Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
cos ar bolg oppression
" Maidir leis na Caitlicigh, nuair a bhíonn cos ar bolg á himirt ar dhuine, déanann an duine sin iarracht duine eile a ansmachtú.
cos ar bolg oppression
" Tá súil agam go bhfuil ceacht foghlamtha ag na póilíní/an Rialtas ó na cásanna seo agus nach mbeidh cos ar bolg i gceist arís.
chos ar bolg oppression
" Beidh na hÉireannaigh i Learpholl ag iarraidh go mbeadh breathnadóirí neamhspleácha ag cuimhneachán Jim Larkin sa chathair i mí Mheán Fómhair na bliana seo chugainn, mar gheall ar an chos ar bolg a rinneadh orthu ag an ócáid i mbliana, Dé Sathairn, 7 Meán Fómhair.
le do chos ar bolg with your oppression
" " "I dtigh diabhail anois leat féin is le do chos ar bolg.
chos ar bolg repression
" A fhad is a bheidh an t-aontachas eitneach i réim - cinedheighilt i bhfírinne atá ann - leanfar le hobair na mbataí agus na dtuanna, agus leis an chos ar bolg.
chos ar bolg repression
" Bhí John Lennon an-tábhachtach dúinne, na hÉireannaigh i Learpholl, i rith na dtrioblóidí mar go raibh sé sásta labhairt amach faoin chos ar bolg in Éirinn.
cos ar bolg oppression
" Ansin, tháinig siad isteach agus rinne siad iarracht cos ar bolg a dhéanamh ar na daoine áitiúla.
cos ar bolg repression
" “A culture of policing probably replicated elsewhere in Northern Ireland,” a dúirt Peter Hain ar an 22 Eanáir agus thiocfadh leis “agus i Sasana fosta” a rá mar go raibh ceangal idir an UVF i dTuaisceart Bhéal Feirste agus an UVF anseo i Learpholl; agus, mar a dúirt mé in *Beo!* cheana (Lúnasa 2006), bhí Merseyside Police ar nós cuma liom faoin UVF anseo ar feadh na mblianta fada, ach bhí cos ar bolg ar na poblachtánaigh i gcónaí.
oiread den chos ar bolg so much suppression
" ” Deir sé go bhfuil oiread den chos ar bolg imeartha ar an phobal dúchasach, go bhfuil siad tar éis tráma agus bochtaineacht a fhulaingt, agus go ndéanann sé sin slánú na dteangacha i bhfad níos casta.
agus nach n-imreofaí cos ar bolg orthu. and that they wouldn't be oppressed.
" Bhíothas ag iarraidh a chinntiú go mbeadh a áit féin ag gach stát sa Chónaidhm nua, agus nach n-imreofaí cos ar bolg orthu.
an chos ar bolg the repression
" Ach níl aon chuimhneachán i gceist maidir leis an ionsaí agus an chos ar bolg ar na hÉireannaigh ó 1207 ar aghaidh.
den chos ar bolg agus den dúnmharú of the oppression and murder
" Dar leisean gur siombail í bratach Iosrael den chos ar bolg agus den dúnmharú atá ar siúl faoi láthair, iompar a shamhlódh roinnt daoine leis an íde a d’imigh ar na Giúdaigh le linn an Dara Cogadh Domhanda.
chos ar bolg oppression
" Is é an t-aon tairbhe a thiocfaidh, i mo thuairimse, as cinneadh náireach Choiste Idirnáisiúnta na gCluichí Oilimpeacha cluichí na bliana seo a bhronnadh ar an tSín ná go dtugann sé deis don phobal idirnáisiúnta a dhéistin a chur in iúl faoin chos ar bolg atá á déanamh ag an deachtóireacht bhrúidiúil seo ina tír féin agus ina cuid críoch faoi fhorghabháil.
cos ar bolg oppression
" Deir sé go bhfuil cosúlachtaí suntasacha idir na hÉireannaigh agus na Maoraigh mar gur imríodh cos ar bolg orthu le cúpla céad bliain anuas agus gur seo an téama lárnach a bhí sa tionscadal.
chos ar bolg oppression/ imperialism
" Tá an traidisiún seo le feiceáil i réimse na haislinge nuair a shamhlaíonn an file gur bean óg í Éire atá ag iarraidh an pobal a mhúscailt le cur in aghaidh an chos ar bolg.
chos ar bolg imperial rule
" Thug sé faoi deara go raibh comhchosúlachtaí ag cruachás na nÉireannach sa Bhreatain le cruachás na nÉireannach sna Sé Chontae: Ba Éireannaigh iad taobh amuigh den 26 chontae; bhí siad faoi chos ar bolg ag Rialtas Londain; agus ba chuma le Rialtas Bhaile Átha Cliath, nó le RTÉ, fúthu uilig.
cos ar bolg imperialism
" org/wiki/Turkic_languages) Moslamaigh iad a bhformhór mór a bhfuil naisc chultúir acu leis an Áis Láir agus tá roinnt díobh den tuairim gur cos ar bolg é a d’fhág ina cuid den tSín é Xinjiang.
cos ar bolg imperialism
" Cé gurb íad na Stáit Aontaithe an tír is mó ar Chríocha Mheirceá lena samhlaímid an ciníochas agus an cos ar bolg ar an gcine gorm, tá tíortha eile ar an mór-roinn sin ina ndearnadh, agus ina ndéantar fós, éagóir agus leatrom ar dhreamanna eitneacha mionlaigh.
chos ar bolg oppression
" Is é a bhí de dheasca an chos ar bolg seo ná éirí amach i 1963 a stiúraigh Hocine Ait Ahmed, fear de na Kabyle a bhí ina cheannaire sa ghluaiseacht frithbheartaíochta in aghaidh na bhFrancach is a bhunaigh Fronta na bhFórsaí Sóisialacha chun cás na nImazighen a chur chun cinn.
chos ar bolg imperialism
" Is deacair glacadh leis gur mionlach é grúpa atá chomh líonmhar sin, ach is é sin díreach atá i gceist leis na Dalit san India, tír a bhfuil breis is billiún duine beo inti, agus is mionlach iad na Dalit a bhfuil an chos ar bolg is an cur faoi chois is measa amuigh á fhulaingt acu le sinsearacht.
cos ar bolg imperialism, oppression
" Na mianadóirí i dTuaisceart Shasana, An Bhreatain Bheag agus na hAlban, na dugairí i Learpholl, an phobal poblachtánach sna sé contae, bhí cos ar bolg orthu uilig.
chos ar bolg imperialism
" ”* Cuireadh deireadh le imtheorannú gan triail ar 5ú Nollaig 1975 nuair a scaoileadh amach na 75 cimí deiridh, ach lean ár bhfeachtas ar aghaidh i Sasana mar bhí muid dúisithe anois faoi chos ar bolg Arm Shasana ar dhaoine sna Sé Chontae.
an gcos ar bolg imperialism
" Cogadh uafásach ina raibh na mílte de mhuintir Vítneam á marú agus á ngortú agus na mílte de shaighdiúirí óga as Meiriceá á gcur sall ansan ar mhaithe, i ndáiríre, leis an maorlathas agus leis an gcos ar bolg.
an gcos ar bolg oppression
" Mar bharr ar an gcos ar bolg ar na Pailistínigh, cuimhnigh ar na hionsaithe ar an Liobáin, an Iordáin, an tSiria, an Éigipt, an Iaráic agus an Túinéis – agus go leor gníomhartha ceilte nach iad.
cos ar bolg imperialism
" Cuireann na meáin chumarsáide sa tír seo dallach dubh orthu féin i gcónaí faoi chearta sibhialta anseo - creideann siad gur máthair na bparlaimintí atá i Westminster agus go bhfuil an tír go hiomlán daonlathach - bíonn cos ar bolg i dtíortha thar lear, ní bhíonn anseo.
An Cos ar Bolg imperialism
" An Cos ar Bolg ======== Bhí Éireannaigh sáite in obair an chos ar bolg ar son Shasana, na Fraince, na Spáinne, na Portaingéile, na hAstráile, na hAfraice Theas, na Rúise, SAM agus áiteanna eile nach iad, gan trácht siar ar na saighdiúirí dubha - na constáblaí - agus lucht gróite na dtiarna is na ngníomhairí ar an oileán iathghlas féin.
cos ar bolg imeartha orthu experienced oppression
" Gach uair a éistim leis an amhrán ‘Galupa’, logainm a dhúiche, ón albam cáiliúil thuasluaite buaileann an smaoineamh mé go bhfuil an mianach ceart i Gurrumul le liricí deasa a scríobh a d’oirfeadh d’amhrán náisiúnta, mar a léiríonn an sliocht thíos: Go nilimurru nhina yarrarrayun Yolnu Bandirriya dharwulnurana wana marrkapmirri wana marrapmirri narrakunu bonal nherranhara gapany gopulu (Tagaigí agus suígí i líne le chéile ár sinsir ag Bandirriya faoi scáth an chrainn dharwul dúiche dhilghrách, dúiche dhilghrách ar thalamh mo threibhe, ar shuíomh a ghlan mé féin) Tá saothar mór déanta ag Gurrumul ar son a mhuintire, daoine a bhfuil cos ar bolg imeartha orthu ó cuireadh tús le lonnaíocht Eorpach abhus.
imríodh cos ar bolg orthu they suffered from imperialism
" Ach oiread le muintir na hÉireann, imríodh cos ar bolg orthu.
cos ar bolg imperialism
" Tháinig deireadh faoi dheireadh le fiacla á nochtadh agus cloigne dá gcroitheadh, le doirne san aer, le cos ar bolg, le béiceacha agus screadanna agus scréacha.
gcoilíneachas agus tríd an gcos ar bolg colonialism and through imperialism
" Tuigimid gur scaipeadh na cluichí sin timpeall an domhain tríd an gcoilíneachas agus tríd an gcos ar bolg.
cos ar bolg atá á thuar do imperialism is being forecast for
" Géarleanúint chreidimh agus cos ar bolg atá á thuar do mhionlaigh na Siria má chuirtear Al-Assad as oifig.
leatrom, den chos ar bolg inequality, of imperialism
" Daoine a bhí cleachtaithe le neamhaird a dhéanamh de na maslaí, den leatrom, den chos ar bolg, phléasc siad i racht ollmhór feirge.
Tuiscint ar an Chos ar Bolg understanding imperialism
" Tuiscint ar an Chos ar Bolg ============ Coirdínigh, Airméanaigh, Bascaigh, chomh maith leis na Palaistínigh, tá gnéithe de scéalta crua a dtíortha agus a muintire a léiríonn roinnt gnéithe den chos ar bolg agus den díothadh a tharlaíonn go rómhinic in áiteanna éagsúla ar an domhan.
a d’imir cos ar bholg ar chosmhuintir who oppressed the ordinary people
" Breathnaíonn daoine áirithe orthu mar fhir chróga a thug dúshlán d’údaráis lochtacha a d’imir cos ar bholg ar chosmhuintir na tíre, ach mothaíonn a lánoiread nach raibh i gceist leo ach coirpigh uirísle a bhí ag tochras ar a gceirtlín féin.
cos ar bolg ar oppression against
" Bhí an réigiún seo ar son daonlathas sa chogadh 1936-39 agus bhí cos ar bolg ar chultúr agus teanga na háite go dtí gur éag Franco i 1975.
in éadan an chos ar bolg against imperialism
" "Ach an áit ina raibh cimí daortha, bhíothar ag eagrú Gaeltachtaí, ag léamh leabhar fá stair na hÉireann, leabhair an Phiarsaigh, Mháirtin Uí Chadhain, bhí siad ag léamh Franz Fanon agus ag foghlaim faoin streachailt san Ailgéir, fá Vítneam agus mar thoradh air seo, thuig siad go raibh siad mar chuid den aisfhreagra ar an domhandú agus den troid a bhí ag dul ar aghaidh in éadan an chos ar bolg.
logainmneacha an chos ar bolg imperialistic placenames
" Tá pobail na bhFritíortha i mbun aisghairm logainmneacha an chos ar bolg atá ar a n-ionaid dúchais, ar bhailte srl.
scéalta móra an chos ar bolg major incidents of imperialism
" Tugann Alan Desmond léargas i mbeagán focal ar bhunteachtaireacht Harvest of Empire, scannán faisnéise a ríomhann scéalta móra an chos ar bolg.