Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
cosantóirí defenders
" Ba é an Captaen James Kelly, duine de na cosantóirí ar deineadh an dochar is mó dá chlú de bharr thriail na nArm, a d'aimsigh an fhianaise sa chartlann sin.
cosantóra defendant
" Ba cheart, mar sin, deireadh a chur leis an phionós báis mar gheall ar nach féidir leis an stát a bheith cinnte go minic de chiontacht cosantóra agus mar gheall ar nach féidir rudaí a chur ina gceart nuair a dhéantar botún.
go ndéanfaí na cosantóirí a chiontú that the defendants be convicted
" Cad é a tharlóidh, áfach, nuair a thabharfar saoránach Meiriceánach, bíodh sé ina Arabach nó nach bíodh, chun trialach agus an sceimhlitheoireacht curtha ina leith? An dtabharfar cead dó abhcóide a bheith aige? An ndéanfar é a thriail go poiblí? Ní bhíonn trialacha rúnda i gceist ach amháin nuair a bhíonn na daoine atá i gcumhacht ag iarraidh go ndéanfaí na cosantóirí a chiontú go cinnte.
chosantóir na gCaitliceach the protector of Catholics
" Ní ghlacann Trimble agus an UUP gur ann dá leithéid, ach cad é mar a thig leis an IRA, a tchí é féin mar chosantóir na gCaitliceach, scor nuair atá ionsaithe á ndéanamh ar Chaitlicigh ar bhonn laethúil? Ba chirte go mbeadh Trimble ag tabhairt aghaidhe ar lucht caite na mbuamaí píopa - chan in áit, ach oiread éagóracha, fíora nó cumtha, an IRA.
chosantóir defendent
" Is fíorannamh go mbíonn freagracht mar seo ar chosantóir.
cosantóirí protectors
" Tógann siad chuile réamhchúram - clogaidí, cosantóirí láimhe agus glúine.
gurbh iad na Sealadaigh cosantóirí an phobail that the Provisionals were the defenders of the community
" De réir cheannaire an IRA, Billy McKee, a gortaíodh le linn na tréimhse seo, chuir an dóigh ar chosain na hÓglaigh an ceantar deireadh leis an mana *"IRA = I Ran Away"* a bhí le cluinstin ag tús na dTrioblóidí agus dhaingnigh an dearcadh gurbh iad na Sealadaigh cosantóirí an phobail.
cosantóirí protectors
" Chan amháin gur cosantóirí an phobail iad na Gardaí, ach is coimeádaithe iad fosta ar eolas íogair slándála.
cosantóirí protectors
" Chan amháin gur cosantóirí an phobail iad na Gardaí, ach is coimeádaithe iad fosta ar eolas íogair slándála.
chosantóra defendant
" Is amhlaidh go ndeachaigh Weir-Rodgers agus roinnt cairde léi isteach ar thalamh an chosantóra gar do Ros Neamhlach tar éis dóibh “tráthnóna sóisialta” a chaitheamh i mBaile Dhún na nGall.
chosantóra defender
" Ach rugadh agus tógadh Fowler i Learpholl, dála an chaptaein Stevie Gerrard agus an chosantóra Jamie Carragher.
Cosantóir protector
" Cosantóir an phobail náisiúnaigh.
ritheadh trí líne na gcosantóirí, who used to run through the line of the defenders,
" Chuirfeadh cuid díobh alltacht ar lucht sábháilteachta an lae inniu - an Flying Wedge, ding dhaonna na n-imreoirí a ritheadh trí líne na gcosantóirí, ina measc.
chosantóir protector
" In áit leithscéal a ghabháil faoina gcuid coireanna in aghaidh na bPailistíneach, cuireann Iosrael é féin i láthair mar chosantóir na sibhialtachta i goinne fhorrántacht Ioslamach.
chosantóirí defenders
" Feictear beirt de chosantóirí Cill Chainnigh sa ghrianghraf ag dul ‘i ngleic’ le Dan le linn na himeartha.
cosantóir defender
" In agallamh le clár raidió Giúdach, dúirt an Seanadóir Charles Schumer gur chreid sé gur thug HaShem (focal a úsáideann Giúdaigh Cheartchreidmheacha do Dhia) dó a ainm—a chiallaíonn ‘cosantóir’—ionas go bhféadfadh sé leas Iosrael a chosaint i gComhdháil SAM.
D’iarr an cosantóir the defence asked that
" D’iarr an cosantóir go gcuirfí an cás ar athló go dtí go mbeadh breitheamh le Gaeilge ar fáil.
Ionchúisíodh an cosantóir arís the defendant was charged again
" Ionchúisíodh an cosantóir arís ar an 11 Bealtaine, 1976, os comhair an Breitheamh Larkin ar an chúis chéanna ach chomh luath is a glaodh an cás, ceapadh ateangaire agus cuireadh faoi mhionn é.
láncheart ag cosantóir the defendant’s full entitlement
" Ina bhreithiúnas siúd, rialaigh an Breitheamh Henchy go raibh láncheart ag cosantóir a chuid fianaise agus fianaise finnéithe eile a chur os comhair na cúirte trí mheán na Gaeilge, ach nach raibh aon chead aige a éileamh go mbeadh na himeachtaí uilig á reáchtáil i nGaeilge.
chosantóir defender
" Ar a chamchuairt thart fá cheantair na ndílseoirí sa chathair cois cuain a bhí Balor nuair a casadh dó Cú Chulainn Mac an Mheirge, fear a mhaíonn gur athraigh sé a ainm in ómós do chosantóir Chúige Uladh, agus a shloinne le hurraim do bhratach na Ríochta Aontaithe.
cosantóirí na tíre (were) the defenders of the country
" I measc coimeádaithe na Stát Aontaithe, bhreathnaigh sé gurbh iad Cruz agus a chairde cosantóirí na tíre, agus gurbh amadáin iad Boehner agus lucht lárnach na bPoblachtánach.
cosantóirí/cúlaithe defenders/backs
" Bhí sé ag míniú cén fáth nach raibh cosantóirí/cúlaithe agus imreoirí Shasana i gcoitinne sách maith chun an bua a fháil.