Cad é a tharlóidh, áfach, nuair a thabharfar saoránach Meiriceánach, bíodh sé ina Arabach nó nach bíodh, chun trialach agus an sceimhlitheoireacht curtha ina leith? An dtabharfar cead dó abhcóide a bheith aige? An ndéanfar é a thriail go poiblí? Ní bhíonn trialacha rúnda i gceist ach amháin nuair a bhíonn na daoine atá i gcumhacht ag iarraidh
go ndéanfaí na cosantóirí a chiontú go cinnte.