Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
de réir cosúlachta apparently
" Agus sin an áit, de réir cosúlachta, ina dtosaíonn an bua ag na sinsir, is é sin ag an mbonnleibhéal.
tá an chosúlacht air it appears
" Sa limistéar seo ina raibh na daoine bródúil as a n-oidhreacht ó thaobh na teanga Gaeilge agus cúrsaí cultúrtha, tá an chosúlacht air go bhfuil meath ag teacht orthu seo de bharr brú ón tsaol taobh amuigh.
cosúlachtaí indíreacha indirect similarities
" Comhbhá ======= Mhínigh Fenster dom gur mhothaigh sí comhbhá leis na mná nuair a chuala sí fúthu féin agus faoi na tithe níocháin, gur bhraith sí go raibh cosúlachtaí indíreacha idir a saol féin agus í ag fás aníos agus a saol siúd.
Tá gach cosúlacht ar an scéal it appears
" Na rialacha ======= Tá gach cosúlacht ar an scéal gur ar an gcluiche rugbaí mar a imríodh i Sasana é (cé go raibh rialacha éagsúla á n-úsáid fós) a bunaíodh rialacha an choiste, ach bhí cúpla athrú suntasach i gceist freisin.
tá an chosúlacht ar an scéal it seems
" In Éirinn, tá an chosúlacht ar an scéal go mbunóidh an Rialtas údarás nua craolacháin, má éisteann siad le moltaí an Fhóraim um Chraoltóireacht a foilsíodh mí Lúnasa seo caite.
de réir cosúlachta apparently
" " Mar sin, d'oir DCU di ón tús, agus oireann fós di, de réir cosúlachta.
Tá an chosúlacht ar an scéal it appears
" Tá an chosúlacht ar an scéal go mb'fhéidir go bhfuil baint ag figiúirí féachana agus ag brú lucht fógraíochta le roghnú na gcluichí seachas cothromaíocht idir peil agus iomáint.
tá gach cosúlacht ar an scéal it appears likely
" Agus tá gach cosúlacht ar an scéal go bhfaighidh siad an leath eile faoi cheann dhá bhliain eile.
cosúlachtaí similarities
" Tá taighde déanta aige ar na cosúlachtaí agus na difríochtaí idir taithí na mBundúchasach agus taithí na hÉireann, ó thaobh cúrsaí teanga sa tréimhse iarchoilíneach.
cosúlachtaí similarities
"cosúlachtaí idir na traidisiúin seo ach rud eile a rá go bhfuil gaol acu le chéile.
de réir cosúlachta apparently
" Is é an rud atá i gceist leis seo ná grúpa cainteoirí Gaeilge a bhíonn i dteagmháil le chéile achan lá fríd an idirlíon agus, de réir cosúlachta, tá rachairt mhór air.
cosúlachtaí similarities
"cosúlachtaí le feiceáil ina shaothar leis na hOsrealaithe, ach is ar an dromchla amháin atá sé seo.
tá an chosúlacht ar an scéal it appears
" Ní sin mar atá cúrsaí, áfach, agus tá an chosúlacht ar an scéal nach sin mar a bheas.
tá an chosúlacht air it appears
" Is minic a bhí mé féin cráite ag teachtaireachtaí ón Office Assistant ar nós "tá an chosúlacht air go bhfuil tú ar tí litir a scríobh" agus ní dóigh liom go mbeidh mórán fáilte roimh an gcomhairleoir cistine seo atá beartaithe ag Microsoft.
an-chosúlacht a lot of similarities
" Más ó thaobh amuigh de Thuaisceart Éireann tú, feicfidh tú an-chosúlacht, measaim, idir Bóthar na Seanchille agus Bóthar na bhFál.
cosúlachtaí similarities
" Is léir go bhfuil cosúlachtaí idir Maeve Brennan agus a beathaisnéisí, bean intleachtúil eile agus scríbhneoir a chónaíonn ar an tsráid chéanna i Ranalach inar tógadh Brennan.
cosúlachtaí similarities
" Feiceann Cochrane cosúlachtaí idir 9/11 agus na Trioblóidí, ar a laghad nuair a labhraíonn sé le daoine ar an tsráid.
an-chosúlacht a lot of similarities
" Tá sé tábhachtach tagairt a dhéanamh dó sin mar go raibh an Ghàidhlig agus an Ghaeilge mar aon teanga lá den saol; fós tá an-chosúlacht eatarthu ach, ag an am céanna, is fada óna chéile iad.
tá chuile chosúlacht ar an scéal it seems very likely
" 25% faoi láthair) agus tá chuile chosúlacht ar an scéal go mbeidh siadsan ag ardú as seo go ceann dhá bhliain nó trí, is cuma cé a bheas i mbun rialtais.
cosúlachtaí similarities
" B'fhéidir nach gceapfá é ach tá roinnt cosúlachtaí idir an Ghaeilge agus an Fhraincis.
de réir cosúlachta apparently
" Cérbh í sin? JMcB: B'as an Tulach di agus, de réir cosúlachta, bhí féith na scéalaíochta go smior inti.
cosúlachtaí similarities
" Tá go leor cosúlachtaí idir an cur chuige idirghníomhach a bhí ag an BBC sa chás seo agus an *blogging* a bhíonn ar siúl ag go leor daoine ar líne.
chosúlacht likelihood
" Is trua sin, mar is í foireann iomána Aontroma an fhoireann is fearr i gCúige Uladh le fada, cúige ina bhfuil an iomáint thíos agus an pheil thuas agus gan aon chosúlacht ann go bhfuil suim ar bith ag na contaetha ó thuaidh, seachas ag an Dún agus ag Aontroim, an t-easnamh sin a chur ina cheart.
bhí cosúlacht deilfe air he looked like a dolphin
" An chéad duine ar casadh Balor air Oíche Shamhna bhí cosúlacht deilfe air – an dá lapa ar foluain amach roimhe agus dhá spág ag teacht amach trí pholl beag san eirbeall, é ag hapáil thart ar chos bhacóide agus ag fógairt don domhan mór: “I’m Fungi, the Dingle Dolphin, from Dingle Bay, near Dingle Town.
cosúlachtaí similarities
" Uaireanta, bhí buntáiste ag an té a raibh Gaeilge Uladh aige siocair go bhfuil cosúlachtaí móra idir an dá chanúint ó thaobh stór focal agus gramadaí de.
siocair go bhfuil cosúlachtaí móra because there are big similarities
" Uaireanta, bhí buntáiste ag an té a raibh Gaeilge Uladh aige siocair go bhfuil cosúlachtaí móra idir an dá chanúint ó thaobh stór focal agus gramadaí de.
an-chosúlacht a great similarity
cosúlachtaí similarities
" Uaireanta, bhí buntáiste ag an té a raibh Gaeilge Uladh aige siocair go bhfuil cosúlachtaí móra idir an dá chanúint ó thaobh stór focal agus gramadaí de.
siocair go bhfuil cosúlachtaí móra because there are big similarities
" Uaireanta, bhí buntáiste ag an té a raibh Gaeilge Uladh aige siocair go bhfuil cosúlachtaí móra idir an dá chanúint ó thaobh stór focal agus gramadaí de.
cosúlachtaí similarities
" Uaireanta, bhí buntáiste ag an té a raibh Gaeilge Uladh aige siocair go bhfuil cosúlachtaí móra idir an dá chanúint ó thaobh stór focal agus gramadaí de.
siocair go bhfuil cosúlachtaí móra because there are big similarities
" Uaireanta, bhí buntáiste ag an té a raibh Gaeilge Uladh aige siocair go bhfuil cosúlachtaí móra idir an dá chanúint ó thaobh stór focal agus gramadaí de.
cosúlachtaí similarities
" An bhfuil sin fíor? RNicD: Cé go bhfuil cosúlachtaí eatarthu, is dhá uirlis faoi leith iad.
cosúlachtaí similarities
"cosúlachtaí, áfach, idir dúnmharú Denis Donaldson agus dúnmharú eile a tharla sa taobh céanna tíre i 1991.
tá an chosúlacht air it appears
" Gan fiacail a chur ann, níl ord ná eagar ar chur chuige an rialtais agus tá an chosúlacht air go bhfuiltear á humadh de réir mar a théann siad ar aghaidh.
bhí an chosúlacht ar an scéal it seemed
" D’imir formhór na foirne go fíormhaith agus ag leath ama bhí an chosúlacht ar an scéal go raibh deis iontach acu an lámh in uachtar a fháil.
gach cosúlacht ar an scéal every likelihood
" Bhí cuma thraidisiúnta le sonrú ar chúrsaí peile freisin agus Áth Cliath agus Ciarraí ag déanamh go maith i mí Lúnasa agus gach cosúlacht ar an scéal go gcasfaidís ar a chéile sa chluiche ceannais.
níl an chosúlacht ar an scéal it doesn't appear
" Ainneoin ceisteanna comhshaoil a bheith go mór idir chamáin ar leibhéal náisiúnta agus idirnáisiúnta agus ainneoin baicle bheag chumasach de Theachtaí a bheith acu faoi láthair, níl an chosúlacht ar an scéal go ndéanfaidh siad an oiread sin dul chun cinn.
cosúlachtaí similarities
" Chonaic sé cosúlachtaí ón tús idir cúinsí in Alasca agus in Éirinn.
de réir cosúlachta, apparently,
" Ach anois, de réir cosúlachta, "is cuid den chluiche" é an scliúchas réamhchluiche.
nuair a bhí an chosúlacht ar an scéal when it seemed
" Mar sin, bhí ionadh ar go leor daoine, na meáin ach go háirithe, nuair a bhí an chosúlacht ar an scéal go raibh cearta na meán á gcosaint ag an mBreitheamh Nicholas Kearns agus é ag labhairt ag achomharc na ndúnmharfóirí as Luimneach ag deireadh mhí Iúil.
cosúlachtaí similarities
" Beidh scannán La Frenais agus Clement suite i Londain agus deirtear go mbeidh cosúlachtaí móra idir an scannán sin agus na scannáin cháiliúla The Thomas Crown Affair agus Dirty Rotten Scoundrels.
na cosúlachtaí the similarities
" I ndiaidh an dráma, bhí comhrá againn ar na cosúlachtaí idir cultúr na hÉireann agus cultúr na hInde; ar an Ghorta i gCúige Uladh; ar an Ghaeilge agus ar go leor ábhar eile.
cosúlachtaí similarities
" I ndiaidh an dráma, bhí comhrá againn ar na cosúlachtaí idir cultúr na hÉireann agus cultúr na hInde; ar an Ghorta i gCúige Uladh; ar an Ghaeilge agus ar go leor ábhar eile.
de réir cosúlachta, apparently,
" “Ní hamháin sin, beidh cuntais ar stailceanna ocrais a raibh éifeacht mhór leo thall agus abhus; an chríochdheighilt a tharla i 1947 san Ind, a múnlaíodh, de réir cosúlachta, ar an gcríochdheighilt sin, ar an mbeart a bhí curtha i bhfeidhm acu in Éirinn.
tá an chosúlacht ar an scéal it seems
" Agus mar chuid den tástáil seo, tá an chosúlacht ar an scéal anois go bhfuil sé beartaithe acu meastóireacht a dhéanamh ar chóras teagmhála ríomhphoist idir an pobal agus stáisiúin ghardaí a fhorbairt.
cosúlachtaí similarities
" An raibh sé chomh gann i gcéill léim gan iarraidh a dhéanamh, nó an raibh cúis éigin eile i gceist leis an ghníomh díchéillí? Scríobh an scoláire Anraí Mac Giolla Chomhaill go raibh cosúlachtaí idir an chéad saothar de chuid Mhic Grianna, Dochartach Dhuibhlionna, agus míreanna as a shaol in Mo Bhealach Féin.
na cosúlachtaí the similarities
" Ar ndóigh, tá saorchead anois ag criticí an chogaidh na cosúlachtaí idir Vítneam agus an Iaráic a fhógairt go poiblí.
de réir cosúlachta apparently
" I mbliana, áfach, tá foirne as Victoria ag barr na sraithe ag deireadh an tsraithchomórtais cáiliúcháin, agus de réir cosúlachta tá seans an-mhaith ann go mbeidh an chraobh ag filleadh ar a fíorbhaile in Melbourne.
tá an chosúlacht ar an scéal it appears
" Níl ach sé mhí imithe thart ón uair a toghadh an Rialtas agus cheana féin tá an chosúlacht ar an scéal go bhfuil sé ag dul trí ghéarchéim.
cosúlachtaí similarities
" An bhfuil mé mícheart go hiomlán agus mé ag maíomh go bhfuil cosúlachtaí ann idir an cás hipitéiseach seo agus cúrsaí ceoil sa lá atá inniu ann? Cinnte tá dlúthdhioscaí neamhspleácha ag teacht amach atá go maith, ach an bhfuil siad chomh maith is a d’fhéadfadh siad a bheith? Sa litríocht, tá ról an-lárnach ag foilsitheoirí agus eagarthóirí, ag obair leis an scríbhneoir, ag tabhairt spreagadh agus comhairle dó/di leis an saothar is fearr a chur ar fáil.
tá an chosúlacht ar an scéal it appears
" Ach tá an chosúlacht ar an scéal gur géire i bhfad a bheas an iomaíocht an geábh seo.
neart cosúlachtaí plenty of similarities
"neart cosúlachtaí idir sinn agus iad, ar ndóigh, maidir le stair, teanga, cultúr, méid agus cruth na tíre agus daonra.
de réir cosúlachta. it seems
" Cad a tharla idir an dá linn? D'éirigh Facebook ró-shantach, de réir cosúlachta.
tá an chosúlacht ar an scéal it appears
" Bíodh sin mar atá, ach tá oiread céanna creidiúnachta ag reifrinn ar chonarthaí an Aontais is atá ag tástálacha drugaí an *Tour de France*! Is í Éire an t-aon bhallstát amháin a mbeidh a saoránaigh ag caitheamh vóta ar son nó in aghaidh an chonartha leasaithe is deireanaí – Conradh Liospóin – agus cheana féin, tá an chosúlacht ar an scéal go ndéanfar gach iarracht aon díospóireacht stuama faoi a chur faoi chois.
Tá an chosúlacht ar an scéal it appears
" Tá an chosúlacht ar an scéal gur tháinig lagtrá ar chúrsaí peile ó thuaidh le cúpla bliain anuas de bhrí go raibh cuid mhaith imreoirí tábhachtacha gortaithe, i gContae Thír Eoghain ach go háirithe.
de réir cosúlachta, apparently,
" Agus de réir cosúlachta, bhain a bua in Bennelong leis an méadú a tháinig faoi líon na nÁiseach a chaith vóta ar son Pháirtí an Lucht Oibre an iarraidh seo.
Tá an chosúlacht ar an scéal it appears
" Conspóid, poiblíocht, pobalbhreith ach easpa gnímh ag a dheireadh! Conspóid eileTá an chosúlacht ar an scéal gur beag a d’fhoghlaim an tAire Oideachais, Mary Hanafin, faoin bhrachán bocht seo nuair a mhol sí go reáchtálfaí pobalbhreith eile ar an bhaile le tabhairt faoi fhadhb eile a tháinig chun cinn le déanaí: ceist theanga teagaisc na meánscoile nua, Pobalscoil Chorca Dhuibhne.
Tá an chosúlacht ar an scéal it appears
" Is léir go meileann muilte na Comhairle Contae chomh gasta le hoighearshruth! Gaeltacht na RinneTá an chosúlacht ar an scéal gur i nGaeltacht Phort Láirge is fearr atá monatóireacht á déanamh ar an choinníoll teanga, a bhuíochas cuid mhór do Mháire Seo Breathnach, Oifigeach Forbartha Gaeilge Chomhairle Contae Phort Láirge.
de réir cosúlachta. it seems.
" Ar a laghad, tá bainisteoir maith faighte ag foireann na Poblachta, de réir cosúlachta.
a lán cosúlachtaí a lot of similarities
"a lán cosúlachtaí idir dualgais an ghobharnóra stáit agus dualgais an ard-ghobharnóra, agus mar sin de táthar ag súil go bhfuil an taithí chuí bainte amach aici lena dualgais a chur i gcrích go héifeachtach ag an leibhéal náisiúnta.
cosúlachtaí suntasacha significant similarities
" Deir sé go bhfuil cosúlachtaí suntasacha idir na hÉireannaigh agus na Maoraigh mar gur imríodh cos ar bolg orthu le cúpla céad bliain anuas agus gur seo an téama lárnach a bhí sa tionscadal.
Níl an chosúlacht ar an scéal it doesn't seem likely
" ” Cad é atá i ndán do na fir seo mar sin? An éireoidh leo caidreamh le fíorbhean a bheith acu riamh, nó an fearr leo a bheith le bean a bhfantaisíocht, cosúil lenar tharla do Andrew McCarthy sa scannán sin de chuid na n-ochtóidí *Mannequin*? Níl an chosúlacht ar an scéal go dteastóidh fíorbhean ó Davecat riamh.
an-chuid cosúlachtaí a lot of similarities
"an-chuid cosúlachtaí idir é agus Gordon Brown ó thaobh a gcúlra polaitiúil de agus caithfidh sé a chinntiú nach dtitfidh an drochrath céanna air i ndiaidh a thréimhse cneastachta.
an-chosúlacht a big similarity
" Mar chomhtharlú, mar dhea, tá an-chosúlacht idir an moladh seo agus polasaí Pháirtí an Lucht Oibre – an páirtí arb é Kevin Rudd a cheannaire! Le blianta fada anuas, léirigh – agus léiríonn – na pobalbhreitheanna ar tugadh fúthu i leith na ceiste áirithe seo go bhfuil formhór mhuintir na hAstráile i bhfách leis an aidhm go mbeidh duine a rugadh agus a tógadh san Astráil, seachas eachtrannach ríoga, ina cheann stáit.
tá an chosúlacht ar an scéal it appears
" Ach tá an chosúlacht ar an scéal go mbeidh ar mhuintir na tíre fanacht go dtí dara téarma an rialtais reatha, ar a laghad, sula mbeidh deis acu vótáil arís ar cheist na poblachta.
cosúlachtaí similarities
" Is ríléir go bhfuil cosúlachtaí idir an chonspóid a tháinig chun cinn mar gheall ar mhótarbhealach an M3 a bheith ag dul trí shéadchomhartha náisiúnta na hÉireann - a tharla, dar ndóigh, i ndáiríre - agus cruachás Lios na gCat sa scéal.
bíonn an chosúlacht ann uaireanta it appears sometimes
" Tá an léiriú seo ar dhrochthréithe na mban tábhachtach mar bíonn an chosúlacht ann uaireanta go bhfuil baint ag na carachtair fhireanna amháin le gránnacht an tsaoil.
cosúlachtaí similarities
" Dealraíonn sé go bhfuil cosúlachtaí idir scéal The Frames agus an finscéal cáiliúil de chuid Aesop, *An Tortóis agus An Giorria*, ach níorbh é sin an fáth ar thug Mac Con Iomaire *Cúinne an Ghiorria *ar a albam.
an-chosúlacht a big similarity
" Bhí an-chosúlacht idir na hionaid seo agus campaí imtheorannachta – bhí na ballaí thart timpeall orthu déanta as sreang rásúir.
Tá an chosúlacht ar an scéal, it appears
" Tá an chosúlacht ar an scéal, mar sin, go bhfuil a phort seinnte ag ceann de na tionscadail theanga ba uaillmhianaí ar tugadh faoi le dornán blianta anuas.
an-chosúlacht close similarity
" Meastar faoi láthair nach mbeidh an meathlú in Éirinn díreach chomh dona is a bhí an meathlú san Fhionlainn, ach beidh an-chosúlacht idir an dá chás.
de réir cosúlachta apparently
" Is cosúil go deimhin, gur thit na Poblachtaigh isteach ina ghaiste, ó deir na pobalbhreitheanna is déanaí go bhfuil pobal Mheiriceá míshásta leis an gcaoi ina bhfuil an páirtí ag seasamh in aghaidh athstructúrú ghéilleagair na tíre, de réir cosúlachta.
de réir cosúlachta it would appear
" Níor thoiligh aon duine de na mairbh a bheith páirteach sa taispéantas de réir cosúlachta agus cuireann sé seo, chomh maith leis an stair atá ag an tSín maidir le sárú cearta a cuid saoránach agus nódú baill choirp ó chimí básaithe, fíormhíshuaimhneas ar dhaoine.
chosúlacht ar an scéal it appears
" ) Ach tá an chosúlacht ar an scéal go bhfuil an tAire ag fáil an ceann is fearr ar ghéarchéim na scuainí agus na liostaí feithimh.
an-chosúlacht great similarity
" Is féidir a rá go bhfuil an-chosúlacht idir an méid dochair atá déanta ar Oileán Mhic Guaire ag ainmhithe andúchasacha le céad go leith bliain anuas agus an dochar atá déanta don chomhshaol san Astráil ó theacht an chine dhaonna i dtír ann.
cosúlachtaí similarities
" Corrigan sa leabhar *The Irish in the New Communities* (Patrick O Sullivan, eagarthóir 1992) agus thug mé faoi deara na cosúlachtaí atá ann idir an scéal sna Stáit Aontaithe agus an scéal i Learpholl.
de réir cosúlachta it appears
" Tá an meitheal faoi lán seoil agus de réir cosúlachta tá FIS sásta go bhfuil na húdaráis abhus i ndáiríre faoina ngeall na mic léinn a chosaint.
cosúlachtaí of similarities
" Ach tá roinnt mhaith cosúlachtaí idir an dá thír freisin: is tír bheag í an Fhionlainn (tá daonra de 5 milliún ann) atá ag brath ar onnmhairiú chuig tíortha móra.
dea-chosúlachta promising
" Gníomhachtaí dea-chosúlachta iad seo a chinnteos go mbeidh an teanga níos feiceálaí ach is beag tionchar a bheas acu i ndáiríre ar inmharthanacht na teanga.
i gcosúlacht le in like fashion to
" Cuireann léirmheastóirí an dóigh go mbaineann sé feidhm as canúint Bhaile Átha Cliath ina chuid leabhar i gcosúlacht le drámaí Sheáin Ó Casey agus tá Roddy Doyle sásta a thionchar a admháil: *“I revere him.
chosúlacht ar an scéal it appeared
" Fós féin, tháinig a chuid cainte aniar aduaidh ar dhíograiseoirí Gaeilge de chuid an pháirtí, ar nós Dinny McGinley agus an chosúlacht ar an scéal go raibh ceannaire an pháirtí imithe ar ruathar aonair ar an cheist.
tá an chosúlacht ar an scéal it appears
" Ceapúcháin ====== Ach tá an chosúlacht ar an scéal go bhfuil deireadh á chur le bord tofa daonlathach an Údaráis.
chosúlacht similarity
" Tá an clú sin tuillte aige toisc an chosúlacht idir a sheirbhís agus *“Facebook Questions”*.
cosúlachtaí similarities
" D’fhéadfá cosúlachtaí a fheiceáil idir na scéalta atá aici faoin am seo is na scéalta a chloistear faoi theacht chun cinn saol an scannáin, an raidió agus na teilifíse, gach ceann acu ina sheal féin.
bhí gach cosúlacht air it really seemed
" Ach bhí gach cosúlacht air go raibh breis daoine ar na bóithre i mbliana le hais blianta roimhe.
de réir gach cosúlachta apparently
" “Tá sé an-deacair ar fad má bhíonn páirtí mór amháin ag baint úsáide as páirtí beag eile,” ar sé, ag rá nach ionann cás Pháirtí an Lucht Oibre sa Dáil agus cás na Lib-Dems i Westminster, atá mar mhaidrín lathaí an Pháirtí Coimeádach de réir gach cosúlachta.
tá an chosúlacht ar an scéal it appears
" Go deimhin, tá an chosúlacht ar an scéal go bhfuil feachtas ar bun ar an idirlíon le dúshlán a thabhairt do na horduithe gobáin agus leis na séala dlíthiúla a scaoileadh.
nach diabhalta an chosúlacht isn’t there a desperate similarity
" Dúirt Weisburd, a bhfuil cead isteach aige don fhóram Shumukh — dála an scéil, nach diabhalta an chosúlacht idir “Shumukh” de chuid al-Qaeda agus an focal Giúdaise ar “amadán”? — gurb é sin an príomhshuíomh atá ag tacú le al-Qaeda i láthair na huaire.
raibh cosúlacht láidir ar an scéal it really appeared
" Tharla le déanaí mar shampla gur ceadaíodh cúl do Chill Chainnigh i gcoinne an Chláir in ainneoin go raibh cosúlacht láidir ar an scéal go raibh an tosaí a scóráil an cúl, Mathew Ruth, istigh sa chearnóg bheag roimh an sliotar.
Tá gach cosúlacht ar an scéal it certainly appears
" Tá gach cosúlacht ar an scéal nach bhfuil bealach fós ag na suímh seo chun cinntiú nach gcuirtear an geal ina dhubh orthu i dtaobh aois na bpáistí.
tá gach cosúlacht ar an scéal it really appears
" Cé a thiocfaidh i gcomharbacht ar Al-Assad má éiríonn leis na dreamanna ceannairceacha Ioslamacha an ruaig a chur air? Seirfean Dlí ==== Más comhartha ar bith é an méid atá tarlaithe i bPoblacht Éimin, Libia agus san Éigipt, tá gach cosúlacht ar an scéal go mbeidh Ioslamaigh cheartchreidmheacha i gceannas ar an tSiria amach anseo agus an Dlí Sharia dá réir.
Tá an chosúlacht ar an scéal it appears
" Tá an chosúlacht ar an scéal gur beag fiacla a bheas ag an Chomhdháil agus nach bhfuil ann ach iarracht mar dhea eile chun cuma na maitheasa a chur ar an rialtas i leith leasú a dhéanamh ar an chóras pholaitiúil.
de réir cosúlachta it seems
" Ní féidir doineann ar leith a chur síos don athrú aeráide, ach chuir an spéirling Sandy, a bhuail Oir-Thuaisceart na Stát Aontaithe le gairid, daoine ag smaoineamh ar an fhíor-dhrochaimsir, atá, de réir cosúlachta, ag tarlú níos minice ná cheana.
na cosúlachtaí seo these similarities
" An dream tacaíochta seo in Éirinn, an IPSC, níl siad dall ar na cosúlachtaí seo agus feictear dhá ghrianghraf le taobh a chéile ar mheirge ollmhór dá gcuid a léiríonn an chosúlacht atá ag scéal an dá thír lena chéile.
D’réir chosúlachta it seems
" D’réir chosúlachta, is fíor an píosa scripte a cuirtear i mbéal an Fheisire Thaddeus Stevens (Tommy Lee Jones) – *‘the most liberating Constitutional Amendment in history was passed by corruption, aided and abetted by the purest man in America’*.
an chosúlacht ar an scéil it appeared
" Is beag a bhí le feiceáil fán tráth seo agus an chosúlacht ar an scéil, go raibh go leor daoine caillte sa cheo.
an chosúlacht mhór seo this great similarity
" An cheist más ea: cén fáth an chosúlacht mhór seo idir dhá thírín i gceann thiar agus i gceann thoir na hEorpa? An dátheangachas an chéad ní.
bhí an chosúlacht ar an scéal go minic it often appeared
" Cé gur bhain siad faoi stiúir Ferguson Sraith na Seaimpiní faoi dhó agus cúpla corn eile de chuid na hEorpa móide Corn Chlubanna an Domhain FIFA uair amháin, bhí an chosúlacht ar an scéal go minic nár oibrigh cur chuige Ferguson chomh maith sin ar fhaichí coimhthíocha na hEorpa is a d’oibrigh siad ar fhaichí méithe Shasana.
De réir cosúlachta apparently
" De réir cosúlachta, déantar nasc idir an tseirbhís agus an gréasán i Meiricéa agus bíonn freagracht ar an tsoláthraí seirbhíse an gréasán a choinneáil, rud a chuireann brú orthu an bonneagar a uasghrádú.
Níl an chosúlacht ar an scéal it doesn’t appear as though
" Níl an chosúlacht ar an scéal go dtiocfaidh laghdú ar bith ar an réimse spéise seo ach an oiread.