilleagair ó Bhoilgeog na Mara Theas i 1720 (atá an-chosúil le géarchéim na linne seo) go dtí an an Spealadh Mór a lean Cliseadh Shráid Wall i 1929.
Is cosúil it appears
" Is cosúil go bhfuil scaipeadh mór na míonéan den Lucht Siúil ar fud na cruinne – sa Bhreatain, ar mhór-roinn na hEorpa agus i Meiriceá Thuaidh ach go háirithe.
cosúil le similar to
" Sa *Pygmalion*, cosúil le gach saothair ón drámadóir seo, feictear na saintréithe le Shaw, na nathanna géara, an greann agus aoir shóisialta.
cosúil le cat caolsráide like an alley cat
" Tá sí cosúil le cat caolsráide agus cuireann a scread sainiúil sráide i gcuimhne dúinn ar feadh an dráma gur den íosaicme í.
is cosúil it seems
" 
Agus fáilte chroíúil á cur roimh Eilís II (tuilleadh faoi san am atá le theacht), is cosúil go bhfuil stát na 26 Chontae sásta an aimsir chaite a cur ar leataobh, agus ainneoin drochamhras a bheith ar náisiúnaithe ó thuaidh, aithníonn siad nach bhfuil buntáiste ar bith i bheith ag síoramharc ar chúl.
ba chosúil it seemed
" Bhí an-tóir, ba chosúil, ag muintir na hÉireann ar chlár amháin darbh ainm “Glee”, faoi chlub siamsaíochta ardscoile in Ohio.
cosúil le glór ar ais ón tsíoraíocht like a voice back from the grave
" Agus níos fearr ná sin, tá dlúthdhioscaí dá cuid cainte ansin agus tá sé cosúil le glór ar ais ón tsíoraíocht.
ní ba chosúla le more like
" Lár an tsamhraidh a bhí ann ar ndóigh ach mhínigh m’fhear céile dom go raibh an aimsir ní ba chosúla le samhradh Éireannach an uair dheiridh a chaith sé féin an Nollaig ann.
Is cosúil it seems
" Ach ar chóir go ngearrfaí an cháin bhreise ar thithe (nó ar luach talaimh) ar ioncaim, ar chaiteachas (CBL), nó ar fhoinsí eile? Is cosúil go bhfuil na heacnamaithe ar aon intinn maidir le cén cháin is mó a dhéanann dochar don fhás gheilleagair.
cosúil leis na mílte like thousands
" Lawrence Lowry, an t-ainm agus sloinne a bhí air; ainm Éireannach mar rugadh a athair, Robert Lowry, in Éirinn agus cosúil leis na mílte Éireannach eile, fuair sé obair i measc na 'muilte dorcha diabhlaí' i Lancashire.
Is cosúil it seems
" "* Is cosúil go bhfuil troid faoi úinéireacht na staire ag dul ar aghaidh.
an-chosúil very similar
" Mheas mé go raibh an dá thír seo ar thaobh eile na cruinne an-ghar do chéile agus an-chosúil lena chéile um an dtaca sin.
is cosúil it seems
" *“More light!”* arsa an Chailleach Nuair a Bhí an Teach Trí Thine ============================ É sin ráite, feictear dom (agus tá Jarlath Burns, moltóir an rúin ag an gComhdhail Bhliantúil, ar aon fhocal liom is cosúil) gur sa pheil is mó a bhíonn conspóidí maidir le cinntí réiteoirí agus maor i dtaca le riail na ‘cearnóige’ bige agus gur de thoradh conspóidí a tharla i gcluichí peile le cúpla bliain anuas a leasaíodh an riail.
Cosúil le han-chuid similar to a lot
" Cosúil le han-chuid dá scannán (*Alien, Thelma and Louise*) tá beirt bhan mar phríomcharachtair sa scannán seo.
ba chosúil go raibh it seemed to be
" Coláiste mar a Thuairisc? ========= Cuireadh na mic léinn ag obair ar feadh laethanta fada ag iarraidh airgid ar dhaoine agus ba chosúil go raibh siad mar chuid de phróiseas mór bailiúchán airgid, ní hionann is ionad oideachais.
cosúil le like
" I totter upon them everyday’* Tá an leabhar lán le mná láidre a thacaíonn le Donna agus a threoraíonn í chun a leasa, cosúil le lóchrann i lár anfa agus déanann an t-údar léiriú mothálach ar an dlúthpháirtíocht a bhíonn idir mná.
Ba chosúil le it was like
" Ba chosúil le faoistin an chéad chúpla seisiún.
is cosúil it seems
" "* Bíonn an milleán ar dhuine eile i gcónaí is cosúil! Barraíocht Ballasta ======== Ar ndóigh bhí sé de bhuntáiste ag fear Bhurma agus ag an bheirt Pholannach nár fhulaing siad galar Pheig, rud a d'fhágfadh nach mbeadh sé de chumas acu an teanga a fhoghlaim go brách.
is cosúil it seems
" Níl foilsitheoirí na Gaeilge róthógtha le haiku, is cosúil.
is cosúil apparently
" Má ba shlat tomhais ar ghnóthaí tráchtála é soláthar an pháipéir leithris in am amháin, is cosúil nach gá do mhuintir an AE a bheith buartha.
is cosúil it seems
" Do réir na dtuairiscí, is cosúil go bhfuil laghdú áirithe tagtha ar ghnó na gColáistí Samhraidh sa Ghaeltacht an samhradh seo.
is cosúil it seems
" Riail daingean sa pholaitíocht is ea é go mbíonn buntáiste ag an sealbhóir i gcónaí, agus más ea, is cosúil go bhfuil an lámh in uachtar leis an Uachtarán Barack Obama, agus go n-éireoidh leis fanacht in oifig go ceann ceithre bliana eile, ach ní gá do dhuine ar bith, an tÉireannach san áireamh, breathnú siar rófhada i dtoghcháin uachtaránachta chun feiceáil nach ag an iarrthóir tosaigh i gcónaí a bhíonn an bua! Ach tá dúshlán faoi leith roimh na Poblachtánaigh i mbliana.
Meallann airgead cúnamh, is cosúil money accrues help, it seems
" Meallann airgead cúnamh, is cosúil.
is cosúil it seems
" Chomh maith leis sin is cosúil nach bhfuil aon rún ag Henry Ó Seibhleáin éirí as a bheith ag crá freasúraí i bhfad is i ngearr go ceann tamaill eile ar aon nós.
cosúil le néal like a cloud
" Ar na gúnaí is mó a thaitin léi, tá ceann atá cosúil le néal.
atá cosúil le marcaíocht ar chapall similar to horse riding
" Feictear PSY, nó Jae-sang mar is fíorainm dó, gléasta go kitschúil i suíomhanna éagsúla agus é ag déanamh damhsa atá cosúil le marcaíocht ar chapall.
cosúil leis an mbeithíoch like the beast
" Shléacht siad le hómós don dragan mar gur thug sé an chumhacht don bheithíoch, agus shléacht siad le hómós don bheithíoch á rá: “Cé atá cosúil leis an mbeithíoch? Agus cé a fhéadann troid leis?” Agus tugadh béal don bheithíoch le diamhaslaí móra a chur as agus tugadh de chead dó sin a dhéanamh ar feadh dhá mhí agus daichead.
Is cosúil it seems
" Is cosúil go bhfuil 270,000,000 gunnaí sna Stáit Aontaithe - beagnach ceann do gach fear, bean, agus páiste sa tír.
Is cosúil it seems
" 
 An ‘Grá’ Aduaidh ======= Is cosúil go bhfaighidh Baile Átha Cliath blaiseadh den chur chuige dílseach seo agus é fógartha go bhfuil "níos mó ná 150 dílseoir" le dul go BÁC am éigin an mhí seo le héileamh go n-ísleofaí bratach na hÉireann os cionn Teach Laighean.
cosúil leis ar an fhód similar to him alive
" , bhraith sé nach raibh mórán eile cosúil leis ar an fhód.
is cosúil it seems
" Ó am go chéile, is cosúil, d’fheictí an diabhal féinig i Halla Rince an ‘Majestic’ i Maigh Eala, sa ‘Lilac’ in Inis Céin, ins an ‘Arcadia’ - ardeaglais na drúise sa chathair - nó sa ‘Majorca’ págánta i mBun an Tábhairne cois cuain.